|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Cain Ioncuim.) | Ar Aghaidh (CUID III. Diuitethe Bais.) |
ACHT AIRGEADAIS, 1940
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Custuim agus Mal. | |
[EN] |
Na diúitéthe sa Chéad Sceideal d'fhorchur. |
9. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar ar gach earra dá luaidhtear sa dara colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a hiomportálfar an 9adh lá de Bhealtaine, 1940, no dá éis sin, diúité custum do réir an ráta luaidhtear sa tríú colún den Chéad Sceideal san os coinne luadh na hearra sa dara colún san. |
[EN] | (2) I gcás ina bhfuil percentáiste curtha síos sa tríú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne luadh aon earra sa dara colún den Chéad Sceideal san, léireofar san mar ní a chialluíonn ráta diúité is có-ionann leis an bpercentáiste sin de luach na hearra san. | |
[EN] | (3) I ngach áit ina ndeirtear, gan coinníoll, sa cheathrú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so go mbaineann forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, le diúité luaidhtear sa Sceideal san, bainfidh forálacha an ailt sin 8 leis an diúité sin ach an abairt “the area of application of the Acts of the Oireachtas” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá mbeadh na hearraí is ionchurtha fén diúité sin luaidhte sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1919, adubhradh, sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta thosaíochta. | |
[EN] | (4) I ngach áit ina ndeirtear sa cheathrú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so go mbaineann an fhoráil cheadúnúcháin le diúité áirithe luaidhtear sa Sceideal san, beidh feidhm agus éifeacht ag an bhforáil seo leanas maidir leis an diúité sin, sé sin le rá:—pé uair is dóich leis an Aire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh na gcoinníollacha san is oiriúnach leo d'fhorchur, aon carraí is ionchurtha fén diúité sin d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar aca no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart, ach san i slí ná beidh aon cheadúnas den tsórt san saor o fhorálacha ailt 15 den Acht Airgeadais (Có-aontú leis an Ríocht Aontuithe), 1938 (Uimh. 12 de 1938) . | |
[EN] | (5) Na forálacha (más ann dóibh) atá leagtha amach sa cheathrú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so ag aon uimhir thagartha áirithe sa Sceideal san, beidh éifeacht aca, fé réir forálacha an dá fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, maidir leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san. | |
[EN] |
Diúité máil ar lionn ubhall agus ar lionn phiorraí. |
10. —(1) Déanfar, amhail ar an 9adh lá de Bhealtaine, 1940, agus ón lá san amach, diúité máil (dá ngairmtear diúité leanna ubhall san alt so) do réir scilling an galún d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc ar an lionn ubhall no piorraí uile do rinneadh sa Stát agus a díolfar no a coimeádfar chun a dhíolta sa Stát. |
[EN] | (2) Ní déanfar diúité leanna ubhall d'éileamh ná do ghearradh ar aon lionn ubhall no piorraí— | |
[EN] | (a) ba chuid de stoc duine ar bith (seachas déantóir an leanna ubhall no piorraí sin) um meán oíche an Sadh lá de Bhealtaine, 1940, no | |
[EN] | (b) go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim é bheith easportálta no loingsithe chun é úsáid mar stóras luinge. | |
[EN] | (3) Déanfar, amhail ar an 9adh lá de Bhealtaine, 1940, agus ón lá san amach, diúité máil (dá ngairmtear diúité ceadúnais leanna ubhall san alt so) de dheich scillinge d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc ar cheadúnas a bheidh le tógaint amach go bliantúil ag gach duine dheineann lionn ubhall no piorraí chun a dhíolta. | |
[EN] | (4) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim aon duine (dá ngairmtear duine saortha san alt so) do shaoradh o n-a bheith d'oblagáid air ceadúnas do thógaint amach fé fho-alt (3) den alt so má chuireann ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim gurb é a phrímh-shlí mhartha talamh do shaothrú chun brabúis dó féin agus ná bíonn díol leanna ubhall no phiorraí ar siúl aige de ghnáth mar ghnó. | |
[EN] | (5) Má dheineann duine ar bith, nach duine saortha ná sealbhóir ar cheadúnas fé fho-alt (3) den alt so, a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, lionn ubhall no piorraí chun a dhíolta, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear pionós máil de chúig céad punt do chur air agus geallbhruidfear aon earra gur maidir léi do rinneadh an cionta san. | |
[EN] | (6) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim rialacháin do dhéanamh chun diúité leanna ubhall agus diúité ceadúnais leanna ubhall d'áirithiú agus do bhailiú agus, go sonnrách— | |
[EN] | (a) chun a cheangal go dtabharfaí mion-innste ar tháirgeacht, ar stuic, agus ar dhíol leanna ubhall no phiorraí agus chun na mion-innste sin d'fhíorú, | |
[EN] | (b) chun daoine dheineann no dhíolann agus áitreabhacha ina ndeintear no ina ndíoltar lionn ubhall no piorraí do chlárú, | |
[EN] | (c) chun na saoráidí sin do chur ar fáil is gá no is inmhianuithe maidir le lionn ubhall no piorraí do bhuidéaladh no d'ath-bhuidéaladh no le lionn ubhall no piorraí do dhíol le deighleálaithe, | |
[EN] | (d) chun eisiúint, ré, agus athnuachaint na gceadúnas ar a mbeidh diúité ceadúnais leanna ubhall iníoctha do rialáil, agus | |
[EN] | (e) chun aon achtachán a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh aon diúité mháil no i dtaobh daoine bheidh ag seoladh aon trádála bheidh fé réir an dlí mháil de thurus na huaire do chur i mbaint leis an diúité leanna ubhall no leis an diúité ceadúnais leanna ubhall agus le lionn ubhall no piorraí do dhéanamh, do dhíol, no do sheachadadh. | |
[EN] | (7) Má sháruíonn duine ar bith (le gníomh no le faillí) aon rialachán a dhéanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear pionós máil de chúig céad punt do chur air agus geallbhruidfear aon earra gur maidir léi do rinneadh an cionta san. | |
[EN] | (8) Féadfaidh oifigeach ar bith do sna Coimisinéirí Ioncuim dul isteach aon tráth réasúnta in aon áitreabh no in áit, ina ndeintear no ina ndíoltar lionn ubhall no piorraí no ina gcoimeádtar é chun a dhíolta, féachaint a bhfuiltear ag cólíonadh na bhforálacha den alt so bhaineann le diúité lionn ubhall no ag cólíonadh aon rialachán a bheidh déanta de bhun na bhforálacha san agus, má dheineann duine ar bith an dul-isteach san do chosc no do bhac, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear pionós máil d'fhiche punt do chur air. | |
[EN] |
Diúité custum ar lionn ubhall agus ar lionn phiorraí. |
11. —(1) In ionad na ndiúitéthe custum atá anois ar lionn ubhall agus ar lionn phiorraí éileofar, gearrfar, agus íocfar, ar an lionn ubhall agus ar an lionn piorraí uile a hiomportálfar an 9adh lá de Bhealtaine, 1940, no dá éis sin, diúité custum do réir chúig scillinge an galún. |
[EN] | (2) Aon earra ar a n-éileofar agus ar a n-íocfar an diúité forchuirtear leis an alt so ní bheidh sí ionchurtha fé dhiúité freisin mar gheall ar aon tsiúicre no abhar mílsithe eile bheidh inti. | |
[EN] | (3) Beidh feidhm agus éifeacht ag forálacha ailt 6 den Acht Airgcadais (Có-aontú leis an Ríocht Aontuithe), 1938 (Uimh. 12 de 1938) , maidir leis an diúité forchuirtear leis an alt so fé is dá mbeadh na hearraí is ionchurtha fén diúité sin luaidhte sa dara colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san agus go mbeadh an t-alt so luaidhte sa tríú colún den Sceideal san os coinne luadh na n-earraí sin sa dara colún san agus go mbeadh ráta de thrí scillinge an galún luaidhte sa cheathrú colún den Sceideal san os coinne luadh na n-earraí sin sa dara colún san. | |
[EN] |
Diúité ar cheadúnaisí easportála bradán agus breac. |
12. —(1) Gach duine thógfaidh amach no athnuafaidh, de bhun ailt 44 den Acht Iascaigh, 1939 (Uimh. 17 de 1939) , ar an 9adh lá de Bhealtaine, 1940, no dá éis sin, ceadúnas chun bradáin agus bric d'easportáil chun a ndíolta, éileofar agus gearrfar air agus íocfa sé, ar na hócáidí luaidhtear anso ina dhiaidh seo, diúité máil de phunt in aghaidh gach ceadúnais fé leith a thógfaidh amach no a athnuafaidh amhlaidh. |
[EN] | (2) An diúité forchuirtear leis an alt so alos aon cheadúnais áirithe is le linn an cheadúnais sin do thógaint amach, agus fós gach uair a hathnuafar an ceadúnas san, a héileofar, a gearrfar, agus a híocfar é. | |
[EN] | (3) An diúité forchuirtear leis an alt so alos aon cheadúnais is le stampaí chomharthuíonn méid an diúité sin, ar n-a múnlú ar an gceadúnas san, a híocfar agus a baileofar é agus bainfidh an Stamp Duties Management Act, 1891, leis an diúité sin agus leis na stampaí sin. | |
[EN] | (4) Ní dleathach ceadúnas do thabhairt amach go mbeidh an diúité forchuirtear leis an alt so iníoctha ina thaobh mara mbeidh ná go dtí go mbeidh an ceadúnas san stampálta go cuibhe fén alt so alos an diúité sin, agus gach duine bhéarfaidh ceadúnas amach contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear pionós máil de chúig púint do chur air. | |
[EN] |
Deireadh leis an diúité ar im. |
13. —An diúité custum ar im do forchuireadh le halt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum), 1931 ( Uimh. 14 de 1931 ), agus gur méaduíodh a ráta le halt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum), 1934 ( Uimh. 18 de 1934 ), ní héileofar ná ní gearrfar é ar aon im a hiomportálfar an 5adh lá de Mheitheamh, 1940, no dá éis sin. |
[EN] |
Alt 16 den Acht Airgid, 1932 , do leasú. |
14. —An diúité forchuirtear le halt 16 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), ní héileofar ná ní gearrfar é ar aon carra is cinematograf no is gabhálas no compáirt de chinematograf. |
[EN] |
Alt 41 den Acht Airgid, 1932 , do leasú. |
15. —Beidh éifeacht ag alt 41 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), maidir le beoir a grúdófar sa bhliain dar tosach an 1adh lá d'Iúl, 1940, agus maidir le beoir a grúdófar in aon bhliain dar tosach aon 1adh lá d'Iúl ina dhiaidh sin fé is dá mba thagairt do ráta de dheich scillinge an bairille caighdeánach an tagairt atá anois san alt san do ráta de chúig scillinge an bairille caighdeánach. |
[EN] |
An diúité ar áitreabhacha cláruithe gcallghlacadóireachta. |
16. —(1) I gcás an diúité máil d'fhiche punt a forchuirtear le halt 18 den Acht Airgid, 1931 ( Uimh. 31 de 1931 ), agus is iníoctha dá bhuadh san ar aon áitreabh do chlárú, agus fós gach uair a hathnuaitear a chlárú, sa chlár d'oifigí geall-ghlacadóireachta choimeádann na Coimisinéirí Ioncuim de bhun an Achta um Gheall-Chur 1931 ( Uimh. 27 de 1931 ), do bheith íoctha maidir le haon áitreabh do chlárú no a chlárú d'athnuachaint sa chlár san in aghaidh aon bhliana áirithe, ní héileofar ná ní gearrfar an diúité máil sin aon uair ina dhiaidh sin a déanfar sa chlár san clárú ar an áitreabh san a raghaidh in éifeacht sa bhliain sin. |
[EN] | (2) San alt so cialluíonn an focal “bliain” tréimhse de dhá mhí dhéag dar tosach aon 1adh lá de Mhí na Nodlag. | |
[EN] |
Lacáiste ar thobac chruadhfháiscthe. |
17. —(1) San alt so cialluíonn an abairt “tobac cruadhfháiscthe” tobac den tsaghas ar a dtugtar tobac cruadh-fháiscthe de ghnáth agus, go sonnrách agus gan dochar do gheneráltacht an mhéide sin roimhe seo— |
[EN] | (a) foluíonn an abairt sin tobac de sna saghsanna ar a dtugtar, de ghnáth, pluga, cornóg, casnóg, cuailleog, agus barra, agus | |
[EN] | (b) ní fholuíonn an abairt sin tobac de sna saghsanna ar a dtugtar, de ghnáth, pluga gearrtha, calóga, agus meascáin. | |
[EN] | (2) Má chuireann aon déantóir ceadúnuithe tobac ina iuighe ar na Coimisinéirí Ioncuim go ndearna, an 1adh lá de Lúnasa, 1940, no dá éis sin, aon tobac cruadh-fháiscthe, do rinne sé de thobac nea-dhéanta ar ar híocadh diúité, do dhíol agus do chur amach chun é úsáid sa Stát, beidh an déantóir sin i dteideal lacáiste do réir scilling agus tuistiún an punt d'fháil alos an tobac chruadh-fháiscthe sin. | |
[EN] | (3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim rialacháin do dhéanamh tré n-a gcuirfear forálacha an ailt seo in éifeacht agus, go sonnrách, tré n-a socrófar i dtaobh lacáistí fén alt so d'aisíoc agus do choigeartú i gcás ais-tarrac ar an tobac a bheidh i gceist d'éileamh agus do lomháil no an tobac san do chur thar n-ais go háitreabh an déantóra do rinne é no go háitreabh déantóra eile. | |
[EN] | (4) Má dheineann duine ar bith, d'fhonn lacáiste fén alt so d'fháil dó féin no do dhuine eile, ráiteas do thabhairt no cúis d'aithris (i dtuairisceán i dtaobh an lacáiste sin no ar shlí eile seachas in aon tuairisceán den tsórt san) agus a fhios aige an céanna bheith bréagach no mí-threorach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear pionós máil de chúig céad punt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí. | |
[EN] |
Alt 21 den Acht Airgid, 1935 , do leasú. |
18. —Leasuítear leis seo alt 21 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ), ar na slite seo leanas agus léircofar é agus beidh éifeacht aige, dá déir sin, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) tré fho-alt (11) den alt san do scriosadh agus tríd an bhfo-alt so leanas do chur san alt san in ionad an fho-ailt sin a scriostar amhlaidh, sé sin le rá:— | |
[EN] | “(11) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim rialacháin do dhéanamh chun éifeacht do thabhairt d'fhorálacha an ailt seo agus, go sonnrách— | |
[EN] | (a) chun eisiúint, ré, agus athnuachaint na gceadúnas ar a mbeidh an diúité ceadúnais sin iníoctha do rialáil, | |
[EN] | (b) chun díol, seachadadh, stóráil, agus úsáid íle hídrocarbóin is ionchurtha fén diúité custum san no fén diúité máil sin do rialú, | |
[EN] | (c) chun a cheangal ar dhuine is sealbhóir ar cheadúnas do tógadh amach fén alt so no a stórálann, a dhíolann, no a úsáideann aon íle hídrocarbóin is ionchurtha fén diúité custum san no fén diúité máil sin cuntaisí agus breacacháin áirithe i dtaobh na híle hídrocarbóin sin do choimeád i slí áirithe, agus gach leabhar agus scríbhinn, i dtaobh é do cheannach agus d'fháil agus do dhíol íle hídrocarbóin den tsórt san agus dá cur dá láimh, do choimeád go ceann tréimhse áirithe agus fós leigint d'aon oifigeach do sna Coimisinéirí Ioncuim na cuntaisí, na breacacháin, na leabhair, agus na scríbhinní sin d'iniúchadh agus cóipeanna do dhéanamh díobh, | |
[EN] | (d) chun aon achtachán a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh aon diúité mháil no chustum no daoine sheolann aon trádáil a bheidh fé réir dhlí an mháil de thurus na huaire do chur i mbaint leis an diúité custum san, leis an diúité máil sin, agus leis an diúité ceadúnais sin no le haon cheann no cinn aca agus le díol, le seachadadh, le stóráil, agus le húsáid íle hídrocarbóin is ionchurtha fén diúité custum san no fén diúité máil sin.” | |
[EN] | (b) tré fho-alt (12) den alt san do scriosadh agus tríd an bhfo-alt so leanas do chur san alt san in ionad an fho-ailt sin a scriostar amhlaidh, sé sin le rá:— | |
[EN] | “(12) Má dheineann duine ar bith— | |
[EN] | (a) aon fhoráil den alt so do shárú le gníomh no le faillí, no | |
[EN] | (b) deimhniú fé fho-alt (7) den alt so do sheachadadh agus a fhios aige é bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc tábhachtach, no | |
[EN] | (c) coinníoll a forchuirfear no rialachán a déanfar ag na Coimisinéirí Ioncuim fén alt so do shárú le gníomh no le faillí, no | |
[EN] | (d) bac no cur-isteach ar bhall den Ghárda Síochána agus é ag feidhmiú aon chomhachta bheirtear don bhall san leis an alt so, no | |
[EN] | (e) bac no cur-isteach ar oifigeach do sna Coimisinéirí Ioncuim agus é ag feidhmiú aon chomhachta bheirtear don oifigeach san leis an alt so no bhéarfar dó le haon rialachán a déanfar fén alt so, | |
[EN] | beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus dlighfear, fé mar is rogha leis na Coimisinéirí Ioncuim, pionós is có-ionann le trí oiread luach na híle hídrocarbóin (agus an diúité uirthi d'áireamh) gur ina taobh do rinneadh an cionta, no pionós céad punt, do chur air fén dlí bhaineann le custuim no fén dlí bhaineann le mál (do réir mar a bheidh) agus ina theanta san geallbhruidfear an íle sin.” | |
[EN] | (c) tríd an míniú ar mhótar-fheithicil atá anois i bhfo-alt (15) den alt san do scriosadh as an bhfo-alt san agus tríd an míniú so leanas do chur ann in ionad an mhínithe sin a scriostar amhlaidh, sé sin le rá:— | |
[EN] | “cialluíonn an abairt ‘mótar-fheithicil’ feithicil inneall-ghluaiste bhíonn ceaptha, déanta, agus oiriúnach chun í úsáid ar bhóithre agus a gheibheann a comhacht tiomána o inneall dóghcháin inmheánaigh, ach ní fholuíonn tarraingire bhíonn déanta no ceaptha chun í úsáid chun crícheanna talmhaíochta nach gá chucha roinnt mhaith úsáide ar bhóthar phuiblí agus do bhí agus atá á húsáid chun na gcrícheanna san amháin”. | |
[EN] |
Leasuithe ar Achtanna Airgid áirithe. |
19. —(1) Gach Acht a luaidhtear i gceann Coda den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so beidh sé leasuithe mar leanas, sé sin le rá, gach alt no sceideal no uimhir thagartha den Acht san no ann a luaidhtear sa dara colún den Chuid sin den Sceideal san beidh sé leasuithe sa tslí luaidhtear sa tríú colún den Chuid sin den Sceideal san os coinne luadh an ailt no an sceidil no na huimhreach tagartha san (do réir mar a bheidh) sa dara colún san. |
[EN] | (2) Gach leasú luaidhtear amhlaidh mar adubhradh sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so beidh éifeacht aige amhail ar an 9adh lá de Bhealtaine, 1940, agus ón lá san amach. | |
[EN] | (3) Na mion-innste luaidhtear sa cheathrú colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so is chuige amháin atáid sa Sceideal san chun a urasú na diúitéthe fé seach dá ndeintear deifir leis na leasuithe uile agus fé seach a luaidhtear sa Sceideal san d'aithint, agus dá réir sin ní dhéanfaidh éinní atá sa cheathrú colún san deifir do léiriú an ailt seo no an Sceidil sin ná ní oibreoidh chun méid ná éifeacht aon leasuithe luaidhtear sa Sceideal san do leathnú ná do theorannú ná do rialú. | |
[EN] |
Ceadúnaisí chun earraí d'iomportáil gan diúitéthe áirithe custum d'íoc. |
20. —(1) Pé uair a mheasfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim a údarú d'aon duine áirithe le ceadúnas, fé réir cólíonadh na gcoinníoll san is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fé dhiúité forchuirtear le hachtachán a luaidhtear sa Dara Colún den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar aca, no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is ceart dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ach san i slí ná beidh aon cheadúnas den tsórt san saor o fhorálacha ailt 15 den Acht Airgeadais (Có-aontú leis an Ríocht Aontuithe), 1938 (Uimh. 12 de 1938) . |
[EN] | (2) Na mion-innste luaidhtear sa tríú colún den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so is chuige amháin atáid sa Tríú Sceideal san chun a urasú na diúitéthe uile agus fé seach a forchuirtear leis na hachtacháin a luaidhtear sa dara colún den Tríú Sceideal san d'aithint, agus dá réir sin ní dhéanfaidh éinní atá sa tríú colún san deifir do léiriú an ailt seo no an Tríú Sceidil sin. | |
[EN] |
Deireadh le diúitéthe custum áirithe. |
21. —(1) Na diúitéthe uile agus fé seach a luaidhtear sa tríú colún den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a forchuirtear fé seach leis na hachtacháin a luaidhtear sa dara colún den Sceideal san, ní héileofar ná ní gearrfar iad ar aon earraí a hiomportálfar an 9adh lá de Bhealtaine, 1940, no dá éis sin. |
[EN] | (2) D'ainneoin éinní atá in alt 16 den Acht Airgeadais, 1938 ( Uimh. 25 de 1938 ), no san alt so no ag uimhir thagartha 7 sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, leanfar den diúité forchuirtear le halt 11 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 30 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc fé mar a deintí díreach roimh an 9adh lá de Bhealtaine, 1940. | |
[EN] | (3) Na mion-innste luaidhtear sa cheathrú colún den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so is chuige amháin atáid sa Sceideal san chun a urasú na diúitéthe uile agus fé seach a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san d'aithint, agus dá réir sin ní dhéanfaidh éinní atá sa cheathrú colún san deifir do léiriú an ailt seo agus an dara colúin agus an tríú colúin den Sceideal san ná ní dhéanfaidh a n-oibriú do theorannú ná do rialú. | |
[EN] |
Comhachta ball de sna Fórsaí Cosanta. |
22. —Gach ball de sna Fórsaí Cosanta dá n-údaróidh na Coimisinéirí Ioncuim gníomhú mar oifigeach custum agus máil fén alt so, beidh aige agus sealbhóidh na comhachta agus na húdaráis agus na príbhléidí deintear no déanfar do thabhairt d'oifigeach custum agus máil no do dhílsiú ann leis an Customs Consolidation Act, 1876, no le haon Acht eile atá i bhfeidhm anois no a rithfear ina dhiaidh seo i dtaobh na gcustum, agus fós féadfaidh an céanna d'úsáid agus d'fheidhmiú, ach san sa mhéid sin amháin go mbaineann na comhachta no na húdaráis no na príbhléidí sin le haon ní no nithe aca so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) dul ar bord aon árthaigh, báid, mótar-fheithicle, aerárthaigh, cairte, carráiste, no córach iompair eile no an céanna do chuardach, do scrúdú, do ghabháil, no do chur fé choinneáil; | |
[EN] | (b) daoine gheobhfar in aon chóir iompair den tsórt san do chuardach no a cheangal ar aon duine gheobhfar amhlaidh scríbhinní agus páipéirí do thaisbeáint; | |
[EN] | (c) árthaigh no báid a bhíonn ag cosc smuglaerachta do tharraing i dtír no d'fheistiú; | |
[EN] | (d) aon chuid den chósta no de phuirt agus de bhruacha aon abhann no góilín no crompáin no aon bhóthar iarainn do phatróladh no gabháil gan chosc fan an chéanna no air; | |
[EN] | (e) earraí do ghabháil no do chur fé choinneáil; | |
[EN] | (f) daoine amhrusuithe do chuardach no do cheistiú no do ghabháil; | |
[EN] | (g) daoine ar a líomhnófar ciontaí do chúiseamh. |