22 1940


Uimhir 22 de 1940.


ACHT NA nÚDARÁS nÁITIÚIL (COSTAS BEATHA), 1940.

[An tiontódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN SRIAN DO CHUR LE hATHARÚ, I bhFUIRM MÉADUITHE, DO DHÉANAMH AR LUACH SAOTHAIR AGUS AR AOIS-LIÚNTAISÍ IS INÍOCTHA AG ÚDARÁIS ÁITIÚLA AGUS IS IONATHARUITHE, I bPÁIRT NO GO hIOMLÁN, FÉ THREOIR AN CHOSTAIS BHEATHA. [10adh Iúl, 1940.]

ACHTUIGHEADH AN TOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Údaráis áitiúla.

1. —Chun crícheanna an Achta so is údarás áitiúil gach cólucht agus duine aca so leanas, sé sin le rá:—

(a) bárdas chontae-bhuirge, comhairle chontae no bhuirge no bhailecheanntair, bord caomhnóirí, coimisinéirí baile, agus údarás sláintíochta puirt, agus

(b) duine ar n-a cheapadh le reacht no fé chun feidhmeanna no aon chuid d'fheidhmeanna aon bhárdais, chomhairle, bhúird, choimisinéirí, no údaráis den tsórt san do chólíonadh, agus

(c) coiste no có-choiste no bord no có-bhord (corparuithe no neamh-ionchorparuithe) d'aon cheann no níos mó de sna bárdais, de sna comhairlí, de sna búird, de sna coimisinéirí, de sna húdaráis, no de sna daoine sin, no bheidh ceaptha ag aon cheann no níos mó dhíobh san, agus

(b) coiste freastal scoile, coiste oideachais ghairme beatha, agus coiste talmhaíochta.

Luach saothair ionatharuithe agus aoisliúntaisí ionatharuithe do dhéanamh amach.

2. —(1) I gcás cuid de luach saothair oifigigh no seirbhísigh d'údarás áitiúil, a bhí i seirbhís no i bhfostaíocht an údaráis áitiúil sin an 30adh lá de Mheitheamh, 1940, do bheith ina bhonus, a atharuíonn fé mar atharuíonn an costas beatha agus a deintear amach chuige sin do réir fhigiúra sheasuíonn don chostas bheatha no bheireann le tuigsint í do sheasamh don chostas bheatha, ní déanfar amach an bonus san, alos aon tréimhse dar tosach an 1adh lá d'Iúl, 1940, no dáta dá éis sin, do réir fhigiúra is aoirde ná an fhigiúir gur dá réir a rinneadh amach é díreach roimh an dáta san agus, dá réir sin, scuirfidh an bonus san, sa mhéid sin, agus amhail ar an 1adh lá d'Iúl, 1940, agus ón lá san amach, d'atharú fé mar atharóidh an costas beatha.

(2) I gcás cuid de luach saothair oifigigh no seirbhísigh d'údarás áitiúil, a chuaidh no raghaidh isteach i seirbhís an údaráis áitiúil sin tar éis an 30adh lá de Mheitheamh, 1940, do bheith ina bhonus, a atharuíonn fé mar atharuíonn an costas beatha agus a deintear amach chuige sin do réir fhigiúra sheasuíonn don chostas bheatha no bheireann le tuigsint í do sheasamh don chostas bheatha, ní déanfar amach an bonus san do réir aon fhigiúra is aoirde ná an fhigiúir gur dá réir a déanfaí amach é díreach roimh an 1adh lá d'Iúl, 1940, dá mbeadh an t-oifigeach no an seirbhíseach san i seirbhís no i bhfostaíocht an údaráis áitiúil sin an tráth san agus, dá réir sin, ní bheidh an bonus san, sa mhéid sin, ionatharuithe fé mar atharóidh an costas beatha.

(3) I gcás luach saothair uile, no an chuid a híoctar in airgead de luach saothair, oifigigh no seirbhísigh d'údarás áitiúil d'atharú fé mar atharuíonn an costas beatha agus é dhéanamh amach chuige sin do réir fhigiura sheasuíonn don chostas bheatha no bheireann le tuigsint í do sheasamh don chostas bheatha, beidh feidhm, maidir leis an luach saothair sin no leis an gcuid sin de adubhradh, ag an bhfo-alt san aca san roimhe seo den alt so bhaineann leis an gcás (ag féachaint do dháta an oifigigh no an tseirbhísigh sin do dhul i seirbhís no i bhfostaíocht an údaráis áitiúil sin) fé is dá mb’ é bheadh sa luach saothair sin no sa chuid sin de adubhradh ná an bonus san a luaidhtear sa bhfo-alt san.

(4) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha san roimhe seo den alt so, maidir le gach aois-liúntas is iníoctha ag údarás áitiúil, fé is dá mba luach saothair an t-aois-liúntas san agus, chun crícheanna na feidhme sin, déanfar gach tagairt atá sna forálacha san do dhuine do bheith i seirbhís no i bhfostaíocht údaráis áitiúil, no do dhuine do dhul isteach i seirbhís no i bhfostaíocht an chéanna, do léiriú, agus beidh éifeacht aici, mar thagairt do dhuine do bheith tar éis eirghe, no do dhuine d'eirghe, as an seirbhís no as an bhfostaíocht gur ina taobh a bheidh an liúntas san iníoctha.

Gearr-theideal.

3. —Féadfar Acht na nUdarás nAitiúil (Costas Beatha), 1940 , do ghairm den Acht so.