|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT FORBAIRTE MINEARÁL, 1940) | Ar Aghaidh (CUID II. Ceart chun Dul Isteach agus Mianrai Neamh-oibrithe do Lorg agus Ceadunaisi Lorgaireachta do Dheonadh.) |
ACHT FORBAIRTE MINEARÁL, 1940
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Roimhraiteach. | |
[EN] |
Gearr-theideal. |
1. —Féadfar an tAcht Forbairte Minearál, 1940 , do ghairm den Acht so. |
[EN] |
Mínithe. |
2. —San Acht so— |
[EN] | cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “Coimisiún na Talmhan” Coimisiún Talmhan na hÉireann; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “Acht 1931” Acht na Mianach agus na Minearál, 1931 (Uimh. 54 de 1931) ; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “blianacht talamh-cheannaigh” blianacht talamh-cheannaigh is iníoctha le Coimisiún na Talmhan fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh; | |
[EN] | foliúonn an focal “cíos” aon íocaíocht tréimhsiúil i bhfuirm chíosa; | |
[EN] | cialluíonn an focal “rí-chíos” cíos a háirmhítear do réir caindíochta no praghais no luacha na mianraí do gheibhtear; | |
[EN] | nuair a húsáidtear an focal “uachtar” maidir le talamh, foluíonn sé aon fhoirgintí no oibreacha no nithe atá curtha suas no déanta no ag fás ar an talamh san; | |
[EN] | nuair a húsáidtear an focal “oibriú” maidir le mianraí, foluíonn sé na mianraí sin do thochailt, do chuardach, do bhaint, d'fháil. d'árdú, do thógaint, do bhreith chun siúil, do chóireáil, agus d'atharú agus léireofar focail ghaolmhara dá réir sin; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “aon-cheart mianadóireachta” ceart oibrithe mianraí ar n-a dhilsiú i nduine ar bith agus sa duine sin amháin: | |
[EN] | cialluíonn an abairt “mianra sceidealta” aon tsubstaint a luaidh tear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “cumasc mianrúil” aon tsubstaint a deintear tré aon dá mhianra sceidealta do chumasc go ceimiceach; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “substaint mhianrúil” aon tsubstaint is cosúil ina nádúir le haon mhianra sceidealta; | |
[EN] | cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so. | |
[EN] |
“Mianraí”. |
3. —San Acht so (lasmuich de chás ina n-éilíonn an có-théacs a mhalairt) cialluíonn an focal “mianraí” gach substaint (seachas uachtar talmhaíochta an tailimh agus seachas móin) sa talamh no air no fé pé aca le hoibriú fé thalamh no le hoibriú ar uachtar tailimh is féidir í fháil, agus foluíonn sé gach mianach, pé aca ar oscailt no á oibriú cheana dhó no nach eadh, agus foluíonn fós an spás cúbach ina bhfuil no ina raibh mianraí agus, chun tuilleadh cinnteachta ach gan dochar do gheneráltacht an mhéide sin roimhe seo, foluíonn an focal san gach mianra sceidealta. |
[EN] |
Cearta mianadóireachta Stáit fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh. |
4. —(1) Folóidh gach ceart mianadóireachta Stáit le n-a mbaineann an t-alt so, agus is tuigthe gur fholuigh riamh, ceart chun mianraí sceidealta agus cumaisc mhianrúla agus substaintí mianrúla do réir bhrí an Achta so d'oibriú agus déanfar, san Acht so, an focal “mianraí” do léiriú dá réir sin nuair a húsáidtear é maidir le haon cheart mianadóireachta Stáit den tsórt san. |
[EN] | (2) San alt so, cialluíonn an abairt “ceart mianadóireachta Stáit le n-a mbaineann an t-alt so” aon aon-cheart, chun mianraí do bhaint agus do thógaint agus chun tochailt agus cuardach ag lorg mianraí, den tsórt san a luaidhtear i bhfo-alt (3) d'alt 13 den Irish Land Act, 1903, no i bhfo-alt (5) d'alt 45 den Acht Talmhan, 1923 ( Uimh. 42 de 1923 ), agus atá, ar dháta an Achta so do rith, no a thiocfaidh chun bheith, tar éis an dáta san, dílsithe sa Stát de bhuadh an fho-ailt sin (3), ar n-a leasú le halt 2 d'Acht 1931 agus ar n-a oiriúnú de dhruim an Bhunreachta d'achtú, no de bhuadh an fho-ailt sin (5) ar n-a oiriúnú amhlaidh. | |
[EN] | (3) D'ainneoin Acht 1931 d'athghairm leis an Acht so, leanfaidh na hachtacháin seo leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) an dara províso a ghabhann le fo-alt (3) d'alt 13 den Irish Land Act, 1903, | |
[EN] | (b) fo-alt (4) den alt san 13 (chó fada agus a théigheann cirt mhianadóireachta Stáit le n-a mbaineann an t-alt so agus chó fada san amháin), | |
[EN] | (c) alt 1 den Irish Land Act, 1907, agus | |
[EN] | (d) alt 37 den Irish Land Act, 1909, | |
[EN] | de bhaint do bheith aca le haon chur ar cíos no léasú no díol no aistriú do rinne Coimisiún na Talmhan, roimh dháta Achta 1931 do rith, ar aon cheart mianadóireachta Stáit le n-a mbaineann an t-alt so. | |
[EN] |
“Mianraí Stáit”. |
5. —Is mianraí Stáit chun crícheanna an Achta so na mianraí agus na haon-chearta mianadóireachta so leanas agus déanfar, san Acht so, an abairt “mianraí Stáit” do léiriú dá réir sin, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) aon mhianraí agus aon aon-cheart mianadóireachta atá, ar dháta an Achta so do rith, ina maoin leis an Stát no leis an bPobal agus dílsithe (fé réir aon léasa ar n-a dheonadh fé Acht 1931) sa Stát no in aon Aire Stáit; | |
[EN] | (b) aon mhianraí agus aon aon-cheart mianadóireachta thiocfaidh ar aon tsaghas slí, ar dháta an Achta so do rith no dá éis sin, chun bheith ina maoin leis an Stát no leis an bPobal no dílsithe sa chéanna no thiocfaidh chun bheith dílsithe in Aire Stáit, ar an dáta agus ón dáta ar a dtiocfaid chun bheith ina maoin den tsórt san no chun bheith dílsithe amhlaidh; | |
[EN] | (c) gan dochar do gheneráltacht na míre deiridh sin roimhe seo den alt so, aon mhianraí no aon aon-cheart mianadóireachta thiocfaidh chun bheith dílsithe san Aire de bhuadh orduithe um mianraí do thógaint a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire agus ar n-a dhéanamh fé fhorálacha Coda III den Acht so, faid a bheidh na mianraí sin no an t-aon-cheart mianadóireachta san dílsithe amhlaidh; | |
[EN] | (d) d'ainneoin éinní atá san Acht Imeall Trágha, 1933 (Uimh. 12 de 1933) , agus gan dochar do gheneráltacht mhíreanna (a) agus (b) den alt so, aon mhianraí atá ar imeall trágha no fé imeall trágha is leis an Stát do réir bhrí an Achta san, ar n-a oiriúnú de dhruim an Bhunreachta d'achtú; | |
[EN] | (e) gan dochar do gheneráltacht mhíreanna (a) agus (b) den alt so, gach mianach óir no airgid. | |
[EN] |
“Fo-chearta”. |
6. —Is fo-chearta chun crícheanna an Achta so na cearta so leanas agus déanfar, san Acht so, an focal “fo-chearta” do léiriú dá réir sin, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) ceart chun an uachtair d'ísliú, le n-a n-áirmhítear ceart chun sreathanna, anuas ar a chéile no le hais a chéile, chó fada suas leis an uachtar, maraon leis an uachtar féin d'ísliú; | |
[EN] | (b) ceart aer-shlí no slí seafta mhianaigh no cead slí ar an uachtar no fé thalamh no ceart eile chun mianraí no meaisínteacht do shroichint no d'iompar no chun mianaigh d'aeriú no do dhréineáil no d'oibriú; | |
[EN] | (c) ceart chun bóithre agus bóithre iarainn do dhéanamh agus d'oibriú agus do chothabháil d'fhonn mianraí d'iompar o aon mhianach go dtí aon bhóthar no córas bóthair iarainn atá ann cheana agus fós chun talamh d'úsáid agus do shealbhú agus aon cheart d'fheidhmiú i dtalamh no in uisce no air no in aon bhóthar puiblí no air chun na críche sin; | |
[EN] | (d) ceart chun uachtar talmhan d'úsáid agus do shealbhú chun muilte brúighte agus cóirithe, áiteanna nigheacháin, soirn chóc, bóithre iarainn, téad-bhealaighe aerdha, trambhealaighe aerdha, oibreacha fo-thortha, no oibreacha bríceadóireachta no eile do thógáil, no chun áiteanna comhnaithe do thógáil do dhaoine ar fostú maidir le mianraí d'oibriú no maidir le haon oibreacha den tsórt san roimhráite; | |
[EN] | (e) ceart chun soláthar d'uisce no de shubstaintí eile maidir le mianraí d'oibriú; | |
[EN] | (f) ceart chun uisce no abhar lachtach eile as mianaigh no as aon oibreacha fo-thortha do chur de láimh ar shlí áirithe; | |
[EN] | (g) ceart chun dríodar as oibriú mianraí do chur de láimh ar shlí áirithe; | |
[EN] | (h) ceart chun aon abha no cúrsa uisce, le n-a n-áirmhítear cúrsa uisce saordha, do dhambáil no do chlaonadh; | |
[EN] | (i) ceart chun camraí agus mór-phíopaí uisce agus píopaí do chlaonadh; | |
[EN] | (j) ceart chun bóthar no sráid no bealach puiblí, no bealach príobháideach, do chlaonadh agus chun droichead do dhéanamh in ionad sean-droichid agus ar mhalairt láithreáin; | |
[EN] | (k) ceart chun bóthar iarainn no trambhealach do chlaonadh; | |
[EN] | (l) ceart chun foirgintí do leagadh a chuireann bac le haon mhianraí d'oibriú sa cheart. |