8 1941


Uimhir 8 de 1941.


ACHT FORBAIRTE GUAL-LÁTHRACH SHLIABH ARDACHADH, 1941.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN AN AIRE TIONNSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA DÁ THABHAIRT GO mBUNÓFAÍ CUIDEACHTA THEORANTA CHUN GUAL-LÁTHAIR SHLIABH ARDACHADH D'FHORBAIRT AGUS GUAL-LÁTHRACHA EILE DO LORG AGUS D'FHORBAIRT, AGUS CHUN SOCRUITHE IOMDHA DO DHÉANAMH MAIDIR LEIS AN gCUIDEACHTAIN SIN AGUS I dTAOBH NITHE BHAINEAS LÉI.

[10adh Abrán, 1941.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an abairt “Acht 1940” an t Acht Forbairte Minearál, 1940 (Uimh. 31 de 1940) ;

cialluíonn an abairt “na hAchtanna Cuideachtan” na hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924;

cialluíonn an abairt “Gual-Láthair Shliabh Ardachadh” na mianaigh agus na féitheanna agus na sreathanna guail, maraon leis na mianraí, do tháinig chun bheith dílsithe san Aire de bhuadh an Orduithe um Mianraí do Shealbhú (Gual-Láthair Shliabh Ardachadh), 1941, ar n-a dhéanamh ag an Aire fé Acht 1940, agus atá, le linn an Achta so do rith, dílsithe ann dá bhuadh san;

nuair a húsáidtear an focal “oibriú” maidir le mianraí, foluíonn sé tochailt, cuardach, baint, gabháil, árdú, tógaint, breith chun siúil, cóireáil agus atharú do dhéanamh alos na mianraí gur ina dtaobh a húsáidtear an focal san, agus léireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

cialluíonn an abairt “ceadúnas lorgaireachta” ceadúnas lorgaireachta do réir bhrí Achta 1940;

cialluíonn an abairt “léas mianadóireachta Stáit” léas mianadóireachta Stáit do réir bhrí Achta 1940.

An Chuideachta do bhunú agus do chlárú.

2. —Déanfaidh an tAire, chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, gach ní a chífear dó is gá no is inmhianuithe chun a thabhairt go ndéanfar cuideachta theoranta (dá ngairmtear “an Chuideachta” san Acht so) a bheidh do réir na gcoinníoll atá leagtha amach san Acht so do bhunú agus do chlárú fé sna hAchtanna Cuideachtan.

Ainm agus caipital na Cuideachtan.

3. —(1) Isé is ainm don Chuideachtain ná “Comhlucht Gual-Láthrach Shliabh Ardachadh, Teoranta”.

(2) Isé is scair-chaipital na Cuideachtan ná céad punt ar n-a roinnt ina chéad scair lán-íoctha de phunt an ceann agus, d'ainneoin éinní atá sna hAchtanna Cuideachtan, ní dleathach don Chuideachtain an caipital san do mhéadú ná do laghdú.

(3) Déanfar aon scair amháin de scair-chaipital na Cuideachtan do dháiliú agus do thabhairt amach do gach duine fé leith de shuibscríobhaithe Memorandum Chomhlachais na Cuideachtan agus déanfar an chuid eile den scair-chaipital san do dháiliú agus do thabhairt amach don Aire Airgeadais.

(4) An t-airgead is iníoctha ag suibscríobhaithe Memorandum Chomhlachais na Cuideachtan agus ag an Aire Airgeadais fé seach, i gcomaoin scaireanna de scair-chaipital na Cuideachtan do dháiliú agus do thabhairt amach dóibh de bhun an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, íocfar as an bPrímh-Chiste no as toradh fáis an Phrímh-Chiste é agus beidh sé ina mhuirear ar an gcéanna.

Memorandum Comhlachais na Cuideachtan.

4. —(1) Is sa bhfuirm sin, ná beidh buiniscionn leis an Acht so, a cheadóidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, a bheidh Memorandum Comhlachais na Cuideachtan.

(2) Déanfar cuspóirí na Cuideachtan do chur síos sa Mhemorandum Chomhlachais i slí gur léir gurb iad prímh-fheidhmeanna na Cuideachtan ná—

(a) an léas mianadóireachta Stáit sin fé Acht 1940, ar Ghual-Láthair Shliabh Ardachadh, is gá don Aire do réir an Achta so do thabhairt don Chuideachtain, d'iarraidh ar an Aire agus do ghlacadh uaidh, agus

(b) Gual-Láthair Shliabh Ardachadh d'fhorbairt agus d'oibriú fén léas mianadóireachta Stáit sin agus an gual agus na mianraí eile do gheobhfar de bharr an oibrithe sin do dhéanamh ionmhargaidh agus do dhíol, agus

(c) na ceadúnais lorgaireachta san agus na ceadúnais eile sin agus na léasanna san fé Acht 1940, alos guail (le n-a n-áirmhítear mianraí eile do gheibhtear in éineacht le gual de ghnáth) in áit ar bith seachas Gual-Láthair Shliabh Ardachadh, is ceart dar leis an gCuideachtain agus a dheonfaidh an tAire fén Acht san d'iarraidh agus do ghlacadh, agus na comhachta do bhéarfar leis na ceadúnais sin agus leis na léasanna san fé seach d'fheidhmiú agus an gual agus na mianraí eile bheidh á bhfáil de bharr na gcomhacht san do bheith á bhfeidhmiú do dhéanamh ionmhargaidh agus do dhíol.

(3) Is dleathach na cuspóirí agus na comhachta san uile (ná beidh buiniscionn leis an Acht so) a bheidh riachtanach do réir réasúin, no ceart, chun na gcuspóirí dá ngairmtear prímh-fheidhmeanna na Cuideachtan sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do chólíonadh go cuibhe, no bheidh ag baint no ag gabháil le n-a gcólíonadh san go cuibhe, do bheith ar chuspóirí na Cuideachtan ar n-a luadh sa Mhemorandum Chomhlachais.

(4) Ní bheidh ar chuspóirí na Cuideachtan, ar n-a luadh sa Mhemorandum Chomhlachais, aon chuspóir ná deintear leis na forálacha san roimhe seo den alt so a cheangal no a údarú é luadh amhlaidh.

Airteagail Chomhlachais na Cuideachtan.

5. —(1) Is sa bhfuirm sin, ná beidh buiniscionn leis an Acht so, a cheadóidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, a bheidh Airteagail Chomhlachais na Cuideachtan.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le hAirteagail Chomhlachais na Cuideachtan, sé sin le rá:—

(a) ceapfar leis na hAirteagail sin an uimhir stiúrthóirí bheidh ar an gCuideachtain, ach ní mó ná seacht, agus an cathaoirleach agus an stiúrthóir bainistighe d'áireamh, an uimhir a ceapfar amhlaidh,

(b) forálfar leis na hAirteagail sin gurb é cáilíocht is gá chun duine bheith ina stiúrthóir don Chuideachtain ná scair amháin ar a laighead sa Chuideachtain do bheith aige;

(c) forálfar leis na hAirteagail sin gurb é dhéanfaidh i gcomhnaidhe an cathaoirleach agus an stiúrthóir bainistighe agus gach stiúrthóir eile do cheapadh ná an tAire Airgeadais agus gur tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire a dhéanfaidh san;

(d) ní déanfar aon chomhacht chun caipital na Cuideachtan do mhéadú no do laigheadú, ná aon chomhacht chun bintiúirí do thabhairt amach, do thabhairt don Chuideachtain leis na hAirteagail sin.

Memorandum Comhlachais agus Airteagail Chomhlachais na Cuideachtan d'atharú.

6. —D'ainneoin éinní atá sna hAchtanna Cuideachtan, ní bheidh aon atharú déanfar ar Mhemorandum Chomhlachais no ar Airteagail Chomhlachais na Cuideachtan bailidhe ná éifeachtach mara mbeidh an tAire tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais i dtaobh an atharuithe sin a dhéanamh agus a cheadú go ndéanfaí é.

Iasacht do thabhairt don Chuideachtain chun costaisí a mbunuithe d'íoc.

7. —(1) Féadfaidh an tAire suim nach mó ná dhá chéad agus caoga punt do thabhairt ar iasacht, amach as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas, don Chuideachtain ar na téarmaí agus na coinníollacha san, maidir le ham agus slí aisíoca agus le ráta úis agus le hurrús agus le nithe ar bith eile, is ceart dar leis.

(2) Déanfaidh an Chuideachta airgead do bhéarfar ar iasacht don Chuideachtain fén alt so d'úsáid chun no mar chabhair chun íoctha na gcostas a bhainfidh le n-a thabhairt go mbunófar an Chuideachta agus le n-a bunú agus le n-a clárú maraon le réamh-chostaisí eile na Cuideachtan agus chuige sin amháin.

(3) Na suimeanna uile íocfaidh an Chuideachta leis an Aire chun no mar chabhair chun airgead a bheidh tugtha ar iasacht don Chuideachtain fén alt so d'aisíoc no chun an úis ar an airgead san d'íoc, déanfar é íoc isteach sa Stát-Chiste no é chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais.

(4) Na forálacha ina dhiaidh seo den Acht so i dtaobh airgead do roimh-íoc leis an gCuideachtain agus an t-airgead san d'aisíoc, agus i dtaobh an úis air, ní bhainfid le airgead do bhéarfar ar iasacht don Chuideachtain fén alt so.

An tAire do dheonadh léasa mhianadóireachta Stáit don Chuideachtain ar Ghual-Láthair Shliabh Ardachadh.

8. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis an Chuideachta do bhunú agus í theacht i dteideal tosnú ar ghnó dhéanamh, déanfaidh an Chuideachta léas mianadóireachta Stáit fé Acht 1940, ar Ghual-Láthair Shliabh Ardachadh, d'iarraidh ar an Aire fén Acht san.

(2) Déanfaidh an tAire, chó luath agus is féidir é tar éis dó an t-iarratas a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so d'fháil, léas mianadóireachta Stáit, ar Ghual-Láthair Shliabh Ardachadh, do dheonadh don Chuideachtain fé Acht 1940.

An tAire do thabhairt roimhíocanna don Chuideachtain.

9. —(1) Is dleathach don Aire na suimeanna san (nach mó san iomlán ná céad míle punt) a theastóidh ón gCuideachtain chun crícheanna a ngnótha do roimh-íoc leis an gCuideachtain o am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, amach as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas.

(2) Déanfaidh an Chuideachta (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so) na suimeanna roimh-íocfaidh an tAire leo fén alt so d'aisíoc do réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den Acht so.

Us d'íoc ar roimh-íocanna do bhéarfar don Chuideachtain.

10. —(1) Gach suim a roimh-íocfar leis an gCuideachtain fén Acht so, íocfaidh an Chuideachta ús uirthi leis an Aire, o dháta roimh-íoctha na suime sin go dtí go mbeidh sí aisíoctha, do réir an ráta san a cheapfaidh an tAire Airgeadais o am go ham alos na suime sin, agus is ina n-íocaíochtaí leath-bhliantúla, agus ar na laetheanta san i ngach bliain a cheapfaidh an tAire Airgeadais o am go ham, a híocfar an t-ús san amhlaidh.

(2) Is dleathach don Aire tráth ar bith, ach toiliú an Aire Airgeadais do bheith aige chuige sin, déanamh in éamais aon íocaíochta leath-bhliantúla áirithe úis is iníoctha ag an gCuideachtain fén alt so no a híoc do chur siar go ceann na haimsire sin is ceart dar leis.

(3) I gcás an Chuideachta d'fhágaint aon íocaíochta leathbhliantúla úis áirithe is iníoctha ag an gCuideachtain fén alt so gan íoc (agus nach de bhuadh an Aire do dhéanamh in éamais íocaíochta fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so thárlóidh san) déanfaidh an Chuideachta (pé aca cur siar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo ba thrúig leis an bhfágaint gan íoc san no nach eadh) ús d'íoc leis an Aire, do réir an ráta cheapfaidh an tAire Airgeadais, ar an íocaíocht leath-bhliantúil úis sin go dtí go mbeidh an tsuim íoctha.

(4) An t-ús uile íocfaidh an Chuideachta leis an Aire fén alt so, déanfar é íoc isteach sa Stát-Chiste no é chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais.

Roimh-íocanna do bhéarfar don Chuideachtain d'aisíoc.

11. —(1) Na suimeanna uile roimh-íocfar leis an gCuideachtain fén Acht so, aisíocfaidh an Chuideachta leis an Aire iad ina dtráthchoda leath-bhliantúla ina mbeidh na méideanna san agus a thosnóidh ar bheith iníoctha ar an dáta san agus a leanfaidh de bheith iníoctha ar feadh na huimhreach san blian agus a híocfar na trátha san a cheapfaidh an tAire Airgeadais tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, agus féadfar méideanna, dátaí, uimhreacha, agus trátha deifriúla den tsórt san do cheapadh amhlaidh maidir le suimeanna deifriúla roimh-íocfar amhlaidh.

(2) Na tráthchoda leath-bhliantúla uile agus fé seach is iníoctha ag an gCuideachtain leis an Aire fén alt so alos aon tsuime áirithe roimh-íocfar leis an gCuideachtain fén Acht so, úsáidfear iad ar nós ciste fhiach-laigheaduithe chun na suime sin d'aisíoc.

(3) Is dleathach don Aire tráth ar bith, ach toiliú an Aire Airgeadais do bheith aige chuige sin, déanamh in éamais íoca aon tráthchoda leath-bhliantúla áirithe is iníoctha ag an gCuideachtain fén alt so no a híoc do chur siar go ceann na haimsire sin is ceart dar leis.

(4) I gcás an Chuideachta d'fhágaint aon tráthchoda leathbhliantúla áirithe is iníoctha ag an gCuideachtain fén alt so gan íoc (agus nach de bhuadh an Aire do dhéanamh in éamais íocaíochta fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so thárlóidh san) déanfaidh an Chuideachta (pé aca cur siar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo ba thrúig leis an bhfágaint gan íoc san no nach eadh) ús d'íoc leis an Aire, do réir an ráta cheapfaidh an tAire Airgeadais, ar an tráthchuid leath-bhliantúil sin go dtí go mbeidh an céanna íoctha.

(5) Gach tráthchuid leath-bhliantúil agus an t-ús uile (más ann dó) íocfaidh an Chuideachta leis an Aire fén alt so, déanfar é íoc isteach sa Stát-Chiste no é chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais.

Comhacht don Aire chun a cheangal ar an gCuideachtain lorgaireacht do dhéanamh.

12. —(1) Is dleathach don Aire a cheangal ar an gCuideachtain, aon tráth no trátha, ceachtar ní aca so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) lorgaireacht agus scrúdú do dhéanamh ar aon chuid áirithe de Ghual-Láthair Shliabh Ardachadh d'fhonn a fháil amach cadé an saghas agus cadé an méid guail agus mianraí eile atá inti agus ar mhaith an rud na mianraí sin d'oibriú tré chur leis na hoibrithe atá ann cheana no tré oibrithe nua d'oscailt;

(b) a iarraidh ar an Aire ceadúnas lorgaireachta do dheonadh dhóibh fé Acht 1940 alos aon tailimh áirithe nach cuid de Ghual-Láthair Shliabh Ardachadh agus, ar fháil an cheadúnais lorgaireachta san dóibh, lorgaireacht agus scrúdú do dhéanamh ar an talamh san d'fhonn a fháil amach cadé an saghas agus cadé an méid guail (le n-a n-áirmhítear mianraí eile do gheibhtear in éineacht le gual de ghnáth) atá sa talamh san agus ar mhaith an rud an gual san agus na mianraí eile sin d'oibriú.

(2) Beidh sé de dhualgas ar an gCuideachtain ceangaltas ar bith, ar n-a dhéanamh ag an Aire fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so, do chólíonadh.

(3) Is dleathach don Aire, ach toiliú an Aire Airgeadais do bheith aige chuige sin, íoc do dhéanamh leis an gCuideachtain o am go ham, amach as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas, sna suimeanna san is ceart dar leis an Aire d'íoc leo chun go bhféadfaidís ceangaltais, ar n-a ndéanamh ag an Aire fén alt so, do chólíonadh.

(4) Ní dhéanfaidh an tAire níos mó ná trí mhíle punt d'íoc leis an gCuideachtain fén alt so in aon bhliain airgeadais áirithe agus is chun íoc na gcostas fé n-a raghaid de dhruim ceangaltais ar n-a ndéanamh ag an Aire fén alt so do chólíonadh, agus chuige sin amháin, a chaithfidh an Chuideachta na suimeanna uile a híocfar leo amhlaidh.

Comhachta an Aire Airgeadais mar scaireánach.

13. —Féadfaidh an tAire Airegeadais, maidir leis na scaireanna de chuid na Cuideachtan a bheidh aige de thurus na huaire, feidhmiú do dhéanamh ar gach ceann no aon cheann no cinn de sna cirt agus na comhachta is infheidhmithe o am go ham ag sealbhóir na scaireanna san agus, i gcás na cirt no na comhachta san do bheith infeidhmithe tré atúrnae, féadfaidh an tAire sin na cirt no na comhachta san d'fheidhmiú tré n-a atúrnae más ceart san dar leis.

E d'oblagáid scaireanna do shealbhú ar iontaobhas don Aire Airgeadais.

14. —(1) Is ar iontaobhas don Aire Airgeadais a shealbhóidh gach ball den Chuideachtain (agus suibscríobhaithe Memorandum Chomhlachais na Cuideachtan d'áireamh ach gan an tAire Airgeadais d'áireamh) a chuid scaireanna sa Chuideachtain, agus dá réir sin beidh sé de cheangal ar gach ball den tsórt san gach díbhinn agus bonus agus airgead eile do gheobhaidh ar na scaireanna san no dá mbarr d'íoc leis an Aire Airgeadais chun tairbhe don Stát-Chiste agus fós gach ceann no aon cheann no cinn de sna scaireanna san d'aistriú, fé mar agus nuair a cheanglóidh an tAire sin air san do dhéanamh, chun an Aire sin no chun duine ar n-a ainmniú ag an Aire sin chuige sin.

(2) Chun na bhforálacha san de sna hAchtanna Cuideachtan gur gá dá réir seacht mbaill ar a laighead do bheith sa Chuideachtain i gcomhnaidhe do chólíonadh no i dtreo go mbeidh ag duine ceapfar no bheidh le ceapadh chun bheith ina stiúrthóir don Chuideachtain na cáilíochta is gá, is dleathach don Aire Airgeadais ceachtar ní no an dá ní aca so leanas do dhéanamh o am go ham fé mar is gá, sé sin le rá:—

(a) ceann no cinn de sna scaireanna sa Chuideachtain a bheidh ag an Aire sin de thurus na huaire d'aistriú (fé réir an tsriain a forchuirtear leis an gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so) chun duine ar bith;

(b) a cheangal ar aon bhall áirithe den Chuideachtain gach ceann no aon cheann no cinn de sna scaireanna sa Chuideachtain a bheidh aige d'aistriú chun an Aire sin no chun duine ar bith eile.

(3) Lasmuich de chás dá n-údaruítear a mhalairt leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, ní aistreoidh an tAire Airgeadais ná ní leigfidh uaidh ar shlí eile aon scair no scaireanna sa Chuideachtain a bheidh aige de thurus na huaire ná ní dhéanfaidh na comhachta do bheirtear dó leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo d'fheidhmiú i slí gur lugha ná aon agus caoga tráth ar bith an uimhir scaireanna sa Chuideachtain a bheidh aige.

Díbhinní, etc,. d'íoc isteach sa Stát-Chiste.

15. —Gach díbhinn agus bonus agus airgead eile do gheobhaidh an tAire Airgeadais, alos scaireanna de chuid na Cuideachtan a bheidh aige no ar iontaobhas dó, déanfar é íoc isteach sa Stát-Chiste no é chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí sin ordóidh an tAire sin.

E d'oblagáid cuntaisí cothromaíochta, etc., do thabhairt don Aire.

16. —(1) Bhéarfaidh an Chuideachta don Aire, fé cheann nócha lá tar éis deireadh gach bliana cuntasaíochta fé leith, cuntas cothromaíochta don bhliain chuntasaíochta san agus an cuntas san iniúchta go cuibhe ag iniúchóir na Cuideachtan agus fós cuntas sochair agus dochair don bhliain chuntasaíochta chéanna agus é iniúchta amhlaidh.

(2) An cuntas cothromaíochta agus an cuntas sochair agus dochair a bheidh le tabhairt don Aire mar adubhradh, is sa bhfuirm sin ordóidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, a déanfar amach iad, agus beidh sa chuntas chothromaíochta san (i dteanta éinní is gá do réir an orduithe sin do bheith ann) cuimre ar chaipital agus ar shócmhainní agus ar fhiachaisí na Cuideachtan maraon leis na mion-innste sin a nochtfaidh cadé saghas na sócmhainní agus na fiachaisí sin agus conus a háirmhíodh luach na sócmhainní.

(3) Ar an Aire dá iarraidh sin ortha, bhéarfaidh an Chuideachta dhó na mínithe sin a theastóidh uaidh alos aon chuntais choth romaíochta áirithe no aon chuntais sochair agus dochair áirithe bheidh tugtha dhó de bhun an ailt seo.

(4) Déanfaidh an tAire cóip de gach cuntas cothromaíochta agu de gach cuntas sochair agus dochair do bhéarfar dó de bhun an ailt seo do leagadh fé bhráid gach Tighe den Oireachtas fé cheann mí tar éis an cuntas cothromaíochta agus an cuntas sochair agus dochair sin do thabhairt dó amhlaidh.

(5) Má fhágann an Chuideachta aon cheann no cinn d'fhorálacha an ailt seo gan cólíonadh, beidh an Chuideachta, maraon le gach stiúrthóir agus bainisteoir agus oifigeach eile don Chuideachtain d'údaruigh no do cheaduigh an fhaillighe sin go feasach agus go toiliúil, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a gciontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur ortha in aghaidh gach lae leanfaidh an fhaillighe sin.

Costaisí.

17. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é, is amach as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas a híocfar na costaisí fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do riaradh.

Gearr-theideal.

18. —Féadfar Acht Forbairte Gual-Láthrach Shliabh Ardachadh, 1941 , do ghairm den Acht so.