An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT AIRGEADAIS, 1941) Ar Aghaidh (CUID II. For-Chain Bhreise.)

14 1941

ACHT AIRGEADAIS, 1941

CUID I.

Cain Ioncuim.

Cáin ioncuim agus for-cháin in aghaidh na bliana 1941-42.

1. —(1) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1941, éileofar cáin ioncuim do réir seacht scillinge agus reul fén bpunt.

(2) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1941, éileofar for-cháin ar ioncum aon phearsan gur mó ná míle agus cúig céad punt iomláine a ioncuim o gach taobh, agus is do réir na rátaí céanna gur dá réir a héilítear í in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1940, a héileofar amhlaidh í.

(3) Na forálacha reachtúla agus eile bhí i bhfeidhm an 5adh lá d'Abrán, 1941, i dtaobh cánach ioncuim agus for-chánach, beidh éifeacht aca uile agus fé seach, fé réir forálacha an Achta so, i dtaobh na cánach ioncuim agus na for-chánach a héileofar mar adubhradh in aghaidh na bliana san dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1941.

Faoiseamh fé alt 2 den Acht Airgid, 1933 , do leathnú.

2. —(1) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim i dtaobh duine ar bith go ndéanfadh sé no go ndéanfaí thar a cheann, aon bhliain áirithe le n-a mbaineann an t-alt so, na coinníollacha atá leagtha amach in alt 2 den Acht Airgid, 1933 ( Uimh. 15 de 1933 ), do chólíonadh mara mbeadh cúrsaí d'eirigh as an gcogadh atá ar siúl anois ag Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus Tuaiscirt Éireann agus go mbeadh sé dá dhruim sin i dteideal faoisimh fén alt san, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim an faoiseamh san is dóich leo do bheith do réir chirt do dheonadh don duine sin in aghaidh na bliana san ach gan é bheith níos mó ná an faoiseamh d'fhéadfaidís go dleathach do dheonadh fén alt san don duine sin dá gcólíonadh sé na coinníollacha san an bhliain sin.

(2) Baineann an t-alt so leis an mbliain dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1939, agus le gach bliain ina dhiaidh sin.

Faoiseamh alos cánach ioncuim coigríche i gcásanna áirithe.

3. —(1) I gcás pearsa d'íoc cánach ioncuim, no cánach ioncuim agus for-chánach, fé sna hAchtanna Cánach Ioncuim tré as-bhaint no eile, no a bheith de dhliteacht air fé sna hAchtanna san an céanna d'íoc, in aghaidh aon bhliana cáinmheasa áirithe alos aon choda dá ioncum d'eirigh i dtír le n-a mbaineann an t-alt so agus é dá chur ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim—

(a) gur íoc sé cáin ioncuim eachtrach sa tír sin alos na coda san dá ioncum, agus

(b) go raibh sé roimh an mbliain cháinmheasa san, ina chomhnaí sa tír sin le n-a mbaineann an t-alt so ar feadh tréimhse leanúnaighe de dheich mbliana ar a laighead no ar feadh uimhre de thréimhsí nea-leanúnacha ba chófhaid, i dteanta a chéile, le deich mbliana ar a laighead, agus

(c) go raibh no go bhfuil sé, ar feadh na bliana cáinmheasa san, dómasta agus ina chomhnaí agus ina ghnáthchomhnaí sa Stát, agus

(d) ná fuil sé i dteideal faoiseamh o chánachas dúbalta d'éileamh fé Airteagal 2 den Chó-aontú atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1928 (Uimh. 11 de 1928) , agus fós ná fuil sé i dteideal faoisimh fén alt deiridh sin roimhe seo den Acht so, in aghaidh na bliana cáinmheasa san,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim an faoiseamh san is dóich leo do bheith do réir chirt do dheonadh don duine sin in aghaidh na bliana cáinmheasa san ach gan é dhul thar an gceann is lugha de sna méideanna so leanas, sé sin le rá, leath méid a chánach ioncuim Eireannaighe in aghaidh na bliana cáinmheasa san no an méid cánach ioncuim eachtraighe d'íoc sé no is iníoctha aige sa tír sin alos na coda san dá ioncum tar éis aon fhaoiseamh chun a bhfuil teideal aige sa tír sin d'as-bhaint,

(2) Sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so—

cialluíonn an abairt “méid a chánach ioncuim Eireannaighe” an méid cánach is cuibhe don ioncum is leis an bpearsain dá dtagartar san abairt sin agus d'eirigh i dtír le n-a mbaineann an t-alt so agus an cháin sin d'áireamh do réir ráta cinnfear tríd an méid cánach ioncuim no cánach ioncuim agus for-chánach, is iníoctha fé sna hAchtanna Cánach Ioncuim ag an bpearsain sin in aghaidh na bliana cáinmheasa iomchuibhe alos a ioncuim iomláin roimh dheonadh aon fhaoisimh fén alt so, do roinnt ar mhéid ioncuim iomláin na pearsan san o gach taobh in aghaidh na bliana cáinmheasa san;

cialluíonn an abairt “cáin ioncuim eachtrach” cáin is inéilithe agus iníoctha fé dhlí tíre le n-a mbaineann an t-alt so agus a chífear do sna Coimisinéirí Ioncuim is cáin a fhreagrann do cháin ioncuim no d'fhor-cháin is inéilithe fé sna hAchtanna Cánach Ioncuim.

(3) Baineann an t-alt so leis na tíortha so leanas, sé sin le rá, Stáit Aontuithe Ameirice, Tiarnas Cheanada, Cófhlaitheas na hAstráile, Tiarnas na Séalainne Nua, Aondacht na hAifrice Theas, agus Talamh an Eisc, agus fós le gach tír is sealbhachas Briotáineach do réir bhrí Sceidil C den Income Tax Act, 1918.