|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Cain Ioncuim.) | Ar Aghaidh (CUID III. Custuim agus Mal.) |
ACHT AIRGEADAIS, 1941
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. For-Chain Bhreise. | |
[EN] |
Mínithe sa Chuid seo den Acht so. |
4. —Sa Chuid seo den Acht so— |
[EN] | cialluíonn an abairt “bliain chuntasaíochta” an tréimhse de dhá mhí dhéag dá n-ullmhuítear de ghnáth cuntais na trádála no an ghnótha gur maidir leis a húsáidtear an abairt sin no, má thárla in aon bhliain dar tosach an 6adh lá d'Abrán nár hullmhuíodh aon chuntais do thréimhse de dhá mhí dhéag dar chríoch lá sa bhliain sin, pé tréimhse de dhá mhí dhéag a chinnfidh na Coimisinéirí Ioncuim; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “ioncum iomlán” (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt sa Chuid seo den Acht so) an t-ioncum iomlán o gach taobh gan féachaint d'fhorálacha ailt 34 den Income Tax Act, 1918, agus fé is dá ndeintí an brabús do tháinig as gnó no trádáil le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, agus is cuid den ioncum iomlán san o gach taobh, d'áireamh gan féachaint d'fhorálacha míre (3) de Riail 6 de sna Rialacha bhaineann le cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, ná d'fhorálacha ailt 14 den Acht Airgid, 1929 (Uimh. 32 de 1929) . | |
[EN] |
For-cháin bhreise d'fhorchur. |
5. —(1) D'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (2) d'alt 1 den Acht so agus fé réir forálacha na Coda so den Acht so, i gcás ioncum iomlán aon phearsan in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1941, do bheith níos mó ná míle agus cúig céad punt agus brabús as aon trádáil no gnó le n-a mbaineann an t-alt so agus a bhíonn ar siúl aige ina aonar no i bpáirtnéireacht le duine no daoine eile do bheith ina chuid de, déanfar diúité breise forchánach (dá ngairmtear for-cháin bhreise san alt so) d'éileamh in aghaidh na bliana san do réir seacht scillinge agus reul fén bpunt alos oiread den ioncum san agus is có-ionann le pé méid aca so leanas is lugha, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) an méid a bheidh de bhreis ag an mbrabús san ar an mbrabús caighdeánach ar n-a n-áireamh do réir na Coda so den Acht so, no | |
[EN] | (b) an méid a bheidh de bhreis ag an ioncum iomlán san ar an ioncum iomlán caighdeánach ar n-a áireamh do réir na Coda so den Acht so. | |
[EN] | (2) Féadfar for-cháin bhreise in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1941, do cháinmheas agus do bhaint amach d'ainneoin for-cháin do bheith cáinmheasta cheana in aghaidh na bliana san. | |
[EN] | (3) Beidh for-cháin bhreise ina for-cháin agus dá réir sin, na hachtacháin uile bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh for-chánach, bainfid le for-cháin bhreise, agus beidh éifeacht aca ina taobh, sa mhéid nach buiniscionn leis an gCuid seo den Acht so dhóibh. | |
[EN] |
Trádála agus gnóthaí le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so. |
6. —Baineann an Chuid seo den Acht so le gach trádáil no gnó bhíonn ar siúl (go leanúnach no go nea-leanúnach) sa Stát, go haonarach no i bpáirtnéireacht le duine no daoine eile, ag pearsan a chomhnuíonn sa Stát, gan áireamh do dhéanamh ar fheirmeoireacht ná ar aon oifig no fostaíocht, ná fós ar aon ghairm go mbíonn an brabús aisti ag brath ar fad no go furmhór ar cháilíochta pearsanta an duine no na ndaoine chleachtann an ghairm sin agus nach gá chúichi aon chaiteachas caipitail no nach gá chúichi ach caiteachas capitail de mhéid a bhíonn go compráideach beag, ach áireamh do dhéanamh ar ghnó dhuine ghlacann coimisiúin i dtaobh eadarbhearta deintear no seirbhísí bheirtear, agus fós ar ghnó aon tsórt gníomhaire seachas taistealaidhe tráchtála no gníomhaire eile dar luach saothair iomlán suim chinnte cheaptha ná bíonn ag brath ar an méid gnótha deintear ná ar aon teagmhas eile. |
[EN] |
Brabús caighdeánach d'áireamh. |
7. —(1) Déanfar (fé réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt so) brabús caighdeánach pearsan as trádáil no gnó le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so agus do bhí ar siúl aige ar feadh iomlán na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1941, go haonarach no i bpáirtnéireacht le duine no daoine eile d'áireamh chun crícheanna na Coda so den Acht so do réir pé míre aca so leanas a bhaineann leis an gcás, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) má bhí an trádáil no an gnó san ar siúl amhlaidh ar feadh trí cinn no níos mó de lán-bhlianta cuntasaíochta do chríochnuigh an 5adh lá d'Abrán, 1939, no roimhe sin, isé brabús caighdeánach na pearsan san ná méid a bhrabúis as an trádáil no as an ngnó san in aghaidh aon bhliana amháin (a roghnóidh seisean no (mara ndeinidh amhlaidh) a roghnóidh na Coimisinéirí Ioncuim) de sna trí bliana cuntasaíochta deiridh do chríochnuigh amhlaidh no suim dhá mhíle agus cúig céad punt, pé aca is mó; | |
[EN] | (b) má bhí an trádáil no an gnó san ar siúl amhlaidh ar feadh dhá cheann, gan é bheith ar siúl ar feadh trí cinn, de lán-bhlianta cuntasaíochta do chríochnuigh an 5adh lá d'Abrán, 1939, isé brabús caighdeánach na pearsan san ná méid a bhrabúis as an trádáil no as an ngnó san in aghaidh aon bhliana amháin (a roghnóidh seisean no (mara ndeinidh amhlaidh) a roghnóidh na Coimisinéirí Ioncuim) den dá bhliain chuntasaíochta san no suim dhá mhíle agus cúig céad punt, pé aca is mó; | |
[EN] | (c) má bhí an trádáil no an gnó san ar siúl ar feadh aon lán-bhliana cuntasaíochta amháin do chríochnuigh an 5adh lá d'Abrán, 1939, no roimhe sin, gan é bheith ar súil ar feadh dhá lán-bhlian chuntasaíochta do críochnuigh amhlaidh, isé brabús caighdeánach na pearsan san ná méid a bhrabúis as an trádáil no as an ngnó san in aghaidh na bliana cuntasaíochta san no suim dhá mhíle agus cúig céad punt, pé aca is mó; | |
[EN] | (d) in aon chás eile, isé brabús caighdeánach na pearsan san ná suim dhá mhíle agus cúig céad punt. | |
[EN] | (2) Isé brabús caighdeánach aon phearsan áirithe as trádáil no gnó le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so agus ná raibh ar siúl aige ach ar feadh coda den bhliain dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1941, go haonarach no i bpáirtnéireacht le duine no daoine eile ná an méid sin go mbeidh, idir é agus an méid go mb'é a bhrabús caighdeánach é fé sna fo-ailt eile den alt so dá mbeadh an trádáil no an gnó san ar siúl aige amhlaidh ar feadh iomlán na bliana san, an cothrom céanna bheidh idir an chuid den bhliain sin do bhí an trádáil no an gnó san ar siúl aige amhlaidh agus dhá mhí dhéag. | |
[EN] | (3) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le brabús d'áireamh chun crícheanna an ailt seo, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) is tuigthe gurb é is méid do bhrabús trádála no gnótha in aghaidh aon bhliana cuntasaíochta áirithe ná an brabús achtúil do tháinig as an trádáil no as an ngnó san sa bhliain chuntasaíochta san ar n-a áireamh do réir na nAchtanna Cánach Ioncuim, lugha-de an liúntas san in aghaidh caitheamh gléasra agus sáslaigh (ar n-a áireamh chun crícheanna cánach ioncuim) do chífear do sna Coimisinéirí Ioncuim do bheith réasúnta agus ionchurtha le ceart i leith na bliana cuntasaíochta san; | |
[EN] | (b) i gcás trádáil no gnó le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so do bheith ar siúl ag pearsain (go haonarach no i bpáirtnéireacht le duine no daoine eile) ar feadh iomlán na bliana no aon choda den bhliain dar chríoch an 5adh lá d'Abrán, 1942, agus é bheith ar siúl aige amhlaidh ar feadh níos lugha ná cúig bliana as a chéile dar chríoch an 5adh lá d'Abrán, 1941, agus é bheith, díreach sara raibh sé ar siúl amhlaidh ag an bpearsain sin, ar siúl ag duine eile no ag beirt no níos mó nár dhíobh an phearsa san, féadfar, ar iarratas na pearsan san agus d'fhonn brabús caighdeánach na pearsan san d'áireamh, an brabús do tháinig as an trádáil no as an ngnó san faid a bhí sé ar siúl amhlaidh ag an duine no na daoine sin d'áireamh mar bhrabús de chuid na pearsan san más go haonarach do bhí an trádáil no an gnó san ar siúl aige no mar bhrabús de chuid na pearsan san agus a pháirtnéara no a pháirtnéirí más i bpáirtnéireacht le duine no daoine eile bhí an trádáil no an gnó san ar siúl aige. | |
[EN] | (4) Chun crícheanna an ailt seo is tuigthe páirtnéir do bheith riamh i dteideal roinn do bheith aige i mbrabús na páirtnéireachta do réir an chothruim do bhí idir a scair de bhrabús na páirtnéireachta in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1941. agus brabús iomlán na páirtnéireachta in aghaidh na bliana san. | |
[EN] |
Ioncum iomlán caighdeánach d'áireamh. |
8. —(1) Déanfar ioncum iomlán caighdeánach pearsan go raibh trádáil no gnó le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so ar siúl aige go haonarach no i bpáirtnéireacht le duine no daoine eile ar feadh iomlán na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1941, d'áireamh chun crícheanna na Coda so den Acht so do réir pé míre aca so leanas a bhaineann leis an gcás, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) má bhí ioncum dob ionchurtha fé cháin ioncuim á fháil ag an bpearsain sin ar feadh trí cinn no níos mó de bhlianta as a chéile dar chríoch an 5adh lá d'Abrán, 1940, isé ioncum iomlán caighdeánach na pearsan san ná méid a ioncuim iomláin in aghaidh aon bhliana amháin (a roghnóidh seisean no (mara ndeinidh amhlaidh) a roghnóidh na Coimisinéirí Ioncuim) de sna trí bliana deiridh de sna blianta san no suim dhá mhíle agus cúig céad punt, pé aca is mó; | |
[EN] | (b) má bhí ioncum dob ionchurtha fé cháin ioncuim á fháil ag an bpearsain sin ar feadh dhá cheann, gan é bheith á fháil ar feadh trí cinn, de bhlianta as a chéile dar chríoch an 5adh lá d'Abrán, 1940, isé ioncum iomlán caighdeánach na pearsan san ná méid a ioncuim iomláin in aghaidh aon bhliana amháin (a roghnóidh seisean no (mara ndeinidh amhlaidh) a roghnóidh) a roghnóidh na Coimisinéirí Ioncuim) den dá bhliain sin no suim dhá mhíle agus cúig céad punt, pé aca is mó; | |
[EN] | (c) mara raibh ioncum dob ionchurtha fé cháin ioncuim á fháil ag an bpearsain sin ar feadh dhá bhlian as a chéile dar chríoch an 5adh lá d'Abrán, 1940, ach go raibh ioncum dob ionchurtha fé cháin ioncuim á fháil aige in aghaidh na bliana dar chríoch an 5adh lá san d'Abrán, 1940, isé ioncum iomlán caighdeánach na pearsan san ná a ioncum iomlán in aghaidh na bliana san dar chríoch an 5adh lá d'Abrán, 1940, no suim dhá mhíle agus cúig céad punt, pé aca is mó; | |
[EN] | (d) in aon chás eile isé ioncum iomlán caighdeánach na pearsan san ná dhá mhíle agus cúig céad punt. | |
[EN] | (2) Isé ioncum iomlán caighdeánach aon phearsan áirithe dá dtárla, de bhíthin a éaga, go raibh trádáil no gnó le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so gan bheith ar siúl aige, go haonarach nó i bpáirtnéireacht le duine no daoine eile, ach ar feadh coda den bhliain dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1941, ná an méid sin go mbeidh, idir é agus an méid go mb'é a ioncum iomlán caighdeánach é fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so dá mbeadh an trádáil no an gnó san ar siúl aige amhlaidh ar feadh iomlán na bliana san, an cothrom céanna bheidh idir an chuid den bhliain sin do bhí an trádáil no an gnó san ar siúl aige amhlaidh agus dhá mhí dhéag. | |
[EN] |
Faoiseamh o fhor-cháin bhreise i gcásanna áirithe. |
9. —(1) I gcás pearsa do bheith ionchurtha fé fhor-cháin bhreise beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) is tuigthe gur háirmheadh mar chuid d'ioncum iomlán na pearsan san o gach taobh in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1941, suim (dá ngairmtear an tsuim aduithe san alt so) is có-ionann le pé méid aca so leanas is lugha, sé sin le rá:— | |
[EN] | (i) méid is có-ionann leis an bpáirt d'ioncum na pearsan san ar a bhfuil for-cháin bhreise inéilithe, no | |
[EN] | (ii) an méid ioncuim, as brabús trádála no gnótha le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, do bheadh le cur i ráiteas ar ioncum iomlán na pearsan san o gach taobh in aghaidh na bliana san; | |
[EN] | (b) as-bhainfear as an bhfor-cháin bhreise is iníoctha ag an bpearsain sin suim is có-ionann le pé suim aca so leanas is lugha, sé sin le rá:— | |
[EN] | (i) suim is có-ionann leis an méid a bhaineann leis an suim bhreise den fhor-cháin (nach for-cháin bhreise), más ann di, is iníoctha ag an bpearsain sin in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1941, no | |
[EN] | (ii) suim is có-ionann le cúig scillinge an punt den tsuim aduithe; | |
[EN] | (c) is tuigthe chun crícheanna an ailt seo gurb í an tsuim aduithe an chuid is aoirde d'ioncum iomlán na pearsan san o gach taobh. | |
[EN] | (2) An míniú atá sa Chuid seo den Acht so ar an abairt “ioncum iomlán” ní bheidh feidhm ná éifeacht aige maidir leis an abairt sin sna háiteanna ina bhfuil sí san alt so agus, dá réir sin, léireofar an abairt sin, san alt so, fé is ná hachtófaí an míniú san. | |
[EN] | (3) Na forálacha den Chuid seo den Acht so bhaineann le brabús d'áireamh ní bheidh feidhm ná éifeacht aca maidir le brabús trádála no gnótha d'áireamh chun crícheanna an ailt seo. | |
[EN] |
Socrú i dtaobh caillteanais i gcásanna áirithe. |
10. —Más caillteanas an tora glan do tháinig as trádáil no gnó le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so do bheith ar siúl sa bhliain chuntasaíochta no sa dó no trí de bhlianta cuntasaíochta gur do réir an bhrabúis ina n-aghaidh no in aghaidh ceann aca (fé mar a bheidh) a háirmhítear brabús caighdeánach pearsan as an trádáil no as an ngnó san, béarfar ar aghaidh an bhreis a bheidh ag an gcaillteanas san ar bhrabús na pearsan as an trádáil no as an ngnó san in aghaidh an chéad bhliain chuntasaíochta i ndiaidh na bliana cuntasaíochta san no na bliana deiridh den dó no trí sin de bhlianta cuntasaíochta (fé mar a bheidh), agus déanfar, chó fada is ragha sí, í bhaint as brabús, no í chur i gcoinnibh brabúis, na pearsan san as an trádáil no as an ngnó gur maidir leis a bheidh sé ionchurtha fé fhor-cháin bhreise. |
[EN] |
Brabús d'áireamh. |
11. —(1) Déanfar (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an gCuid seo den Acht so) an brabús as trádáil no gnó le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so d'áireamh, chun crícheanna na Coda so den Acht so, gan féachaint d'fhorálacha míre (3) de Riail 6 de sna Rialacha bhaineann le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, ná d'fhorálacha ailt 14 den Acht Airgid, 1929 (Uimh. 32 de 1929) . |
[EN] | (2) Na forálacha den Chuid seo den Acht so bhaineann le brabús d'áireamh iseadh a gairmtear, sa Chuid seo den Acht so, d'fhorálacha an fho-ailt sin roimhe seo den alt so. |