|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Diuitethe Stampa.) | Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL Diuitethe ar Thobac.) |
ACHT AIRGEADAIS, 1941
[EN] | ||
[EN] |
CUID VII. Ilghneitheach agus Generalta. | |
[EN] |
Cuntas na Malairte Coigriche. |
49. —(1) San alt so— |
[EN] | cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgeadais; | |
[EN] | cialluíonn an focal “ór” monadh óir agus builleon óir; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “malairt choigríche” aon airgead reatha seachas airgead reatha Éireannach agus aon chreidmheas no iarmhéid nach in airgead reatha Éireannach dó; | |
[EN] | foluíonn an focal “urrús” scaireanna, stoc, bannaí, bintiúirí, agus stoc bintiúra agus fós admhála taisce alos taisce aon scaireanna, stuic, bannaí, bintiúirí, no stuic bhintiúra; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “urrús coigríche” urrús le n-a mbronntar ceart chun íocaíocht d'fháil ar shlí seachas in airgead reatha Éireannach. | |
[EN] | (2) Chó luath agus is féidir é tar éis dáta an Achta so do rith bunóidh an tAire agus (fé réir forálacha an ailt seo) cothabhálfaidh ina dhiaidh sin fé n-a urláimh cuntas (dá ngairmtear an Cuntas san alt so) ar a dtabharfar Cuntas na Malairte Coigríche agus a húsáidfear chun na gcrícheanna luaidhtear san alt so. | |
[EN] | (3) Is as an gCuntas a híocfar na suimeanna uile bheidh iníoctha ag an Aire o am go ham chun ór, malairt choigríche, no urrúis choigríche do cheannach fén Acht Comhachta Práinne, 1939 (Uimh. 228 de 1939), agus fé orduithe ar n-a ndéanamh fé, agus coimeádfaidh an tAire chun creidiúna an Chuntais an t-ór, an mhalairt choigríche, agus na hurrúis choigríche uile ceannófar amhlaidh. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an tAire, fé mar agus nuair a mheasfaidh is ceart, aon ór, malairt choigríche, no urrús coigríche bheidh á choimeád chun creidiúna an Chuntais de thurus na huaire do dhíol no do chur de láimh ar shlí eile. | |
[EN] | (5) Gach uair a déanfar aon ór, malairt choigríche no urrús coigríche do dhíol no do chur de láimh fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, déanfar an sochar glan a thiocfaidh as d'íoc isteach sa Chuntas agus beidh an sochar san ar fáil ansan chun tuilleadh íocaíocht d'íoc as an gCuntas fén alt so, | |
[EN] | (6) Chun íocaíochta d'íoc as an gCuntas fén alt so, féadfaidh an tAire, fé mar agus nuair a mheasfaidh is ceart, roimh-íocanna d'íoc leis an gCuntas as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis, agus chun na roimh-íocanna san d'íoc féadfaidh an tAire airgead d'fháil ar iasacht tré pé urrúis do bhunú agus d'éisiúint go n-ús ortha do réir pé rátaí agus fé réir pé coinníollacha, i dtaobh aisíoca no fuascailte no eile, a chinnfe sé. | |
[EN] | (7) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh muirear agus íoc colna agus úis na n-urrús uile bunófar agus a heiseofar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so agus íocfar isteach sa Stát-Chiste an t-airgead do gheobhfar ar iasacht tré sna hurrúis sin. | |
[EN] | (8) Airgead a roimh-íocfar leis an gCuntas as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis de bhun an ailt seo aisíocfar é leis an Stát-Chiste as an gCuntas na trátha san agus do réir na méideanna san a chinnfidh an tAire. | |
[EN] | (9) Déanfaidh an tAire an Cuntas d'fhoirceannadh tráth ar bith nach déanaighe ná sé mhí tar eis don Acht Comhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939) , scur de bheith i bhfeidhm is dóich leis is ceart agus déanfaidh, chun críche an fhoirceannta san, an t-ór, an mhalairt choigríche, agus na hurrúis choigríche uile bheidh á gcoimeád an uair sin chun creidiúna an Chuntais do dhíol no do chur de láimh ar shlí eile agus déanfaidh sochar glan an díola no an chur-de-láimh sin agus an t-airgead uile (más aon chuid é) a bheidh an uair sin chun creidiúna an Chuntais d'úsáid chun roimh-íocanna do híocadh leis an gCuntas as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis d'aisíoc do réir an ailt seo agus íocfaidh isteach sa Stát-Chiste, no cuirfidh chun tairbhe don Stát-Chiste ar shlí eile, ar pé cuma mheasfaidh is ceart, aon bharrachas as an sochar agus as an airgead san nach gá chun na roimhíocanna san d'aisíoc amhlaidh. | |
[EN] | (10) Bhéarfaidh an tAire go n-ullmhófar agus go gcuirfear fé bhráid an Ard-Reachtaire Cunntas agus Ciste cuntais i dtaobh an Chuntais in aghaidh gach bliana airgeadais a mbeidh an Cuntas á chóthabháil ar a feadh no ar feadh coda dhi, agus scrúdóidh an tArd-Reachtaire Cunntas agus Ciste na cuntais sin uile sa tslí sin is dóich leis, as a chomhairle féin, do bheith ceart d'fhonn a chinneadh cé aca do rinneadh na hoibrithe ar an gCuntas agus na headar-bhearta do bhain leis do sheoladh agus do thabhairt chun críche do réir na bhforálacha san roimhe seo den alt so no ná dearnadh, agus tar éis gach scrúdú den tsórt san tuairisceoidh an tArd-Reachtaire Cunntas agus Ciste chun Dáil Éireann cé aca rinneadh no ná dearnadh, dar leis, na hoibrithe agus na headarbhearta tháinig fé réim an scrúduithe sin do sheoladh agus do thabhairt chun críche do réir na bhforálacha san adubhradh. | |
[EN] | (11) Chó luath agus is féidir é tar éis an Chuntais d'fhoirceannadh leagfaidh an tAire fé bhráid gach Tighe den Oireachtas ráiteas ina dtaisbeánfar méid iomlán na suimeanna do roimh-íocadh leis an gCuntas as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis, an méid iomlán do híocadh isteach sa Stát-Chiste as an gCuntas in aisíoc na roimh-íocanna san, agus an méid (más aon mhéid é) do híocadh isteach sa Stát-Chiste no do cuireadh chun tairbhe don Stát-Chiste as an gCuntas ar shlí seachas in aisíoc na roimh-íocanna san. | |
[EN] |
Suimeanna áirithe is iníoctha le Coimisiún Talmhan na hÉireann do laigheadú. |
50. —Féadfaidh an tAire Airgeadais a chinneadh go laigheadófar, oiread agus a luadhfaidh an tAire sin chuige sin, an tsuim a bheidh le n'íoc le Coimisiún Talmhan na hÉireann in aon bhliain airgeadais áirithe (agus an bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1941, d'áireamh) fé fho-alt (1) d'alt 35 den Purchase of Land (Ireland) Act, 1891, ar n-a leasú le fo-alt (3) d'alt 9 den Acht Dlí Talmhan (Coimisiún), 1923 (Uimh. 27 de 1923) , agus, pé uair a chinnfidh an tAire sin amhlaidh, laigheadófar dá réir sin an tsuim sin a bheidh le n'íoc mar adubhradh sa bhliain airgeadais le n-a mbaineann an cinneadh sin. |
[EN] |
Airgead d'aistriú ón Ród-Chiste chun an Stát-Chiste. |
51. —D'fhonn airgead do sholáthar chun éilithe generálta thuitfidh ar an bPrímh-Chiste d'íoc, déanfar suim céad míle punt d'aistriú agus d'íoc as an Ród-Chiste chun an Stát-Chiste, agus leis, an tráth no na trátha san sa bhliain airgeadais dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1942, agus sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais. |
[EN] |
Athghairm. |
52. —Na hachtacháin a luaidhtear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, athghairmtear leis seo iad sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san agus is amhail ar an 8adh lá de Bhealtaine, 1941, agus ón lá san amach a hathghairmtear amhlaidh iad ach amháin i gcás dá luaidhtear a mhalairt sa tríú colún san. |
[EN] |
Cúram agus bainistighe cánacha agus diúitéthe. |
53. —Cuirtear fé chúram agus fé bhainistighe na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo na cánacha agus na diúitéthe uile forchuirtear leis an Acht so. |
[EN] |
Gearr-theideal, léiriú, agus tosach feidhme. |
54. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1941 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Léireofar Coda I agus II den Acht so i dteanta na nAchtanna Cánach Ioncuim agus léireofar Cuid III den Acht so, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe custum, i dteanta na nAchtanna Custum agus, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe máil, i dteanta na reachtanna bhaineann leis na diúitéthe máil agus le bainistighe na ndiúitéthe sin. | |
[EN] | (3) Is tuigthe Coda I agus II den Acht so do theacht i bhfeidhm an 6adh lá d'Abrán, 1941, agus beidh éifeacht aca amhail ar an lá san agus ón lá san amach. |