|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) | Ar Aghaidh (Caibidil II. Forálacha bhaineann le mór-oifigí agus le hoifigí eile.) |
ACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1941
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Oifigi agus Fostaiochta fe Udarais Áitiúla. | |
[EN] |
Caibidil I Generálta. | |
[EN] |
Cóluchtaí eile ina n-údaráis áitiúla chun crícheanna na Coda so den Acht so. |
6. —I dteannta na gcólucht a luaidhtear i bhfo-alt (2) d'alt 2 den Acht so, is údarás áitiúil chun crícheanna na Coda so den Acht so gach fo-choiste ar n-a cheapadh ag coiste pinsean áitiúil fé alt 8 den Old Age Pensions Act, 1908. |
[EN] |
“Oifig.” |
7. —Nuair a húsáidtear an focal “oifig” gan choinníoll sa Chuid seo den Acht so cialluíonn sé oifig fé údarás áitiúil. |
[EN] |
An tAire oiriúnach. |
8. —(1) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt eile den alt so isé an tAire is Aire oiriúnach chun crícheanna na Coda so den Acht so. |
[EN] | (2) Má mheasann an tAire dualgais oifige áirithe no dualgais oifigí d'aicme no de shaghas áirithe do bhaint, ar fad no go furmhór, le feidhmeanna Aire eile Stáit, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire eile sin, a shocrú, le hordú, gurb é an tAire eile sin an tAire oiriúnach chun crícheanna na Coda so den Acht so maidir leis an oifig no na hoifigí sin agus le n-a sealbhóirí agus air sin isé an tAire eile sin is Aire oiriúnach chun na gcrícheanna san maidir leis an oifig no na hoifigí sin agus le n-a sealbhóirí. | |
[EN] | (3) I gcás Aire Stáit do bheith, de bhuadh orduithe fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, ina Aire oiriúnach chun crícheanna na Coda so den Acht so maidir le haon oifig no oifigeach, ní fheidhmeoidh an tAire sin, i leith luach saothair na hoifige no an oifigigh sin, aon chomhacht do bheirtear don Aire oiriúnach leis an gCuid seo den Acht so ach amháin tar éis dul i gcomhairle leis an Aire. | |
[EN] | (4) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an tAire oiriúnach” an tAire Stáit is oiriúnach i ngach cás fé leith ag féachaint d'fhorálacha an ailt seo agus do sna horduithe bheidh déanta fé. | |
[EN] |
“Mór-oifig.” |
9. —(1) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an focal “móroifig” aon oifig a dearbhófar do bheith ina mór-oifig le dearbhú ar n-a dhéanamh no is tuigthe do dhéanamh fén alt so. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire oiriúnach a dhearbhú oifig áirithe arb é is Aire oiriúnach maidir léi no na cinn sin, de sna hoifigí arb é is Aire oiriúnach maidir leo, a bhaineann le haicme no saghas no grád áirithe do bheith ina mór-oifig no ina mór-oifigí (do réir mar a bheidh). | |
[EN] | (3) Gach ordú bheidh i bhfeidhm díreach roimh theacht i bhfeidhm don alt so agus le n-a mbeidh orduithe ag an Aire oifig áirithe do bheith ina hoifig le n-a mbaineann alt 15 d'Acht 1923 is tuigthe, o theacht i bhfeidhm don alt so agus dá éis sin, é bheith ina dhearbhú do rinne an tAire oiriúnach fén alt so á dhearbhú gur mór-oifig an oifig sin agus é bheith incheiliúrtha no inleasuithe dá réir sin. | |
[EN] |
Socrú generálta i dtaobh ceapachán, dualgas agus luach saothair. |
10. —(1) Fé réir forálacha na Coda so den Acht so— |
[EN] | (a) féadfaidh gach údarás áitiúil pé oifigigh do cheapadh agus pé seirbhísigh d'fhostú is gá chun na bhfeidhmeanna bheidh ag an údarás áitiúil sin de thurus na huaire do chólíonadh; | |
[EN] | (b) gach oifigeach a ceapfar no seirbhíseach a fostófar ag údarás áitiúil cólíonfaidh pé dualgais agus íocfar leis pé luach saothair a cheapfaidh an t-údarás áitiúil sin dó o am go ham. | |
[EN] | (2) Aon oifigeach d'údarás áitiúil ar a ngoillfidh breith ón údarás áitiúil sin i dtaobh a luach saothair, a dhualgas, no a choinníollacha seirbhíse is cead dó athchomharc do dhéanamh chun an Aire oiriúnaigh i gcoinnibh na breithe sin sa tslí orduithe agus tar éis fógra do thabhairt don údarás áitiúil sin, agus déanfaidh an tAire oiriúnach, tar éis dó an t-athchomharc san agus an aithris chúise (más aon cheann é) a dhéanfaidh an t-údarás áitiúil sin ina thaobh do bhreithniú, diúltú don athchomharc san no (másé is dóich leis is ceart) pé ordú do thabhairt don údarás áitiúil sin is dóich leis an Aire oiriúnach a leighisfidh gearán an oifigigh sin. | |
[EN] | (3) Aon údarás áitiúil dá dtabharfar ordú fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so cólíonfaidh an t-ordú san. | |
[EN] |
A ordú oifigigh do cheapadh. |
11. —Féadfaidh an tAire oiriúnach, le hordú, a ordú cadé an saghas agus an méid oifigeach a cheapfaidh údarás áitiúil chun aon chríche áirithe, agus leis sin beidh sé de dhualgas ar an údarás áitiúil sin pé oifigigh agus pé méid oifigeach (agus ní haon oifigigh eile) do cheapadh o am go ham is gá chun déanamh do réir cheanglas an orduithe sin. |
[EN] |
Breith do thabhairt ar amhrais, etc., áirithe. |
12. —Má eiríonn no má mheasann an tAire gur dócha go n-eireoidh aon amhras, aighneas, no ceist i dtaobh cé aca tá no ná fuil aon phost áirithe fé údarás áitiúil ina oifig chun crícheanna an Achta so no aon Achta dá bhféadfar a chó-luadh leis an Acht so no cé aca oifigeach chun aon chríche aca san aon duine áirithe no nach eadh, bhéarfaidh an tAire breith ar an amhras, ar an aighneas, no ar an gceist sin agus ní bheith dul thar an mbreith sin. |
[EN] |
Orduithe, etc., fén gCuid seo den Acht so do cheiliúradh agus do leasú. |
13. —Gach comhacht do bheirtear le haon alt den Chuid seo den Acht so chun aon ordú, rialachán, ordachán, no dearbhú do dhéanamh, léireofar í mar chomhacht a fholuíonn comhacht chun aon ordú, rialachán, ordachán, no dearbhú déanfar fén alt san do cheiliúradh no do leasú. |
[EN] |
Orduithe áirithe do bhuanú. |
14. —Gach ordú, pé duine do rinne no dhéanfaidh, a bheidh i bhfeidhm go dleathach díreach roimh theacht i bhfeidhm don alt so agus— |
[EN] | (a) le n-a n-orduítear cadé an saghas no an méid oifigeach a cheapfaidh údarás áitiúil chun aon chríche áirithe, no | |
[EN] | (b) le n-a gcinntear dualgais, coinníollacha seirbhíse, no luach saothair aon oifige áirithe, no | |
[EN] | (c) le n-a rialáltar i dtaobh sealbhóirí aon oifige áirithe do leanúint in oifig, | |
[EN] | leanfaidh i bhfeidhm tar éis dáta an ailt seo do theacht i bhfeidhm agus sa mhéid ná beidh sé buiniscionn leis an gCuid seo den Acht so, agus is tuigthe, ón dáta san amach agus sa mhéid chéanna san, an tAire oiriúnach dá dhéanamh fén gCuid seo den Acht so agus é bheith inleasuithe no incheiliúrtha dá réir sin. | |
[EN] |
Ceadú an Aire Airgeadais do bheith riachtanach i gcomhnaidhe. |
15. —I gcás inar ghá, do réir aon achtacháin a bheidh i bhfeidhm díreach roimh theacht i bhfeidhm don alt so, ceadú an Aire Airgeadais d'fháil chun luach saothair aon oifigigh do cheapadh no d'atharú, ní déanfar, d'ainneoin éinní atá sa Chuid seo den Acht so, luach saothair an oifigigh sin do cheapadh ná d'atharú tar éis teacht i bhfeidhm don alt so gan ceadú an Aire sin. |
[EN] |
An Chuid seo den Acht so do bhaint le sean-oifigigh. |
16. —Ní bheidh aon alt áirithe den Chuid seo den Acht so gan baint le hoifigeach toisc an t-oifigeach san do bheith in oifig ar theacht i bhfeidhm don alt san. |
[EN] |
Gan an Chuid seo den Acht so do bhaint le hoifigí áirithe. |
17. —Chun crícheanna na Coda so den Acht so is tuigthe nach oifigí fé údarás áitiúil na hoifigí seo leanas agus is tuigthe nach oifigeach d'údarás áitiúil aon tsealbhóir ar aon oifig aca san, mar shealbhóir amhlaidh, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) oifig choróinéara, | |
[EN] | (b) oifig airighigh chóiríochta tighe chúirte fén Acht Tithe Cúirte (Soláthar agus Cothabháil), 1935 (Uimh. 18 de 1935) , | |
[EN] | (c) oifig chongantóra don airigheach chóiríochta tighe chúirte fén Acht san, | |
[EN] | (d) oifig choimeádaidhe phóna fén Acht Pónaí (Soláthar agus Cothabháil), 1935 (Uimh. 17 de 1935) , agus | |
[EN] | (e) oifig chongantóra do choimeádaidhe phóna fén Acht san. | |
[EN] |
Comhachta agus coinníollacha áirithe d'athghairm. |
18. —(1) San alt so cialluíonn an abairt “comhacht le n-a mbaineann an t-alt so” comhacht chun éinní aca so leanas do dhéanamh maidir le haon oifig seachas oifig bhainisteora chontae fé chomhairle chontae no oifig bhainisteora chathrach fé bhárdas chontae-bhuirge, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) duine do chur as oifig, | |
[EN] | (b) luach saothair do cheapadh no do cheadú, | |
[EN] | (c) cáilíochta d'ordú, | |
[EN] | (d) dualgais do dháiliú, | |
[EN] | (e) coinníollacha seirbhíse do leagadh amach no do rialáil, | |
[EN] | (f) a cheangal go dtabharfaí urrús, no méid no cineál an urrúis sin do shocrú, | |
[EN] | (g) socrú do dhéanamh chun ionadaithe do chólíonadh dualgas. | |
[EN] | (2) Athghairmtear leis seo oiread d'aon achtachán, a bheidh i bhfeidhm díreach roimh theacht i bhfeidhm don alt so, agus a bheireann comhacht le n-a mbaineann an t-alt so d'aon Aire Stáit no údarás áitiúil no duine eile. | |
[EN] | (3) Athghairmtear leis seo oiread d'aon achtachán, a bheidh i bhfeidhm díreach roimh theacht ibhfeidhm don alt so, agus a fhorchuireann aon choinníollacha maidir le feidhmiú comhachta le n-a mbaineann an t-alt so agus a bheirtear leis an gCuid seo den Acht so no a bhéarfar fúithi don Aire oiriúnach no d'údarás áitiúil. |