An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT ÁRACHAIS (BREAC-DHÍOMHAOINTEAS), 1942) Ar Aghaidh (CUID II. Arachas Eigeanta in Aghaidh Breac-Dhiomhaointis.)

7 1942

ACHT ÁRACHAIS (BREAC-DHÍOMHAOINTEAS), 1942

CUID I.

Reamhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht Arachais (Breac-Dhíomhaointeas), 1942 , do ghairm den Acht so.

(2) Tiocfaidh an tAcht so (lasmuich d'ailt 18 agus 28) i ngníomh díreach tar éis a rithte.

(3) Tiocfaidh alt 18 den Acht so i ngníomh an lá ceapfar chuige sin le hordú ón Aire.

(4) Tiocfaidh alt 28 den Acht so i ngníomh an lá ceapfar chuige sin le hordú ón Aire.

Lóiriú i gcoitinne.

2. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an abairt “oifig áitiúil” malartán fostaíochta no oifig eile is oifig áitiúil chun crícheanna rialachán ar n-a ndéanamh fé alt 6 den Unemployment Insurance Act, 1920, maidir le bailiú síntiús fén Acht san;

cialluíonn an abairt “oifigeach áitiúil” oifigeach a bheidh de thurus na huaire i bhfeighil oifige áitiúla;

cialluíonn an abairt “seachtain chaileandair” an tréimhse de sheacht lá thosnuíonn ar uair an mheáin oíche idir an Domhnach agus an Luan;

cialluíonn rud do bheith “orduithe” é bheith orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so.

(2) Is tuigthe chun crícheanna an Achta so gan a shé bliana déag do bheith slán ag duine go dtí tosach an séú lá déag de laethe cothruim a bhreithe agus mar sin d'aoiseanna eile.

(3) Déanfar na tagairtí atá san Acht so d'aon achtachán do léiriú mar thagairtí don achtachán san ar n-a leasú no ar n-a leathnú le haon achtachán iar-aimseardha.

Fostaíocht sa bhfoirgneoireacht.

3. —San Acht so cialluíonn an abairt “fostaíocht sa bhfoirgneoireacht” fostaíocht ar obair de chinéal is gnáth le foirgneoirí no connarthóirí foirgneoireachta do ghlacadh de láimh no do dhéanamh, agus foluíonn fostaíocht ar obair de na cinéil seo leanas, sé sin le rá:—

(a) gach obair a bhaineann le foirgnimh do dhéanamh, d'ath-dhéanamh, d'athrú, do dheisiú, do phínteáil, d'óirnéaladh no do leagadh;

(b) gach obair a bhaineann le hearraí feistis, píopaí, coimeádáin, feadáin, miotal-shranga no ionstruimí (le n-a n-áirmhítear fearas no inneallra meán-téidhimh no coimeádáin tein-abhair i gceangal leis an gcéanna), le haghaidh téidheamh, soillsiú, soláthar comhachta no uisce aon fhoirgnimh, do shuidheamh, d'athrú, d'fheistiú, do dheisiú, do phínteáil, d'óirnéaladh, do chothabháil no do leagadh sa bhfoirgneamh san no ar a láithreán ach gan aon obair d'áireamh a bhaineann le mór-phíopaí puiblí soláthair uisce, gáis no leictreachais do dhéanamh no do leagadh síos no le foirgnimh agus a láithreáin do cheangal le mórphíopaí den tsórt san;

(c) gach obair is gnáth le foirgneoir no connarthóir foirgneoireachta do dhéanamh no do ghlacadh de láimh—

(i) chun láithreáin i gcóir foirgneamh do ghlanadh agus do leagadh amach,

(ii) chun fothaí do dhéanamh ar na láithreáin sin,

(iii) chun gach camra no dréin no obair eile, bheidh le húsáid maidir le sláintíocht foirgneamh no díochur cosamair, do dhéanamh, d'ath-dhéanamh, do dheisiú agus do chothabháil sna láithreáin sin,

(iv) chun fallaí no fáil teorann do thógáil ar na láithreáin sin chun úsáide no cosanta no órnáidithe foirgneamh,

(v) chun bóithre agus cosáin do dhéanamh laistigh de theoranta na láithreán san;

(d) gach obair a bhaineann le déanamh, athrú, feistiú no deisiú earraí adhmaid, cloiche oibrithe, marmair, slinne, plástair, stroighne (le n-a áirmhítear bluic coincréid) no mianaigh stroighniúil bheidh le húsáid chun foirgnimh do dhéanamh, d'ath-dhéanamh, d'athrú, d'fheistiú, do dheisiú, d'óirnéaladh no do chothabháil, agus iad de chinéal is gnáth do dhéanamh i gceárdlanna no i gclóis foirgneoirí, ach ní fholuíonn—

(i) aon earra no séadchomhartha bheidh ceaptha mar chuimhneachán ar dhaoine beo no ar dhaoine marbha do dhéanamh no d'athrú no do dheisiú,

(ii) slinn do bhaint agus do ghearradh i gcoiréal,

(iii) garbh-bhluic mharmair no chloiche do bhaint,

(iv) baill troscáin sho-ghluaiste do dhéanamh,

(v) earraí do dhéanamh is gá do chóireáil in oigheann no i dteiníl i gcúrsa a ndéanta,

(vi) píopaí camra, píopaí dréineála, bríceanna, tíleacha urláir, agus tíleacha dín do dhéanamh,

(vii) earraí do dhéanamh arb é atá ionta ar fad no go furmhór ná cumasc stroighne agus aisbeiste.

Fostaíocht ionúrachuithe.

4. —San Acht so cialluíonn an abairt “fostaíocht ionárachuithe” fostaíocht lámh-oibre—

(a) is—

(i) fostaíocht sa bhfoirgneoireacht, no

(ii) fostaíocht in aon chéird eile bheidh dearbhuithe le hordú ar n-a dhéanamh ag an Aire fén Acht so do bheith ina fostaíocht ionárachuithe chun crícheanna an Achta so, agus

(b) nach fostaíocht a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

Daoine eiscithe.

5. —(1) Aon uair is deimhin leis an Aire, maidir le haon aicme daoine ar fostú ag aon fhostóir áirithe i bhfostaíocht ionárachuithe,—

(a) gur buan-fhostaíocht fostaíocht na haicme sin daoine, ag féachaint do ghnáth-chleachtadh an fhostóra san, agus

(b) ná baintear éinní as págh na haicme sin daoine mar gheall ar aimsir do chailliúint de dheascaibh doininne, agus

(c) go dtagann de thosca eile fostaíocht na haicme sin daoine nach gá daoine den aicme sin d'árachú fén Acht so,

féadfaidh deimhniú (dá ngairmtear deimhniú eisceachta san Acht so) do thabhairt amach don fhostóir sin á rá gur deimhin leis amhlaidh.

(2) Má déantar deimhniú eisceachta i dtaobh aicme daoine do thabhairt amach d'fhostóir, ansan, duine ar bith a bheidh ar fostú ag an bhfostóir sin a bhainfidh leis an aicme sin agus a mbeidh trí bliana no níos mó caithte aige i mbuan-tseirbhís an fhostóra san, beidh sé ina dhuine eiscithe chun crícheanna an Achta so faid a bheidh an deimhniú san i bhfeidhm agus a bheidh an duine sin ar fostú ag an bhfostóir sin, agus léireofar an abairt “duine eiscithe” dá réir sin san Acht so.

(3) Féadfaidh an tAire aon deimhniú eisceachta do chúlghairm tráth ar bith.

Daoine árachuithe.

6. —San Acht so cialluíonn an abairt “duine árachuithe” duine ar bith in aois a shé mblian déag no níos mó bheidh ar fostú i bhfostaíocht ionárachuithe fé chonnradh sheirbhíse no phrintíseachta, scríobhtha no ráite, pé aca follas no tuigthe dhó agus pé aca an fostóir no duine éigin eile íocann an duine sin, agus pé aca do réir ama no an phíosa oibre no i bpáirt do réir ama agus i bpáirt do réir an phíosa oibre no ar shlí eile, no gan aon íocaíocht. airgid, a híoctar é, ach ní fholuíonn duine ar fostú fé chonnradh phrintíseachta fé ná fuil airgead ar bith iníoctha ag an bhfostóir ná duine is duine eiscithe de thurus na huaire.

Aicmí de dhaoine árachuithe.

7. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “oibridhe oilte”—

(a) maidir le fostaíocht sa bhfoirgneoireacht, duine árachuithe ar fostú fé chonnradh sheirbhíse no phrintíseachta (i) mar chearpantóir, siúinéir, meaisíneach gearrtha adhmaid, saor bríce, saor cloiche, gearrthóir cloiche, cloch-shuíodóir, oibridhe terrazzo agus mósaic, tíleoir urláir agus falla, pláistéir, slinneadóir, dín-tíleoir, pínteoir, páipéarthóir, óirnéalaidhe, gloineadóir, luadóir, feisteoir teas-fhearais, gás-fheisteoir, líomhnóir adhmaid no leictreoir, no (ii) in aon fheidhmeannas eile a chinnfidh an tAire, go generálta no in aon chás áirithe, do bheith ina fhostaíocht oibridhe oilte,

(b) maidir le fostaíocht in aon chéird eile bheidh dearbhuithe le hordú ar n-a dhéanamh ag an Aire fén Acht so do bheith ina fostaíocht ionárachuithe chun crícheanna an Achta so, duine árachuithe ar fostú fé chonnradh sheirbhíse no phrintíseachta (i) i bhfeidhmeannas a bheir gur oibridhe oilte, mar a mínítear san leis an ordú san, an duine sin no (ii) in aon fheidhmeannas eile a chinnfidh an tAire, go generálta no in aon chás áirithe, do bheith ina fhostaíocht oibridhe oilte;

cialluíonn an abairt “oibridhe neamh-oilte” duine árachuithe nach oibridhe oilte;

cialluíonn an abairt “duine óg” duine árachuithe a mbeidh sé bliana déag slán aige ach ná beidh bliain is fiche slán aige.

(2) Ní déanfar duine (seachas duine a mbeidh bliain is fiche slán aige roimh dháta thosach feidhme ailt 18 den Acht so) d'áireamh ina oibridhe oilte ná ina oibridhe neamh-oilte go dtí an chéad lá tar éis deireadh na bliana árachais ina slánóidh sé bliain is fiche.

(3) Duine shlánóidh bliain is fiche tar éis dáta thosach feidhme ailt 18 den Acht so, áirmheofar é ina dhuine óg go lá deiridh na bliana árachais ina slánóidh an aois sin.

(4) Duine árachuithe is oibridhe oilte agus a n-athróidh a ghnáth-shlí bheatha i riocht go ndéanfaidh oibridhe neamh-oilte dhe, áirmheofar é ina oibridhe oilte go dtí an dáta cruthófar chun sástacht an Aire gur athruigh gnáth-shlí bheatha an duine árachuithe sin amhlaidh.

(5) Duine árachuithe is oibridhe neamh-oilte agus a n-athróidh a ghnáth-shlí bheatha i riocht go ndéanfaidh oibridhe oilte dhe, áirmheofar é ina oibridhe neamh-oilte go dtí an dáta cruthófar chun sástacht an Aire gur athruigh gnáth-shlí bheatha an duine árachuithe sin amhlaidh.

Doineann agus breac-dhíomhaointeas.

8. —San Acht so—

cialluíonn an focal “doineann” aimsir dá dtiocfaidh, toisc báisteach, stoirm, sneachta, cloich-shneachta, sioc, tuile no míshíon eile é bheith nea-shábhálta no neamh-fhéideardha go sealadach obair i bhfostaíocht ionárachuithe áirithe do dhéanamh ag féachaint do shláinte no sábháltacht na ndaoine bheidh sa bhfostaíocht san no do nádúir no riachtanais teicniúla na hoibre;

cialluíonn an focal “breac-dhíomhaointeas” díomhaointeas agus cailliúint iarmartach páigh de dheascaibh stad oibre, is dosheachanta mar gheall ar dhoininn, i bhfostaíocht ionárachuithe, agus léireofar an focal “breac-dhíomhaoin” dá réir sin.

Bliain árachais.

9. —(1) San Acht so cialluíonn an abairt “bliain árachais” pé tréimhse bheidh orduithe.

(2) Go dtí go ndéanfaidh an tAire rialacháin á ordú cadé an tréimhse is bliain árachais, is bliain árachais chun crícheanna an Achta so gach tréimhse aca so leanas, sé sin le rá:—

(a) an tréimhse (dá ngairmtear an chéad bhliain árachais san Acht so) dar tosach dáta tosach feidhme ailt 18 den Acht so agus dar críoch an chéad Domhnach den mhí Dheireadh Fómhair díreach tar éis dáta tosach feidhme an ailt sin 18,

(b) tréimhse ar bith (is tréimhse tar éis na céad bhliana árachais) dar tosach an Luan tar éis an chéad Domhnaigh de gach mí Dheireadh Fómhair agus dar críoch an chéad Domhnach de mhí Dheireadh Fómhair na bliana ina dhiaidh sin.

An tAire do thabhairt bhreithe ar cheisteanna.

10. —(1) Má eiríonn ceist ar bith—

(a) i dtaobh aon fhostaíocht áirithe no aon chinéal áirithe fostaíochta do bheith ina fostaíocht do bhéarfadh gur duine árachuithe do réir bhrí an Achta so an duine ar fostú inti no i dtaobh duine do bheith ina dhuine árachuithe do réir bhrí an Achta so no gan a bheith, no

(b) i dtaobh duine árachuithe do bheith ina oibridhe oilte no ina oibridhe neamh-oilte no ina dhuine óg do réir bhrí an Achta so, no

(c) i dtaobh cé hé no cérbh é fostóir aon duine árachuithe áirithe, no

(d) i dtaobh ráta an tsíntiúis seachtainiúil is iníoctha fén Acht so maidir le duine árachuithe,

bhéarfaidh an tAire breith ar an gceist, ach in ionad é féin do thabhairt bhreithe uirthi féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, an cheist do chur fé bhráid na hArd-Chúirte chun breith do thabhairt uirthi.

(2) Féadfaidh duine ar bith a bheidh mí-shásta leis an mbreith do bhéarfaidh an tAire fén alt so athchomharc chun na hArd-Chúirte i gcoinnibh na breithe sin.

(3) Féadfaidh an tAire, ar fháil fios fíoras nua dhó, aon bhreith a bheith tugtha aige fén alt so d'athscrúdú no d'ais-iompódh nach breith a mbeidh athchomharc ina coinnibh ar feitheamh no a mbeidh an t-am chun athchomharc ina coinnibh gan caitheamh, agus féadfar athchomharc i gcoinnibh aon bhreithe athscrúduithe no aisiompuithe den tsórt san fé mar a féadfaí i gcoinnibh bun-bhreithe.

(4) Na rialacha cúirte le n-a rialáltar athchomhairc agus reifeartha chun na hArd-Chúirte fé fho-alt (3) d'alt 10 den Unemployment Insurance Act, 1920, bainfid le hathchomhairc agus reifeartha chun na hArd-Chúirte fén alt so.

(5) Beidh an tAire i dteideal teacht i láthair agus éisteacht d'fháil le linn aon athchomharc no reifreadh fén alt so do bheith á éisteacht.

(6) D'ainneoin éinní atá in Acht ar bith is chun breithimh aonair den Ard-Chúirt a hainmneofar chuige sin ag an bPrímh-Bhreitheamh a déanfar athchomharc no reifreadh fén alt so, agus ní bheidh dul thar breith na hArd-Chúirte ar athchomharc no ar reifreadh fén alt so.

(7) Féadfaidh an tAire a ordú le rialacháin cadé an nós imeachta is leanta nuair a bheidh ag breithniú ceisteanna a mbeidh air breith do thabhairt ortha fén Acht so.

An tAcht so do bhaint le daoine ar fostú ag an Stát.

11. —Baineann an tAcht so le daoine ar fostú i bhfostaíocht ionárachuithe ag an Stát le n-a mbainfeadh an tAcht so dá mba dhuine príobháideach an fostóir, lasmuich den mhéid de na daoine sin atá ag fónamh i bhfeidhmeannas bhunuithe i mbuantseirbhís an Stáit no atá, tar éis deimhnithe bheith deonta dhóibh ag Coimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, ag cur tréimhse promhtha dhíobh roimh a mbunú.

Rialacháin i gcoitinne.

12. —Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh chun aon chríche no crícheanna aca so leanas, sé sin le rá:—

(a) chun aon chríche chun a n-údaruítear go soiléir le haon cheann d'fhorálacha an Achta so rialacháin do dhéanamh;

(b) chun éinní d'ordú dá dtagartar san Acht so mar ní atá orduithe no le hordú; agus

(c) i gcoitinne chun an Achta so do chur in éifeacht.

Rialacháin do leagadh fé bhráid Tithe an Oireachtas.

13. —Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas é chó luath agus is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann aon Tigh aca san, fé cheann an lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar neambrí dá réir sin ach san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Costais an Aire.

14. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é, is as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costais fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do riaradh.

Brí na n-abairtí “fostaíocht ionárachuithe” agus “oibridhe oilte” do leathnú.

15. —(1) Le haontú an Aire Airgeadais féadfaidh an tAire, le hordú, aon uair agus a mhinice is oiriúnach leis é—

(a) a dhearbhú fostaíocht in aon chéird áirithe (ar n-a míniú mar is oiriúnach leis an Aire) do bheith ina fostaíocht ionárachuithe chun crícheanna an Achta so,

(b) míniú do thabhairt, tré thagairt d'fhostaíocht sna feidhmeannais sin a mheasfaidh an tAire do bheith ceart agus a luadhfaidh san ordú san, ar an abairt “oibridhe oilte” maidir leis an bhfostaíocht a dearbhófar leis an ordú san do bheith ina fostaíocht ionárachuithe.

(2) Ní thiocfaidh aon ordú déanfar fén alt so i bhfeidhm mara ndéantar ná go dtí go ndéanfar é leagadh fé bhráid gach Tighe den Oireachtas agus é dhaingniú le rún o gach Tigh aca san.