An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT AN REIFRINN, 1942) Ar Aghaidh (CUID II. An Votaiocht i Reifreann.)

8 1942

ACHT AN REIFRINN, 1942

CUID I.

Reamhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar Acht an Reifrinn, 1942 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe;

cialluíonn an abairt “reifreann bunreachta” reifreann i dtaobh togra chun an Bunreacht do leasú;

cialluíonn an focal “gnáth-reifreann” reifreann i dtaobh togra nach togra chun an Bunreacht do leasú;

nuair a húsáidtear an focal “reifreann” gan choinníoll, cialluíonn sé idir reifreann bunreachta agus gnáth-reifreann;

cialluíonn an focal “olltoghchán” olltoghchán do chomhaltaí de Dháil Éireann arna chomóradh de dhruim Dáil Éireann do scur;

cialluíonn an abairt “toghthóir Dála” duine atá i dteideal vótáil i dtoghchán Dála;

cialluíonn an abairt “toghchán Dála” toghchán do chomhalta no do chomhaltaí de Dháil Éireann;

cialluíonn rud do bheith “orduithe” é bheith orduithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire fén Acht so.

Rialacháin.

3. —Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh ag ordú aon ní dá dtagartar san Acht so mar ní atá orduithe no le hordú.

Costais.

4. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é is as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas a híocfar na costais féna raghaidh an tAire chun an tAcht so do riaradh.

Athghairm.

5. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

Ceann cóimhrimh an reifrinn.

6. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis dáta an Achta so do rith, agus o am go ham ina dhiaidh sin fé mar is gá, ceapfaidh an tAire duine ceart oiriúnach chun bheith ina cheann chóimhrimh reifrinn chun crícheanna an Achta so.

(2) Beidh sé de dhualgas ar cheann chóimhrimh an reifrinn an reifreann dá gceapfar é do stiúradh, toradh na vótaíochta ann do dhéanamh amach agus do dhearbhú do réir an Achta so, agus na nithe eile sin do dhéanamh maidir leis an reifreann san is gá dhó do réir an Achta so do dhéanamh.

(3) Muirearófar ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis agus íocfar as an gcéanna le ceann cóimhrimh an reifrinn pé suimeanna cheadóidh an tAire Airgeadais i leith a sheirbhísí agus a chostaisí maidir le gach reifreann a stiúróidh.

Ráiteas o oifigigh chlárathachta i dtaobh na huimhreach de thoghthóirí Dála.

7. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis dáta an Achta so do rith, cuirfidh gach oifigeach clárathachta chun ceann cóimhrimh an reifrinn ráiteas sa bhfuirm orduithe i dtaobh na huimhreach de thoghthóirí Dála bheidh cláruithe sa chlár de thoghthóirí bheidh i bhfeidhm an uair sin i ngach dáilcheanntar no cuid de dháilcheanntar i líomatáiste clárathachta an oifigigh chlárathachta san.

(2) Pé uair, tar éis dáta an Achta so do rith, a thiocfaidh clár de thoghthóirí i bhfeidhm, cuirfidh gach oifigeach clárathachta chun ceann cóimhrimh an reifrinn láithreach ráiteas sa bhfuirm orduithe i dtaobh na huimhreach de thoghthóirí Dála bheidh cláruithe sa chlár de thoghthóirí i ngach dáilcheanntar no cuid de dháilcheanntar i líomatáiste clárathachta an oifigigh chlárathachta san.

(3) Pé uair a thárlóidh an uimhir de thoghthóirí Dála, is abhar do ráiteas a bheidh curtha ag oifigeach clárathachta chun ceann cóimhrimh an reifrinn de bhun an ailt seo, d'athrú tré bhreith ar athchomhairc no tré earráidí do cheartú no ar chúis ar bith eile déanfaidh an t-oifigeach clárathachta san an t-athrú san agus na sonnraí ina thaobh do thuairisciú láithreach do cheann chóimhrimh an reifrinn.