An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. An Votaiocht i Reifreann.) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Rialacha chun an Votaiocht do Dheanamh i Reifreann.)

8 1942

ACHT AN REIFRINN, 1942

CUID III.

Achuingeacha Reifrinn.

Mínithe sa Chuid seo den Acht so.

33. —Sa Chuid seo den Acht so—

cialluíonn an abairt “cleacht cuirpthe” cionta is cle acht cuirpthe do réir bhrí an Achta chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923 (Uimh. 38 de 1923) ,

cialluíonn an abairt “tíolacadh go cuibhe” maidir le hachuinge reifrinn gur tíolacadh an achuinge sin do réir na Coda so den Acht so agus nár tháinig sí chun bheith gan bhrí gan éifeacht tar éis í thíolacadh amhlaidh no, d'eile, gur thíolaic an tÁrd-Aighne í le cead na cúirte fén bhforáil chuige sin atá sa Chuid seo den Acht so.

Achuingeacha reifrinn.

34. —(1) Féadfaidh duine ar bith dá n-údaruítear san leis an alt so achuinge (dá ngairmtear achuinge reifrinn san Acht so), ag conspóid bailíocht deimhnithe reifrinn shealadaigh, do thíolacadh don Ard-Chuirt do réir na Coda so den Acht so.

(2) Féadfaidh achuinge reifrinn deimhniú reifrinn sealadach do chonspóid—

(a) maidir leis na sonnraí bheidh sa deimhniú san i dtaobh na vótála in aon dáilcheanntar áirithe, ar an scór gur thárla cleachtanna cuirpthe go fairsing le linn no i dtaobh an reifreann do thógaint sa dáilcheanntar san no ar scór earráide no mí-iompair (pé aca tré ghníomh no tré fhaillí é) ar thaobh an chinn chóimhrimh áitiúil don dáilcheanntar san, no

(b) maidir leis na sonnraí bheidh sa deimhniú san i dtaobh na vótála go léir sa reifreann iomlán no i dtaobh toradh an reifrinn mar a bheidh luaidhte sa deimhniú san, ar scór earráide ar thaobh chinn chóimhrimh an reifrinn no, i gcás gnáth-reifrinn, ar scór earráide maidir leis an líon de thoghthóirí Dála sa rolla de thoghthóirí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

(3) Féadfaidh éinne aca so leanas achuinge reifrinn do thíolacadh, sé sin le rá:—

(a) i gcás achuinge i dtaobh na vótála in aon dáilcheanntar amháin, duine ar bith do vótáil sa dáilcheanntar san sa reifreann no adeir go raibh sé i dteideal vótáil sa dáilcheanntar san sa reifreann ach gur diúltuíodh go nea-dhleathach páipéar ballóide do thabhairt dó no gur coisceadh é go nea-dhleathach in aon tslí eile ar vótáil amhlaidh;

(b) i gcás achuinge i dtaobh na vótála go léir sa reifreann iomlán no i dtaobh toradh an reifrinn, duine ar bith do vótáil sa reifreann;

(c) i gcás an bith, an tArd-Aighne.

(4) Ní bheidh deimhniú reifrinn sealadach ionchonspóidthe in aon tslí i gcúirt ar bith ach amháin tré achuinge reifrinn arna tíolacadh don Ard-Chúirt fén gCuid seo den Acht so.

An freagraidhe in achuinge reifrinn.

35. —(1) I gcás duine seachas an tArd-Aighne do thíolacadh achuinge reifrinn, isé an tArd-Aighne a hainmneofar inti mar fhreagraidhe dhi.

(2) I gcás an tArd-Aighne do thíolacadh achuinge reifrinn, ní hainmneofar éinne inti mar fhreagraidhe dhi ach féadfaidh an Ard-Chúirt, má mheasann san do bheith ceart, comhairleach no comhairligh do cheapadh chun an cás i gcoinnibh na hachuinge do phlé.

(3) Má thárlann, in achuinge reifrinn no in aon tsonnraí bheidh comhaduithe ina taobh no le linn achuinge reifrinn d'éisteacht, go ndéarfar aon duine áirithe do bheith ciontach i gcleacht cuirpthe maidir leis an reifreann no má déantar cóip d'achuinge reifrinn do sheirbheáil ar dhuine áirithe le hordú ón Ard-Chúirt, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas an duine sin, é ainmniú mar fhreagraidhe no mar fhreagraidhe bhreise don achuinge sin.

(4) Má thárlann, le linn achuinge reifrinn do thriail a bheidh tíolactha ag an Ard-Aighne, go n-eireoidh ceist dlí i dtaobh éinní do rinne no ná dearna ceann cóimhrimh an reifrinn no ceann cóimhrimh áitiúil, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas an Ard-Aighne, ceann cóimhrimh an reifrinn no an ceann cóimhrimh áitiúil sin (do réir mar a bheidh) d'ainmniú mar fhreagraidhe don achuinge sin chun an cheist dlí sin do phlé ach ní chun críche ar bith eile.

(5) I gcás ceann cóimhrimh an reifrinn no ceann cóimhrimh áitiúil d'ainmniú mar fhreagraidhe d'achuinge reifrinn fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, íocfaidh an tAire Airgeadais, as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas, na costais agus na caiteachais féna raghaidh an ceann cóimhrimh sin chun no i dtaobh teacht i láthair agus an cheist dlí do phlé.

(6) Na tagairtí atá san alt so do cheist dlí do phlé léireofar iad agus beidh éifeacht aca mar thagairtí fholuíonn tagairtí don cheist sin do phlé os cóir na Cúirte Uachtaraighe ar chás ríomhtha (más ann) uirthi chó maith leis an gceist sin do phlé os cóir na hArd-Chúirte.

Forálacha generálta i dtaobh achuingeacha reifrinn.

36. —Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas i dtaobh gach achuinge reifrinn, sé sin le rá:—

(a) tíolacfar an achuinge tréna lóisteáil i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte, agus tíolacfar amhlaidh í tráth nach déanaighe ná lá is fiche tar éis an deimhniú reifrinn sealadach lena mbainfidh an achuinge sin d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil;

(b) lasmuich de chás inarb é an tArd-Aighne an t-achuingeoir, déanfar cóip den achuinge do sheirbheáil ar an Ard-Aighne fé cheann cúig lá tar éis an lae tíolacfar í, agus déanfar dearbhóid ag deimhniú na seirbheála san do chomhadú i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte fé cheann an chúig lá san;

(c) lasmuich de chás inarb é an tArd-Aighne an t-achuingeoir, déanfaidh an t-achuingeoir, fé cheann cúig lá tar éis an achuinge do thíolacadh, urrús do thabhairt i gcostais an Ard-Aighne suas go dtí míle punt—

(i) tré shuim míle punt do lóisteáil le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais, no

(ii) tré dhul i mbannaí, go dtrí urra lena mbeidh Máistir na hArd-Chúirte sásta, á fhoráil go n-íocfar costais an Ard-Aighne suas go dtí pé suim (más aon tsuim é) nach mó ná míle punt a ordóidh an Ard-Chúirt;

(d) má thárlann, i gcás lena mbainfidh na forálacha san roimhe seo den alt so i dtaobh cóip den achuinge do thíolacadh agus dearbhóid seirbheála do chomhadú agus urrús do thabhairt i gcostais, ná déanfar do réir na bhforálacha san uile, tiocfaidh an achuinge chun bheith agus beidh gan bhrí gan éifeacht ar bheith caithte don tréimhse ceaptar leis an alt so chun déanamh do réir na bhforálacha san;

(e) leagfar amach go réasúnta mion san achuinge na forais is bun léi agus iarrfar inti go ndéanfadh an Ard-Chúirt an deimhniú reifrinn sealadach lena mbainfe sí d'athbhreithniú;

(f) déanfaidh an t-achuingeoir no a chomhairleach an achuinge do shighniú;

(g) másé is foras no is ceann d'fhorais na hachuinge ná gur thárla cleachtanna cuirpthe go fairsing i dtaobh an reifrinn do thógaint i ndáilcheanntar áirithe, ní gá na cleachtanna cuirpthe sin do luadh ach go generálta san achuinge ach, lasmuich de chás inarb é an tArd-Aighne an t-achuingeoir, déanfaidh an t-achuingeoir ráiteas iomlán mion-chruinn ina mbeidh sonnraí na gcleachtanna cuirpthe sin do lóisteáil i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte agus déanfaidh cóip de do sheirbheáil ar an Ard-Aighne fé cheann ceithre lá déag tar éis dáta an achuinge do thíolacadh;

(h) i gcás ráiteas ag luadh sonnraí cleachtanna cuirpthe do lóisteáil de bhun na míre deiridh sin roimhe seo den alt so, féadfaidh an Ard-Chúirt tráth ar bith, ar iarratas an Ard-Aighne, a cheangal ar an achuingeoir sonnraí breise agus feabhsa do thabhairt i dtaobh na gcleachtanna cuirpthe sin;

(i) má thárlann, ar bheith caithte do lá agus fiche tar éis deimhniú reifrinn sealadach d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil, ná beidh aon achuinge reifrinn tíolactha i dtaobh an deimhnithe sin, déanfaidh Máistir na hArd-Chúirte, díreach ar an lá agus fiche sin do bheith caithte, an méid sin do chur in úil i scríbhinn do cheann chóimhrimh an reifrinn;

(j) i gcás an tArd-Aighne do thíolacadh achuinge reifrinn fé cheann na haimsire ceaptar leis an alt so, déanfaidh Máistir na hArd-Chúirte an méid sin do chur in úil láithreach i scríbhinn do cheann chóimhrimh an reifrinn;

(k) i gcás duine seachas an tArd-Aighne do thíolacadh achuinge reifrinn fé cheann na haimsire ceaptar leis an alt so, déanfaidh Máistir na hArd-Chúirte an méid sin do chur in úil láithreach i scríbhinn do cheann chóimhrimh an reifrinn agus déanfaidh freisin, tar éis bheith caithte ach ní níos mó ná seacht lá tar éis bheith caithte, do lá agus fiche tar éis an deimhniú reifrinn sealadach iomchuibhe d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil, a chur in úil i scríbhinn do cheann chóimhrimh an reifrinn (do réir mar a bheidh an scéal)—

(i) gur cólíonadh go cuibhe, maidir leis an achuinge sin, na forálacha den alt so bhaineann le dearbhóid do chomhadú i dtaobh cóip den achuinge do sheirbheáil ar an Ard-Aighne agus le hurrús do thabhairt i gcostas, no

(ii) nár cólíonadh na forálacha san maidir leis an achuinge sin agus, dá bhrí sin, go bhfuil an achuinge sin gan bhrí gan éifeacht;

(l) mara ndéantar agus go dtí go ndéanfar rialacha cúirte i dtaobh achuingeacha reifrinn, beidh ag na rialacha cúirte, bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh lán-ghairmeacha agus triail aicsean san Ard-Chúirt, feidhm agus éifeacht, fé réir forálacha na Coda so den Acht so, maidir le hachuingeacha reifrinn agus lena dtriail ach na hathruithe riachtanacha do dhéanamh ar na rialacha san;

(m) nuair a bheidh aon tréimhse aimsire luaidhtear san alt so agus nach sia ná deich lá á háireamh, fágfar ar lár Domhantaí, laethe saoire bainc, Lá Nodlag, agus Aoine an Chéasta.

Fógra do thabhairt do dhaoine lena mbaineann an cúrsa.

37. —(1) Má chítear don Ard-Chúirt, tráth ar bith roimh achuinge reifrinn do thriail no le linn í thriail, an achuinge sin do bhaint le duine áirithe no do dhéanamh deifre dhó i slí go mba cheart fógra do thabhairt dó ina taobh, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas an Ard-Aighne no uaithi féin, a ordú go ndéanfadh an tArd-Aighne cóip den achuinge sin, maraon leis an bhfógra a luaidhtear sa chéad fho-alt eile den alt so, do sheirbheáil ar an duine sin.

(2) Déarfaidh an fógra seirbheálfar ar dhuine de bhun orduithe ón Ard-Chúirt fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so go bhfeictear don Ard-Chúirt an achuinge reifrinn, a seirbheálfar cóip di í dteanta an fhógra san, do bhaint leis an duine sin no do dhéanamh deifre dhó i slí go mba cheart fógra do thabhairt dó i dtaobh na hachuinge sin, agus déarfaidh an fógra san freisin an duine sin do bheith i dteideal fén gCuid seo den Acht so a iarraidh ar an Ard-Chúirt, más mian leis é, é féin d'ainmniú mar fhreagraidhe no mar fhreagraidhe bhreise don achuinge sin.

Achuinge reifrinn do thriail.

38. —(1) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le hachuinge reifrinn do thriail, sé sin le rá:—

(a) isí an Ard-Chúirt a thriailfidh gach achuinge reifrinn agus is os cóir triúr breithiún den chúirt sin a déanfar gach triail den tsórt san;

(b) is i gCathair Bhaile Atha Cliath a déanfar an triail, ach is dleathach don chúirt an triail no aon chuid di d'aistriú go dtí áit ar bith eile aon uair a chífear don chúirt é bheith oiriúnach an t-aistriú san do dhéanaml mar gheall ar an líon d'fhínnithe áitiúla no ar chúis ar bith eile;

(c) má haistrítear an triail no aon chuid di go dtí áit lasmuich de Chathair Bhaile Atha Cliath, beidh feidhm agus éifeacht ag ailt 41, 42, 43 agus 44 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 (Uimh. 48 de 1936) , fé is dá mb'í an Ard-Chúirt ar Cuaird an chúirt agus go mba bhaile athchomhairc an áit sin (maran baile athchomhairc é);

(d) lasmuich de chás ina n-ordóidh an chúirt a mhalairt, is viva voce do bhéarfar an fhianaise ag an triail;

(e) beidh an t-achuingeoir agus an freagraidhe (más ann) i dteideal, gach duine ar leith aca, fianaise do thabhairt ar áird agus, i gcás dhá fhreagraidhe no níos mó do bheith ann, beidh gach duine ar leith aca i dteideal éisteacht d'fháil agus fianaise do thabhairt ar áird ar leithligh;

(f) i gcás dhá achuinge reifrinn no níos mó do thíolacadh i dtaobh an aon deimhnithe reifrinn shealadaigh amháin, déanfaidh an triúr breithiún céanna, sa mhéid gur féidir é, na hachuingeacha san uile d'éisteacht agus do chinneadh, agus féadfar, más rogha leis an gcúirt é, na hachuingeacha san uile no aon dá cheann no níos mó dhíobh do thriail in éineacht no do chó-dhlúthú;

(g) beidh ceann cóimhrimh an reifrinn i láthair ag an triail agus bhéarfaidh i láthair agus seachadfaidh don chúirt an deimhniú reifrinn sealadach agus déanfaidh go generálta aon chabhair iarrfaidh an chúirt air do thabhairt don chúirt, ach beidh san gan dochar d'é bheith de cheart ag aon pháirtidhe san achuinge é ghairm mar fhínné;

(h) ní hiarrfar ná ní ceanglófar ar dhuine ar bith a rá conus a vótáil sé sa reifreann;

(i) is mar a chinnfidh an chúirt a híocfar costais na bpáirtithe uile san achuinge, agus beidh comhacht ag an gcúirt chun a ordú go n-íocfaidh aon pháirtidhe áirithe san achuinge costais no aon chuid de chostais aon pháirtidhe eile den tsórt san, agus, i gcás ina n-ordófar amhlaidh go n-íocfaidh an t-achuingeoir costais no aon chuid de chostais an Ard-Aighne, déanfaidh an chúirt socrú chun go ndéanfar, i gcás inar gá é, na costais sin d'íoc amach as an urrús i gcostais a bheidh tugtha ag an achuingeoir no tríd an urrús san.

(2) An chúirt a bheidh ag triail achuinge reifrinn, beidh sí i dteideal, tráth ar bith le linn na trialach san, a ordú go dtabharfaí duine áirithe os cóir na cúirte agus go dtabharfadh sé fianaise ag an triail sin, agus aon uair ordóidh an chúirt amhlaidh, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh de chomhacht ag an gcúirt a chur d'fhiachaibh ar an duine lena mbainfifih an t-ordú san teacht i láthair, agus déanfaidh an tArd-Aighne gach ní ordóidh an chúirt chun an duine sin do thabhairt os cóir na cúirte;

(b) na costais agus na caiteachais a bhainfidh leis an duine sin do thabhairt os cóir na cúirte (agus aon airgead is iníoctha leis mar chostais fhínné d'áireamh) íocfaidh an tArd-Aighne iad ar an gcéad ásc ach beid ina gcuid de chostais an Ard-Aighne agus muirearófar iad sa deireadh dá réir sin;

(c) féadfar a chur d'fhiachaibh ar an duine sin fianaise do thabhairt agus ceistneoidh an chúirt é agus féadfaidh aon pháirtidhe san achuinge reifrinn é chroscheistniú;

(d) ní bheidh an duine sin i dteideal diúltú d'aon cheist áirithe do fhreagairt ar an scór go gcoireodh an freagra san maidir le coir no cionta ar bith é.

Ceann cóimhrimh an reifrinn do thabhairt scríbhinní ar áird.

39. —(1) Nuair a bheidh achuinge reifrinn á triail beidh an chúirt i dteideal a cheangal ar cheann chóimhrimh an reifrinn gach ceann no aon cheann de na scríbhínní bheidh ar seilbh aige i dtaobh an reifrinn, ar a n-áirmhítear tuarascbhála agus pacáidí agus scríbhinní bheidh curtha chuige ag cinn chóimhrimh áitiúla, do thabhairt ar áird agus do sheachadadh don chúirt.

(2) Na scríbhinní uile seachadfar don chúirt fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so coimeádfaidh an chúirt iad go dtí go mbeidh an deimhniú reifrinn sealadach iomchuibhe ina dheimhniú dheiridh agus bhéarfar thar n-ais do cheann chóimhrimh an reifrinn ansan iad.

(3) Faid a bheidh aon scríbhinní á gcoimeád ag an gcúirt fén alt so, is dleathach don chúirt a údarú d'aon duine no daoine áirithe gach ceann no aon cheann de na scríbhinní sin d'iniúchadh agus, i gcás inar gá san, pacáidí séaluithe d'oscailt, agus is dleathach don chúirt pé coinníollacha agus srianta a mheasfaidh is ceart d'fhorchur maidir le haon iniúchadh den tsórt san.

Reifreann d'ath-thógaint i ndáilcheanntar.

40. —(1) Nuair a bheidh achuinge reifrinn á triail ina mbeidh bailíocht deimhnithe reifrinn shealadaigh i dtaobh na vótála i ndáilcheanntar áirithe á conspóid, is dleathach don Ard-Chúirt a ordú go dtógfaí an reifreann ath-uair sa dáilcheanntar san, agus nuair ordóidh an Ard-Chúirt amhlaidh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas sé sin le rá:—

(a) ceapfaidh an chúirt, san ordú san, an lá a bheidh ina lá vótaíochta chun an reifreann d'ath-thógaint amhlaidh;

(b) ath-thógfar an reifreann sa dáilcheanntar san, agus na forálacha den Acht so bhaineann le reifreann do thógaint (ar a n-áirmhítear na forálacha bhaineann le ceann cóimhrimh an reifrinn d'íoc as a sheirbhísí agus a chostaisí agus le héilithe agus costais ceann cóimhrimh áitiúil) bainfid leis an ath-thógaint sin ach an lá vótaíochta bheidh ceaptha leis an ordú san ón gcúirt do chur in ionad lae vótaíochta bheidh ceaptha ag an Aire;

(c) nuair a gheobhaidh ceann cóimhrimh an reifrinn tuarascbháil an chinn chóimhrimh áitiúil i dtaobh toradh chóimhreamh na vótaí ag an ath-thógaint sin, tuairisceoidh sé an toradh san don Ard-Chúirt láithreach.

(2) Ní ordóidh an Ard-Chúirt reifreann do thógaint ath-uair i ndáilcheanntar ar bith de bhíthin amháin nár cólíonadh na Rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so no go ndearnadh botún in úsáid na bhfuirmeacha a horduítear leis an Acht so no fé má chítear don chúirt gur seoladh an reifreann san sa dáilcheanntar san do réir na bprínsiobal generálta atá leagtha amach san Acht agus ná dearna an nea-chólíonadh no an botún san deifir do thoradh an reifrinn sa dáilcheanntar san.

An t-ordú deiridh ar achuinge reifrinn.

41. —(1) I gcás gan ach aon achuinge reifrinn amháin do thíolacadh go cuibhe i dtaobh deimhnithe reifrinn shealadaigh, déanfar le hordú deiridh na cúirte ar thriail na hachuinge reifrinn sin—

(a) an deimhniú reifrinn sealadach san dob' abhar don achuinge do dhaingniú gan athrú, no

(b) a ordú go leasófar an deimhniú san do réir breith na cúirte (agus toradh aon ath-thógainte déanfar ar an reifreann d'áireamh) agus an deimhniú san arna leasú amhlaidh do dhaingniú.

(2) I gcás dhá achuinge reifrinn no níos mó do thíolacadh go cuibhe i dtaobh an aon deimhnithe reifrinn shealadaigh amháin, ansan agus sa chás san, pé aca triailfear na hachuingeacha san ar leithligh no triailfear in éineacht iad no có-dhlúthófar iad, déanfaidh an chúirt aon ordú deiridh có-dhlúite amháin ar na hachuingeacha san i ndeireadh a dtrialach agus déanfar leis an ordú deiridh có-dhlúite sin—

(a) an deimhniú reifrinn sealadach san dob' abhar do na hachuingeacha san do dhaingniú gan athrú, no

(b) a ordú go leasófar an deimhniú san do réir breitheanna uile agus fé seach na cúirte ar na hachuingeacha san fé seach (agus toradh aon ath-thógainte déanfar ar an reifreann d'áireamh) agus an deimhniú san arna leasú amhlaidh do dhaingniú.

(3) Má dhaingníonn an chúirt deimhniú reifrinn sealadach gan athrú, cuirfidh an chúirt fé ndear go ndéanfaidh clárathóir don Ard-Chúirt ráiteas do chúlscríobhadh ar an deimhniú san á rá an daingniú san do bheith déanta agus cuirfidh fé ndear an deimhniú san agus an chúlscríbhinn sin air do chur thar n-ais láithreach go dtí ceann cóimhrimh an reifrinn.

(4) Má orduíonn an chúirt deimhniú reifrinn sealadach do leasú agus go ndaingneoidh an deimhniú san arna leasú amhlaidh cuirfidh an chúirt fé ndear an deimhniú san do leasú do réir an orduithe sin, agus cuirfidh fé ndear freisin go ndéanfaidh clárathóir don Ard-Chúirt ráiteas do chúlscríobhadh ar an deimhniú san á rá go ndearnadh an leasú san le hordú ón gcúirt agus gur dhaingnigh an chúirt an deimhniú san arna leasú amhlaidh agus cuirfidh fé ndear an deimhniú san arna leasú amhlaidh agus an chúlscríbhinn sin air do chur thar n-ais láithreach go dtí ceann cóimhrimh an reifrinn.

(5) Nuair a gheobhaidh ceann cóimhrimh an reifrinn deimhniú reifrinn sealadach ón Ard-Chúirt agus cúlscríbhinn curtha air go cuibhe do réir an ailt seo tiocfaidh an deimhniú san láithreach chun bheith agus beidh sa bhfuirm inar dhaingnigh an chúirt é ina dheimhniú dheiridh nach féidir a chonspóid a thuilleadh i gcúirt ar bith agus beidh sé, sa bhfuirm sin, ina fhianaise dhochlaoite ar an vótáil sa reifreann lena mbainfidh agus ar thoradh an reifrinn sin.

Forálacha i dtaobh reifreann ag á mbeidh an t-aon lá vótaíochta amháin.

42. —I gcás an t-aon lá amháin do bheith ina lá vótaíochta le haghaidh dhá reifreann no níos mó agus achuinge reifrinn no dhá achuinge reifrinn no níos mó, ag conspóid an deimhnithe reifrinn shealadaigh i dtaobh ceann amháin—ach ní níos mó—de na reifrinn sin, do thíolacadh go cuibhe, no achuingeacha reifrinn, ag conspóid roinnt—ach ní gach ceann—de na deimhnithe reifrinn sealadacha fé seach i dtaobh na reifreann san, do thíolacadh go cuibhe, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas d'ainneoin éinní buiniscionn leis sin atá san Acht so, sé sin le rá:—

(a) ní thiocfaidh deimhniú reifrinn sealadach i dtaobh aon reifrinn aca san chun bheith ina dheimhniú dheiridh de bhíthin gan aon achuinge reifrinn ag conspóid an deimhnithe sin do thíolacadh go cuibhe;

(b) is dleathach don Ard-Aighne, le cead ón Ard-Chúirt, achuinge reifrinn do thíolacadh tráth ar bith ag con spóid aon deimhnithe reifrinn shealadaigh bhainfidh le haon reifreann aca san agus ná beidh daingnithe ag an Ard-Chúirt agus nach abhar d'achuinge reifrinn arna tíolacadh go cuibhe;

(c) sa mhéid gur féidir é, déanfaidh an triúr breithiún céanna na hachuingeacha reifrinn uile (arna dtíolacadh go cuibhe) ag conspóid aon deimhnithe de na deimhnithe reifrinn sealadacha i dtaobh aon reifrinn aca san d'éisteacht agus do chinneadh, agus féadfar, más rogha leis an gcúirt é, na hachuingeacha san uile no aon dá cheann no níos mó dhíobh do thriail in éineacht no do chó-dhlúthú;

(d) déanfar orduithe deiridh na cúirte ar thrialacha uile na n-achuingeacha reifrinn sin an t-aon lá amháin;

(e) nuair a bheidh na horduithe deiridh sin déanta, is tuigthe gach deimhniú reifrinn sealadach, a bhainfidh le haon reifrinn aca san ná beifear tar éis aon achuinge reifrinn do thíolacadh go cuibhe ina thaobh, do bheith daingnithe ag an gcúirt, agus cuirfidh an chúirt fé ndear go gcúlscríobhfaidh clárathóir don Ard-Chúirt ráiteas ar gach deimhniú den tsórt san á rá gur tuigthe an deimhniú san do bheith daingnithe ag an Ard-Chúirt, agus cuirfidh an chúirt fé ndear an deimhniú san agus an chúlscríbhinn sin air do chur thar n-ais láithreach go dtí ceann cóimhrimh an reifrinn;

(f) déanfaidh ceann cóimhrimh an reifrinn gach deimhniú reifrinn sealadach is tuigthe fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so do bheith daingnithe ag an gcúirt do sheachadadh don Ard-Chúirt chun cúlscríobhadh do dhéanamh air fén mír sin, agus nuair a bheidh cúlscríobhadh déanta amhlaidh ar gach deimhniú den tsórt san agus a gheobhaidh ceann cóimhrimh an reifrinn ón Ard-Chúirt é tiocfa sé láithreach chun bheith agus beidh ina dheimhniú dheiridh nach féidir a chonspóid i gcúirt ar bith agus beidh sé ina fhianaise dho-chlaoite ar an vótáil sa reifreann lena mbainfidh agus ar thoradh an reifrinn sin.

Achuingeoir d'éag no do dhéanamh moille.

43. —Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach achuinge reifrinn a thíolacfaidh duine seachas an tArd-Aighne, sé sin le rá:—

(a) i gcás dhá achuingeoir no níos mó do bheith ann agus duine no níos mó aca ach gan iad uile d'éag tráth ar bith sara ndéanfaidh an chúirt an t-ordú deiridh ar thriail na hachuinge, beidh an t-achuingeoir marth anach no na hachuingeoirí marthanacha i dteideal an achuinge do choimeád ar siúl ach go ndéanfar pé iarratais no orduithe is gá do réir na rialacha cúirte;

(b) i gcás an t-aon achuingeoir amháin, no an t-achuingeoir marthanach deiridh, d'éag tráth ar bith sara ndéanfaidh an chúirt an t-ordú deiridh ar thriail na hachuinge, déanfaidh an Ard-Chúirt ar iarratas an Ard-Aighne, seoladh na hachuinge sin d'aistriú chun an Ard-Aighne agus, air sin, déanfar na himeachta uile ina dhiaidh sin ar an achuinge sin do sheoladh fé is dá mb' achuinge arna tíolacadh ag an Ard-Aighne í;

(c) i gcás gan an t-achuingeoir do dhul ar aghaidh go réasúnta mear leis na himeachta ar an achuinge, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas an Ard-Aighne, ordú deiridh do dhéanamh láithreach ag daingniú an deimhnithe reifrinn shealadaigh dob abhar don achuinge gan athrú no, d'eile, seoladh na hachuinge d'aistriú chun an Ard-Aighne agus a údarú dhó-san dul ar aghaidh leis an achuinge fé is dá mb' é féin a thíolacfadh í;

(d) ní oibreoidh éinní atá san alt so chun a chosc ar an Ard-Chúirt a ordú go n-íocfaí costais no cuid de chostais an Ard-Aighne as no tríd an urrús i gcostais a bheidh tugtha ag achuingeoir éagtha no ag achuingeoir d'fhailligh dul ar aghaidh go réasúnta mear.

Athchomharc i bhfuirm cáis ríomhtha chun na Cúirte Uachtaraighe.

44. —(1) Tráth ar bith le linn achuinge reifrinn do bheith á triail, féadfaidh an Ard-Chúirt, má mheasann san do bheith ceart as a comhairle féin no ar iarratas aon pháirtidhe san achuinge sin, cás do ríomhadh d'iarraidh tuairim na Cúirte Uachtaraighe ar aon cheist dlí eireoidh ag an triail sin.

(2) I gcás an Ard-Chúirt do ríomhadh cáis d'iarraidh tuairim na Cúirte Uachtaraighe fén alt so, ní dhéanfaidh an Ard-Chúirt aon ordú deiridh i dtaobh na hachuinge reifrinn a mbeidh an cás san á ríomhadh ina taobh go dtí go mbeidh a breith tugtha ag an gCúirt Uachtarach ar an gceist a cuirfear féna bráid leis an gcás san, agus féadfaidh an Ard-Chúirt triail no aon chuid de thriail na hachuinge reifrinn sin do chur ar ath-ló go dtí go mbeidh an bhreith sin tugtha.

(3) Na costais féna raghaidh na páirtithe uile i gcúrsa no i dtaobh cáis a ríomhfar le haghaidh na Cúirte Uachtaraighe fén alt so beid, chun gach críche, ina gcuid de chostais na bpáirtithe sin fé seach i gcúrsa no i dtaobh na hachuinge reifrinn ar ina taobh a déanfar an cás san do ríomhadh.