An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Achuingeacha Reifrinn.) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL. FUIRMEACHA NA BPAIPEIRI BALLOIDE.)

8 1942

ACHT AN REIFRINN, 1942

AN CHEAD SCEIDEAL.

Rialacha chun an Votaiocht do Dheanamh i Reifreann.

Cuid I.

Feidhmeanna na gCeann Cóimhrimh Áitiúla.

Leas-cheann cóimhrimh áitiúil.

1.—(1) Is dleathach d'aon cheann cóimhrimh áitiúil, le toiliú an Aire, leas-cheann cóimhrimh áitiúil do cheapadh chun dualgais uile an chinn chóimhrimh áitiúil sin no aon chuid áirithe dhíobh do chólíonadh agus, dá réir sin, foluíonn an abairt “ceann cóimhrimh áitiúil” sa Sceideal so, maidir le haon dualgais dá gceapfar leas-cheann cóimhrimh áitiúil amhlaidh, an leas-cheann cóimhrimh áitiúil a bheidh ceaptha amhlaidh.

(2) Na forálacha d'alt 4 den Acht Toghacháin (Dáilcheanntair d'Athchóiriú), 1935 ( Uimh. 5 de 1935 ), agus den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san a bhaineann le cinn chóimhrimh chonganta, beidh feidhm agus éifeacht aca maidir le gach reifreann agus, dá réir sin, foluíonn an abairt “ceann cóimhrimh áitiúil” sa Sceideal so, maidir le haon chuid de dháilcheanntar ina mbeidh ceann cóimhrimh conganta ceaptha no ag gníomhú fé na forálacha san den Acht san, an ceann cóimhrímh conganta a bheidh ceaptha no ag gníomhú amhlaidh.

Fógra do chinn chóimhrimh áitiúla.

2.—Chó luath agus is féidir é tar éis don Aire ordú do dhéanamh ag ceapadh an lae vótaíochta i reifreann, cuirfidh ceann cóimhrimh an reifrinn go dtí gach ceann cóimhrimh áitiúil cóip den ordú san agus cóip den togra is abhar don reifreann san.

Fógraí puiblí i dtaobh an reifreann do thógaint.

3.—(1) Déanfaidh gach ceann cóimhrimh áitiúil, díreach tar éis dó an chóip den ordú san d'fháil o cheann chóimhrimh an reifrinn, fógra puiblí do thabhairt sa bhfuirm orduithe—

(a) i dtaobh an reifreann do thógaint lena mbainfidh an t-ordú san, agus

(b) i dtaobh an togra is abhar don reifreann san, agus

(c) i dtaobh na bpost-oifigí ina bhféadfar cóipeanna den Bhille ina bhfuil an tógra san d'iniúchadh agus do cheannach, agus

(d) i dtaobh dáta an lae vótaíochta sa reifreann san.

(2) Déanfaidh gach ceann cóimhrimh áitiúil, chó luath agus is féidir é tar éis an fógra puiblí sin d'fhoillsiú, cóip den fhógra san do chur go dtí máistir puist na príomh-oifige puist i ngach ceanntar vótaíochta fé leith ina dháilcheanntar i gclúdach no i bhfillteán ar a mbeidh na focail “Fógra Reifrinn” cúlscríobhtha, agus déanfaidh an tAire Puist agus Telegrafa gach clúdach no fillteán den tsórt san ar a mbeidh an chúlscríbhinn sin do chur ar aghaidh agus do sheachadadh in aisce.

(3) Gach máistir puist chun a gcuirfear amhlaidh cóip den fhógra san déanfaidh, ar í d'fháil, í fhoillsiú sa tslí ina bhfoillsítear fógraí Post-Oifige de ghnáth.

Cóipeanna den Bhille do bheith ar fáil i bpostoifigí.

4.—(1) Cuirfidh an tAire Puist agus Telegrafa fé ndear cóipeanna den Bhille ina mbeidh an togra is abhar don reifreann do chur ar fáil chun baill den phobal dá n-iniúchadh agus dá gceannach sna post-oifigí sin ar fuaid an Stáit ar a gcó-aontófar idir an tAire sin agus an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláínte Poiblidhe gach tráth a bheidh na post-oifigí sin ar oscailt ón tríú lá tar éis dáta an orduithe ag ceapadh an lae vótaíochta go dtí an lá vótaíochta.

(2) Beidh ball ar bith den phobal i dteideal iniúchadh do dhéanamh in aisce ar chóip den Bhille sin in aon phost-oifig ina mbeidh sí curtha ar fáil chun a hiniúchta amhlaidh de bhun na rialach so tráth ar bith a bheidh sí curtha ar fáil amhlaidh, agus fós cóip den Bhille sin do cheannach in aon phost-oifig agus aon tráth den tsórt san ar pé suim (nach mó ná reul) d'íoc aisti a cheapfaidh an tAire Puist agus Telegrafa.

Stáisiúin vótaíochta do sholáthar.

5.—I ngach áit vótaíochta soláthróidh an ceann cóimhrimh áitiúil oiread stáisiún vótaíochta agus is gá do na vótálaithe bheidh i dteideal vótáil san áit vótaíochta san agus roinnfidh na stáisiúin vótaíochta ar na vótálaithe sin sa tslí is dóich leis is caothúla.

Eadranna do sholáthar.

6.—Gléasfar gach stáisiún vótaíochta le hoiread agus is dóich leis an gceann cóimhrimh áitiúil is gá d'eadranna ina bhféadfaidh na vótálaithe a vótanna do mharcáil gan súil éinne ortha, ach soláthrófar aon eadrann amháin ar a laghad in aghaidh gach céad go leith vótálaidhe bheidh i dteideal vótáil sa stáisiún vótaíochta san.

Suidheamh an stáisiúin vótaíochta.

7.—Féadfaidh stáisiún vótaíochta ar leithligh bheith i seomra ar leithligh no i mboth ar leithligh, no féadfar roinnt stáisiún vótaíochta do dhéanamh san aon tseomra amháin no san aon bhoth amháin.

Vótáil i stáisiún vótaíochta.

8.—Ní leigfear éinne isteach chun vótáil in aon stáisiún vótaíochta ach sa cheann a bheidh ceaptha dhó.

Fógra i dtaobh suidheamh na stáisiún vótaíochta.

9.—Bhéarfaidh an ceann cóimhrimh áitiúil fógra puiblí i dtaobh suidheamh na stáisiún vótaíochta uile ina dháilcheanntar, agus i dtaobh an tsaghais vótálaithe bheidh i dteideal vótáil i ngach stáisiún fé leith aca san.

An ceann cóimhrimh áitiúil do sholáthar abhar, etc.

10.—Soláthróidh an ceann cóimhrimh áitiúil i ngach stáisiún vótaíochta fé leith abhair lena bhféadfaidh vótálaithe a bpáipéirí ballóide do mharcáil, ionstruimí chun an marc oifigiúil do stampáil ar na páipéirí ballóide, agus cóipeanna den rolla de thoghthóirí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire no de pé cuid de ina mbeidh ainmneacha na vótálaithe dá mbeidh ceaptha vótáil sa stáisiún san.

Seicréideacht an mhairc oifigiúil.

11.—Coimeádfaidh an ceann cóimhrimh áitiúil rún ar an marc oifigiúil.

Cléirigh do cheapadh chun cabhruithe le hoifigigh cheannais.

12.—(1) Féadfaidh an ceann cóimhrimh áitiúil pé cléirigh agus pé méid díobh is dóich leis is ceart do cheapadh do gach stáisiún vótaíochta fé leith chun cabhruithe leis an oifigeach ceannais sa stáisiún vótaíochta san.

(2) Féadfaidh oifigeach ceannais, tré na cléirigh a ceapfar fén riail seo chun cabhruithe leis, aon ghníomh do dhéanamh a ceangailtear air no a húdaruítear dó, leis an Acht so, do dhéanamh, ach amháin a ordú éinne do ghabháil no éinne do dhúnadh amach no do chur amach as an stáisiún vótaíochta.

Dualgais oifigeach ceannais le linn na vótaíochta.

13.—Coimeádfaidh gach oifigeach ceannais ordúlacht ina stáisiún vótaíochta, socróidh cá mhéid vótálaidhe a leigfear isteach sa turas, agus dúnfaidh amach gach éinne eile ach amháin a chléirigh, na gníomhairí pearsanála (más ann) a bheidh ceaptha dá stáisiún vótaíochta, agus na baill den Ghárda Síochána bheidh ar dualgas.

Geallúint seicréideachta sa vótaíocht.

14.—Gach ceann cóimhrimh áitiúil agus gach oifigeach, cléireach, gníomhaire pearsanála, agus duine eile dá gceadófar bheith i láthair i stáisiún vótaíochta (ar chúis seachas chun vótáil sa vótaíocht) déanfaidh, roimh thosach na vótaíochta, geallúint sa bhfuirm orduithe do shighniú go gcoimeádfaidh rún ar an mballóid.

Boscaí ballóide.

15.—(1) Beidh gach bosca ballóide déanta ar chuma ina bhféadfar na páipéirí ballóide do chur isteach ann ach ná féadfar iad do thógaint amach as gan an glas do bhaint den bhosca.

(2) Díreach roimh thosach na vótaíochta déanfaidh an t-oifigeach ceannais i ngach stáisiún vótaíochta na boscaí ballóide do thaisbeáint agus iad folamh do pé daoine bheidh (má bhíonn) i láthair an uair sin sa stáisiún san i dtreo go bhfeicfid iad do bheith folamh, agus glasfaidh gach bosca ballóide ansan agus cuirfidh a shéala air ar chuma ná féadfar é d'oscailt gan an séala san do bhriseadh, agus leagfaidh ina radharc é chun páipéirí ballóide do ghlacadh ann agus coimeádfaidh glasta agus séaluithe amhlaidh é.

An modh vótála.

16.—Díreach roimh pháipéar ballóide do thabhairt do vótálaidhe marcálfar é ar a dhá thaobh leis an marc oifigiúil tréna stampáil air no tréna pholladh tríd, agus glaodhfar amach uimhir agus ainm agus tuairisc an vótálaidhe fé mar a bheid ar an gcóip den rolla de thoghthóirí agus marcálfar uimhir an vótálaidhe sin ar an gcódhuille, agus cuirfear marc ar an rolla os coinne uimhir an vótálaidhe mar chomhartha ar pháipéar ballóide do bheith faighte aige, ach gan a thaisbeáint cadé an páipéar ballóide áirithe do fuair sé.

An modh vótála ar leanúint.

17.—Ar fháil an pháipéir bhallóide don vótálaidhe, raghaidh isteach láithreach i gceann de na headranna sa stáisiún vótaíochta agus marcálfaidh a pháipéar san áit sin, agus fillfidh é ar chuma cheilfidh a vóta, agus ansan cuirfidh a pháipéar ballóide, agus é fillte amhlaidh, isteach sa bhosca bhallóide; vótálfaidh gan rómhoill, agus fágfaidh an stáisiún vótaíochta chó luath agus a bheidh a pháipéar ballóide curtha isteach sa bhosca bhallóide aige.

Vótálaithe fé mhí-chumas.

18.—(1) Má chuireann aon vótálaidhe ina luighe ar an oifigeach ceannais go bhfuil an radharc chó holc san aige no go bhfuil sé chó mór san fé mhí-chumas eile cuirp no go bhfuil sé chó nea-léigheanta san nach féidir dó vótáil gan congnamh, bhéarfaidh an t-oifigeach ceannais, i bhfianaise na ngníomhairí pearsanála (más ann), go marcálfar vóta an vótálaidhe sin ar pháipéar bhallóide ar an gcuma adéarfaidh an vótálaidhe sin agus cuirfidh an páipéar ballóide agus é marcálta amhlaidh isteach sa bhosca bhallóide.

(2) Má iarrann aon vótálaidhe laistigh de cheithre huaire a' chluig roimh an am a bheidh ceaptha chun an vótaíocht do chríochnú go marcálfaí a pháipéar ballóide dhó fén riail seo féadfaidh an t-oifigeach ceannais diúltú don iarratas san más dóich leis, ag féachaint don mhéid vótálaithe bheidh ag teacht isteach an uair sin chun vótáil no is deallrathach a thiocfaidh isteach chun vótáil roimh chríochnú na vótaíochta, go ndéanfadh a ghéilleadh don iarratas san cur-isteach ar cheart-chólíonadh a dhualgas no go gcuirfeadh sé bac ró-mhór ar vótáil vótálaithe eile.

(3) Ag feidhmiú forálacha na rialach so dhó coimeádfaidh agus cólíonfaidh an t-oifigeach ceannais na treoracha so leanas sé sin le rá:—

(a) fiafróidh an t-oifigeach ceannais den vótálaidhe, “Cé aca is mian leat a dhéanamh—vótáil i bhfábhar an togra? no vótáil i gcoinnibh an togra?”;

(b) marcálfaidh an t-oifigeach ceannais an páipéar ballóide ansan do réir an fhreagra do bhéarfaidh an vótálaidhe ar an gceist sin;

(c) mara dtuigidh an vótálaidhe brí na ceiste sin, léighfidh an t-oifigeach ceannais amach don vótálaidhe an togra mar a bheidh sé ar an bpáipéar ballóide agus fiafróidh den vótálaidhe ansan. “An bhfuil tú i bhfábhar no an bhfuil tú i gcoinnibh dlí do dhéanamh den togra san?” agus marcálfaidh an páipéar ballóide ansan do réir an fhreagra do bhéarfaidh an vótálaidhe;

(d) i gcás an páipéar ballóide dá cheadú don vótálaidhe vótáil i dtaobh dhá thogra no níos mó, déanfaidh an t-oifigeach ceannais na fo-mhíreanna san roimhe seo den mhír seo do chólíonadh maidir le gach togra aca san ar leithligh agus i ndiaidh a chéile;

(e) ní ghlacfaidh ná ní bhreithneoidh an t-oifigeach ceannais aon pháipéar ná scríbhinn do bheir le tuisgint é do thaisbeáint na slí inar mian leis an vótálaidhe a vóta do thabhairt ná ní dhéanfaidh beart dá réir, agus ní mharcálfaidh páipéar ballóide an vótálaidhe ach do réir na bhforálacha san roimhe seo den mhír seo den riail seo agus tar éis iad a chólíonadh.

Pearsanáil do chur i leith duine.

19.—Ma chuireann duine in úil gurb aon duine áirithe dá mbeidh ainmnithe ar an rolla de thoghthóirí é agus go n-iarrfaidh páipéar ballóide tar éis duine eile do vótáil fé ainm an duine sin, beidh an t-iarratasóir i dteideal páipéar ballóide do mharcáil ar nós aon vótálaidhe eile ar na ceisteanna san do fhreagairt agus ar an mionn san do thabhairt no an dearbhú san do dhéanamh, go cuibhe, a ceaduítear leis an Acht so a fhiafraí de vótálaithe agus a chur ortha le linn na vótaíochta, ach beidh malairt datha ar an bpáipéar ballóide (dá ngairmtear san Acht so páipéar ballóide tairgthe) seachas mar a bheidh ar na páipéirí ballóide eile, agus in ionad é chur sa bhosca bhallóide bhéarfar don oifigeach ceannais é agus scríobhfaidh seisean ar a chúl ainm an vótálaidhe agus an uimhir a bheidh aige ar an rolla de thoghthóirí agus cuirfear i leataoibh é i bpacáid fé leith agus ní chóimhreoidh an ceann cóimhrimh é, agus déanfar ainm an vótálaidhe sin agus an uimhir a bheidh aige ar an rolla do chur ar an liost de vótaí tairgthe sa bhfuirm orduithe.

Páipéar ballóide do mhilleadh tré neachuimhneamh.

20.—Má bheireann vótálaidhe, gan cuimhneamh air féin, a leithéid sin de dhéanamh dá pháipéar ballóide nach uiriste é d'úsáid mar pháipéar bhallóide, agus go dtabharfaidh don oifigeach ceannais an páipéar ballóide a mbeidh sé tar éis an déanamh san do thabhairt dó gan cuimhneamh air féin agus go gcruthóidh chun sástachta an oifigigh cheannais gur gan cuimhneamh air féin do rinne amhlaidh, féadfaidh páipéar ballóide eile d'fháil in ionad an pháipéir bhallóide bhéarfaidh suas amhlaidh (dá ngairmtear san Acht so páipéar ballóide loitithe), agus cealófar láithreach an páipéar ballóide loitithe.

Na boscaí ballóide do shéalú agus do chur de láimh.

21.—(1) Chó luath agus is féidir é tar éis críochnú na vótaíochta déanfaidh an t-oifigeach ceannais i ngach stáisiún vótaíochta na boscaí ballóide do húsáideadh sa vótaíocht sa stáisiún vótaíochta san do shéalú lena shéala féin ar chuma ná féadfar a thuilleadh páipéirí ballóide do chur isteach ionta.

(2) Chó luath agus is féidir é tar éis críochnú na vótaíochta déanfaidh an t-oifigeach ceannais i ngach stáisiún vótaíochta na boscaí ballóide sin, agus iad séaluithe mar a horduítear leis an riail seo, do sheachadadh don cheann chóimhrimh áitiúil agus air sin glacfaidh seisean na boscaí ballóide sin féna chúram.

Dualgas an oifigigh cheannais ar chríochnú na vótaíochta.

22.—Déanfaidh an t-oifigeach ceannais i ngach stáisiún vótaíochta, chó luath agus is féidir é tar éis críochnú na vótaíochta, pacáidí fé leith a séalofar lena shéala féin—

(a) de na páipéirí ballóide neamh-úsáidthe agus na páipéirí ballóide loitithe agus iad i dteanta a chéile, agus

(b) de na páipéirí ballóide tairgthe, agus

(c) de na cóipeanna marcálta den rolla de thogthóirí, agus de chó-dhuillí na bpáipéirí ballóide, agus

(d) den liost de vótaí tairgthe,

agus seachadfaidh na pacáidí sin uile don cheann chóimhrimh áitiúil.

Ráiteas ón oifigeach ceannais.

23.—Na pacáidí luaidhtear sa riail deiridh sin roimhe seo beidh ráiteas ón oifigeach ceannais sa bhfuirm orduithe ag gabháil leo, á innsint cá mhéid páipéirí ballóide do tugadh dó agus ag tabhairt cuntais ortha fé na mírchinn seo: (a) páipéirí ballóide sna boscaí ballóide, (b) páipéirí ballóide neamh-úsáidthe, (c) páipéirí ballóide loitithe, agus (d) páipéirí ballóide tairgthe, agus gairmtear an cuntas ar pháipéirí ballóide den ráiteas san san Acht so.

Na boscaí ballóide d'oscailt.

24.—Chó luath agus is féidir é tar éis críochnú na vótaíochta i ndáilcheanntar deanfaidh ceann cóimhrimh áitiúil an dáilcheanntair sin gach bosca ballóide fé leith do húsáideadh sa vótaíocht sa dáilcheanntair san d'oscailt, na páipéirí ballóide bheidh ann do thógaint amach as, a líon do chóimhreamh agus do chur ar breacadh, agus ansan na páipéirí ballóide uile bhí sna boscaí ballóide sin do mheascadh ar a chéile.

Na vótaí do chóimhreamh.

25.—(1) Nuair a bheidh na páipéirí ballóide measctha ar a chéile ag an gceann cóimhrimh áitiúil, cóimhreoidh sé na vótaí bheidh breactha ortha agus déanfaidh amach an uimhir de vótaí bheidh tugtha tríotha i bhfábhar an togra is abhar don reifreann agus an uimhir de vótaí bheidh tugtha tríotha i gcoinnibh an togra san agus cuirfe sé an dá uimhir sin fé seach ar breacadh.

(2) I gcás na páipéirí ballóide do bhaint le dhá reifreann no níos mó, cóimhreoidh an ceann cóimhrimh áitiúil agus cuirfidh ar breacadh do réir na rialach so ar leithligh na huimreacha de vótaí bheidh breactha ar na páipéirí ballóide sin i bhfábhar agus i gcoinnibh na dtograí uile agus fé seach is abhair fé seach do na reifrinn sin.

(3) Nuair a bheidh na forálacha san roimhe seo den riail seo á gcólíonadh aige, diúltóidh an ceann cóimhrimh áitiúil d'aon pháipéirí ballóide bheidh nea-mbailidhe ach, i gcás na páipéirí ballóide do bhaint le dhá reifreann no níos mó, déanfa sé idirdhealú idir pháipéirí ballóide a bheidh nea-mbailidhe ar fad agus páipéirí ballóide ná beidh nea-mbailidhe ach maidir le ceann no le cuid de na reifrinn sin ach ná beidh nea-mbailidhe maidir leo go léir.

(4) An bhreith do bhéarfaidh an ceann cóimhrimh áitiúil maidir le haon pháipéar ballóide áirithe do bheith bailidhe no neambailidhe, beidh sí ina breith dheiridh agus ní bheidh sí ionchonspóidthe ach amháin tré achuinge reifrinn.

Na vótaí d'athchóimhreamh.

26.—(1) Tráth ar bith le linn na vótaí do chóimhreamh, féadfaidh an ceann cóimhrimh áitiúil, agus déanfaidh má dhéanann éinne bheidh i láthair go dleathach san do cheangal air, na vótaí bheidh breactha ar na páipéirí ballóide uile no ar aon bheartán áirithe de pháipéirí ballóide d'athchóimhreamh.

(2) Má thárlann, ar aon chéad-athchóimhreamh do dhéanamh fén riail seo, gurb ionann toradh an athchóimhrimh sin agus toradh an chóimhrimh bhunaidh, ní bheidh ar an gceann cóimhrimh áitiúil aon athchóimhreamh eile do dhéanamh, ach má thárlann, ar an gcéad-athchóimhreamh san do dhéanamh, nach ionann toradh an athchóimhrimh sin agus toradh an chóimhrimh bhunaidh, leanfaidh an ceann cóimhrimh áitiúil den athchóimhreamh go dtí gurb ionann torthaí dhá athchóimhreamh den tsórt san as a chéile.

Tuarascbháil i dtaobh páipéirí ballóide diúltuithe.

27.—(1) Scríobhfaidh an ceann cóimhrimh áitiúil “diúltuithe” ar chúl aon pháipéir bhallóide dá ndiúltóidh mar pháipéar neambailidhe agus, i gcás an páipéar ballóide sin do bhaint le dhá reifreann no níos mó, cuirfidh leis an gcúl-scríbhinn sin (fé mar is gá sa chás) na focail “ar fad” no comharthú ar an reifreann gur ina thaobh a bheidh diúltuithe dhó.

(2) Tuairisceoidh an ceann cóimhrimh áitiúil do cheann chóimhrimh an reifrinn cá mhéid páipéar ballóide dar dhiúltuigh agus nár chóimhrimh mar gheall ar gach cúis fé leith aca so leanas, sé sin le rá:—

(a) easba an mhairc oifigiúil,

(b) scríbhneoireacht no marc tréna bhféadfaí an vótálaidhe d'aithint,

(c) nea-marcálta no gan éifeacnt toisc nea-chinnteachta.

(3) I gcás na páipéirí ballóide do bhaint le dhá reifreann no níos mó, déanfaidh an ceann cóimhrimh áitiúil idirdhealú sa tuarascabháil sin uaidh idir na páipéirí ballóide dar dhiúltuigh mar gheall ar iad do bheith nea-marcálta, no gan éifeacht toisc nea-chinnteachta, maidir leis na reifrinn go léir agus iad san dar dhiúltuigh mar gheall ar iad do bheith nea-marcálta, no gan éifeacht toisc nea-chinnteachta, maidir le ceann no cinn de na reifrinn sin ach ní maidir leo go léir.

Réamhchúram chun seicréideachta.

28.—Le linn bheith ag cóimhreamh agus ag riaradh na bpáipéirí ballóide agus ag breacadh a n-uimhreacha de bhun na rialacha san roimhe seo, coimeádfaidh an ceann cóimhrimh áitiúil na páipéirí ballóide ar a n-aghaidh in áirde agus glacfaidh gach réamhchúram is cóir chun gan leigean d'éinne na huimhreacha bheidh clóbhuailte ar chúl na bpáipéirí ballóide sin d'fheiscint.

Na daoine bheidh i láthair le linn na mboscaí ballóide d'oscailt agus na vótaí do chóimhreamh.

29.—(1) Féadfaidh gach comhalta fé leith de Dháil Éireann don dáilcheanntar agus comhalta ar bith de Sheanad Éireann beirt daoine d'ainmniú chun bheith i láthair thar a cheann le linn na mboscaí ballóide d'oscailt agus na vótaí do chóimhreamh; féadfaidh aon chomhalta den tsórt san é féin d'ainmniú mar dhuine de na daoine arna n-ainmniú amhlaidh aige.

(2) Féadfaidh an ceann cóimhrimh áitiúil agus a chléirigh agus a chongantóirí agus daoine bheidh ainmnithe mar adubhradh ag comhaltaí de Dháil Éireann no de Sheanad Éireann agus ní fhéadfaidh éinne eile (ach amháin le cead an chinn chóimhrimh áitiúil) bheith i láthair le linn na mboscaí ballóide do bheith á n-oscailt agus na vótaí á gcóimhreamh.

(3) An ceann cóimhrimh áitiúil agus gach cléireach, congantóir agus duine dá gceadófar bheith i láthair le linn na mboscaí ballóide d'oscailt no na vótaí do chóimhreamh, déanfaidh, sara dtosnófar ar an oscailt sin, geallúint sa bhfuirm orduithe do shighniú go gcoimeádfaidh rún ar an mballóid.

(4) I gcás an lá vótaíochta i reifreann bunreachta do bheith ina lá vótaíochta in olltoghchán freisin, beidh na comhachta bheirtear leis na forálacha san roimhe seo den riail seo do chomhalta de Dháil Éireann infheidhmithe ag duine ar bith do bhí ina chomhalta de Dháil Éireann díreach roimh an scur ba shiocair leis an olltoghchán san.

Oscailt na mboscaí ballóide agus cóimhreamh na vótaí do bheith leanúnach.

30.—(1) Sa mhéid gur féidir é raghaidh an ceann cóimhrimh áitiúil ar aghaidh go leanúnach le hoscailt na mboscaí ballóide agus le cóimhreamh na vótaí, gan stad ach chun bia no deoch do chaitheamh agus ar feadh sosa leanfaidh (ach amháin sa mhéid is oiriúnach leis) óna seacht a chlog istoíche go dtí a naoi a chlog maidin lá arna mháireach.

(2) I rith an tsosa san cuirfidh an ceann cóimhrimh áitiúil na páipéirí ballóide agus na scríbhinní eile bhaineann leis an vótaíocht féna shéala féin agus glacfaidh fairis sin pé réamhchúram is cóir chun na páipéirí agus na scríbhinní sin do choimeád sábhálta.

Tuarascabháil agus scríbhinní do chur go dtí ceann cóimhrimh an reifrinn.

31.—Nuair a bheidh cóimhreamh na vótaí críochnuithe ag an gceann cóimhrimh áitiúil, déanfa sé na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) cuirfidh go dtí ceann cóimhrimh an reifrinn tuarascbháil i scríbhinn sa bhfuirm orduithe ina luadhfar an uimhir de vótaí bailidhe do caitheadh i bhfábhar an togra, an uimhir de vótaí bailidhe do caitheadh i gcoinnibh an togra, agus pé nithe eile bheidh orduithe;

(b) i gcás an t-aon lá amháin do bheith ina lá vótaíochta i dhá reifreann no níos mó, cuirfidh an ceann cóimhrimh áitiúil go dtí ceann cóimhrimh an reifrinn tuarascbháil ar leithligh den tsórt adubhradh i dtaobh gach reifrinn fé leith den tsórt san;

(c) cuirfidh go dtí ceann cóimhrimh an reifrinn na pacáidí agus an ráiteas so leanas maidir le post-vótálaithe, sé sin le rá: an phacáid ina mbeidh na dearbhuithe céannachta do bhí ag gabháil le páipéirí ballóide lenar glacadh go cuibhe, agus an phacáid ina mbeidh dearbhuithe céannachta dar diúltuíodh maraon leis na clúdaigh (más ann) do bhí ag gabháil leo, agus an phacáid ina mbeidh páipéirí ballóide diúltuithe, agus ráiteas, sa bhfuirm a bheidh orduithe ag an Aire, ina dtaisbeánfar an uimhir de pháipéirí ballóide do cuireadh chun post-vótálaithe agus ina dtabharfar, maidir leis na páipéirí ballóide sin, na sonnraí a hiarrfar leis an bhfuirm;

(d) séalóidh i bpacáidí ar leithligh na páipéirí ballóide cóimhrithe agus na páipéirí ballóide diúltuithe agus (gan na pacáidí séaluithe d'oscailt ina mbeidh fé seach na páipéirí ballóide tairgthe, an chóip mharcálta den rolla de thoghthóirí agus na có-dhuillí) cromfaidh ar fhíorú do dhéanamh ar an gcuntas páipéirí ballóide bheidh tugtha ag gach oifigeach ceannais fé leith tréna chur i gcomparáid leis an uimhir de pháipéirí ballóide bheidh curtha ar breacadh aige, na páipéirí ballóide neamhúsáidthe agus na paipéirí ballóide loitithe, agus an liost de vótaí tairgthe agus, tar éis dó gach pacáid scrúduithe d'athshéalú, ullmhóidh tuarascbháil ina luadhfar toradh an fhíoruithe sin;

(e) cuirfidh go dtí ceann cóimhrimh an reifrinn na pacáidí uile (agus pacáidí séaluithe gan oscailt d'áireamh), na cun tais páipéirí ballóide uile agus na liostaí uile de vótaí tairgthe a luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den riail seo, agus fós an tuarascbháil a bheidh ullmhuithe de bhun na míre sin, tar éis dó cúlscríbhinn do chur ar gach pacáid den tsórt san ina dtabharfar tuairisc ar a lánas, comharthú ar an reifreann lena mbainfidh an céanna, agus ainm a dháilcheanntair.

Cuid II.

Feidhmeanna Cheann Cóimhrimh an Reifrinn:

An deimhniú reifrinn sealadach.

32.—(1) Chó luath agus gheobhaidh ceann cóimhrimh an reifrinn o gach ceann cóimhrimh áitiúil fé leith an tuarascbháil i dtaobh na n-uimhreach de vótaí do caitheadh ina dháilcheanntar, ullmhóidh ceann cóimhrimh an reifrinn o na tuarascbhála san, agus sighneoidh, an deimhniú reifrinn sealadach sa bhfuirm orduithe ina luadhfar:—

(a) i gcás reifrinn bhunreachta, an uimhir de vótaí do caitheadh i bhfábhar an togra is abhar don reifreann, an uimhir de vótaí do caitheadh i gcoinnibh an togra san, agus cé aca bhí tromlach na vótaí do caitheadh sa reifreann i bhfábhar an togra san no ná raibh;

(b) i gcás gnáth-reifrinn, an uimhir de vótaí do caitheadh i bhfábhar an togra is abhar don reifreann, an uimhir de vótaí do caitheadh i gcoinnibh an togra san, agus, más mó an uimhir de vótaí do caitheadh i gcoinnibh an togra san ná an uimhir de vótaí do caitheadh i bhfábhar an togra san, an líon iomlán de thogthóirí Dála sa rolla de thoghthóirí i bhfeidhm de thurus na huaire, agus cé aca is lugha no nach lugha an uimhir de vótaí do caitheadh i gcoinnibh an togra san ná trí tríochad agus trian per cent. den líon iomlán san de thoghthóirí Dála, agus in aon chás cé aca diúltuíodh don togra san sa reifreann san no nár diúltuíodh;

(c) i ngach cás eile an uimhir de vótaí do thuairisc cinn chóimhrimh áitiúla do caitheadh i ngach dáilcheanntar fé leith i bhfábhar an togra is abhar don reifreann agus an uimhir de vótaí do tuairiscíodh amhlaidh do caitheadh i ngach dáilcheanntar fé leith i gcoinnibh an togra san.

(2) Chó luath agus is féidir é tar éis dó an deimhniú reifrinn sealadach do shighniú, foillseoidh ceann cóimhrimh an reifrinn san Iris Oifigiúil cóip den deimhniú san maraon le ráiteas á rá go mbeidh an deimhniú san ina dheimhniú dheiridh nach féidir a chonspóid nuair a chuirfidh Máistir na hArd-Chúirte in úil dó ná dearnadh aon achuinge reifrinn do thíolacadh go cuibhe ina thaobh no go bhfuil gach achuinge den tsórt san do tíolacadh amhlaidh tagtha chun bheith gan bhrí gan bhrí gan éifeacht.

(3) Nuair a thiocfaidh deimhniú reifrinn sealadach chun bheith ina dheimhniú dheiridh ar shlí seachas tréna dhaingniú ag an Ard-Chúirt, cúlscríobhfaidh ceann cóimhrimh an reifrinn ráiteas ar an deimhniú san á rá go bhfuil sé tagtha amhlaidh chun bheith ina dheimhniú dheiridh agus cuirfidh cóip de chun an Taoisigh.

(4) Nuair a bheidh deimhniú reifrinn sealadach daingnithe no nuair is tuigthe é bheith daingnithe ag an Ard-Chúirt agus a cuirfear thar n-ais go dtí ceann cóimhrimh an reifrinn é agus ráiteas cúlscríobhtha air do réir an Achta so á rá é bheith daingnithe amhlaidh, cuirfidh ceann cóimhrimh an reifrinn cóip den deimhniú san chun an Taoisigh.

Scríbhinní do chur de láimh.

33.—(1) Fé réir forálacha na míreanna ina dhiaidh seo den riail seo, déanfaidh ceann cóimhrimh an reifrinn na tuarascbhála, na scríbhinní agus na pacáidí uile chuirfidh ceann cóimhrimh áitiúil chuige maidir le reifreann do choimeád go ceann sé mhí o dháta an deimhnithe reifrinn shealadaigh i dtaobh an reifrinn sin do theacht chun bheith ina dheimhniú dheiridh agus dítheoidh ansan na tuarascbhála, na pacáidí agus na scríbhinní sin uile.

(2) I gcás an t-aon lá amháin do bheith ina lá vótaíochta i dhá reifreann no níos mó, déanfaidh ceann cóimhrimh an reifrinn, d'ainneoin éinní atá sa mhír dheiridh sin roimhe seo den riail seo agus fé réir forálacha na céad mhíre eile den riail seo, na tuarascbhála agus na scríbhinní agus na pacáidí uile luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo agus a bhainfidh le haon cheann no níos mó de na reifrinn sin do choimeád go ceann sé mhí o dháta na ndeimhnithe reifrinn sealadacha uile agus fé seach i daobh na reifreann san fé seach do theacht chun bheith ina ndeimhnithe deiridh.

(3) An oblagáid a cuirtear ar cheann chóimhrimh an reifrinn leis na míreanna san roimhe seo den riail seo chun tuarascbhála, scríbhinní agus pacáidí do choimeád tá sí fé réir na hoblagáide agus gan dochar don oblagáid a cuirtear air leis an Acht so chun na tuarascbhála, na scríbhinní agus na pacáidí sin do thabhairt ar áird agus do sheachadadh don Ard-Chúirt le linn achuinge reifrinn d'éisteacht.

Gan iniúchadh do dhéanamh ar na có-dhuillí ná ar na páipéirí ballóide. cóimhrithe.

34.—D'ainneoin éinní atá sa riail deiridh sin roimhe seo, ní hosclófar aon phacáid séaluithe de chó-dhuillí uair ar bith ná ní hiniúchfar aon chó-dhuille ná aon pháipéar ballóide cóimhrithe uair ar bith ach amháin fé réim agus do réir orduithe ón Ard-Chúirt fé Chuid III den Acht so.

Cuid III.

Generálta.

An tslí chun fógra puiblí do thabhairt.

35.—I gcás ina gceangaltar ar cheann chóimhrimh an reifrinn no ar cheann chóimhrimh áitiúil no ina n-údaruítear dó, leis an Acht so, aon fhógra puiblí do thabhairt, déanfaidh, mara n-orduítear slí éigin eile leis an Acht so, an fógra san do thabhairt le pé fógráin, placárdaí, láimhbhillí, no eile is dóich leis is fearr chun eolas do thabhairt do na vótálaithe.

Srian maidir le daoine fhostóidh cinn chóimhrimh.

36.—Ní fhostóidh ceann cóimhrimh an reifrinn ná ceann cóimhrimh áitiúil éinne do bhí ar fostú ag duine ar bith eile sa reifreann no ina thaobh no i ndéanamh na vótaíochta no ina thaobh.