|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Custuim agus Mal.) | Ar Aghaidh (CUID IV. Cain Bhrabuis Chorparaide.) |
ACHT AIRGEADAIS, 1942
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Diuitethe Bais. | |
[EN] |
Faoiseamh o dhiúitéthe báis áirithe i gcás básanna ar fórsaí armtha coigríche is cúis leo. |
9. —(1) Ní bhaineann an t-alt so ach le díobhála don duine (ar n-a dtárlachtaint roimh an Acht so do rith no dá éis) a gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim iad do bheith do réir na gcoinníollacha uile seo leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) an díobháil do thárlachtaint tar éis an 3adh lá de Mheán Fhómhair, 1939, agus roimh dheireadh na práinne atá ann fé láthair, agus | |
[EN] | (b) gan an Stát do bheith páirteach in aon chogadh nuair do thárla an díobháil, agus | |
[EN] | (c) gur laistigh den Stát no dá uiscí teorann do thárla an díobháil, agus | |
[EN] | (d) gur gníomh do rinne forsaí armtha tíre eile ba chúis, díreach no nea-dhíreach, leis an díobháil sin, pé aca d'aon ghnó no de thionóisc do rinneadh an gníomh san agus pé aca laistigh no lasmuich den Stát no dá uiscí teorann no den aerbhrat forluighteach do rinneadh an gníomh san féin. | |
[EN] | (2) Ní bhaineann an t-alt so ach le diúitéthe báis (ar n-a míniú in alt 13 den Finance Act, 1894, chun crícheanna an ailt sin) is inghearrtha maidir le maoin aistreoidh ar éag dhuine chun aon duine aca so leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) bean chéile no fear céile an duine mhairbh, | |
[EN] | (b) dír-shinnsear no dír-shliocht an duine mhairbh, | |
[EN] | (c) driotháracha agus driféaracha an duine mhairbh, | |
[EN] | (d) sliocht driotháracha agus driféaracha an duine mhairbh. | |
[EN] | (3) Aon uair a cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim gur éag duine (pé aca roimh dháta an Achta so do rith no dá éis sin é) de dheascaibh díobhála le n-a mbaineann an t-alt só agus do thárla dhó laistigh de dhá mhí déag sarar éag sé agus dá dheascaibh sin amháin, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim an méid a luaidhtear i pé mír aca so leanas a bhainfidh leis an gcás do mhaitheamh no, i gcás diúité bheidh íoctha cheana, d'aisíoc maidir leis na diúitéthe báis le n-a mbaineann an t-alt so agus is inghearrtha ar bhás an duine sin, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) maran mó ná cúig mhíle punt, chun crícheanna diúité estáit, luach na maoine ar ina taobh is inghearrtha na diúitéthe báis sin, na diúitéthe báis sin go léir, no | |
[EN] | (b) más mó ná cúig mhíle punt, chun crícheanna diúité estáit, luach na maoine ar ina taobh is inghearrtha na diúitéthe báis sin— | |
[EN] | (i) na diúitéthe báis sin go léir sa mhéid is inghearrtha iad maidir leis an gcéad chúig mhíle punt den luach san, agus | |
[EN] | (ii) pé méid a bheidh de bhreis ag iarmhéid na ndiúitéthe báis sin ar an suim do shroichfeadh, dá dtiomsuíodh sí fé ús iolruithe do réir trí fén gcéad sa bhliain (go staid leath-bhliantúla) o dháta báis an duine mhairbh sin, suim do bheadh, i ndeireadh tréimhse gnáth-shúilíochta saoil duine in aois an duine mhairbh sin tráth a bháis (ar n-a háireamh do réir na dtáiblí báis ar a dtugtar “The Tables of Mortality of Government Life Annuitants, 1912”), cóionann le hiarmhéid sin na ndiúitéthe báis sin. | |
[EN] | (4) Má thárlann i gcás aon bháis gur lugha an faoiseamh do bheirtear leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so maidir le diúitéthe báis le n-a mbaineann an t-alt so ná maitheamh no aisíoc na ndiúitéthe báis sin go léir, cionroinnfear an faoiseamh san ar na daoine uile agus fé seach, a dhlighfidh na diúitéthe báis sin d'íoc, go rátúil do réir na suimeanna dhlighfidís fé seach d'íoc alos na ndiúitéthe báis sin mara mbeadh an faoiseamh san. | |
[EN] | (5) I gcás inar gá do réir na bhforálacha san roimhe seo den alt so faoiseamh do thabhairt maidir le diúitéthe báis le n-a mbaineann an t-alt so agus is inghearrtha i leith báis duine, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) más lugha de thairbhe an faoiseamh san, sa mhéid go mbaineann sé le diúité estáit, do na daoine ag á mbeidh teideal chuige fé na forálacha san roimhe seo adubhradh ná an faoiseamh maidir le diúité estáit i leith an bháis sin do bhéarfaí do na daoine sin le halt 15 den Finance Act, 1914, is fén alt san 15 agus ní fén alt so do bhéarfar faoiseamh maidir leis an diúité estáit sin do na daoine sin; | |
[EN] | (b) fé réir forálacha na míre sin roimhe seo den fho-alt so, ní déanfar an faoiseamh maidir le diúité estáit do bheirtear leis an alt san 15 do thabhairt in aon chás ina dtabharfar faoiseamh maidir le diúité estáit fé na forálacha san roimhe seo den alt so. | |
[EN] | (6) An faoiseamh do bheirtear le fo-alt (3) den alt so maidir le haon bhás áirithe is faoiseamh é, sa mhéid go mbaineann sé le diúité estáit, in ionad, agus ní i dteannta, aon fhaoisimh do bheirtear maidir leis an mbás san le halt 26 den Acht Airgeadais, 1940 ( Uimh. 14 de 1940 ), no le haon alt (seachas an t-alt so) den Chuid seo den Acht so. | |
[EN] | (7) I gcás— | |
[EN] | (a) faoiseamh do bheith tugtha fé na forálacha san roimhe seo den alt so maidir le diúité estáit is inéilithe maidir le haon mhaoin d'aistrigh ar bhás duine (dá ngairmtear an bás is luaithe sa bhfo-alt so), agus | |
[EN] | (b) diúité estáit do theacht chun bheith inéilithe maidir leis an maoin sin no aon chuid di d'aistrigh ar bhás duine (dá ngairmtear an bás is déanaighe sa bhfo-alt so) do thárla tar éis an bháis is luaithe, agus | |
[EN] | (c) a chur ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim gurb é bhí sa bhás is déanaighe ná bás duine chun ar aistrigh an mhaoin sin no chuid di ar an mbás is luaithe do thárlachtaint, agus | |
[EN] | (d) a chur ina luighe freisin ar na Coimisinéirí Ioncuim gurb é dob aon-trúig leis an mbás is déanaighe díobháil le n-a mbaineann an t-alt so agus do thárla laistigh de dhá mhí dhéag roimh an mbás san, | |
[EN] | ansan agus sa chás san, déanfar, d'ainneoin éinní atá sna forálacha san roimhe seo den alt so, na diúitéthe báis go léir (ar n-a míniú in alt 13 den Finance Act, 1894, chun crícheanna an ailt sin) is inghearrtha i leith an bháis is déanaighe maidir le pé méid (pé aca an t-iomlán no cuid é) den mhaoin sin aistreoidh ar an mbás san do mhaitheamh no, i gcás diúité bheidh íoctha cheana, d'aisíoc, agus ní déanfar an méid sin adubhradh den mhaoin sin do chó-shuimiú le haon mhaoin eile aistréoidh ar an mbás is déanaighe chun a chinneadh cadé ráta ar dá réir is inéilithe diúité estáit i leith an bháis sin. | |
[EN] |
Asbhaint as diúité estáit i gcásanna áirithe. |
10. —(1) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim, i gcás duine d'éag no éagfaidh an 1adh lá d'Abrán, 1939, no dá éis sin, go ndéantar, fé fhorálacha ailt 64 den achtachán atá i bhfeidhm anois sa Bhreatain Mhóir agus dá ngairmtear ansúd an Finance Act, 1940, no fé fhorálacha ailt 46 den achtachán atá i bhfeidhm anois sa Bhreatain Mhóir agus dá ngairmtear ansúd an Finance Act, 1941 aon fhaoiseamh o dhiúité estáit is iníoctha sa Bhreatain Mhóir i Jeith bás an duine sin do thabhairt maidir le maoin sa Bhreatain Mhóir d'aistrigh no aistreoidh ar an mbás san, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, in ionad agus ní i dteannta aon liúntais is iontugtha de bhuadh míre (b) de Chuid II den Sceideal a ghabhann le hOrdú na gCánach Dúbalta (Faoiseamh) (Uimh. 1), 1923, a lomháil go n-asbhainfear as an diúité estáit a bheidh fé n-a gcúram agus a mbainistighe agus is iníoctha i leith an bháis sin agus maidir leis an maoin sin an méid céanna dob ionasbhainte as an diúité estáit sin de bhuadh na míre sin (b) dá mba ná tabharfaí an faoiseamh san agus ná hachtófaí an t-alt so. |
[EN] | (2) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim, i gcás duine d'éag no éagfaidh an ladh lá d'Abrán, 1939, no dá éis sin, go ndéantar, fé fhorálacha ailt 7 den-achtachán atá i bhfeidhm anois i dTuaisceart Éireann agus dá ngairmtear ansúd an Finance Act (Northern Ireland), 1940, no fé fhorálacha ailt 4 den achtachán atá i bhfeidhm anois i dTuaisceart Éireann agus dá ngairmtear ansúd an Finance Act (Northern Ireland), 1941, aon fhaoiseamh o dhiúité estáit is iníoctha i dTuaisceart Éireann i leith bás an duine sin do thabhairt maidir le maoin i dTuaisceart Éireann d'aistrigh no aistreoidh ar an mbás san, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, in ionad agus ní i dteannta aon liúntais is iontugtha de bhuadh míre (d) de Chuid II den Sceideal a ghabhann le hOrdú na gCánach Dúbalta (Faoiseamh) (Uimh. 1), 1923, a lomháil go n-asbhainfear as an diúité estáit a bheidh fé n-a gcúram agus a mbainistighe agus is iníoctha i leith an bháis sin agus maidir leis an maoin sin an méid céanna dob ionasbhainte as an diúité estáit sin de bhuadh na míre sin (d) dá mba ná tabharfaí an faoiseamh san agus ná hachtófaí an t-alt so. | |
[EN] |
Alt 26 den Acht Airgeadais, 1940 , do leasú. |
11. —Léireofar fo-alt (2) d'alt 26 den Acht Airgeadais, 1940 ( Uimh. 14 de 1940 ), agus beidh éifeacht aige agus is tuigthe éifeacht do bheith riamh aige fé is dá mbeadh an abairt “mír (d)” in ionad na habairte “mír (b)” gach áit ina bhfuil an abairt sin is déanaighe sa bhfo-alt san. |