|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Diuitethe Bais.) | Ar Aghaidh (CUID V. Ilghneitheach agus Generalta.) |
ACHT AIRGEADAIS, 1942
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Cain Bhrabuis Chorparaide. | |
[EN] |
Forálacha maidir le cuideachtana áirithe thosnuigh ar ghnó fé bhun dhá bhlian roimh an 31adh Lúnasa, 1939. |
12. —(1) Aon chuideachta do thosnuigh ar a dtrádáil no a ngnó os cionn bliana ach fé bhun dhá bhlian roimh an 31adh lá de Lúnasa, 1939. agus ná raibh ann ina dtaobh aon bhliain trádála do chríochnuigh sa bhliain dar chríoch an 31adh lá de Lúnasa 1939 féadfaid, tré iarratas i scríbhinn do chur chun na gCoimisinéirí Ioncuim, a iarraidh ar na Coimisinéirí Ioncuim a chinneadh cadé brabús na cuideachtan san in aghaidh na tréimhse de dhá mhí déag dar thosach an dáta ar ar thosnuigh an chuideachta san ar a dtrádáil no a ngnó. |
[EN] | (2) Aon uair a chuirfidh cuideachta iarratas den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so chun na gCoimisinéirí Ioncuim, bhéarfaidh an chuideachta san do na Coimisinéirí Ioncuim pé cuntais agus sonnraí agus eolas iarrfaid ortha chun go bhféadfaid déanamh do réir an iarratais sin, agus air sin, más rud é, agus amháin más rud é, gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gur féidir dóibh meastachán cóir do dhéanamh, as na cuntais agus na sonnraí agus an t-eolas a bheidh tugtha amhlaidh ag an gcuideachtain sin, ar bhrabús na cuideachtan san in aghaidh na tréimhse de dhá mhí dhéag dar thosach an lá thosnuigh an chuideachta san ar a dtrádáil no a ngnó, cinnfidh na Coimisinéirí Ioncuim cadé brabús na cuideachtan san in aghaidh na tréimhse sin de dhá mhí déag agus déanfaid an cinneadh sin agus a mhéid do chur in úil i scríbhinn don chuideachtain sin. | |
[EN] | (3) I gcás ina mbeidh cinnte ag na Coimisinéirí Ioncuim, fé na forálacha san roimhe seo den alt so, cadé brabús cuideachtan in aghaidh na tréimhse de dhá mhí dhéag a luaidhtear sna forálacha san, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas d'ainneoín éinní atá i bhfo-alt (1) d'alt 38 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ), sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) isé brabús caighdeánach na cuideachtan san chun crícheanna Coda V den Acht san ná méid brabúis na cuideachtan san ar n-a chinneadh amhlaidh no suim dhá mhíle agus cúig céad punt, pé aca is mó; | |
[EN] | (b) bainfidh mír (d) d'fho-alt (1) den alt san 38 agus fo-alt (2) den alt san leis an gcuideachtain sin fé is dá mbaineadh ceann de na míreanna (a), (b), agus (c) den fho-alt san (1) leis an gcuideachtain sin agus gur dá réir sin a háirmheofaí brabús caighdeánach na cuideachtan san. | |
[EN] | (4) Beidh feidhm agus éifeacht ag an alt so maidir le gach tréimhse chuntasaíochta do thosnuigh no thosnóidh i ndiaidh an 1adh lá d'Eanar, 1941, agus fós maidir leis an gcuid i ndiaidh an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1941, de thréimhse chuntasaíochta do thosnuigh roimh an 1adh lá d'Eanar, 1941, agus do chríochnuigh an lá san no dá éis. | |
[EN] |
Brabús caighdeánach cuideachtan do tháinig i gcomharbas gnótha chuideachtan eile. |
13. —(1) I gcás— |
[EN] | (a) cuideachta (dá ngairmtear an chuideachta chomharbais san alt so) do theacht i gcomharbas na trádála no an ghnótha go léir do bhí, díreach roimh an teacht i gcomharbas san, ar siúl ag cuideachtain eile (dá ngairmtear an chuideachta réamhtheachtach san alt so), agus | |
[EN] | (b) an chuideachta chomharbais d'ionchorprú chun na trádála no an ghnótha do bhí ar siúl amhlaidh ag an gcuideachtain réamhtheachtach d'fháil agus do ghlacadh amhlaidh, agus | |
[EN] | (c) an trádáil no an gnó do bhí ar siúl ag an gcuideachtain réamhtheachtach do bheith ar siúl ag an gcuideachtain chomharbais tar éis an teacht i gcomharbas san, agus | |
[EN] | (d) gan trí bliana trádála as a chéile ar chríochnuigh an bhliain deiridh díobh an 31adh lá de Lúnasa, 1939, do bheith ag an gcuideachtain chomharbais, | |
[EN] | féadfar, ar iarratas ón gcuideachtain chomharbais, an brabús so leanas d'áireamh mar bhrabús leis an gcuideachtain chomharbais d'fhonn brabús caighdeánach na cuideachtan san d'áireamh, sé sin le rá, an brabús do rinneadh in aon bhliain trádála no blianta trádála agus fhéadfaí thabhairt i gcuntas, d'fhonn brabús caighdéanach na cuideachtan réamhtheachtaighe d'fhionnachtain, dá mba ná tárlódh an comharbas san agus go leanfadh an chuideachta réamhtheachtach den trádáil no an gnó san do bheith ar siúl aca agus go dtiocfaidís chun bheith ionchurtha fé cháin bhrabúis chorparáide bhreise maidir le brabús an ghnótha san. | |
[EN] | (2) I gcás ina ndéanfar iarratas fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so agus ina dtabharfar éifeacht don iarratas san, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le brabús na cuideachtan comharbais d'eirigh in aon tréimhse chuntasaíochta no cuid de thréimhse chuntasaíochta d'fhionnachtain chun cáin bhrabúis chorparáide bhreise do mhuirearú, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) ní bheidh feidhm ag alt 41 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ), ar n-a leasú leis an Acht so; | |
[EN] | (b) más cuideachta go leas urlámhach ag á stiúrthóirí inti an chuideachta chomharbais, ní raghaidh méid iomlán na n-asbhaintí is ion-lomhálta alos luach saothair na stiúrthóirí thar méid iomlán na n-asbhaintí lomhálfar alos luach saothair na stiúrthóirí nuair a bheidh brabús caighdeánach na cuideachtan comharbais á fhionnachtain; | |
[EN] | (c) déanfar, i gcás inar gá san, méid aon asbhainte mar gheall ar chaitheamh no athnuachaintí no seandú aon inneallra no gléasra do fuair an chuideachta chomharbais ón gcuideachtain réamhtheachtach do laghdú i slí áiritheoidh nach mó an asbhaint sin ná an asbhaint do lomhálfaí alos an inneallra no an ghléasra san dá mbeifí á fhionnachtain, chun cáin bhrabúis chorparáide bhreise do mhuirearú, cadé brabús na cuideachtan réamhtheachtaighe dá leanadh an chuideachta san de bheith ag gabháil, i rith na tréimhse cuntasaíochta iomchuibhe no aon choda dhi, don trádáil no don ghnó luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo adubhradh agus go gcoinneoidís an t-inneallra agus an gléasra san chun crícheanna na trádála no an ghnótha san a mbeifí ag gabháil dó amhlaidh. | |
[EN] | (3) Beidh feidhm agus éifeacht ag an alt so maidir le gach tréimhse chuntasaíochta dar tosach an ladh lá d'Eanar, 1941, no dáta dá éis sin agus maidir leis an gcuid i ndiaidh an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1940, d'aon tréimhse chuntasaíochta do thosnuigh roimh an 1adh lá d'Eanar, 1941. | |
[EN] |
Forálacha maidir le heasnaimh bhrabúis i dtréimhsí cuntasaíochta áirithe. |
14. —(1) Chun crícheanna an ailt seo is tréimhse chuntasaíochta ionmhuirir gach tréimhse chuntasaíochta dar tosach an 1adh lá d'Eanar, 1941, no dáta dá éis sin, agus fós an chuid i ndiaidh an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1940, de thréimhse chuntasaíochta do thosnuigh an 1adh lá d'Eanar, 1941, agus do chríochnuigh an lá san no dá éis, agus déanfar an abairt “tréimhse chuntasaíochta ionmhuirir” do léiriú dá réir sin san alt so. |
[EN] | (2) Chun crícheanna an ailt seo is tuigthe easnamh brabúis do bheith ar chuideachtain i dtréimhse chuntasaíochta ionmhuirir i gcás brabús na cuideachtan san, in aghaidh na tréimhse sin, ar n-a áireamh chun cáin bhrabúis chorparáide bhreise do mhuirearú, do bheith níos lugha ná brabús caighdeánach na cuideachtan san no caillteanas do bheith ar an gcuideachtain sin sa tréimhse sin no gan an chuideachta san do dhéanamh brabúis ná caillteanas do bheith ortha sa tréimhse sin, agus déanfar tagairtí san alt so d'easnamh brabúis do léiriú dá réir sin. | |
[EN] | (3) I gcás easnamh brabúis do bheith ar chuideachtain i dtréimhse chuntasaíochta ionmhuirir, is tuigthe, chun crícheanna an ailt seo, gurb é is méid don easnamh bhrabúis sin ná— | |
[EN] | (a) má bhíonn an chuideachta san tar éis brabús do dhéanamh sa tréimhse sin—an méid dar lugha an brabús san ná brabús caighdeánach na cuideachtan san, no | |
[EN] | (b) má bhíonn caillteanas tar éis a bheith ar an gcuideachtain sin sa tréimhse sin—iomlán méide an chaillteanais sin agus brabúis chaighdeánaigh na cuideachtan san, no | |
[EN] | (c) má bhíonn an chuideachta san gan aon bhrabús do dhéanamh ná aon chaillteanas do bheith ortha sa tréimhse sin—méid brabúis chaighdeánaigh na cuideachtan san. | |
[EN] | (4) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach easnamh brabúis a bheidh ar chuideachtain i dtréimhse chuntasaíochta ionmhuirir, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) aon uair a bheidh easnamh brabúis ar chuideachtain i dtréimhse chuntasaíochta ionmhuirir, úsáidfear an t-easnamh brabúis sin, faid a ragha sé, chun laghdú do dhéanamh ar an méid iomlán de bhrabús na cuideachtan san dob ionehurtha fé cháin bhrabúis chorparáide bhreise i ngach ceann roimhe sin (má b'ann) de thréimhsí cuntasaíochta ionmhuirir na cuideachtan san no, maran lugha an t-easnamh brabúis sin ná an méid iomlán san, chun an méid sin do mhúchadh, agus i gcás ná déanfar, toisc an t-easnamh brabúis sin do bheith níos mó ná an méid iomlán san, an t-easnamh brabúis sin d'ídiú de chionn na húsáide sin no i gcás nach féidir, toisc gan aon tréimhse chuntasaíochta ionmhuirir do bheith ann roimhe sin maidir leis an gcuideachtain sin, an t-easnamh brabúis sin d'úsáid amhlaidh ar aon chor, déanfar an t-easnamh brabúis sin no an méid sin de bheidh fanta tar éis na húsáide sin (do réir mar a bheidh) do thabhairt ar aghaidh agus déanfar, sa chéad tréimhse chuntasaíochta ionmhuirir eile de chuid na cuideachtan san ina mbeidh brabús is ionchurtha fé cháin bhrabúis chorparáide bhreise ag an gcuideachtain sin, é d'úsáid, faid a ragha sé, chun an bhrabúis sin do laghdú no (más féidir) do mhúchadh agus, mara mbeidh an t-easnamh brabúis sin ídithe dá chionn san leanfar den tabhairt-ar-aghaidh agus de na próiseasaí eile sin go dtí go mbeidh an t-easnamh brabúis sin ídithe dá chionn; | |
[EN] | (b) aon uair a bheidh easnamh brabúis (dá ngairmtear an t-easnamh is luaithe sa mhír seo) ar an gcuideachtain sin i dtréimhse chuntasaíochta ionmhuirir agus a bheidh easnamh brabúis eile (dá ngairmtear an t-easnamh is déanaighe sa mhír seo) ar an gcuideachtain sin i dtréimhse chuntasaíochta ionmhuirir ina dhiaidh sin agus, an tráth a thárlóidh an t-easnamh is déanaighe, ná beifear tar éis an t-easnamh is luaithe d'úsáid fén mír sin roimhe seo den fho-alt so no (má bítear tar éis é úsáid amhlaidh) ná beidh sé ídithe de chionn na húsáide sin, déanfar an t-easnamh is déanaighe d'adú (do réir mar is oiriúnach) leis an easnamh is luaithe no le pé méid den easnamh is luaithe bheidh fanta tar éis na húsáide sin agus déanfar an méid do gheobhfar de bharr an aduithe sin d'úsáid do réir na míre sin roimhe seo adubhradh fé is dá mb'easnamh brabúis aonair é; | |
[EN] | (c) beidh feidhm ag an mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so, gus na modhnuithe uirthi is gá, aon uair a thárlóidh, i gcás le n-a mbaineann an mhír sin, dhá easnamh bhrabúis no níos mó do bheith ar an gcuideachtain sin sara mbeifear tar éis easnamh brabúis is luaithe d'úsáid fé mhír (a) den fho-alt so no sara mbeidh an t-easnamh brabúis is luaithe sin (má bítear tar éis é úsáid amhlaidh) ídithe de chionn na húsáide sin; | |
[EN] | (d) déanfar na méideanna so leanas do dhúnadh amach o áireamh an mhéid iomláin a luaidhtear i mír (a) den fho-alt so, sé sin le rá, an méid de bhrabús uile (más ann) na cuideachtan san do múchadh, tráth ar bith roimh an áireamh san do dhéanamh, fé na forálacha san roimhe seo den fho-alt so agus na méideanna uile (más ann) dá ndearnadh, tráth ar bith roimh an áireamh san do dhéanamh, brabús na cuideachtan san do laghdú fé na forálacha san roimhe seo adubhradh. | |
[EN] | (5) D'fhonn a dhéanamh amach cé aca bhí no ná raibh easnamh brabúis ar chuideachtain i dtréimhse chuntasaíochta ionmhuirir is lugha ná dhá mhí dhéag agus d'fhonn a áireamh cadé méid an easnaimh bhrabúis sin (má b'ann), is tuigthe gurb ionann brabús caighdeánach na cuideachtan san agus an tsuim a mbeidh idir í agus brabús caighdeánach na cuideachtan san, ar n-a áireamh fé Chuid V den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941) , agus fén gCuid seo den Acht so, an cothrom céanna bheidh idir an tréimhse chuntasaíochta ionmhuirir sin agus dhá mhí dhéag. | |
[EN] | (6) Déanfar caillteanas cuideachtan i dtréimhse chuntasaíochta ionmhuirir d'áireamh chun crícheanna an ailt seo sa tslí inar gá do réir dlí brabús d'áireamh chun cáin bhrabúis chorparáide bhreise do mhuirearú. | |
[EN] | (7) Aon fhaoiseamh a dtiocfaidh cuideachta chun bheith i dteideal chuige de bhuadh an ailt seo bhéarfar é tré aisíoc no ar shlí eile. | |
[EN] | (8) Beidh ag fo-alt (6) d'alt 56 den Finance Act, 1920. agus fós ag oiread d'fho-alt (7) den alt san, agus de na rialacháin ar n-a ndéanamh fé, a bhaineann le hathchomhairc, feidhm agus éifeacht, gus na modhnuithe ortha is gá, maidir le faoiseamh do thabhairt fén alt so (le n-a n-áirmhítear méid aon fhaoisimh den tsórt san) sa tslí ina mbainid le cáin bhrabúis chorparáide bhreisé do mheas. | |
[EN] |
Alt 35 den Acht Airgeadais, 1941 , do leasú. |
15. —Déanfar fo-alt (1) d'alt 35 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ), do léiriú agus beidh éifeacht aige agus is tuigthe éifeacht do bheith riamh aige fé is dá gcuirtí an mhír seo leanas isteach ann in ionad na míre (c) atá anois ann, sé sin le rá:— |
[EN] | “(c) ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt 45 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ), ná ag fo-alt (2) d'alt 30 den Acht Airgid, 1926 ( Uimh. 35 de 1926 ), agus ina ionad san déanfar mír (a) den phrovíso ghabhann le fo-alt (1) d'alt 52 den Finance Act, 1920, do léiriú agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí na focail ‘two thousand, five hundred pounds’ isteach ann in ionad na bhfocal ‘five hundred pounds’ gach áit ina bhfuil na focail sin is déanaighe luaidhtear sa mhír sin.” | |
[EN] |
Alt 39 den Acht Airgeadais, 1941 , do leasú. |
16. —(1) Déanfar alt 39 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ), do léiriú agus beidh éifeacht aige agus is tuigthe éifeacht do bheith riamh aige fé is dá gcuirtí an fo-alt so leanas isteach ann in ionad an fho-ailt (2) atá anois ann, sé sin le rá:— |
[EN] | “(2) Is tuigthe chun crícheanna an ailt seo gurb é is íocaíochta caighdeánacha cuideachtan alos díbhinní agus úis in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta no coda de thréimhse chuntasaíochta ná an méid is gá chun an méid sin aca so leanas is mó do sholáthar, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) méid iomlán na n-íocaíocht so leanas in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta san no na coda san de thréimhse chuntasaíochta, sé sin le rá:— | |
[EN] | (i) na díbhinní ar stoc no scaireanna tosaíochta íoctha na cuideachtan do réir an ráta shocair ar dá réir is iníoctha na díbhinní sin, agus | |
[EN] | (ii) díbhinní do réir sé fén gcéad sa bhliain ar ghnáthstoc no gnáth-scaireanna íoctha na cuideachtan, agus | |
[EN] | (iii) ús ar bhintiúirí no ar stoc bhintiúra na cuideachtan (seachas bintiúirí no stoc bintiúra ar n-a n-eisiúint mar urrús ar ró-tharraing bhaine) do réir an ráta shocair ar dá réir is iníoctha an t-ús san, no | |
[EN] | (b) méid iomlán na n-íocaíocht so leanas in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta san no na coda san de thréimhse chuntasaíochta, sé sin le rá:— | |
[EN] | (i) díbhinní ar stoc no scaireanna tosaíochta íoctha na cuideachtan, más roimh an 1adh lá d'Eanar, 1934, do hionchorpruíodh an chuideachta, do réir seacht go leith fén gcéad sa bhliain no, más ar an dáta san no dá éis do hionchorpruíodh an chuideachta, do réir naoi fén gcéad sa bhliain, agus | |
[EN] | (ii) díbhinní ar ghnáth-stoc no gnáth-scaireanna íoctha na cuideachtan, más roimh an 1adh lá d'Eanar, 1934, do hionchorpruíodh an chuideachta, do réir seacht go leith fén gcéad sa bhliain no, más ar an dáta san no dá éis do hionchorpruíodh an chuideachta, do réir naoi fén gcéad sa bhliain, agus | |
[EN] | (iii) ús ar bhintiúirí no ar stoc bhintiúra na cuideachtan (seachas bintiúirí no stoc bintiúra ar n-a n-eisiúint mar urrús ar ró-tharraing bhaine), más roimh an 1adh lá d'Eanar, 1934, do hionchorpruíodh an chuideachta, do réir seacht go leith fén gcéad sa bhliain no, más ar an dáta san no dá éis do hionchorpruíodh an chuideachta, do réir naoi fén gcéad sa bhliain.” | |
[EN] | (2) Nuair a bheidh áireamh á dhéanamh, fé fho-alt (2) d'alt 39 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ), (ar n-a leasú leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so), ar íocaíochta caighdeánacha alos díbhinní agus úis in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta no coda de thréimhse chuntasaíochta cuideachtan eiseoidh caipital tar éis an 6adh lá de Bhealtaine, 1942, agus roimh dheireadh na tréimhse cuntasaíochta san no na coda san de thréimhse chuntasaíochta, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) déanfar an abairt “ráta socair”, gach áit ina bhfuil sí sa bhfo-alt san (2) (ar n-a leasú amhlaidh), do léiriú agus beidh éifeacht aicí maidir leis na díbhinní no leis an ús ar an gcaipital san a heiseofar amhlaidh no ar aon chuid den chaipital san— | |
[EN] | (i) más roimh an 1adh lá d'Eanar, 1934, do hionchorpruíodh an chuideachta san, mar abairt a chialluíonn an ráta san aca sa leanas is lugha, sé sin le rá, an ráta socair ar dá réir is iníoctha iarbhfír na díbhinní no an t-ús san (do réir mar a bheidh) no ráta seacht go leith fén gcéad sa bhliain, no | |
[EN] | (ii) más ar an 1adh lá d'Eanar, 1934, no dá éis do hionchorpruíodh an chuideachta san, mar abairt a chialluíonn an ráta san aca so leanas is lugha, sé sin le rá, an ráta socair ar dá réir is iníoctha iarbhfír na díbhinní no an t-ús san (do réir mar a bheidh) no ráta naoi fén gcéad sa bhliain; | |
[EN] | (b) mara ndéanaidh na Coimisinéirí Ioncuim mar gheall ar thosca speisialta a mhalairt d'ordú in aon chás áirithe, beidh feidhm agus éifeacht ag an bhfo-mhír aca so leanas is infheidhme sa chás, sé sin le rá:— | |
[EN] | (i) másé an chéad eisiúint chaipitail ag an gcuideachtain sin an caipital san do heisíodh amhlaidh agus ná cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim an caipital san do bheith lán-ionaduithe ag sócmhainní tadhaill do bhí ar únaeracht ag an gcuideachtain sin an tráth do heisíodh an caipital san, déanfar an méid sin (pé aca cuid no an t-iomlán é) den chaipital san ná fuil, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ionaduithe amhlaidh do dhúnadh amach agus d'asbhaint o chaipital na cuideachtan san chun na críche bhaineann le háireamh na n-íocaíocht caighdeánach san alos díbhinní agus úis agus, má bhíonn níos mó ná aon tsaghas amháin caipitail sa chaipital san, déanfar an méid den chaipital san a bheidh le dúnadh amach agús le hasbhaint mar adubhradh do chionroinnt go rátúil ar na saghsanna éagsúla den chaipital san, no | |
[EN] | (ii) marab í an chéad eisiúint chaipitail ag an gcuideachtain sin an caipital do heisíodh amhlaidh agus ná cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim méadú do bheith tagtha, le linn an chaipitail sin do heisíodh amhlaidh d'éisiúint, ar shócmhainní tadhaill na cuideachtan san ar lán-choibhneas le méid an chaipitail sin, déanfar an méid sin (pé aca cuid no an t-iomlán é) den chaipital san do heisíodh amhlaidh agus ná fuil lán-ionaduithe ag an méadú san ar na sóchmainní tadhaill sin do dhúnadh amach agus d'asbhaint o chaipital na cuideachtan san chun na críche bhaineann le háireamh na n-íocaíocht caighdeánach san alos díbhinní agus úis agus, má bhíonn níos mó ná aon tsaghas amháin caipitail sa chaipital san do heisíodh amhlaidh, déanfar an méid den chaipital san a bheidh le dúnadh amach agus le hasbhaint mar adubhradh do chionroinnt go rátúil-ar na saghsanna éagsúla den chaipital san; | |
[EN] | (c) sa bhfo-alt so— | |
[EN] | (i) déanfar stoc no scaireanna tosaíochta, gnáth-stoc no gnáth-scaireanna agus bintiúirí no stoc bintiúra (seachas bintiúirí no stoc bintiúra ar n-a n-eisiúint mar urrús ar ró-tharraing bhainc) agus ní héinní eile d'áireamh mar chaipital, agus léireofar an focal “caipital” dá réir sin, | |
[EN] | (ii) is tuigthe gurb é is méid aon chaipitail áirithe ná a mhéid ainmniúil, | |
[EN] | (iii) is tuigthe gur saghas éagsúil caipitail stoc no scaireanna tosaíochta, gnáth-stoc no gnáth-scaireanna agus bintiúirí no stoc bintiúra (seachas mar adubhradh) fé seach. | |
[EN] |
Alt 41 den Acht Airgeadais, 1941 , do leasú. |
17. —(1) Déanfar alt 41 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ), do léiriú agus beidh éifeacht aige agus is tuigthe éifeacht do bheith riamh aige fé is dá gcuirtí an fo-alt so leanas isteach ann in ionad an fho-ailt (3) atá anois ann, sé sin le rá:— |
[EN] | “(3) I bhfo-alt (1) den alt so, cialluíonn an abairt ‘íocaíochta caighdeánacha alos na heisiúna nua san’ an méid is gá chun pé méid aca so leanas is mó do sholáthar, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) méid iomlán na n-íocaíocht so leanas in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta san no na coda san de thréimhse chuntasaíochta, sé sin le rá:— | |
[EN] | (i) na díbhinní ar an méid sin (más aon mhéid é) den stoc, no de na scaireanna, tosaíochta íoctha san do bhí san eisiúint nua san—do réir an ráta shocair ar dá réir is iníoctha na díbhinní sin, agus | |
[EN] | (ii) díbhinní do réir sé fén gcéad sa bhliain ar an méid sin (más aon mhéid é) den ghnáth-stoc, no de na gnáth-scaireanna, íoctha san do bhí san eisiúint nua san, agus | |
[EN] | (iii) ús ar an méid sin (más aon mhéid é) de na bintiúirí no den stoc bhintiúra (seachas bintiúirí no stoc bintiúra do heisíodh le cur in ionad a gcó-mhéid sin de bhintiúirí no de stoc bhintiúra do heisíodh roimh dheireadh na bliana trádála do chríochnuigh sa bhliain dar chríoch an 31adh lá de Lúnasa, 1939) do bhí san eisiúint nua san—do réir an ráta shocair ar dá réir is iníoctha an t-ús san, no | |
[EN] | (b) méid iomlán na n-íocaíocht so leanas in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta san no na coda san de thréimhse chuntasaíochta, sé sin le rá:— | |
[EN] | (i) díbhinní ar an méid sin (más aon mhéid é) den stoc, no de na scaireanna, tosaíochta íoctha san do bhí san eisiúint nua san, más roimh an 1adh lá d'Eanar, 1934, do hionchorpruíodh an chuideachta, do réir seacht go leith fén gcéad sa bhliain no, más ar an dáta san no dá éis do hionchorpruíodh an chuideachta, do réir naoi fén gcéad sa bhliain, agus | |
[EN] | (ii) díbhinní ar an méid sin (más aon mhéid é) den ghnáth-stoc, no de na gnáth-scaireanna, íoctha san do bhí san eisiúint nua san, más roimh an 1adh lá d'Eanar, 1934, do hionchorpruíodh an chuideachta, do réir seacht go leith fén gcéad sa bhliain no, más ar an dáta san no dá éis do hionchorpruíodh an chuideachta, do réir naoi fén gcéad sa bhliain, agus | |
[EN] | (iii) ús ar an méid sin (más aon mhéid é) de na bintiúirí no den stoc bhintiúra (seachas bintiúirí no stoc bintiúra do heisíodh le cur in ionad a gcó-mhéid sin de bhintiúirí no de stoc bhintiúra do heisíodh roimh dheireadh na bliana trádála do chríochnuigh sa bhliain dar chríoch an 31adh lá de Lúnasa, 1939) do bhí san eisiúint nua san, más roimh an 1adh lá d'Eanar, 1934, do hionchorpruíodh an chuideachta, do réir seacht go leith fén gcéad sa bhliain no, más ar an dáta san no dá éis do hionchorpruíodh an chuideachta, do réir naoi fén gcéad sa bhliain.” | |
[EN] | (2) Nuair a bheidh áireamh á dhéanamh, fé fho-alt (3) d'alt 41 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ), (ar n-a leasú leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so), ar na híocaíochta caighdeánacha alos stuic no scair-chaipitail no bintiúirí no stuic bhintiúra dá ugairmtear an eisiúint nua san alt san in aon tréimhse chuntasaíochta no cuid de thréimhse chuntasaíochta, déanfar an abairt “ráta socair”, gach áit ina bhfuil sí sa bhfo-alt san (3) (ar n-a leasú amhlaidh), do léiriú agus beidh éifeacht aici maidir le díbhinní no ús ar an méid sin (pé aca is cuid no an t-iomlán é) den eisiúint nua san do rinneadh tar éis an 6adh lá de Bhealtaine, 1942, agus roimh dheireadh na tréimhse cuntasaíochta san no na coda san de thréimhse chuntasaíochta— | |
[EN] | (a) más roimh an 1adh lá de Bhealtaine, 1934, do hionchorpruíodh an chuideachta san, mar abairt a chialluíonn an ráta san aca so leanas is lugha, sé sin le rá, an ráta socair ar dá réir is iníoctha iarbhfír na díbhinní no an t-ús (do réir mar a bheidh) ar ina leith a húsáidtear an abairt sin no ráta seacht go leith fén gcéad sa bhliain, no | |
[EN] | (b) más ar an ladh lá d'Eanar, 1934, no dá éis do hionchorpruíodh an chuideachta san, mar abairt a chialluíonn an ráta san aca so leanas is lugha, sé sin le rá, an ráta socair ar dá réir is iníoctha iarbhfír na díbhinní no an t-ús (do réir mar a bheidh) ar ina leith a húsáidtear an abairt sin no ráta naoi fén gcéad sa bhliain. | |
[EN] |
Alt 43 den Acht Airgeadais, 1941 , do leasú. |
18. —(1) Leasuítear leis seo alt 43 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ), tríd an bhfo-mhír (ii) seo leanas do chur isteach i mír (a) de in ionad na fo-mhíre (ii) atá anois sa mhír sin, sé sin le rá:— |
[EN] | “(ii) méid an luach saothair do lomháladh nuair do bhí brabús caighdeánach na cuideachtan san á chinneadh no do lomhálfaí amhlaidh dá mbeadh gach tagairt do shuim dhá mhíle agus cúig céad punt scriosta, nuair do bhí an brabús caighdeánach san á chinneadh, as na forálacha sa Chuid seo den Acht so bhaineann le brabús caighdeánach do chinneadh;”. | |
[EN] | (2) Beidh feidhm agus éifeacht maidir le gach tréimhse chuntasaíochta chríochnóidh tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1941, ag an leasú déantar ar an alt san 43 leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so. | |
[EN] |
Oibriú forálacha áirithe i gcás cáinmheasa dheiridh. |
19. —I gcás foráil dá bhfuil sa Chuid seo den Acht so do bhaint le tréimhse chuntasaíochta no cuid de thréimhse chuntasaíochta do chríochnuigh roimh dháta an Achta so do rith (pé aca a bhaineann no ná baineann freisin le tréimhse chuntasaíochta no cuid de thréimhse chuntasaíochta dar críoch an dáta san no dáta dá éis), féadfar éifeacht do thabhairt don fhoráil sin maidir le haon tréimhse chuntasaíochta no cuid de thréimhse chuntasaíochta den tsórt san do chríochnuigh roimh an dáta san d'ainneoin cáinmheas in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta san no na coda san de thréimhse chuntasaíochta do bheith tagtha chun bheith ina cháinmheas dheiridh. |
[EN] |
An Chuid seo den Acht so do léiriú. |
20. —Léighfear agus léireofar le chéile an Chuid seo den Acht so agus Cuid V den Finance Act, 1920, ar n-a leasú no ar n-a leathnú le hachtacháin ina dhiaidh sin, agus, go sonnrach, léighfear agus léireofar le chéile í féin agus Cuid V den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941) . |