An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Cain Bhrabuis Chorparaide.)

14 1942

ACHT AIRGEADAIS, 1942

CUID V.

Ilghneitheach agus Generalta.

Diúité stampa ar cheadúnas bhancaera.

21. —(1) Déanfar diúité stampa de phunt d'éileamh agus d'íoc ar gach ceadúnas bancaera.

(2) San alt so cialluíonn an abairt “ceadúnas bancaera” ceadúnas chun gnó bancaerachta do sheoladh ar n-a thabhairt amach ag na Coimisinéirí Ioncuim fé Acht ar n-a rith ag an Oireachtas sa bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1942.

Alt 29 den Acht Airgeadais, 1940 , do leasú.

22. —(1) Chun deireadh do chur le hamhrais, dearbhuítear agus achtuítear leis seo gur oibrigh an fheidhm a tugadh, tré alt 29 den Acht Airgeadais, 1940 ( Uimh. 14 de 1940 ), maidir le Banc Taisce Phost-Oifig na hÉireann, do na reachtanna agus na horduithe agus na rialacháin reachtúla luaidhtear san alt san chun a údarú airgead leis an mBanc san do shuncáil (pé aca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) in aon cheann amháin no níos mó de na stuic, na cistí, agus na hurrúsanna atá orduithe le dlí, le linn an Achta so do rith, chun iarmhéideanna i gcreidiúnas do Chiste na gCairteacha Coigiltis (Có-ionannú Us-mhuirir) do shuncáil ionta.

(2) San alt so tá leis an abairt “Banc Taisce Phost-Oifig na hÉireann” an bhrí chéanna atá léi san alt san 29 den Acht Airgeadais, 1940 (Uimh. 14 de 1940) .

Alt 31 den Acht Airgeadais, 1910, do leasú.

23. —(1) Déantar leis seo fo-alt (3) d'alt 31 den Acht Airgeadais, 1940 ( Uimh. 14 de 1940 ), do leasú agus do mhodhnú mar leanas, sé sin le rá:—

(a) an scur a déantar ar alt 3 den Savings Banks Act, 1880, le mír (c) den fho-alt san (3) beidh feidhm aige agus is tuigthe feidhm do bheith riamh aige maidir leis an alt san sa mhéid go mbaineann sé le lóisteála do shuncáil agus sa mhéid sin amháin;

(b) déantar leis seo na comhachta do bheirtear don Aire Airgeadais le míreanna (e), (f), agus (g) den fho-alt san (3) d'aistriú chun an Aire Puist agus Telegrafa agus isé fheidhmeoidh feasta iad (fé réir na céad mhíre ina dhiaidh seo den fho-alt so), agus déanfar an abairt “an tAire” do léiriú agus beidh éifeacht aici dá réir sin gach áit ina bhfuil sí in aon mhír aca san;

(c) ní dhéanfaidh an tAire Puist agus Telegrafa aon rialacháin fén mír sin (f) den fho-alt san (3) gan toiliú an Aire Airgeadais.

(2) Chun deireadh do chur le hamhrais dearbhuítear agus achtuítear leis seo maidir leis na reachtanna agus na horduithe, na rialacha, agus na rialacháin reachtúla uile agus fé seach i dtaobh bancanna taisce iontaobhais do bhí i bhfeidhm díreach roimh bhunú Shaorstáit Éireann gur leanadar de bheith i bhfeidhm ar an lá agus tar éis an lae do ceapadh fé alt 31 den Acht Airgeadais, 1940 , chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an ailt sin, ach san fé réir forálacha an ailt sin 31 ar n-a leasú leis an alt so.

(3) Féadfaidh an tAire Puist agus Telegrafa o am go ham le hordú, ar n-a dhéanamh le toiliú an Aire Airgeadais, pé oiriúnuithe agus modhnuithe do dhéanamh (pé aca tré adú no leigint-ar-lár no athrú é) ar na reachtanna agus na horduithe agus na rialacha agus na rialacháin reachtúla uile agus fé seach dá dtagartar sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so a chífear dó do bheith riachtanach no oiriúnach chun na reachtanna, na horduithe, na rialacha, agus na rialacháin sin do riaradh go caothúil éifeachtúil no chun lán-fheidhm agus lán-éifeacht do thabhairt dóibh ag féachaint d'fhorálacha an Bhunreachta agus ailt 31 (ar n-a leasú leis an alt so) den Acht Airgeadais, 1940 (Uimh. 14 de 1940) , ach ní i slí a dhéanfaidh dochar ná deifir d'aon cháin no diúité is iníoctha leis an bPrímh-Chiste no chun tairbhe an Phrímh-Chiste.

(4) An tsaoirse o cháin do bheirtear le mír (a) d'fho-alt (3) d'alt 39 den Income Tax Act, 1918, do bhainc thaisce bheidh deimhnithe fén Savings Bank Act, 1863, bainfe sí le hús agus díbhinní o shuncálanna airgid i gcreidiúnas don chuntas speisialta ar n-a oscailt de bhun fo-ailt (3) d'alt 31 den Acht Airgeadais, 1940 ( Uimh. 14 de 1940 ), agus is tuigthe í do bhaint leo amhlaidh amhail ar an lá, agus ón lá, do ceapadh fén alt san 31 chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an ailt sin.

Airgead d'aistriú ón Ród-Chiste chun an Stát-Chiste.

24. —D'fhonn airgead do sholáthar chun éilithe generálta thuitfidh ar an bPrímh-Chiste d'íoc, déanfar suim céad míle punt d'aistriú agus d'íoc as an Ród-Chiste chun an Stát-Chiste, agus leis, an tráth no na trátha san sa bhliain airgeadais dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1943, agus sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais.

Deireadh do chur le cáinmheasa chun diúité bhrahúis bhreise.

25. —D'ainneoin éinní atá in aon achtachán dá bhfuil i bhfeidhm anois, ní déanfar aon cháinmheas ná cáinmheas breise chun diúité bhrabúis bhreise tar éis dáta an Achta so do rith.

Cúram agus bainistighe cánacha agus diúitéthe.

26. —Cuirtear fé chúram agus fé bhainistighe na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo na cánacha agus na diúitéthe uile forchuirtear leis an Acht so.

Gearr-theideal, léiriú, agus tosach feidhme.

27. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1942 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar Cuid I den Acht so i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncuim agus léireofar Cuid II den Acht so, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe custum, i dteannta na nAchtanna Custum agus, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe máil, i dteannta na reachtanna bhaineann leis na diúitéthe máil agus le bainistighe na ndiúitéthe sin.

(3) Is tuigthe Cuid I den Acht so do theacht i bhfeidhm an 6adh lá d'Abrán, 1942, agus beidh éifeacht aici amhail ar an lá san agus ón lá san amach.