An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhraiteach agus Generalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Leasuithe Iomdha ar an bPriomh-Acht.)

26 1942

ACHT UM CHLÁRÚ TEIDIL, 1942

CUID II.

Udarais Chlarathachta agus a nOifigigh.

An Clárathóir Teideal.

7. —(1) Ceapfar an Clárathóir Teideal ag an Riaghaltas agus beidh sé i seilbh oifige faid is toil leis an Riaghaltas.

(2) Ní ceapfar éinne chun bheith ina Chlárathóir Teideal mara mbeidh sé, tráth a cheaptha, ina abhcóide no ina atúrnae agus ocht mbliana ar a laghad tugtha aige ag cleachtadh a ghairme.

(3) Chun crícheanna an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so is tuigthe seirbhís abhcóide no atúrnae i bpost sa Stát-Sheirbhís do bheith ina cleachtadh gairme aige.

(4) Fé réir an duine ceapfar chuice do bheith ina shláinte tráth a cheaptha is oifig inphinsin do réir na nAchtanna Aoisliúntas a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire oifig an Chlárathóra Teideal, agus féadfár pé aoisliúntas agus liúntais eile agus pé aiscí do dheonadh don Chlárathóir Teideal ar dhul as oifig dó, no dá ionadaidhe pearsanta dlíthiúil ar fháil bháis dó, dob indeonta don Chlárathóir Teideal san fé na hAchtanna san dá mb'amhlaidh a bheadh sé ceaptha chun stát-sheirbhís bhuan na hÉireann maille le deimhniú o Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse.

(5) Beidh gach Clárathóir Teideal i seilbh oifige ar pé téarmaí agus coinníollacha agus gheobhaidh, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, pé luach saothair ordóidh an tAire Airgeadais o am go ham.

(6) Raghaidh an Clárathóir Teideal as oifig nuair a shlánóidh cúig bliana seascad d'aois ach féadfaidh an tAire, le haontú an Aire Airgeadais, an aois sin chun dul as oifig do shíneadh, i gcás aon Chlárathóra Teideal áirithe, go haois ar bith nach mó ná seachtó bliain.

(7) An duine ceapfar fén alt so chun bheith ina Chlárathóir Teideal féadfaidh an Riaghaltas é cheapadh freisin chun bheith ina Chlárathóir Dintiúirí agus, má ceaptar é amhlaidh, bhéarfar an Clárathóir Dintiúirí agus Teideal mar ainm air, ach leanfaidh na forálacha san roimhe seo den alt so de bhaint leis mar do bhainfeadh dá leanadh sé de bheith ina Chlárathóir Teideal amháin.

(8) Ní bheidh éifeacht feasta ag an méid sin d'alt 8 de reacht Éireannach do ritheadh roimh an Aondacht sa 6adh bliain de réimeas na Bainríona Anne, caibidil a dó, dar teideal “an Act for the Publick Registering of all Deeds, Conveyances and Wills”, etc., arna leasú le halt 2 den Registry of Deeds (Ireland) Act, 1832. lena n-achtuítear go raghaidh an Clárathoir Dintiúirí agus na clárathóirí conganta, roimh thosnú dhóibh ar dhualgais a n-oifigí fé seach, fé bhanna, gach duine fé leith aca, sa tslí agus sa tsuim a luaidhtear sa chéanna.

Oifigigh údarás clárathachta.

8. —(1) Beidh ag gabháil leis an bpríomh-oifig agus le gach oifig áitiúil pé oifigigh agus seirbhísigh, agus pé méid díobh, a mheasfaidh an tAire o am go ham, le haontú an Aire Airgeadais, do bheith riachtanach.

(2) Gach oifigeach agus seirbhíseach a bheidh ag gabháil leis an bpríomh-oifig no le haon oifig áitiúil beidh sé i seilbh a phuist ar pé téarmaí agus coinníollacha agus gheobhaidh, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, pé luach saothair ordóidh an tAire Airgeadais o am go ham.

Údarás clárathachta áitiúil.

9. —(1) Fé réir stiúrtha agus urláimhe an Chlárathóra Teideal i dtaobh na nithe sin a bheidh orduithe, beidh gach oifig áitiúil fé bhainistighe agus urláimh chlárathóra chontae na contae ina mbeidh an oifig áitiúil sin, agus is san Oifig Chúirte Cuarda sa chontae sin agus don chontae sin a déanfar gnó na hoifige áitiúla san.

(2) Is údarás clárathachta áitiúil chun crícheanna an Phríomh-Achta gach clárathóir contae (seachas an clárathóir contae do chontae-bhuirg agus contae Bhaile Atha Cliath) agus, d'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (7) d'alt 4 den Phríomh-Acht, léireofar na tagairtí atá san Acht san no san Acht so don údarás clárathachta áitiúil mar thagairtí don chlárathóir chontae (seachas an clárathóir contae do chontae-bhuirg agus contae Bhaile Atha Cliath).

(3) Chun crícheanna an Phríomh-Achta agus an Achta so lean faidh contae Chorcaighe agus contae-bhuirg Chorcaighe de bheith ina n-aon chontae amháin.

(4) Is fé réir forálacha fo-ailt (3) d'alt 11 den Acht so bheidh éifeacht ag an alt so.

Comhachta údarás clárathachta d'fheidhmiú.

10. —(1) Na comhachta agus na dualgais a bronntar no forchuirtear ar phríomh-údarás clárathachta leis an bPríomh-Acht no leis an Acht so no fé cheachtar aca féadfar iad uile no aon cheann díobh d'fheidhmiú agus do chólíonadh ag pé oifigeach no oifigigh eile bheidh ag gabháil leis an bpríomh-oifig agus a údaróidh an tAire chuige sin o am go ham.

(2) Na comhachta agus na dualgais a bronntar no forchuirtear ar aon údarás clárathachta áitiúil leis an bPríomh-Acht no leis an Acht so no fé cheachtar aca féadfar iad uile no aon cheann díobh d'fheidhmiú agus do chólíonadh ag pé oifigeach no oifigigh eile bheidh ag gabháil leis an oifig áitiúil iomchuibhe agus a údaróidh an tAire chuige sin o am go ham.

(3) Is tuigthe fo-alt (1) d'alt 11 den Phríomh-Acht (d'ainneoin é d'athghairm leis an Acht so) do bheith leasuithe amhail o theacht i bhfeidhm do Chuid I den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924) , tríd an abairt “The Minister for Justice” do chur in ionad na habairte “The Land Judge” i ngach áit ina bhfuil an abairt deiridh sin ann, agus dá réir sin gach ainmniú do rinne an tAire, tar éis teacht i bhfeidhm don Chuid sin I agus roimh dháta an Achta so do rith, ar oifigeach, do bhí sa phríomh-oifig no ag gabháil léi, chun é d'fheidhmiú agus do chólíonadh comhacht agus dualgas an phríomh-údaráis chlárathachta no ar oifigeach, do bhí in oifig áitiúil no ag gabháil léi, chun é d'fheidhmiú agus do chólíonadh dualgas an údaráis chlárathachta áitiúil beidh sé, agus is tuigthe go raibh sé riamh, déanta go bailidhe fén bhfo-alt san (1) arna leasú amhlaidh, agus ní bheidh éinní do rinne aon oifigeach den tsórt san de bhuadh aon ainmnithe den tsórt san neambailidhe ná ionchonspóidte ar an bhforas go raibh an t-ainmniú san nea-mbailidhe.

Gníomhartha daoine áirithe do dhéanamh bailidhe.

11. —(1) Gach duine a bhfuil a ainm leagtha amach sa chéad cholún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so is tuigthe ina thaobh, amhail ón dáta a luaidhtear sa dara colún den Sceideal san os coinne luadh ainme an duine sin sa chéad cholún san, é do bheith ceaptha go bailidhe agus go héifeachtúil fé fho-alt (5) d'alt 4 den Phríomh-Acht, arna oiriúnú le hachtacháin iaraimseardha no fútha, chun é do dhéanamh urláimhe agus bainistighe fén bhfo-alt san ar an oifig áitiúil sa chontae luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san os coinne luadh ainme an duine sin sa chéad cholún san.

(2) Aon ghníomh no rud do rinne duine ar bith a bhfuil a ainm leagtha amach sa chéad cholún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so ar an dáta no tar éis an dáta a luaidhtear sa dara colún den Sceideal san os coinne luadh ainme an duine sin sa chéad cholún san agus roimh dháta an Achta so do rith i bhfeidhmiú, no i bhfeidhmiú uirchiallta, feidhmeanna no dualgaisí údaráis chlárathachta áitiúil fén bPríomh-Acht sa chontae luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san os coinne luadh ainme an duine sin sa chéad cholún san, ní bheidh sé nea-mbailidhe ná neamh-éifeachtúil ná ionchonspóidte ar an bhforas amháin ná raibh an duine sin ceaptha go bailidhe chun bheith ina údarás clárathachta áitiúil sa chontae sin.

(3) Is dleathach do gach duine a bhfuil a ainm leagtha amach sa chéad cholún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so leanúint, tar éis dáta an Achta so do rith, de bheith ag feidhmiú feidhmeanna agus dualgaisí an údaráis chlárathachta áitiúil sa chontae luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san os coinne luadh ainme an duine sin sa chéad cholún san go dtí go dtárlóidh pé ní aca so leanas is túisce thárlóidh, sé sin le rá:—

(a) an tAire do chur deire, le scríbhinn féna láimh, le ceart an duine sin chun na feidhmeanna agus na dualgaisí sin d'fheidhmiú, no

(b) an duine sin d'fháil bháis no é do thabhairt suas a chirt chun na feidhmeanna agus na dualgaisí sin d'fheidhmiú, no

(c) dhá mhí dhéag, no pé tréimhse is sia ná san a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais in aon chás áirithe, do bheith caithte o dháta an Achta so do rith,

agus, ar an dáta ar a dtárlóidh pé ní aca san is túisce thárlóidh, tiocfaidh an clárathóir contae don chontae sin chun bheith agus beidh feasta ina údarás clárathachta áitiúil don chontae sin fé réim agus do réir ailt 9 den Acht so.