An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Udarais Chlarathachta agus a nOifigigh.) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Daoine is Tuigthe do bheith ina nUdarais Chlarathachta Áitiúla i gContaethe Airithe.)

26 1942

ACHT UM CHLÁRÚ TEIDIL, 1942

CUID III.

Leasuithe Iomdha ar an bPriomh-Acht.

Alt 19 den Phríomh-Acht do leasú maidir le síor-chíosa.

12. —I gcás aon tsíor-chíos no ionoidhreacht nea-chorpordha eile, is saor-shealbhaíocht agus é ar seilbh i ngrós, do bheith ag teacht as aon talamh cláruithe saor-sheilbhe no ag déanamh deifre dhó, ansan, d'ainneoin éinní atá in alt 19 den Phríomh-Acht, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an gcíos no an ionoidhreacht san, sé sin le rá:—

(a) ní thiocfaidh d'únaeracht an tailimh sin do chlárú fén bPríomh-Acht, pé aca cláruithe no gan clárú fén bPríomh-Acht don chíos no don ionoidhreacht san mar ualach ar an gcéanna, aon dintiúir no scríbhinn eile bhaineann leis an teideal chun an chíosa no na hionoidhreachta san (seachas an dintiúir no an scríbhinn eile lenar bunuíodh an cíos no an ionoidhreacht san) do shaoradh o fhorálacha na nAchtanna bhaineann le hOifig Chlárathachta na nDintiúirí;

(b) i gcás únaeracht an chíosa no na hionoidhreachta san do chlárú fén bPríomh-Acht i gclár arna choimeád fé alt 54 den Acht san saorfaidh an clárú san, ar dháta a dhéanta agus ón dáta san amach agus pé faid ina dhiaidh sin a bheidh an cíos no an ionoidhreacht san cláruithe amhlaidh, aon dintiúir no scríbhinn eile, arna chólánú no arna theacht i ngníomh tar éis dáta an chláruithe sin agus a bhaineann leis an teideal chun an chíosa no na hionoidhreachta san, o fhorálacha na nAchtanna bhaineann le hOifig Chlárathachta na nDintiúirí;

(c) ní thiocfaidh d'únaeracht an chíosa no na hionoidhreachta san do chlárú mar a luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den alt so go saorfar o fhorálacha na nAchtanna bhaineann le hOifig Chlárathachta na nDintiúirí aon dintiúir no scríbhinn eile bhaineann leis an teideal chun aon tsíor-chíosa no ionoidhreachta nea-chorpordha eile (dá ngairmtear an cíos no an ionoidhreacht uachtarach san sa mhír seo) is saor-shealbhaíocht agus a thagann as an gcíos no an ionoidhreacht san no dhéanann deifir dó ar shlí eile seachas an dintiúir no an scríbhinn eile lenar bunuíodh an cíos no an ionoidhreacht uachtarach san.

Forálacha breise i dtaobh muirear cláruithe.

13. —I gcás duine do chlárú (roimh dháta an Achta so do rith no dá éis sin) fé alt 40 den Phríomh-Acht mar únaer ar mhuirear ar thalamh, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas mar bhreis ar fhorálacha an ailt sin, sé sin le rá:—

(a) ar an airgead colna bheidh urruithe ag an muirear do theacht chun bheith dlite féadfaidh únaer cláruithe an mhuirir no a ionadaidhe pearsanta iarratas do dhéanamh ar shlí achmair chun na Cúirte ag lorg seilbh an tailimh no aon choda den talamh, agus ar an iarratas san d'éisteacht féadfaidh an Chúirt, má mheasann san do bheith ceart, a ordú go dtabharfaí seilbh an tailimh no na coda san de don iarratasóir, agus ar an iarratasóir d'fháil seilbhe an tailimh no na coda san de is tuigthe gur morgáistidhe i seilbh é;

(b) ar dhuine a mbeidh an muirear aistrithe chuige óna únaer cláruithe do chlárú, fé fho-alt (6) den alt san 40, mar únaer ar an talamh, is glanadh san ar an muirear agus ar gach estát, leas, ualach agus iontráil is íochtaraighe ná an muirear.

Srian maidir le deimhniú talmhan do bheith i gcoimeád únaera chláruithe muirir.

14. —(1) Ní bheidh únaer cláruithe muirir i dteideal, de bhíthin amháin é bheith ina únaer ar an muirear san, seilbh do bheith aige ar an deimhniú talmhan i leith an tailimh chláruithe ar a mbeidh an muirear san.

(2) Ní bheidh brí feasta le haon choinníoll i dtaobh muirir chláruithe ar thalamh (pé aca roimh an muirear san do bhunú no dá éis sin do rinneadh é) tréna bhforáltar go mbeidh an deimhniú talmhan i leith an tailimh sin i gcoimeád únaera chláruithe an mhuirir sin.

Neambríochaint ar choinníollacha áirithe i gconnartha chun talamh cláruithe do dhíol no do mhuirearú.

15. —Ní bheidh brí feasta le haon choinníoll i gconnradh chun talamh cláruithe do dhíol no do mhuirearú no chun muirear cláruithe ar thalamh chláruithe d'aistriú a choiscfeadh ar an gceannuitheoir no ar an muirearthóir beartuithe no ar an aistridhe beartuithe (do réir mar a bheidh) iarrata do dhéanamh i dtaobh ualaighe i gcoitinne no i dtaobh aon ualaigh áirithe do dhéanfadh deifir don talamh san de bhuadh ailt 47 den Phríomh-Acht.

Ualaighe breise dhéanfaidh deifir do thalamh chláruithe gan iad do bheith cláruithe.

16. —Beidh ar gach talamh cláruithe, i dteanta na n-ualaighe bheidh air de bhuadh ailt 47 den Phríomh-Acht, pé ualach aca so leanas a bheidh ag déanamh deifre don talamh san de thurus na huaire, pé aca cláruithe do na hualaighe sin no nach eadh, sé sin le rá:—

(a) síor-chíos bliantúil (dá ngairmtear an cíos uachtarach san alt so) is uachtaraighe ná cíos eile den tsórt san (dá ngairmtear an cíos cláruithe san alt so) arna chlárú mar ualach ar thalamh chláruithe agus is iníoctha go príomhdha, i dtaca leis an talamh cláruithe agus an cíos cláruithe sin de, as an gcíos cláruithe do shaoradh an tailimh sin;

(b) na cumhnaint agus na coinníollacha bheidh sa dintiúir no sa scríbhinn eile lenar bunuíodh an cíos uachtarach sa mhéid go ndéanann na cumhnaint agus na coinníollacha san deifir don talamh san.

Fógra i dtaobh iontaobhas.

17. —(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an bPríomh-Acht no leis an Acht so, ní hiontrálfar sa chlár fógra i dtaobh aon iontaobhais a bheidh ann maidir le talamh cláruithe.

(2) D'ainneoin éinní atá in alt 63 den Phríomh-Acht, is dleathach agus is tuigthe gur dhleathach riamh don údarás clárathachta ionstruim do ghlacadh chun críche clárathachta d'ainneoin fógra i dtaobh iontaobhais do bheith san ionstruim sin.

(3) Ní déanfar ná ní tuigthe go ndearnadh riamh, de bhíthin amháin an t-údarás clárathachta d'fháil ionstruime (pé aca roimh dháta an Achta so do rith no dá éis sin é) chun críche clárathachta, deifir d'éinne aca so leanas le fógra i dtaobh aon iontaobhais san ionstruim sin no i dtaobh aon iontaobhais arna theacht as nithe san ionstruim sin, sé sin le rá:—

(a) an t-údarás clárathachta;

(b) aistridhe cláruithe a mbeifear tar éis an talamh cláruithe lena mbaineann an ionstruim sin d'aistriú chuige ar chomaoin luachmair;

(c) únaer cláruithe muirir ar an talamh san is muirear arna bhunú i ngeall le comaoin luachmhair;

(d) duine adeir leas do bheith aige sa talamh san is leas arna bhunú i ngeall le comaoin luachmhair agus é cláruithe mar ualach ar an talamh san.

(4) San alt so foluíonn an focal “iontaobhas” iontaobhais ráite, iontaobhais iontuigthe agus iontaobhais inléirithe.

Daoine nach slán meabhair agus daoine lagmheabhracha.

18. —(1) Duine nach slán meabhair ach ná beidh dearbhtha ag cúistiún é bheith amhlaidh, féadfar ionadaíocht do dhéanamh dó, chun gach ceann no aon cheann de chrícheanna an Phríomh-Achta, ag an duine (más ann) a bheidh ceaptha mar choiste no caomhnóir dó fén Lunacy Regulation (Ireland) Act, 1871, no, i gcás gan aon choiste no caomhnóir den tsórt san do bheith ceaptha amhlaidh, ag caomhnóir a cheapfaidh an Chúirt.

(2) Duine lag-mheabhrach a bheidh neamh-inniúil go sealadach ar a ghnóthaí do bhainistighe, féadfar ionadaíocht do dhéanamh-dó, chun gach ceann no aon cheann de chrícheanna an Phríomh-Achta, ag an duine (más ann) a bheidh ceaptha mar chaomhnóir dó fé alt 103 den Lunacy Regulation (Ireland) Act, 1871, no, i gcás gan aon chaomhnóir den tsort san do bheith ceaptha amhlaidh, ag caomhnóir a cheapfaidh an Chúirt.

Cuid IV den Phríomh-Acht do leathnú.

19. —D'ainneoin éinní atá in alt 83 den Phríomh-Acht, bainfidh Cuid IV den Acht san le talamh cláruithe saor-sheilbhe a ndearnadh no a ndéanfar tráth ar bith, roimh dháta an Achta so do rith no dá éis sin, airgead do réimhíoc fé na hAchtanna um Thithe Beaga Comhnaithe d'Fháil, 1899 go 1931, chun a cheannuithe.

Comhacht do sheiceadúirí cruthúnacha chun talamh cláruithe do dhíol no d'aistriú gan údarás ón gCúirt.

20. —I gcás probháid uachta no ionstruime tiomanta eile do dheonadh (roimh dháta an Achta so do rith no dá éis sin) do roinnt daoine, no do dhuine amháin, de dhaoine iomdha bheidh ainmnithe in éineacht mar sheiceadúirí (pé aca bheidh comhacht chruthúnachta curtha ar cosnamh don tseiceadúir no na seiceadúirí eile no ná beidh), féadfaidh an seiceadúir no na seiceadúirí dá mbeidh an phromháid sin deonta talamh cláruithe lena mbaineann Cuid IV den Príomh-Acht do dhíol no d'aistriú, d'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (2) d'alt 86 den Acht san, gan údarás ón gCúirt agus beidh an díol no an t-aistriú san chó héifeachtúil agus do bheadh dá dtoilíodh na daoine go léir a bheidh ainmnithe mar sheiceadúirí leis.

Duine i dteideal talamh i gcomharbas do chlárú tar éis sé bliana do bheith caithte.

21. —Más deimhin leis an gCúirt, ar éisteacht iarratais o dhuine adeir é bheith i dteideal é chlárú mar únaer ar thalamh cláruithe saor-sheilbhe lena mbaineann Cuid IV den Phríomh-Acht i gcomharbas do dhuine mharbh ba lán-únaer ar an talamh san,—

(a) sé bliana ar a laghad do bheith caithte ón uair d'éag an duine ba lán-únaer, agus

(b) ionadaithe pearsanta an únaera san do bheith tar éis bháis no do bheith lasmuich den dlighinse,

féadfaidh an Chúirt, más oiriúnach léi é agus d'ainneoin éinní atá in alt 87 den Phríomh-Acht, an t-iarratasóir do shaoradh óna bheith air tuille ionadaíochta don lán-únaer mharbh do bhunú no fógra do thabhairt dá ionadaithe pearsanta, agus féadfaidh a ordú go gclárófaí an t-iarratasóir mar únaer ar an talamh.

Cúiteamh mar gheall ar earráid no fallsú no calaois i gclár.

22. —(1) Baineann an t-alt so le cailliúint a bhainfidh do dhuine ar bith—

(a) mar gheall ar an gCúirt do cheartú aon earráide i gclár a bheidh déanta ag údarás clárathachta no ag aon oifigeach leis agus a ceartófar fén bPríomh-Acht arna leasú leis an Acht so, no

(b) mar gheall ar aon earráid (pé aca ráiteas earráideach no tuairisc earráideach no fágaint-ar-lár no eile í agus pé aca i gclár di no i mapa clárlainne dá mbeidh tagairt i gclár) a bheidh déanta ag an údarás clárathachta no ag aon oifigeach leis agus ná beidh ceartuithe ag an gCúirt, no

(c) mar gheall ar éinní do bheith iontrálta i gclár no fágtha ar lár ann gur fallsú no calaois do thug no do chuir fé ndear é iontráil no é fhágaint ar lár, no

(d) mar gheall ar aon earráid i gcuardach oifigiúil a bheidh déanta ag an údarás clárathachta no ag aon oifigeach leis.

(2) I gcás cailliúint lena mbaineann an t-alt so do bhaint d'aon duine agus gan gníomh no faillighe no teip i bpáirt an duine sin no a ghníomhaire do bheith ina aon-chúis no ina chúis substainteach leis an gcailliúint sin, beidh an duine sin agus, fós, éinne a mbeidh teideal ag teacht chuige ón duine sin, i dteideal cúiteamh d'fháil sa chailliúint sin do réir an ailt seo.

(3) Íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas an cúiteamh uile bheidh le n-íoc fén alt so.

(4) Beidh feidhm ag na forálacha so leanas maidir le gach éileamh ar chúiteamh fén alt so, sé sin le rá:—

(a) déanfar an t-éileamh sa tslí orduithe chun an phríomhúdaráis chlárathachta agus bhéarfar fógra ina thaobh don Aire Airgeadais;

(b) bhéarfaidh an príomh-údarás clárathachta breith ar an éileamh agus ní bheidh dul thar an mbreith sin, marab amhlaidh a bheidh an tAire Airgeadais no an t-éilitheoir mí-shásta leis an mbreith sin agus, sa chás san, féadfaidh ceachtar páirtí athchomharc do dhéanamh sa tslí orduithe chun na Cúirte;

(c) ní dhéanfaidh an príomh-údarás clárathachta aon éileamh do bhreithniú tar éis sé bliana do bheith caithte ón uair d'fhás an ceart chun cúitimh marab amhlaidh a bhí an duine a bhí i dteideal éileamh a dhéanamh fé mhí-chumas ar bheith caithte do na sé bliana san agus, sa chás san, ní déanfar an t-éileamh do bhreithniú tar éis bheith caithte do dhá bhliain ón uair do tháinig deire leis an míchumas, ach féadfar athchomharc do dhéanamh sa tslí orduithe chun na Cúirte i gcoinnibh na breithe a bhéarfaidh an príomh-údarás clárathachta ag diúltadh no ag géilleadh d'éileamh fén mír seo;

(d) chun crícheanna na míre deiridh sin roimhe seo is tuigthe gur fhás an ceart chun cúitimh—

(i) maidir le haon estát no leas i seilbh, ar an dáta ar a ndearnadh an clárú ba bhun leis an gcailliúint a mbeidh an cúiteamh á éileamh ina taobh, no

(ii) maidir le haon estát no leas in iarmhar no in athorba, ar an dáta ar a dtiocfadh an t-estát no an leas san i seilbh mara mbeadh an clárú san adubhradh;

(e) ní bheidh dul thar an mbreith do bhéarfaidh an Chúirt ar athchomharc fé aon cheann de na míreanna san roimhe seo den fho-alt so agus beidh an bhreith sin ina ceangal ar na páirtithe uile san athchomharc.

(5) I gcás cúiteamh d'íoc fén alt so le héinne—

(a) beidh sé ionúsáidte chun glanta aon eirí a bheidh ar estát no leas an duine sin sa talamh no sa mhuirear a mbeidh an cúiteamh iníoctha ina thaobh, agus

(b) beidh ag an Aire Airgeadais an ceart céanna chun méid an chúitimh sin do bhaint d'aon duine ba chúis leis an gcailliúint no do thairbhigh di do bheadh ag an duine dar bhain an chailliúint dá mba dhíobháil arbh é an duine sin a céad-luaidhtear ba chúis léi an chailliúint.

An ciste árachais d'fhoirceannadh agus é d'íoc isteach sa Stát-Chiste.

23. —(1) Chó luath agus a bheidh caothúil tar éis dáta an Achta so do rith déanfar an ciste árachais d'fhoirceannadh agus, chuige sin, déanfaidh iontaobhaithe an chiste sin gach ní is gá chun na suncálanna ina mbeidh an ciste sin suncálta an tráth san do mhalairtiú ar airgead agus chun toradh glan an mhalairtithe sin agus aon airgead eile bheidh sa chiste d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe dhó sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais.

(2) Ní bheidh éifeacht feasta ag an méid sin de na Rialacha Clárathachta Talmhan, 1937 (R. & O. R., Uimh. 264 de 1937), a fhorálann go n-íocfar le hiontaobhaithe an chiste árachais cion den tsuim iomlán do gheobhfar as stampaí Oifig Chlárathachta na Talmhan do dhíol, agus in ionad aon táillí árachais breise is iníoctha fé na Rialacha san d'íoc leis na hiontaobhaithe sin is amhlaidh a déanfar, faid a bheidh na Rialacha san i ngníomh, iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe dhó sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais.

(3) San alt so cialluíonn an abairt “an ciste árachais” an ciste árachais do bunuíodh fé alt 92 den Phríomh-Acht.

Toirmeasc de dhruim earráid d'fhionnachtain.

24. —(1) Aon uair a chífear don údarás chlárathachta earráid is féidir do cheartú do bheith déanta i gclárú sa chlár, féadfaidh an t-údarás clárathachta pé toirmeasc d'iontráil sa chlár, in aghaidh deighleála leis an talamh no an muirear dá ndéanfaidh an earráid sin deifir, is dóigh leis is ceart chun an Prímh-Chiste do chosaint ar éilithe ar chúiteamh alos cailliúna do thárlódh de chionn cláruithe a déanfaí tar éis an earráid sin d'fhionnachtain agus roimh í cheartú.

(2) Ní dhéanfaidh aon toirmeasc a hiontrálfar sa chlár fén alt so deifir d'aon chlárú a bheidh ar feitheamh in Oifig Chlárathachta na Talmhan tráth an toirmisc sin d'iontráil ná ní dhéanfa sé críochnú an chláruithe sin do chosc.

(3) Aon uair a dhéanfaidh an t-údarás clárathachta toirmeasc d'iontráil fén alt so, cuirfidh fógra i dtaobh an toirmisc sin agus i dtaobh na hearráide gur mar gheall uirthi do hiontráladh é chun gach duine a bhfeicfear ón gclár an earráid sin do dhéanamh deifre dhó agus chun gach duine eile (más ann) a bheidh orduithe.

Alt 67 den Phríomh-Acht do leathnú.

25. —Beidh na comhachta do bheirtear don údarás chlárathactha le halt 67 den Phríomh-Acht infheidhmithe ní hamháin i gcás iarratais chun únaer tailimh do chlárú ach fós aon uair is gá don údarás chlárathachta, i gcúrsa a dhualgas, iniúchadh do dhéanamh i dtaobh an teidil chun tailimh chláruithe no chun muirir ar thalamh chláruithe, agus nuair a feidhmeofar na comhachta san ar aon ócáid den tsórt san sroichfid chun, agus beid infheidhmithe i dtaobh, aon dintiúir no uacht no scríbhinn eile do thabhairt ar áird is gá, dar leis an údarás clárathachta, do thabhairt ar áird chun críche an iniúchta san.

Alt 84 den Phríomh-Acht do leasú.

26. —I gcás talamh cláruithe saor-sheilbhe lena mbaineann Cuid IV den Phríomh-Acht do shocrú le huacht tiomantóra d'éag no éagfaidh tar éis dáta an Phríomh-Achta do rith (pé aca roimh dháta an Achta so do rith no dá éis sin é) agus promháid an uachta san do dheonadh do dhá sheiceadúir no níos mó, beidh na seiceadúirí sin ina n-iontaobhaithe chun crícheanna na Settled Land Acts, 1882 to 1890, maidir leis an socrú ar an talamh san do rinneadh leis an uacht san mara ndéantar no go dtí go ndéanfar iontaobhaithe chun crícheanna an tsocruithe sin do cheapadh leis an uacht san no ar shlí eile.

Mion-leasuithe ar an bPríomh-Acht.

27. —Déantar leis seo na páirteanna uile agus fé seach den Phríomh-Acht a luaidhtear sa chéad cholún den Dara Sceideal a ghbhann leis an Acht so do leasú sa tslí atá leagtha amach sa dara colún den Sceideal san os coinne gach páirte fé leith aca san sa chéad cholún san.