|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Bord Gobharnoiri Ospideil Lorcain Naomhtha.) | Ar Aghaidh (CUID IV. Ospideal Lorcain Naomhtha.) |
ACHT OSPIDÉIL LORCÁIN NAOMHTHA, 1943
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. An tAire do Thogaint Tailimh le haghaidh an Ospideil Nua. | |
[EN] |
Talamh do hógaint le aghaidh an óspidéil nua. |
21. —(1) Féadfaidh an tAire talamh i gCathair Bhaile Átha Cliath no ar a comhgar do thógaint tré chó-aontú no go héigeanta chun láithreán do chur ar fáil le haghaidh an óspidéil nua. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire talamh do thógaint o am go ham tré chó-aontú no go héigeanta chun go mb'usaide an t-óspidéal nua do leathnú no do mhéadú no a thaithneamhachta d'fheabhsú. | |
[EN] | (3) Fé réir forálacha an Achta so, beidh gach talamh a thógfaidh an tAire fén alt so ar seilbh ag an Aire ar iontaobhas don óspidéal nua agus chun úsáide an óspidéil nua. | |
[EN] |
An tAire do thógaint tailimh go héigeanta. |
22. —(1) Má mheasann agus aon uair a mheasfaidh an tAire go mba cheart aon talamh do thógaint go héigeanta fén gCuid seo den Acht so féadfaidh an tAire a fhógairt, le hordú, go bhfuil sé chun an talamh san do thógaint amhlaidh agus oibreoidh gach ordú den tsórt san chun lán-chomhacht do thabhairt don Aire chun an talamh a luadhfar ann do thógaint go héigeanta fé réim agus do réir an ailt seo. |
[EN] | (2) Sara ndéanaidh an tAire ordú fén alt so déanfaidh— | |
[EN] | (a) pé pleananna, áirmheachta, agus scríbhinní eile do lóisteáil agus do choimeád ar fáil chun a n-iniúchta in áit éigin oiriúnach (a dtabharfar fógra puiblí ina thaobh) a thaisbeánfaidh go hiomlán agus go soiléir an talamh a beifear chun a thógaint de bhuadh an orduithe, agus | |
[EN] | (b) fógra do thabhairt, i pé slí is dóich leis is fearr a chuirfidh an scéal in iúl do dhaoine ar dócha go ndéanfaidh an t-ordú deifir dóibh, i dtaobh é bheith ag cuimhneamh ar an ordú san do dhéanamh agus i dtaobh na slí ina bhféadfar cúiseanna do phlé agus agóidí do dhéanamh i dtaobh an orduithe, agus | |
[EN] | (c) más oiriúnach leis san do dhéanamh, fiosrúchán puiblí do thionól i dtaobh an t-ordú do dhéanamh. | |
[EN] | (3) Féadfar iad so leanas d'ionchorparú in ordú déanfar fén alt so— | |
[EN] | (a) an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, arna leasú leis an Acht chun Talamh do Thógaint (Coiste Réitigh), 1925 (Uimh. 22 de 1925) , agus | |
[EN] | (b) na hAchtanna Clásanna Talmhan sa mhéid ná fuilid bun os cionn leis an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, adubhradh. | |
[EN] | (4) Ní údaróidh éinní atá san alt so don Aire aon talamh do thógaint go héigeanta fén alt so a bheidh, ar dháta céad-fhoillsithe fógra i dtaobh an tAire do bheith ag cuimhneamh ar ordú chuige sin do dhéanamh, dá chuid féin ag aon ghnóthaire iarnróid, leictreachais, gáis no uisce agus a bheidh á úsáid no bheidh údaruithe d'úsáid ag an ngnóthaire sin chun críche a ghnóthais. | |
[EN] | (5) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le haon fhiosrúchán puiblí a déanfar fén alt so— | |
[EN] | (a) ceapfaidh an tAire duine ceart oiriúnach chun an fiosrúchán san do dhéanamh; | |
[EN] | (b) údaruítear don duine sin leis seo daoine thiocfaidh i láthair mar fhínnithe ag an bhfiosrúchán san do chur fé mhionn; | |
[EN] | (c) aon duine a mbeidh leas aige in abhar an fhiosrúcháin sin beidh sé i dteideal teacht i láthair aige i bpearsain no tré abhcóide no atúrnae agus fianaise do thabhairt ar áird. | |
[EN] |
Talamh barrachais do chur de láimh. |
23. —(1) Féadfaidh an tAire aon uair aon talamh a thógfaidh fén gCuid seo den Acht so agus a bhfeicfear dó gan é bheith ag teastáil a thuilleadh chun crícheanna an óspidéil nua do chur de láimh i pé slí mheasfaidh is ceart. |
[EN] | (2) An t-airgead uile gheobhaidh an tAire alos talamh do chur de láimh fén alt so íocfaidh an tAire le Bord Iontaobhais na nOispidéal é agus beidh sé ina chuid de Chiste Iontaobhais na nOispidéal. | |
[EN] |
Costais an Aire fé Chuid III. |
24. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, a ordú do Bhord Iontaobhais na nOispidéal aon airgead d'íoc leis as Ciste Iontaobhais na nOispidéal a bheidh ag teastáil uaidh chun aon chostais féna raghaidh fén gCuid seo den Acht so d'íoc. |
[EN] | (2) Aon uair ordóidh an tAire do Bhord Iontaobhais na nOispidéal fén alt so aon airgead d'íoc leis, íocfaidh Bord Iontaobhais na nOispidéal an t-airgead san leis an Aire agus úsáidfidh an tAire an t-airgead san chun costais féna raghaidh fén gCuid seo den Acht so d'íoc. | |
[EN] | (3) Aon airgead a híocfar leis an Aire fén alt so agus ná beidh ag teastáil chun aon chostais féna ragha sé fén gCuid seo den Acht so d'íoc, aisíocfaidh an tAire le Bord Iontaobhais na nOispidéal é i gcóir Ciste Iontaobhais na nOispidéal. |