An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhraiteach.) Ar Aghaidh (CUID III. Ceadunais Nua do Dheonadh i gCasanna Airithe.)

7 1943

ACHT DEOCHA MEISCIÚLA, 1943

CUID II.

Leasuithe ar an Acht Deocha Meisciula, 1927 .

Míniú chun crícheanna Coda II.

2. —Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “Acht 1927” an t Acht Deocha Meisciúla, 1927 (Uimh. 15 de 1927) .

Alt 1 d'Acht 1927 dá leasú.

3. —Leasuítear leis seo alt 1 d'Acht 1927 tríd an méid seo leanas do chur i bhfo-alt (1) i ndeireadh gach ceann de na mínithe ar na habairtí “áitreabh ceadúnuithe”, “ceadúnas iomlán”. agus “ceadúnas teoranta”, eadhon: “(pé aca tar éis no d'éamais deimhniú ón gCúirt Chuarda no ón gCúirt Dúithche do thabhairt ar áird do deonadh é)”.

Alt 2 d'Acht 1927 dá leasú.

4. —Leasuítear leis seo alt 2 d'Acht 1927 tré fho-ailt (1), (2) agus (3) de do scrios agus an dá fho-alt so leanas do chur isteach ann in ionad na bhfo-alt san a scriostar amhlaidh, agus léireofar an tAcht san agus go sonnrach fo-ailt (4) agus (5) den alt san 2 agus beidh éifeacht ag an gcéanna dá réir sin, sé sin le rá:—

“(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, ní dleathach do dhuine ar bith in aon chontae-bhuirg aon deoch mheisciúil do dhíol ná do thaisbeáint chun a díolta ná aon áitreabh d'oscailt ná do choimeád ar oscailt chun deoch mheisciúil do dhíol ná a cheadú aon deoch mheisciúil d'ól in áitreabh ceadúnuithe—

(a) aon dálach—

(i) i rith tréimhse ama shamhraidh, roimh leathuair tar éis a deich a chlog ar maidin ná i ndiaidh leathuair tar éis a deich a chlog istoíche, ná (fé réir na n-eisceacht a luaidhtear anso ina dhiaidh seo) idir leathuair tar éis a dó a chlog agus leathuair tar éis a trí a chlog tráthnóna, ná

(ii) i rith aon, tréimhse nach tréimhse ama shamhraidh, roimh a deich a chlog ar maidin ná i ndiaidh a deich a chlog istoíche, ná (fé réir na n-eisceacht a luaidhtear anso ina dhiaidh seo) idir leathuair tar éis a dó a chlog agus leathuair tar éis a trí a chlog tráthnóna, ná

(b) aon Domhnach—

(i) i gcás chontae-bhuirg Bhaile Átha Cliath no líomatáiste Ard-Chathair Bhaile Átha Cliath, roimh leathuair tar éis a haon a chlog tráthnóna, ná idir a trí a chlog agus a cúig a chlog tráthnóna, ná i ndiaidh a seacht a chlog istoíche, ná

(ii) i gcás aon chontae-bhuirge eile, roimh a haon a chlog tráthnóna ná idir a trí a chlog agus a cúig a chlog tráthnóna ná i ndiaidh a seacht a chlog istoíche, ná

(c) uair ar bith Lá Nodlag, Aoine an Chéasta ná Lá Fhéile Pádraig.

Isiad eisceachta dá dtagartar sa mhír sin (a) roimhe seo den fho-alt so ná:—

(i) idir leathuair tar éis a dó a chlog agus leathuair tar éis a trí a chlog tráthnóna aon dálach. féadfaidh sealbhóir ar cheadúnas iomlán a ghabhann le háitreabh atá suidhte i gcontae-bhuirg orduithe (i dteanta no d'éamais íocaíochta) do ghlacadh san áitreabh san leis an bpost no le telegraf no telefón ach ní har shlí eile ar dheoch mheisciúil le hól lasmuich den áitreabh agus le seachadadh ag an sealbhóir sin ag áit chomhnaithe an té ordóidh amhlaidh í no ag stáisiún iarnróid ach ní hag áit eile agus féadfa sé an deoch mheisciúil a hordófar amhlaidh do sheachadadh amhlaidh, ach an té ordóidh an deoch mheisciúil sin amhlaidh ní bheidh sé, chun crícheanna aon ailt eile den Acht so, ina dhuine a bhféadfar go dleathach deoch mheisciúil do dhíol leis no do thabhairt dó san áitreabh san idir na huaire sin ar na laetheanta san, agus

(ii) idir leathuair tar éis a dó a chlog agus leathuair tar éis a trí a chlog tráthnóna aon dálach, féadfaidh sealbhóir ar cheadúnas theoranta a ghabhann le háitreabh atá suidhte i gcontae-bhuirg orduithe o bhéal no ar shlí eile (i dteanta no d'éamais íocaíochta) do ghlacadh san áitreabh san ar dheoch mheisciúil le hól lasmuich den áitreabh agus le seachadadh ag an sealbhóir sin ag áit chomhnaithe an té ordóidh í no ag stáisiún iarnróid ach ní hag aon áit eile agus féadfa sé an deoch mheisciúil a hordófar amhlaidh do sheachadadh amhlaidh agus féadfa sé an t-áitreabh san d'oscailt agus do choimeád ar oscailt chun orduithe den tsórt san do ghlacadh agus féadfa sé deocha meisciúla do thaisbeáint san áitreabh san chun a ndíolta ar orduithe den tsórt san.

(2) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, ní dleathach do dhuine ar bith in aon áit nach contae-bhuirg aon deoch mheisciúil do dhíol ná do thaisbeáint chun a díolta, ná aon áitreabh d'oscailt ná do choimeád ar oscailt chun deoch mheisciúil do dhíol, ná a cheadú aon deoch mheisciúil d'ól in áitreabh ceadúnuithe—

(a) aon dálach—

(i) i rith tréimhse ama shamhraidh, roimh leathuair tar éis a deich a chlog ar maidin ná i ndiaidh leathuair tar éis a deich a chlog istoíche, ná

(ii) i rith aon tréimhse nach tréimhse ama shamhraidh, roimh a deich a chlog ar maidin ná i ndiaidh a deich a chlog istoíche, ná

(b) uair ar bith aon Domhnach ná Lá Nodlag, Aoine an Chéasta, ná Lá Fhéile Pádraig.”

Alt 3 d'Acht 1927 dá leasú.

5. —Leasuítear leis seo alt 3 d'Acht 1927—

(a) tré na focail uile i ndiaidh na bhfocal “chun deocha meisciúla do dhíol” do scrios as fo-alt (1) de agus na focail seo leanas do chur isteach sa bhfo-alt san in ionad na bhfocal san a scriostar amhlaidh, sé sin le rá, “ach amháin idir a naoi a chlog agus leathuair tar éis a deich a chlog ar maidin ar dhálacha i rith tréimhse ama shamraidh agus idir a naoi a chlog agus a deich a chlog ar maidin ar dhálacha i rith aon tréimhse nach tréimhse ama shamraidh”,

(b) tré na focail agus na lúibíní “(seachas áitreabh lena ngabhann ceadúnas teoranta mion-díoltóra fíona do réir bhrí an Finance (1909-10) Act, 1910, agus ná gabhann aon cheadúnas teoranta eile leis)” do chur isteach i bhfo-alt (2) dhe i ndiaidh na bhfocal “in aon áitreabh”,

(c) tré na focail uile o na focail “chun deocha meisciúla do dhíol” do scrios as fo-alt (2) dhe agus na focail seo leanas do chur isteach sa bhfo-alt san in ionad na bhfocal san a scriostar amhlaidh, sé sin le rá, “ach amháin idir a naoi a chlog agus leathuair tar éis a deich a chlog ar maidin ar dhálacha i rith tréimhse ama shamraidh agus idir a naoi a chlog agus a deich a clog ar maidin ar dhálacha i rith aon tréimhse nach tréimhse ama shamraidh agus, i gcás an t-áitreabh san do bheith suidhte i gcontae-bhuirg, idir leathuair tar éis a dó a chlog agus leathuair tar éis a trí a chlog tráthnóna ar dhálacha i rith tréimhse ar bith, pé aca tréimhse ama shamhraidh í no nach eadh”.

Alt 5 d'Acht 1927 dá leasú.

6. —Leasuítear leis seo alt 5 d'Acht 1927 tré na focail “agus atá suidhte i gcontae-bhuirg” do scrios as fo-alt (1).

Alt 11 d'Acht 1927 dá leasú.

7. —Leasuítear leis seo alt 11 d'Acht 1927—

(a) tré na focail “liomatáiste ceadúcháin amháin a bheidh na háitreabhacha le n-a ngabhann na ceadúnaisí sin fé seach suidhte, beidh sé i dteideal an ceadúnas seacht lá d'aistriú dho, sa chúirt dúithche cheadúcháin bhliantúil.” do scrios as fo-alt (1) agus na focail “dúthaigh no i ndúthaighe cótheoranta bheidh na háitreabhacha lena ngabhann na ceadúnaisí sin fé seach, beidh sé i dteideal, arna iarraidh sin ag aon tsuidhe bheidh ag an mbreitheamh den Chúirt Dúithche a mbeidh na háitreabhacha lena ngabhann an ceadúnas sé lá ina dhúthaigh, an ceadúnas seacht lá d'aistriú” do chur ina n-ionad,

(b) tré na focail “líomatáiste ceadúcháin amháin a bheidh na háitreabhacha le n-a ngabhann na ceadúnaisí sin fé seach suidhte, beidh sé i dteideal an gnáth-cheadúnas seacht lá d'aistriú dho, sa chúirt dúithche cheadúcháin bhliantúil,” do scrios as fo-alt (2) agus na focail “dúthaigh no i ndúthaighe cótheoranta bheidh na háitreabhacha le n-a ngabhann na ceadúnaisí sin fé seach, beidh sé i dteideal, arna iarraidh sin ag aon tsuidhe bheidh ag an mbreitheamh den Chúirt Dúithche a mbeidh na háitreabhacha lena ngabhann an ceadúnas luath-dhúna ina dhúthaigh, an gnáthcheadúnas seacht lá d'aistriú” do chur ina n-ionad,

(c) tré fho-alt nua mar leanas do chur i ndeireadh an ailt:—

“(3) San alt so, cialluíonn an focal ‘dúthaigh’ dúthaigh Chúirte Dúithche arna hordú fé alt 68 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 ( Uimh. 10 de 1924 ).”

Alt 12 d'Acht 1927 dá leasú.

8. —Leasuítear leis seo alt 12 d'Acht 1927 tré fho-alt nua mar leanas do chur isteach roimh fho-alt (2):—

“(1A) Duine is sealbhóir ar cheadúnas iomlán miondíoltóra fíona do réir bhrí an Finance (1909-10) Act, 1910, féadfaidh, ag aon tsuidhe bheidh ag breitheamh na Cúirte Dúithche a iarraidh ar an gCúirt a dheimhniú gur tigh bídh chun crícheanna an Achta so an t-áitreabh lena ngabhann an ceadúnas san agus, más deimhin leis an gCúirt tar éis éisteacht leis an oifigeach i bhfeighil an Ghárda Síochána don líomatáiste cheadúnúcháin an t-áitreabh san do bheith oiriúnach ina dhéanmhas chun é úsáid agus é bheith á úsáid bona fide agus go príomhdha mar thigh bhídh, tigh úrúcháin no áit eile chun béilí substainteacha do thabhairt don phuiblíocht, deonfa sí don duine sin deimhniú (dá ngairmtear deimhniú tighe bhídh freisin san alt so) á dheimhniú an t-áitreabh san do bheith ina thigh bhídh chun crícheanna an Achta so.”

Alt 13 d'Acht 1927 dá leasú.

9. —Leasuítear leis seo alt 13 d'Acht 1927, fo-alt (1) tré na focail “ná aon Lá Nodlag” do chur i ndiaidh na bhfocal “Lá Fhéile Pádraig”.

Alt 14 d'Acht 1927 dá leasú.

10. —Leasuítear leis seo mír (e) d'alt 14 d'Acht 1927 tré na focail “Lá Nodlag” agus “ná Lá Fhéile Pádraig” do scrios.

Alt 15 d'Acht 1927 dá leasú.

11. —Leasuítear leis seo alt 15 d'Acht 1927—

(a) tré na focail “tar éis a sé a chlog ar maidin” do chur i mír (a) d'fho-alt (1) roimh na focail “aon dálach”,

(b) tré na focail “tar éis a sé a chlog ar maidin” do chur i bhfo-mhír (i) de mhír (b) roimh na focail “aon dálach”,

(c) tré fho-alt (2) do scrios.

Alt 16 d'Acht 1927 dá leasú.

12. —Leasuítear leis seo alt 16 d'Acht 1927—

(a) tré na focail “no d'aon duine is sealbhóir ar cheadúnas iomlán (nach ceadúnas sé lá) a ghabhann le háitreabh sa líomatáiste cheadúnúcháin sin” do chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh na bhfocal “(nach contae-bhuirg ná cuid de chontae-bhuirg)”,

(b) tríd an bhfocal “trí” do scrios as an áit ina bhfuil sé sna focail “nach sia ar fad ná trí huaire a chluig” agus an focal “ceithre” do chur ina ionad,

(c) tríd an bhfo-alt so leanas do chur i ndeireadh an ailt, sé sin le rá:—

“(4) Ní deonfar ordú saoirse líomatáiste ar iarratas sealbhóra ceadúnais iomláin maran rud é—

(a) go mbeidh an t-iarratasóir tar éis fógra do sheirbheáil, ocht n-uaire is dachad a chluig ar a laghad roimh an iarratas do dhéanamh, ar an oifigeach i bhfeighil an Ghárdá Síochána don líomatáiste cheadúnúcháin i dtaobh é bheith chun an t-iarratas do dhéanamh agus a ainm agus a sheoladh luaidhte sa bhfógra maraon leis an líomatáiste, an lá, agus an tréimhse no na tréimhsí dá mbeidh an t-ordú ag teastáil, agus

(b) go mbeidh an breitheamh Cúirte Dúithche tar éis an t-oifigeach san d'éisteacht i dtaobh an iarratais.”

Alt 24 d'Acht 1927 dá leasú.

13. —Leasuítear leis seo alt 24 d'Acht 1927 tríd an bhfocal “meisciúla” do chur isteach ann i ndiaidh an fhocail “dighe”

Alt 25 d'Acht 1927 dá leasú.

14. —(1) Leasuítear leis seo alt 25 d'Acht 1927 tré na focail “an Chúirt dá mheas as a comhairle féin gur ceart san do dhéanamh agus” do chur isteach i bhfo-alt (1) roimh na focail “gan an té a ciontófar amhlaidh”.

(2) Gach ciontú do bhí, díreach roimh dháta an Achta so do rith. ar breacadh fé alt 25 d'Acht 1927 ar cheadúnas do bhí i bhfeidhm an uair sin, scuirfe sé chun gach críche, ar dháta an Achta so do rith, de bheith ar breacadh amhlaidh.

Alt 26 d'Acht 1927 dá leasú.

15. —Ní déanfar aon ordú fé alt 26 d'Acht 1927 tar éis dáta an Achta so do rith.

Alt 27 d'Acht 1927 dá leasú.

16. —Leasuítear leis seo alt 27 d'Acht 1927 tré na focail “má bhíonn sé ar réasúin leathscéalachta (a luadhfar in ordú na Cúirte) nach ceart an ciontú san do bhreacadh ar an gceadúnas san” do scrios agus na focail “má mheasann as a chomhairle féin gur ceart é” do chur ina n-ionad.

Ailt 48 agus 49 d'Acht 1927 dá leasú.

17. —(1) San alt so cialluíonn an abairt “ordú de 1942” ordú cion-roinneacháin deiridh fé alt 48 d'Acht 1927 don bhliain 1942.

(2) Is tuigthe gach ordú de 1942 do bheith, maidir leis an mblianacht chúitimh lena mbaineann an t-ordú san, ina ordú chion-roinneacháin deiridh fé alt 48 d'Acht 1927 do gach bliain fé leith i ndiaidh na bliain 1942.

(3) Chun na gcrícheanna bhaineann le hordú de 1942 do thonasc maidir le bliain i ndiaidh 1942, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) is tuigthe an t-ordú de 1942 do theacht chun bheith, maidir leis an mbliain a bheidh i gceist, ina ordú dheiridh fé Acht 1927 an 15adh lá de Mheán Fhómhair na bliana san;

(b) i gcás aon cheadúnas, a mbeidh suim a luaidhtear san ordú de 1942 cion-roinnte féna threoir, d'fhoirceannadh an 2adh lá d'Iúl no dá éis sa bhliain roimh an mbliain sin agus tráth roimh an 1adh lá d'Iúl sa bhliain sin, is tuigthe an luadh déantar san ordú de 1942 ar an suim sin agus ar an duine ar a mbeidh sí cion-roinnte do bheith scriosta;

(c) fé réir forálacha míre (b) den fho-alt so, déanfar gach luadh atá san ordú de 1942 maidir le haon áitreabh áirithe ar dhuine nárbh é an sealbhóir, an 1adh lá d'Iúl na bliana san, ar an gceadúnas a bhaineann leis an áitreabh san do léiriú mar luadh ar an duine ba shealbhóir, ar an 1adh lá d'Iúl san, ar an gceadúnas san, agus is tuigthe chun crícheanna ailt 49 d'Acht 1927 gurb é an duine deiridh sin an duine ar a mbeidh an tsuim a luaidhtear san ordú de 1942 i leith an áitreibh sin cion-roinnte don bhliain sin;

(d) ní dhéanfaidh an tAire, in aghaidh na bliana san, na feidhmeanna forchuirtear air le halt 48 d'Acht 1927 do chólíonadh maidir leis an mblianacht chúitimh lena mbaineann an t-ordú de 1942;

(e) ní féadfar aon agóid do dhéanamh sa bhliain sin maidir leis an ordú de 1942 fé fho-alt (4) d'alt 48 d'Acht 1927.

(4) Féadfar, le toiliú an Aire Airgeadais, dearbhú do chur in ordú cion-roinneacháin deiridh a déanfar fé alt 48 d'Acht 1927 agus a chion-roinnfidh blianacht chúitimh a thosnóidh i mbliain i ndiaidh na bliana 1942 á dhearbhú gur tuigthe an t-ordú san do bheith, maidir leis an mblianacht san, ina ordú chion-roinneacháin deiridh fé alt 48 d'Acht 1927 do gach ceann de na blianta i ndiaidh bliain déanta an orduithe sin.

(5) I gcás dearbhú fé fho-alt (4) den alt so do bheith in ordú—

(a) beidh feidhm dlí ag an dearbhú san do réir a théarmaí;

(b) beidh éifeacht ag na forálacha atá i bhfo-alt (3) den alt so, maidir le blianta i ndiaidh bliain déanta an orduithe sin, fé is dá mba ordú de 1942 an t-ordú san.

(6) Féadfaidh an tAire Airgeadais, tré éileamh i scríbhinn arna chur chun an Aire roimh an 1adh lá de Mheitheamh in aon bhliain áirithe, a éileamh ar an Aire ordú cion-roinneacháin do dhéanamh fé alt 48 d'Acht 1927 i dtaobh aon bhlianachta cúitimh is iníoctha sa bhliain sin, agus, ar aon éileamh den tsórt san do chur amhlaidh chun an Aire, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le ra:—

(a) déanfaidh an tAire, fé réim agus do réir an ailt sin 48, dréacht-ordú cion-roinneacháin i dtaobh na blianachta cúitimh sin don bhliain sin agus cólíonfaidh an t-alt san 48 i slí go dtiocfaidh an dréacht-ordú cionroinneacháin sin (go leasú no gan leasú) chun bheith agus go mbeidh, i dtráth cuibhe, ina ordú dheiridh de bhuadh fo-ailt (6) den alt san;

(b) d'ainneoin éinní atá sna forálacha san roimhe seo den alt so beidh an t-ordú cion-roinneacháin a déanfar amhlaidh, ar theacht dó chun bheith ina ordú dheiridh mar adubhradh, ina ordú chion-roinneacháin deiridh fén alt san 48 i dtaobh na blianachta cúitimh sin don bhliain sin agus do gach bliain ina dhiaidh sin, go dtí go ndéanfaidh an tAire Airgeadais éileamh eile fén alt so i dtaobh na blianachta cúitimh sin;

(c) na forálacha atá i bhfo-alt (3) den alt so beidh éifeacht aca, maidir le blianta i ndiaidh na bliana san (go dtí go ndéanfar éileamh eile mar adubhradh), fé is dá mba ordú de 1942 an t-ordú cion-roinneacháin a déanfar amhlaidh.

(7) San alt so cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Dlighidh agus Cirt.

Alt 62 d'Acht 1927 dá leasú.

18. —Leasuítear leis seo alt 62 d'Acht 1927 tré na focail “sa chéad Chúirt Dúithche cheadúcháin bhliantúil tar éis rithte an Achta so” do scrios as fo-alt (1) agus na focail “in aon Chúirt Dúithche cheadúnúcháin bhliantúil” do chur isteach ina n-ionad.