8 1943


Uimhir 8 de 1943.


ACHT UM THÓITEÁIN TEAGMHASACHA, 1943.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT DO CHUR SRIAIN LE hIMEACHTA DLÍ DO BHUNÚ NO DO CHOIMEÁD AR SIÚL I dTAOBH DAMÁISTE DE DHEASCAIBH TÓITEÁIN TEAGMHASAIGH.

[20adh Abrán, 1943.]

ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Srian le himeachta dlí i dtaobh tóiteán teagmhasach.

1. —(1) I gcás damáiste do dhéanamh d'aon duine (dá ngairmtear an duine díobhálta san alt so) de dheascaibh tóiteáin teagmhasaigh (do thárla roimh dháta an Achta so do rith no thárlóidh dá éis sin) i bhfoirgint no ar thalamh le duine eile, ansan, d'ainneoin aon rialach dlí, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní dhéanfaidh an duine díobhálta, ná aon duine bheidh ag éileamh tríd no fé no mar árachóir dó, aon imeachta dlí do bhunú, tar éis dáta an Achta so do rith, in aon chúirt i gcoinnibh an duine eile sin mar gheall ar an damáiste sin;

(b) más rud é i gcás an tóiteán do thárlachtaint roimh dháta an Achta so do rith, gur hunuíodh aon imeachta dlí den tsórt san tar éis an 16adh lá de Mhí na Samhna, 1942, agus roimh dháta an Achta so do rith, agus go bhfuilid ar feitheamh ar dháta a rithte, cuirfear na himeachta dlí sin ar neamhní agus ar neambrí, ach san fé réir pé orduithe i dtaobh costas is oiriúnach leis an gcúirt ina mbeidh na himeachta dlí sin ar feitheamh no le breitheamh den chúirt sin do dhéanamh.

(2) Ní léireofar éinní atá i bhfo-alt (1) den alt so mar ní a dhéanann deifir d'imeachta dlí d'fhoirfheidhmiú aon chumhnaint no có-aontuithe bheidh in aon léas no cíoschur foirginte no tailimh.

(3) San alt so foluíonn an focal “foirgint” déanmhas ar bith, pé abhar ar de é agus pé críoch chun a n-úsáidtear é.

Athghairm.

2. —Athghairmtear leis seo an reacht Éireannach réamh-Aondachta do ritheadh sa bhliain 1715 agus dar teideal “An Act for preventing Mischief that may happen by fire” (2 Geo. 1, c. 5).

Gearrtheideal.

3. —Féadfar an tAcht um Thóiteáin Teagmhasacha, 1943 , do ghairm den Acht so.