|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Cain Ioncuim.) | Ar Aghaidh (CUID III. Cain Bhrabuis Chorparaide.) |
ACHT AIRGEADAIS, 1943
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Custuim agus Mal. | |
[EN] |
Ceadúnaís aer-árthach paisnéirí. |
8. —Leasuítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Finance (1909-10) Act, 1910, trí na forálacha so leanas do chur isteach ann ina dheireadh, agus léireofar Cuid II den Acht san agus beidh éifeacht aici dá réir sin, sé sin le rá:— |
[EN] | “G. Passenger Aircraft Licences. | |
[EN] | Licence granted under section 29 of the Intoxicating Liquor Act, 1943 (No. 7 of 1943) for the sale of intoxicating liquor on an aircraft in flight, to be taken out annually— | |
[EN] | Duty of one pound (£1). | |
[EN] | Provision Applicable to Passenger Aircraft Licences. | |
[EN] | For the purposes of giving jurisdiction, any sale of intoxicating liquor on an aircraft shall be deemed to have taken place either where it has actually taken place or in any place in which the aircraft may be found.” | |
[EN] |
Tobac do dhíol in aer-árthach. |
9. —(1) Beidh feidhm agus éifeacht ag alt 12 (a bhaineann le tobac do dhíol i gcarráistí iarnróid fé cheadúnas mháil) den Revenue Act, 1884, maidir le haer-árthaighe agus dílseánaigh aerárthach fé mar atá feidhm agus éifeacht aige maidir le carráistí iarnróid agus cuideachtana iarnróid. |
[EN] | (2) Chun dlínse do thabhairt, is tuigthe, i gcás aon tobac in aer-árthach, é dhíol san áit inar díoladh é iarbhfír no d'eile in áit ar bith ina bhfuighfear an t-aer-árthach. | |
[EN] |
Leasuithe ar an diúité siamsa. |
10. —(1) San alt so— |
[EN] | cialluíonn an abairt “diúité siamsa” an diúité máil dá ngairmtear “entertainments duty” in alt 1 den Finance (New Duties) Act, 1916, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, agus is inéilithe fén alt san, | |
[EN] | cialluíonn an focal “fáltais”, maidir le siamsa, iomlán na n-íocaíocht as dul isteach chun an tsiamsa, | |
[EN] | cialluíonn an focal “costais”, maidir le siamsa, iomlán an airgid a caithfear alos an tsiamsa, pé duine sholáthróidh an t-airgead san no pé áit as a soláthrófar é, | |
[EN] | cialluíonn an abairt “sochar glan”, maidir le siamsa, an méid a bheidh ag fáltais an tsiamsa ar chostais an tsiamsa. | |
[EN] | (2) Ní déanfar, an 1adh lá de Lúnasa, 1943, ná dá éis, diúité siamsa d'éileamh ná do ghearradh ar íocaíochta as dul isteach chun aon tsiamsa a gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina thaobh— | |
[EN] | (a) gan aon chostas do bhaint leis an siamsa, agus gur chun crícheanna oideachais no daoncharadais no carthannachta iomlán na bhfáltas as an siamsa agus gur chuca san a húsáidfear é, no | |
[EN] | (b) gur siamsa oideachasúil ar fad an siamsa, no | |
[EN] | (c) (i) an siamsa do bheith á chur ar siúl ag Connradh na Gaedhilge no é bheith á chur ar siúl ag cumann no eagras éigin eile a gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina thaobh gurb é a phríomhchuspóir úsáid na Gaedhilge do leathnú, agus | |
[EN] | (ii) i gceachtar cás gur chun úsáid na Gaedhilge do leathnú iomlán an tsochair ghlain as an siamsa agus gur chuige sin a húsáidfear é. | |
[EN] | (3) Gach ceist no aighneas i dtaobh siamsa do bheith no gan é bheith ina shiamsa oideachasúil ar fad do réir bhrí míre (b) den fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so isé an tAire Oideachais do bhéarfaidh breith air agus ní bheidh dul thar a bhreith-sean air. | |
[EN] | (4) Aon uair a cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim i dtaobh iomlán an tsochair ghlain as siamsa comórfar an 1adh lá de Lúnasa, 1943, no dá éis gur chun crícheanna oideachais no daoncharadais no carthannachta é agus gur chuca a húsáidfear é agus nár mhó costais an tsiamsa ná tríocha fén gcéad d'fháltais an tsiamsa, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim an diúité siamsa i leith an tsiamsa san do mhaitheamh no an diúité sin a bheidh íoctha ina leith d'aisíoc. | |
[EN] | (5) I gcás duine do chur sreatha siamsaí ar siúl san aon áit amháin agus chun an aon chríche amháin, is tuigthe, maidir lena dhéanamh amach cadé an céadchodán de na fáltais as na siamsaí sin a sheasuíonn do chostais, oiread de na siamsaí sin a comórfar i rith pé tréimhse ama chinnfidh na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ina n-aon tsiamsa amháin. | |
[EN] | (6) Chun deireadh chur le hamhrais, dearbhuítear agus achtuítear leis seo i dtaobh na bhfocal “dul isteach go dtí aon dáil rinnce no damhsa” i bhfo-alt (2) d'alt 25 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), go bhfoluíd, agus gur fholuíodar riamh, dul isteach go dtí dáil rinnce no damhsa chun rinnce do dhéanamh no páirt do ghlacadh ar shlí eilé sa dáil rinnce no sa damhsa san chó maith le dul isteach go dtí an dáil rinnce no an damhsa san chun bheith ag féachaint air. | |
[EN] | (7) Déantar leis seo fo-alt (5) d'alt 1 den Finance (New Duties) Act, 1916, d'athghairm amhail ar an 1adh lá de Lúnasa, 1943, agus ón lá san amach. | |
[EN] |
Comhacht chun diúité d'aisíoc no do mhaitheamh i gcásanna áirithe |
11. —(1) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim, i dtaobh aon earra indiúité do hiomportáladh roimh dháta an Achta so do rith no a hiomportálfar dá éis sin,— |
[EN] | (a) gur híocadh go cuibhe an diúité custum dob iníoctha ar an earra san le linn í d'iomportáil, agus | |
[EN] | (b) go bhféadfaí go dleathach, ach ná dearnadh, ceadúnas do dheonadh d'iomportálaidhe na hearra san roimh í iomportáil chun an earra san d'iomportáil gan an diúité sin d'íoc no ar mhéid ba lugha ná méid iomlán an diúité sin d'íoc, agus | |
[EN] | (c) gurb amhlaidh bhí— | |
[EN] | (i) i gcás gurb é fé ndear gan an ceadúnas san do dheonadh amhlaidh ná teip i bpáirt an iomportálaidhe sin maidir le hiarratas cuibhe (gus na scríbhinní uile is gá no is cóir) do dhéanamh ag lorg an cheadúnais sin roimh an earra san d'iomportáil, nach aon fhaillighe ná mainneachtain inmhilleáin i bpáirt an iomportálaidhe sin ba chúis leis an teip sin, no | |
[EN] | (ii) i gcás gan aon teip den tsórt san do bheith ann i bpáirt an iomportálaidhe sin, nach aon fhaillighe ná mainneachtain inmhilleáin i bpáirt an iomportálaidhe sin fé ndear gan an ceadúnas san do dheonadh amhlaidh, | |
[EN] | féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, más dóich leo as a gcomhairle féin gur cóir san do dhéanamh agus más deimhin leo é bheith ceart sa chás, aisíoc do dhéanamh leis an iomportálaidhe sin san oiread (pé aca an t-iomlán no cuid é) den diúité sin a bheidh íoctha aige amhlaidh ná beadh iníoctha dá ndeontaí an ceadúnas san roimh an earra san d'iomportáil. | |
[EN] | (2) Aon uair a cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim gur thárla milleadh no léar-chailliúint d'earra indiúité tar éis í d'iomportáil ach roimh an oifigeach custum do thógaint chuntais ina taobh, féadfaidh na Coimisinéirí an diúité custum is inéilithe ar an earra san ar í d'iomportáil do mhaitheamh no, má bhíonn sé íoctha cheana, é d'aisíoc. |