An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Diuitethe Stampa.)

16 1943

ACHT AIRGEADAIS, 1943

CUID V.

Ilghneitheach agus Generalta.

Ciste na gCairteacha Coigiltis (Có-ionannú Us-mhuirir) d'athbhunú.

17. —(1) San alt so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgeadais,

cialluíonn an abairt “an Príomh-alt” alt 34 den Acht Airgid, 1929 ( Uimh. 32 de 1929 );

cialluíonn an abairt “an Ciste” Ciste na gCairteacha Coigiltis (Có-ionannú Us-mhuirir) do bunuíodh de bhun an Phríomh-ailt;

tá leis an abairt “cairteacha coigiltis” an bhrí ceaptar di le fo-alt (5) den Phríomh-alt chun crícheanna an ailt sin;

i gcás ina gceaduíonn an có-théacs é, léireofar tagairtí d'airgead a bheidh i gcreidiúnas do Chuntas agus beidh éifeacht aca mar thagairtí fholuíonn tagairtí do shuncála bheidh de thurus na huaire ina gcuid den Chuntas san.

(2) Isé gairmfear feasta den Chiste ná Cúl-Chiste na gCairteacha Coigiltis in ionad na hainme bheirtear dó leis an bPríomh-alt, agus is tuigthe éifeacht do bheith ag an athrú ainme sin amhail ar an 1adh lá d'Abrán, 1943, agus ón lá san amach.

(3) Beidh an Ciste códhéanta agus is tuigthe é bheith códhéanta riamh, amhail ar an 1adh lá d'Abrán, 1943, agus dá éis, de dhá chuntas, a dtabharfar ar cheann aca agus a ngairmtear de san alt so an Cúl-chuntas Colna agus a dtabharfar ar an gceann eile agus a ngairmtear de san alt so an Cúl-chuntas Uis.

(4) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an gCiste do shuncáil de bhun fo-ailt (2) den Phríomh-alt agus maidir le suncála eile is cuid den Chiste, sé sin le rá:—

(a) déanfar suncála d'airgead a bheidh i gcreidiúnas don Chúl-chuntas Colna do chur i gcrcidiúnas don Chuntas san;

(b) déanfar suncála d'airgead a bheidh i gcreidiúnas don Chúl-chuntas Uis do chur i gcreidiúnas don Chuntas san;

(c) déanfar ioncum a thiocfaidh as suncála bheidh i gcreidiúnas don Chúl-chuntas Colna do chur i gcreidiúnas don Chuntas san;

(d) déanfar ioncum a thiocfaidh as suncála bheidh i gcreidiúnas don Chúl-chuntas Uis do chur i gcreidiúnas don Chuntas san;

(e) aon uair is gá, do réir no fé réim an ailt seo no ar shlí eile do réir dlí, airgead d'íoc amach as an gCúl-chuntas Colna no as gCúl-chuntas Uis, is dleathach go ndíolfaí pé méid (más ann), de na suncála bheidh i gcreidiúnas an uair sin don Chuntas as ar gá amhlaidh an íocaíocht san do dhéanamh, is leor chun an íocaíocht san do dhéanamh;

(f) an tagairt atá i bhfo-alt (2) den Phríomh-alt d'iarmhéidí bheidh i gcreidiúnas don Chiste léireofar í agus beidh éifeacht aici mar thagairt fholuíonn tagairt d'iarmhéidí bheidh i grceidúnas do cheachtar de na Cuntais dá mbeidh an Ciste códhéanta, agus an tagairt atá sa bhfo-alt san d'íocaíochta as an gCiste a húdaruítear leis an bPríomh-alt léireofar í agus beidh éifeacht aici mar thagairt fholuíonn tagairt d'íocaíochta a húdaruítear leis an alt so as an gCiste no as ceachtar de na Cuntais sin dá mbeidh sé códhéanta.

(5) Is dleathach don Aire, má mheasann agus a mhinice mheasfaidh san do bheith ceart, pé suimeanna mheasfaidh is ceart alos airgid a bheidh faighte ag an Stát-Chiste as díol cairteacha coigiltis do thabhairt amach agus d'íoc as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis isteach sa Chiste, agus déanfar an t-airgead uile a híocfar isteach sa Chiste amhlaidh do chur i gcreidiúnas don Chúl-chuntas Colna.

(6) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an gCúl-chuntas Colna, sé sin le rá:—

(a) déanfar an tsuim de thrí chéad míle punt (agus suncála sheasuíonn don tsuim sin d'áireamh) do haistríodh chun an Chiste agus do híocadh leis de bhun míre (b) d'fho-alt (3) d'alt 60 d'Acht an Bhainc Cheannais, 1942 ( Uimh. 22 de 1942 ), do chur i gcreidiúnas don Chúl-chuntas Colna, agus is tuigthe í chur i gcreidiúnas amhlaidh an 1adh lá d'Abrán, 1943;

(b) íocfar leis an gCiste agus aistreofar chuige agus cuirfear i gcreidiúnas don Chúl-chuntas Colna an t-airgead agus na suncála uile (más ann) ordóidh an tAire o am go ham, i bhfeidhmiú na gcomhacht a bheidh tugtha dhó chuige sin le dlí, d'íoc agus d'aistriú agus do chur i gcreidiúnas amhlaidh;

(c) déanfar an t-airgead a bheidh o am go ham i gcreidiúnas don Chúl-chuntas Colna do choimeád mar chúl i gcoinnibh na freagarthachta i gcolainn aon airgid a bheidh tógtha ar iasacht ar urrús cairteacha coigiltis:

(d) aon uair agus a mhinice chífear don Aire an t-airgead a bheidh i gcreidiúnas don Chúl-chuntas Colna do bheith níos mó ná an méid a bheidh ag teastáil do réir réasúin mar chúl i gcoinnibh na freagarthachta i gcolainn aon airgid a bheidh tógtha ar iasacht agus a bheidh gan aisíoc an uair sin ar urrús cairteacha coigiltis, féadfaidh an tAire, má mheasann san do bheith ceart, a ordú go n-aistreofar agus go n-íocfar as an gCúl-chuntas Colna isteach sa Stát-Chiste, chun no mar chabhair chun aisíoctha suimeana bheidh íoctha as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis in aisíoc colann aon airgid a bheidh tógtha ar iasacht ar urrús cairteacha coigiltis, pé méid (pé aca an t-iomlán no cuid é) a mheasfaidh an tAire do bheith ceart den bhreis a bheidh ag an airgead a bheidh an uair sin i gcreidiúnas don Chúl-chuntas Colna ar an méid a chífear dó do bheith ag teastáil do réir réasúin mar adubhradh.

(7) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an gCúl-Chuntas Uis, sé sin le rá:—

(a) déanfar na suncála agus an t-airgead do bhí i gcreidiúnas don Chiste díreach roimh an 1adh lá d'Abrán, 1943, do chur i gcreidiúnas don Chúl-chuntas Uis, agus is tuigthe iad do chur i gcreidiúnas don Chuntas san ar an dáta san;

(b) déanfar an t-airgead uile do híocadh no a híocfar leis an gCiste fé fho-alt (1) den Phríomh-alt tar éis an 1adh lá d'Abrán, 1943, do chur i gcreidiúnas don Chúl-chuntas Uis;

(c) beidh feidhm agus éifeacht ag fo-alt (3) den Phríomh-alt, amhail ar an 1adh lá d'Abrán, 1943, agus ón lá san amach, maidir leis an gCúl-chuntas Uis amháin agus dá réir sin, na tagairtí atá sa bhfo-alt san don Chiste léireofar iad agus beidh éifeacht aca mar thagairtí don Chúlchuntas Uis agus is tuigthe an éifeacht san do bheith aca amhail ar an dáta san agus dá éis.

(8) Ní dhéanfaidh éinní atá san alt so dochar ná deifir d'aon tagairt don Chiste atá in aon Acht do ritheadh tar éis an Príomh-alt d'achtú agus roimh an alt so d'achtú agus, dá réir sin, leanfaidh gach tagairt den tsórt san d'éifeacht do bheith aici fé is ná hachtófaí an t-alt so.

Ré príosúntachta mar gheall ar gan cáin no diúité d'íoc.

18. —I gcás cúirt dlínse inniúla dá ordú (pé aca roimh dháta an Acht so do rith no dá éis sin é) duine do chur i bpríosún mar gheall ar neamh-íoc suime airgid do bhí no bheidh dlite don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phrímh-Chiste maidir le haon cháín no diúité fé chúram agus bainistighe na gCoimisinéirí Ioncuim, údaruítear, leis seo, do na Coimisineirí Ioncuim agus ceangaltar ortha, a ordú, ar an Acht so do rith no i gceann sé mí o dháta an orduithe á ordú an duine sin do chur i bpríosún (pé aca is déanaighe), an duine sin do scaoileadh saor as príosún pé aca bheidh an tsuim ar mar gheall a neamh-íoc a horduíodh an duine sin do chur i bpríosún íoctha no ná beidh.

Airgead d'aistriú ón Ród-Chiste chun an Stát-Chiste.

19. —D'fhonn airgead do sholáthar chun éilithe generálta thuitfidh ar an bPrímh-Chiste d'íoc, déanfar suim céad míle punt d'aistriú agus d'íoc as an Ród-Chiste isteach an Stát-Chiste pé tráth no trátha sa bhliain airgeadais dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1944, agus pé slí ordóidh an tAire Airgeadais.

Cúram agus bainistighe cánacha agus diúitéthe.

20. —Cuirtear fé chúram agus fé bhainistighe na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo na cánacha agus na diúitéthe uile forchuirtear leis an Acht so.

Gearr-theideal, léiriú, agus tosach feidhme.

21. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1943 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar Cuid I den Acht so i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncuim agus léireofar Cuid II den Acht so, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe custum, i dteannta na nAchtanna Custum agus, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe máil, i dteannta na reachtanna bhaineann leis na diúitéthe máil agus le bainistighe na ndiúitéthe sin.

(3) Is tuigthe Cuid I den Acht so do theacht i bhfeidhm an 6adh lá d'Abrán, 1943, agus beidh éifeacht aici amhail ar an lá san agus ón lá san amach.