3 1944


Uimhir 3 de 1944.


ACHT TALMHAÍOCHTA (LEASÚ), 1944.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA THALMHAÍOCHTA, 1931. [23adh Feabhra, 1944.]

ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaidheachta;

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Talmhaíochta, 1931 (Uimh. 8 de 1931) ;

cialluíonn an focal “oifig” oifig fé choiste talmhaíochta.

Costais taistil d'íoc le baill de choistí talmhaíochta.

2. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo íocfaidh coiste talmhaíochta na costais aistir a bheidh—

(a) ar gach duine fé leith dá bhaill chun taisteal go dtí cruinnithe bhí no bheidh ag an gcoiste sin tar éis an 30adh lá de Mheitheamh, 1943, agus uatha, agus

(b) ar bhall d'fho-choiste den choiste sin chun taisteal go dtí cruinnithe bhí no bheidh ag an bhfo-choiste sin tar éis an 30adh lá de Mheitheamh, 1943, agus uatha.

(2) Ní híocfar costais le duine ar bith fén alt so maidir le cruinniú in áit is giorra ná cúig mhíle, de bhealach ar bith, dá ghnáth-áit chomhnaithe.

(3) Ní raghaidh méid na gcostas a híocfar fén alt so le duine maidir le cruinniú thar méid na gcostas féna raghadh sé do réir réasúin chun taisteal óna ghnáth-áit chomhnaithe agus chuige go dtí ionad an chruinnithe sin agus uaidh.

(4) Ní híocfar costais fén alt so le duine ar bith maidir le cruinnithe fo-choiste de choiste talmhaíochta mara ndéana an tAire, arna iarraidh sin don choiste sin, a údarú costais d'íoc fén alt so le baill den fho-choiste sin.

(5) Ní foláir éileamh ar íoc costas fén alt so do dhéanamh i scríbhinn agus féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, an fhuirm d'ordú bheidh le húsáid chun an t-éileamh san do dhéanamh.

(6) Duine dhéanfaidh go feasach ráiteas bréagach no lomhálfaidh go feasach ráiteas bréagach do dhéanamh chun íoc d'fháil fén alt so dó féin no do dhuine eile, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná caoga punt do chur air no, mar is rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná bliain.

(7) Beidh duine ciontófar i gcionta fén alt so dí-cháilithe ina dhiaidh sin óna thoghadh no óna bheith ina bhall de choiste talmhaíochta no de chólucht is údarás áitiúil chun aon chríche de chrícheanna na nAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1941, no de chomhairle arna bunú le dlí maidir le contae no contae-bhuirg no de choiste de chomhairle den tsórt san, agus beidh sé dícháilithe freisin o oifig no fostaíocht do shealbhú fé choiste talmhaíochta no fé chólucht no comhairle no coiste den tsórt san réamhráite.

(8) Léireofar mar thagairtí fholuíonn tagairtí do na forálacha san roimhe seo den alt so na tagairtí atá in alt 17 agus i mír (d) d'fho-alt (1) d'alt 38 den Phríomh-Acht do na forálacha den Phríomh-Acht a bhaineann le costais taistil d'íoc le baill de choistí.

(9) Scuirfidh alt 18 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 2 den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1934 ( Uimh. 20 de 1934 ), agus an tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht d'fheidhm do bheith aca maidir lé cruinniú bhí no bheidh ag coiste talmhaíochta tar éis an 30adh lá de Mheitheamh, 1943.

Dí-cháiliú maidir le ballraíocht choistí talmhaíochta.

3. —(1) Bainfidh Airteagal 12 (ach amháin fo-airteagal (9)) den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin, le coistí talmhaíochta agus a mbaill fé mar a bhaineann sé le comhairlí contaethe agus a mbaill.

(2) Beidh duine dí-cháilithe chun é thoghadh no é roghnú no é bheith ina bhall de choiste thalmhaíochta má bhíonn baint aige, go pearsanta no trína pháirtnéir, le haon mhargadh no connradh arna dhéanamh leis an gcoiste sin. no má bhíonn sé, go pearsanta no trína pháirtnéir, páirteach i sochar aon mhargaidh no connartha den tsaghas san no aon oibre arna dhéanamh fé údarás an choiste sin.

(3) D'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (2) den alt so, ní bheidh duine dí-cháilithe chun é thoghadh no é roghnú no é beith ina bhall de choiste thalmhaíochta—

(a) de bhíthin go bhfuair no go ndearna connradh chun go bhfuigheadh, go pearsanta no trína pháirtnéir, aon tsochair no buntáistí arna dtairgsint de bhun scéimeanna talmhaíochta arna riaradh ag an gcoiste sin má thoiligh an tAire le baill de choistí talmhaíochta d'fháil na sochar no na mbuntáistí sin, no

(b) de bhíthin leas a bheith aige, go pearsanta na trína pháirtnéir,

(i) in aon nuachtán inar cuireadh fógrán maidir le gnóthaí an choiste sin, no

(ii) in aon chonnradh leis an gcoiste sin mar scaireánach in aon chuideachtain chó-stuic.

(4) Athghairmtear leis seo alt 34 den Phríomh-Acht.

Alt 24 den Phríomh-Acht dá leasú.

4. —Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 24 den Phríomh-Acht trí na focail “coiste talmhaíochta do chólíonadh a ndualgas fén Acht so no i dtaobh” do chur isteach i ndiaidh na bhfocal “i dtaobh”.

Coiste talmhaíochta do scur.

5. —(1) Má thárlann agus pé uair a thárlóidh—

(a) an tAire do bheith deimhnitheach, tar éis fiosrúchán áitiúil do dhéanamh fé alt 24 den Phríomh-Acht, arna leasú leis an Acht so, gan dualgais choiste thalmhaíochta do chontae áirithe do bheith á gcólíonadh go cuibhe agus go héifeachtúil ag an gcoiste sin, no

(b) coiste talmhaíochta do chontae áirithe do thabhairt faillí go toiliúil in aon ordú, ordachán no rialachán dleathach ón Aire do chólíonadh, no

(c) coiste talmhaíochta do chontae áirithe d'fhágaint aon bhreithe, orduithe no aithne o chúirt ar bith gan cólíonadh, no

(d) coiste talmhaíochta do chontae áirithe do dhiúltú, tar éis iad d'fháil fógra chuibhe, do leigean d'iniúchóir rialtais áitiúil a bheidh ceaptha chuige sin fé alt 68 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 ( Uimh. 23 de 1941 ), a gcuntais d'iniúchadh,

féadfaidh an tAire, le hordú, an coiste sin do scur agus, do réir mar is oiriúnach leis, a ordú ceapadh nua do dhéanamh, ag comhairle na contae sin, ar bhaill den choiste sin, no maoin an choiste sin agus a chomhachta agus a dhualgais uile agus fé seach d'aistriú chun cóluchta ar bith no chun duine no daoine ar bith.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén alt so ag scur coiste thalmhaíochta, féadfa sé pé daoine agus pé méid daoine is oiriúnach leis do cheapadh chun dualgais an choiste sin do chólíonadh, agus féadfaidh o am go ham na daoine sin uile no aon chuid díobh do chur as oifig agus daoine eile do cheapadh ina n-ionad agus féadfaidh sealbhaíocht oifige, dualgais agus luach saothair (más ann) na ndaoine sin uile do cheapadh.

(3) Déanfar luach saothair na ndaoine uile ceapfar fén bhfo-alt san roimhe seo chun dualgais choiste thalmhaíochta do chontae do chólíonadh d'íoc as an airgead a chruinneoidh comhairle na contae sin tríd an ráta talmhaíochta.

(4) Má dhéanann an tAire, fé fho-alt (1) den alt so, coiste talmhaíochta do chontae do scur agus maoin, comhachta agus dualgais an choiste sin d'aistriú chun cóluchta no duine na daoine ar bith, déanfaidh an tAire le hordú, sa chéad bhliain toghcháin no sa dara bliain toghcháin tar éis an scurtha san, a chur fé ndear ceapadh nua do dhéanamh ag comhairle na contae sin ar bhaill den choiste sin, agus ar an gceapadh nua san do dhéanamh dílseoidh maoin agus comhachta agus dualgais uile ar choiste scurtha sa choiste ceapfar amhlaidh d'ainneoin an aistrithe sin.

Sa bhfo-alt so tá leis an abairt “bliain toghcháin” an bhrí do bheirtear di le halt 25 den Acht um Thoghcháin Áitiúla, 1937 (Uimh. 14 de 1937) .

(5) Féadfaidh an tAire o am go ham le hordú na nithe agus na rialacháin sin uile do dhéanamh a mheasfaidh is gá chun lánéifeacht do thabhairt d'aon ordú bheidh déanta aige fén alt so.

Tuairisceáin, faisnéis, etc.

6. —(1) Féadfaidh an tAire a cheangal ar choiste talmhaíochta aon tuairisceán no tuarascbháil no faisnéis, i dtaobh a bhfeidhmeanna, do thabhairt dó a mheasfaidh do bheith riachtanach no inmhianuithe chun crícheanna aon choda de na comhachta agus na dualgais a bheidh bronnta no furchurtha air de thurus na huaire maidir leis an gcoiste sin, agus beidh sé de dhualgas ar an gcoiste sin déanamh do réir an cheanglais sin.

(2) Féadfaidh cigire don Aire a cheangal ar aon oifigeach do choiste talmhaíochta aon fhaisnéis, i dtaobh feidhmeanna an oifigigh sin, do thabhairt don chigire sin a theastóidh ón gcigire sin do réir réasúin chun na dualgais a bheidh forchurtha ag an Aire ar an gcigire sin do chólíonadh, agus beidh sé de dhualgas ar an oifigeach san déanamh do réir an cheanglais sin.

Oifigigh de choistí talmhaíochta do bheith i láthair ag comhairlí, etc.

7. —(1) Déanfaidh coiste talmhaíochta nuair cheanglóidh an tAire ortha é—

(a) cead do thabhairt d'oifigigh freastal ar chomhairle o am go ham le hoifigigh den Roinn Talmhaidheachta;

(b) cead do thabhairt d'oifigigh freastal chun agallmha in oifigí na Roinne Talmhaidheachta;

(c) cead do thabhairt d'oifigigh freastal ar dhálais a bhainfidh lena gcuid oibre.

(2) Lomhálfar costais taistil agus chothuithe, do réir na rátaí bheidh orduithe le rialacháin arna ndéanamh fé alt 28 den Phríomh-Acht, d'oifigigh do choistí talmhaíochta dhéanfaidh taisteal de bhun ceada fén alt so.

Teora aoise maidir le hoifigí.

8. —(1) Féadfaidh an tAire a dhearbhú aon aois áirithe do bheith ina teora aoise le haghaidh gach oifige no le haghaidh oifigí bhaineann le haicme, saghas, no grád áirithe no le haghaidh oifige no oifigí áirithe.

(2) Tiocfaidh gach dearbhú déanfar fén alt so i bhfeidhm sé mhí tar éis lá a dhéanta.

(3) Má bhíonn dearbhú fén alt so i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh aon oifige áirithe, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má bhíonn duine i seilbh na hoifige sin an lá thiocfaidh an dearbhú san i bhfeidhm agus go mbeidh aige an lá san an aois, no níos mó ná an aois, a luadhfar sa dearbhú san mar theora aoise le haghaidh na hoifige sin, scuirfidh an duine sin de bheith i seilbh na hoifige sin an lá san a thiocfaidh an dearbhú san i bhfeidhm;

(b) má thárlann, lá tar éis an lae thiocfaidh an dearbhú san i bhfeidhm, éinne bheidh i seilbh na hoifige sin do shlánú na haoise luadhfar sa dearbhú san mar theora aoise le haghaidh na hoifige sin, scuirfidh an duine sin de bheith i seilbh na hoifige sin an lá san tar éis an lae thiocfaidh an dearbhú san i bhfeidhm.

(4) I gcás inar gá é chun crícheanna fo-ailt (1) d'alt 44 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ), no aon achtacháin eile bhaineann le hoifigigh do choistí talmhaíochta do chur ar aoisliúntas is tuigthe, i dtaobh éinne scuirfidh fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so de bheith i seilbh oifige, é do theacht chun bheith éagcumasach ar dhualgais na hoifige sin do chólíonadh go héifeachtúil mar gheall ar shean-aois agus is tuigthe, i gcás inar gá é chun crícheanna an Local Government (Ireland) Act, 1919, é d'eirghe as an oifig sin le toiliú an Aire.

Oifigigh d'fhionnraighe.

9. —(1) Pé uair a mheasfaidh coiste talmhaíochta no an tAire, i dtaobh sealbhóra oifige fén gcoiste sin, go bhfuil cúis chun a chreidiúint nár cólíon an sealbhóir sin dualgais na hoifige sin go sásúil no gur mhí-iompair sé é féin maidir leis an oifig sin no go bhfuil sé neamh-oiriúnach ar aon tslí eile chun bheith i seilbh na hoifige sin, féadfaidh an coiste sin no an tAire (do réir mar a bheidh) an sealbhóir sin d'fhionnraighe o dhualgais na hoifige sin do chólíonadh faid a beifear ag fiosrú i dtaobh an neachólíonta no an mhí-iompair no na neamh-oiriúnachta san agus ag cinneadh i dtaobh cadé an gníomh smachta (más ann) a déanfar ina thaobh, agus déanfar an fiosrú san a luaithe is caothúil tar éis dáta na fionnraíochta san.

(2) Féadfaidh an tAire fionnraíocht fén alt so d'fhoirceannadh agus mairfidh gach fionnraíocht den tsórt san go dtí n-a foirceannadh amhlaidh.

(3) Pé uair a déanfar sealbhóir aon oifige áirithe fé choiste talmhaíochta d'fhionnraighe fén alt so, bhéarfaidh suas don choiste sin láithreach na leabhair, na dintiúirí, na connartha, na cuntais, na cruthúnachta, na mapaí, na pleananna agus na scríbhinní eile go léir a bheidh ina sheilbh, féna choimeád na féna urláimh agus a bhainfidh leis an oifig sin.

(4) Ní híocfar le sealbhóir oifige fionnrófar fén alt so aon luach saothair alos na hoifige sin faid a mhairfidh a fhionnraíocht, agus an luach saothair do híocfaí leis i gcaitheamh na tréimhse fionnraíochta dá mba ná fionnrófaí é déanfar, ar a fhionnraíocht d'fhoirceannadh, é gheallbhruideadh i bpáirt no go hiomlán no é íoc leis no é chur de láimh ar shlí eile, fé mar ordóidh an tAire.

(5) Scuirfidh alt 11 d'Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 ( Uimh. 39 de 1926 ), d'éifeacht do bheith aige maidir le hoifigigh agus seirbhísigh coistí talmhaíochta.

An tAire do chur duine as oifig ar é chiontú.

10. —(1) I gcás sealbhóir oifige do chiontú i gcionta do bheir, dar leis an Aire, é bheith neamh-oiriúnach don oifig sin, féadfaidh an tAire an sealbhóir sin do chur as an oifig sin le hordú.

(2) Ní bhainfidh alt 23 den Phríomh-Acht le duine do chur as oifig fé fho-alt (1) den alt so.

An tAcht so do bhaint le seanoifigigh.

11. —Ní foras chun a chointinn ná baineann na trí hailt deiridh sin roimhe seo den Acht so le hoifigeach áirithe an t-oifigeach san do bheith in oifig ar dháta an Achta so do rith.

Orduithe, etc., do chúlghairm agus do leasú.

12. —Gach comhacht do bheirtear le haon alt atá sa Phríomh-Acht no san Acht so chun aon ordú no dearbhú no ordachán do dhéanamh, léireofar í mar chomhacht a fholuíonn comhacht chun aon ordú no dearbhú no ordachán déanfar fén alt san do chúlghairm no do leasú.

Gearr-theideal, léiriú agus cóluadh.

13. —(1) Féadfar an tAcht Talmhaíochta (Leasú), 1944 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar mar aon Acht amháin na hAchtanna Talmhaíochta, 1931 go 1941, agus an tAcht so le chéile.

(3) Féadfar na hAchtanna Talmhaíochta, 1931 go 1944, do ghairm de na hAchtanna Talmhaíochta, 1931 go 1941, agus den Acht so le chéile.