|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhraiteach agus Generalta.) | Ar Aghaidh (CUID III. Mna Cabhartha.) |
ACHT NA mBAN CABHARTHA, 1944
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Priomh-Bhord na mBan Cabhartha. | |
[EN] |
An Bord do bhunú. |
5. —(1) Déanfar, de bhuadh an ailt seo, bord do bhunú ar an lá ceaptha ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal Príomh-Bhord na mBan Cabhartha. |
[EN] | (2) Isiad is céad-chomhaltaí an Bhuird ná na daoine arbh iad comhaltaí an tsean-Bhuird iad díreach roimh an lá ceaptha. | |
[EN] | (3) Beidh an Bord ina gcólucht corpruithe go síor-chomharbas agus féadfaid dul chun dlí agus féadfar dul chun dlí leo féna n-ainm chorpruithe agus féadfaid talamh do shealbhú agus do chur de láimh. | |
[EN] |
Séala an Bhuird. |
6. —(1) Soláthróidh an Bord séala dhóibh féin, agus déanfar an séala san do dhílse-dheimhniú le sighniú Chathaoirleach an Bhuird no chomhalta éigin eile dhe go n-údarás aige ón mBord chun gníomhú chuige sin maraon le sighniú an rúnaí no sighniú oifigigh éigin eile don Bhord go n-údarás aige ón mBord chun gníomhú chuige sin. |
[EN] | (2) Bhéarfar áird ar shéala an Bhuird i gcúrsaí breithiúnais agus gach scríbhinn a bhéarfaidh le tuigsint gur ionstruim í do rinne an Bord agus í bheith séaluithe le séala an Bhuird (agus an séala san dílse-dheimhnithe de dheallramh do réir an ailt seo) glacfar i bhfianaise í agus is tuigthe gurb í an ionstruim sin í gan á thuille cruthúnais mara gcruthuítear a mhalairt. | |
[EN] |
Líon comhaltaí an Bhuird. |
7. —(1) Aon duine dhéag is líon comhaltaí don Bhord. |
[EN] | (2) Más lugha ná aon duine dhéag líon na ndaoine thiocfaidh chun bheith ina gcéad-chomhaltaí den Bhord, déanfaidh an tAire, an lá ceaptha no a luaithe is féidir dá éis, oiread daoine do cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí den Bhord agus a bhéarfaidh líon comhaltaí an Bhuird suas go dtí aon duine dhéag agus, ag ceapadh na ndaoine sin dó, féachfaidh an tAire don chó-dhéanamh is gá do réir an Achta so do bheith ar an mBord. | |
[EN] |
Bliain toghcháin. |
8. —Isiad is blianta toghcháin chun crícheanna an Achta so ná na blianta 1949, 1954, 1959, 1964, agus mar sin de. |
[EN] |
An tAire do cheapadh comhaltaí den Bhord. |
9. —(1) Déanfaidh an tAire, roimh an 1adh lá d'Fheabhra i ngach bliain toghcháin, mórsheisear daoine do cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí den Bhord. |
[EN] | (2) I gcás na ndaoine ceapfar fén alt so chun bheith ina gcomhaltaí den Bhord— | |
[EN] | (a) beidh ceathrar aca ina mná cabhartha bheidh ina ngnáthchomhnaí sa Stát agus is amhlaidh a cheapfaidh an tAire iad tar éis dul i gcomhairle le pé eagrais bhanaltrais ionadathacha ar dóich leis gur ceart dul i gcomhairle leo, agus | |
[EN] | (b) beidh duine ar a laghad den triúr eile aca ina dhochtúir leighis cláruithe. | |
[EN] |
Comhaltaí den Bhord do thoghadh. |
10. —(1) Déanfaidh na dochtúirí leighis cláruithe bheidh ina ngnáth-chomhnaí sa Stát ceathrar daoine do thoghadh, roimh an 1adh lá d'Fheabhra i ngach bliain toghcháin, chun bheith ina gcomhaltaí den Bhord. |
[EN] | (2) Ní foláir gach duine toghfar fén alt so do bheith ina dhochtúir leighis cláruithe bheidh ina ghnáth-chomhnaí sa Stát. | |
[EN] | (3) Déanfar gach toghchán fén alt so do réir rialachán a dhéanfaidh an tAire chuige sin, agus isé bheidh ina cheann cóimhrimh ná cathaoirleach an Bhuird no duine ainmneoidh cathaoirleach an Bhuird. | |
[EN] |
Téarma oifige comhaltaí an Bhuird. |
11. —(1) Tosnóidh téarma oifige chomhalta den Bhord— |
[EN] | (a) i gcás céad-chomhalta, an lá ceaptha; | |
[EN] | (b) i gcás comhalta ceapfar de bhíthin líon na gcéadchomhaltaí do bheith fé bhun aon duine dhéag, lá a cheaptha; | |
[EN] | (c) i gcás comhalta có-thoghfar no ceapfar chun fo-fholúntais, lá a chó-thoghtha no a cheaptha; agus | |
[EN] | (d) i ngach cás eile, an 1adh lá d'Fheabhra sa bhliain toghcháin iomchuibhe. | |
[EN] | (2) Marab éag no eirghe as no cur as oifig roimhe sin do chomhalta den Bhord, críochnóidh a théarma oifige an 31adh lá d'Eanar sa chéad bhliain toghcháin tar éis tosach a théarma oifige. | |
[EN] | (3) Comhalta den Bhord a bheidh ag dul as oifig no seanchomhalta den Bhord féadfaidh bheith ina chomhalta den Bhord athuair. | |
[EN] |
Comhaltaí den Bhord d'eirghe as. |
12. —Féadfaidh comhalta den Bhord eirghe as a oifig mar chomhalta den Bhord trí leitir a cuirfear chun an Bhuird leis an bpost cláruithe, agus raghaidh an eirghe as in éifeacht i dtosach an chéad chruinnithe den Bhord a bheidh ann tar éis an leitir sin d'fháil. |
[EN] |
Cathaoirleach an Bhuird. |
13. —(1) Déanfaidh an Bord, ag an gcéad chruinniú bheidh aca tar éis an lae cheaptha agus fós ag an gcéad chruinniú bheidh aca tar éis an 31adh lá d'Eanar i ngach bliain toghcháin, duine dá gcomhaltaí do thoghadh chun bheith ina chathaoirleach ar an mBord. |
[EN] | (2) I gcás oifig chathaoirleach an Bhuird do theacht chun bheith folamh ar shlí seachas trí dhul in éag do théarma oifige cathaoirligh déanfaidh an Bord, ag á gcéad chruinniú eile, duine dá gcomhaltaí do thoghadh chun bheith ina chathaoirleach ar an mBord. | |
[EN] | (3) Beidh gach cathaoirleach ar an mBord, mara dtárluighe roimhe sin é d'éag no d'eirghe as oifig an chathaoirligh no é do scur de bheith ina chathaoirleach fé fho-alt (5) den alt so, i seilbh oifige mar chathaoirleach go dtí an 31adh lá d'Eanar sa chéad bhliain toghcháin tar éis é thoghadh mar chathaoirleach. | |
[EN] | (4) Féadfaidh cathaoirleach an Bhuird eirge as a oifig mar chathaoirleach tráth ar bith trí leitir a díreofar chun an Bhuird, agus raghaidh an eirghe as in éifeacht i dtosach an chéad chruinnithe den Bhord a bheidh ann tar éis an leitir sin d'fháil. | |
[EN] | (5) Má thárlann do chathaoirleach an Bhuird, le linn a théarma oifige mar chathaoirleach, é scur de bheith ina chomhalta den Bhord, beidh sé dí-cháilithe chun bheith, agus scuirfidh láithreach de bheith, ina chathaoirleach ar an mBord. | |
[EN] | (6) Má thárlann, agus cathaoirleach an Bhuird á thoghadh, na vótaí do bhéarfar do bheirt nó níos mó do bheith có-ionann, cinnfear le crannchur cé aca de na daoine sin bheidh ina chathaoirleach ar an mBord. | |
[EN] |
Cruinnithe agus nós imeachta an Bhuird. |
14. —(1) Beidh trí chruinniú ar a laghad ag an mBord gach bliain agus beidh aca freisin pé cruinnithe eile is gá chun a bhfeidhmeanna do chólíonadh go cuibhe. |
[EN] | (2) Ceathrar is cuórum do chruinniú den Bhord. | |
[EN] | (3) Gníomhóidh cathaoirleach an Bhuird mar chathaoirleach ar gach cruinniú den Bhord ag á mbeidh sé i láthair. | |
[EN] | (4) I gcás cathaoirleach an Bhuird do bheith as láthair o aon chruinniú den Bhord, no gan aon chathaoirleach ar an mBord do bheith in oifig le linn aon chruinnithe áirithe den Bhord, déanfaidh na comhaltaí den Bhord a bheidh i láthair duine dhíobh féin do thoghadh chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú agus má thárlann, agus an toghadh san á dhéanamh, na vótaí do bhéarfar do bheirt nó níos mó do bheith có-ionann, cinnfear le crannchur cé aca de na daoine sin a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú. | |
[EN] | (5) Déanfar gach ceist eireoidh ag cruinniú den Bhord do chinneadh le móráireamh vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás có-ionannais vótaí, beidh an dara vóta no vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe ach amháin nuair isé toghadh chathaoirleach an Bhuird an cheist a bheidh le cinneadh. | |
[EN] | (6) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas no folúntais do bheith imeasc a gcomhaltaí. | |
[EN] | (7) Íocfaidh an Bord le gach duine fé leith dá gcomhaltaí na costais féna ragha sé ag freastal cruinnithe den Bhord agus is do réir scála bheidh ceaduithe ag an Aire bheidh na híocaíochta. | |
[EN] | (8) Déanfaidh an Bord, fé réir forálacha an Achta so, nós imeachta agus gnó an Bhuird do rialáil le rialacha déanfar fén Acht so agus féadfaidh, go sonnrach, socrú do dhéanamh leis na rialacha san i dtaobh bunú, feidhmeanna, agus nós imeachta coistí den Bhord. | |
[EN] |
Fo-fholúntais. |
15. —(1) Aon fholúntas a thárlóidh i gcomhaltas an Bhuird de bhíthin duine d'fháil bháis, d'eirghe as no do chur as oifig, líonfar é— |
[EN] | (a) i gcás gur duine do toghadh ina chomhalta den Bhord an duine is siocair leis an bhfolúntas, trí dhuine do chóthoghadh ag na daoine eile do toghadh ina gcomhaltaí den Bhord, agus | |
[EN] | (b) in aon chás eile, tríd an Aire do cheapadh duine fé réir srianta den tsaghas chéanna (más ann) a bhain le ceapadh an chomhalta is siocair leis an bhfolúntas. | |
[EN] | (2) Einne có-thoghfar fé mhír (a) d'fho-alt (1) den alt so féachfar air ina dhiaidh sin, chun crícheanna na míre sin, mar dhuine do toghadh ina chomhalta den Bhord. | |
[EN] |
Comhalta den Bhord do chur as oifig. |
16. —Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, aon chomhalta den Bhord do chur as oifig. |
[EN] |
Oifigigh agus seirbhísigh an Bhuird. |
17. —(1) Ceapfaidh an Bord pé daoine agus pé méid daoine ina n-oifigigh (ar a n-áirmhítear rúnaí) agus ina seirbhísigh don Bhord a mheasfaidh an Bord o am go ham do bheith ceart fé réir toiliú an Aire, agus gach duine ceapfar amhlaidh déanfaidh an Bord é do roghnú i pé slí (más ann) a ordóidh an tAire. |
[EN] | (2) Cólíonfaidh gach oifigeach agus seirbhíseach don Bhord na dualgais a cheanglóidh an Bord no cheanglann an tAcht so air a chólíonadh agus féadfar é chur as oifig mar is toil leis an mBord. | |
[EN] | (3) Íocfaidh an Bord lena n-oifigigh agus lena seirbhísigh pé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Bord o am go ham le toiliú an Aire. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, liúntas bliantúil lena shaol no aisce d'íoc le héinne dá n-oifigigh no dá seirbhísigh ar é d'imeacht as seirbhís an Bhuird. | |
[EN] |
Comhacht chun rialacha do dhéanamh. |
18. —(1) Féadfaidh an Bord rialacha do dhéanamh— |
[EN] | (a) maidir le héinní dá dtagartar san Acht so mar ní is abhar do rialacha, agus | |
[EN] | (b) go generálta chun an tAcht so do chur in éifeacht, | |
[EN] | agus féadfaid le haon rialacha déanfar amhlaidh fuirmeacha d'ordú a bheidh le húsáid ar na hócáidí luadhfar ionta. | |
[EN] | (2) Ní bheidh éifeacht ag rialacha déanfar fén alt so mara ndéana agus go dtí go ndéanfaidh an tAire iad do cheadú agus ní thabharfaidh an tAire aon cheadú den tsórt san uaidh ach amháin tar éis dul i gcomhairle le Comhairle Chlárathachta na nDochtúirí Leighis. | |
(3) Beidh de dhualgas ar an mBord aon rialacha bheidh beartuithe dhéanamh fén alt so do chur in iúl do Chomhairle Chlárathachta na nDochtúirí Leighis. | ||
[EN] |
An Bord do chur tuarascbhála bliantúla chun an Aire. |
19. —Déanfaidh an Bord, roimh an 1adh lá d'Abrán i ngach bliain, tuarascbháil ar a n-imeachta ar feadh na bliana roimhe sin do chur chun an Aire agus beidh sa tuarascbháil sin pé sonnraí ordóidh an tAire. |
[EN] |
Ciste teagmhais. |
20. —(1) Féadfaidh an Bord ciste teagmhais do bhunú agus féadfaid pé íocaíochta d'íoc isteach sa chiste sin a mheasfaid is ceart o am go ham. |
[EN] | (2) Féadfaidh an Bord aon íocaíocht áirithe d'íoc isteach sa chiste bunófar fén alt so d'ainneoin go dtiocfaidh den íocaíocht san go mbeidh iarmhéid no méadú ar iarmhéid i gcoinnibh an Bhuird san achmaireacht a hullmhófar de bhun ailt 21 den Acht so agus a bhainfidh leis an mbliain ina ndéanfar an íocaíocht. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Bord an t-airgead a bheidh sa chiste bunófar fén alt so do shuncáil in aon urrúis a bheidh údaruithe chun cistí iontaobhais do shuncáil ionta. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an Bord an ciste bunófar fén alt so d'úsáid chun teagmhais do fhreastal. | |
[EN] | (5) Isé méid uasta is cead a bheith chun creidiúna aon tráth don chiste bunófar fén alt so ná sé chéad punt. | |
[EN] |
Cuntais an Bhuird agus iad d'iniúchadh. |
21. —(1) Bhéarfaidh an Bord go ndéanfar cuntais ar fháltais agus ar íocaíochta an Bhuird (ar a n-áirmhítear íocaíochta a híocfar isteach sa chiste teagmhais a bunófar fé alt 20 den Acht so) do choimeád i pé fuirm ordóidh no cheadóidh an tAire. |
[EN] | (2) Déanfar suas cuntais an Bhuird in aghaidh na bliana go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag. | |
[EN] | (3) Iniúchfar cuntais an Bhuird ag iniúchóir rialtais áitiúil a cheapfaidh an tAire chuige sin o am go ham. | |
[EN] | (4) Cinnfidh an tAire an táille bheidh le híoc ag an mBord i leith iniúchta fén alt so agus íocfaidh an Bord leis an Aire an táille cinnfear amhlaidh agus air sin déanfa seisean í d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire Airgeadais. | |
[EN] | (5) Déanfaidh an Bord achmaireacht ar chuntais an Bhuird maidir le gach bliain fé leith d'ullmhú i pé fuirm ordóidh no cheadóidh an tAire agus déanfaidh an t-iniúchóir rialtais áitiúil iniúchfaidh na cuntais sin a dheimhniú an achmaireacht san do bheith ceart. | |
[EN] | (6) Déanfaidh an Bord— | |
[EN] | (a) cóipeanna d'achmaireacht a hullmhófar de bhun fo-ailt (5) den alt so do choimeád ar fáil chun a gceannuithe no a n-iniúchta, agus | |
[EN] | (b) deimhniú do bhéarfar de bhun fo-ailt (5) den alt so d'fhoillsiú, | |
[EN] | i pé slí ordóidh no cheadóidh an tAire. | |
[EN] |
Iocaíochta o údaráis mhaoirseachta áitiúla leis an mBord. |
22. —I gcás an achmaireacht, a hullmhófar de bhun ailt 21 den Acht so, ar chuntais an Bhuird maidir le haon bhliain áirithe do thaisbeáint iarmhéide i gcoinnibh an Bhuird, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) déanfaidh an Bord, le toiliú an Aire, an t-iarmhéid sin do chion-roinnt ar na húdaráis mhaoirseachta áitiúla do réir iomlán luachálanna ionrátuithe na maoine bheidh ina gceanntair fé seach; | |
[EN] | (b) cuirfidh an Bord leis an bpost go dtí gach údarás maoirseachta áitiúil fé leith fógra ina luadhfar an méid do leagadh ar an údarás maoirseachta áitiúil sin leis an gcion-roinnt; | |
[EN] | (c) déanfaidh an t-údarás maoirseachta áitiúil sin an ceathrú cuid den tsuim a luadhfar amhlaidh d'íoc leis an mBord fé cheann mí tar éis an fógra d'fháil agus íocfaid an chuid eile den tsuim sin leis an mBord fé cheann trí mhí tar éis an fógra d'fháil; agus | |
[EN] | (d) má theipeann ar an údarás maoirseachta áitiúil sin aon cheann no an dá cheann de na híocaíochta san a dhéanamh féadfaidh an Bord an méid a bheidh dlite do bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla. |