An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Mna Cabhartha.) Ar Aghaidh (CUID V. Ilghneitheach.)

10 1944

ACHT NA mBAN CABHARTHA, 1944

CUID IV.

Srianta maidir le Freastal ar Mhna Seoil.

Srianta maidir le freastal ar mhná seoil.

48. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith freastal ar mhnaoi sheoil—

(a) maran bean chabhartha an duine sin, no

(b) maran dochtúir leighis cuibhe-cháilithe an duine sin, no

(c) maran duine an duine sin a bheidh á oiliúint chun bheith ina dhochtúir leighis cuibhe-cháilithe no ina mnaoi chabhartha agus go ndéanfaidh an freastal san mar chuid de chúrsa teagaisc phraiticiúil i mbean-chabharthacht a bheidh admhuithe ag Comhairle Chlárathachta na nDochtúirí Leighis no ag an mBord, no

(d) marab amhlaidh a déanfar an freastal san, ar shlí seachas ar luach saothair, i gcás riachtanais obainn no phráinnigh agus gan bean chabhartha ná dochtúir leighis cuibhe-cháilithe do bheith ar fáil láithreach.

(2) Má dhéanann duine ar bith éinní contrárdha don alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná fiche punt do chur air.