An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Srianta maidir le Freastal ar Mhna Seoil.) Ar Aghaidh (CUID VI. Foralacha Diombuana.)

10 1944

ACHT NA mBAN CABHARTHA, 1944

CUID V.

Ilghneitheach.

Rann-íoc o údarás máoirseachta áitiúil mar chabhair chun costas oiliúna ban cabhartha d'íoc.

49. —Féadfaidh údarás maoirseachta áitiúil, sa tslí agus sa mhéid a cheadóidh an tAire, rann-íoc do dhéanamh mar chabhair chun costas oiliúna iarrthóirí ar dheimhnithe ban cabhartha d'íoc, pé aca ina gceanntar féin no in áit eile a déanfar an oiliúint sin.

Tuarascbháil bhliantúil o dhoctúir oifigiúil údaráis mhaoirseachta áitiúil.

50. —Déanfaidh dochtúir oifigiúil údaráis mhaoirseachta áitiúil, roimh an 1adh lá d'Abrán i ngach bliain, tuarascbháil d'ullmhú ar riaradh an Achta so i gceanntar an údaráis sin i rith na bliana roimhe sin agus cuirfidh cóipeanna den tuarascbháil sin go dtí an Bord agus go dtí an tAire.

Bás mná cabhartha, etc., do thuairisciú don Bhord.

51. —(1) Tuairisceoidh údarás maoirseachta áitiúil don Bhord—

(a) bás mná cabhartha ar bith a bheidh ag cleachtadh i gceanntar an údaráis mhaoirseachta áitiúil sin;

(b) gach athrú ar ainm no ar sheoladh mná cabhartha bheidh ag cleachtadh amhlaidh; agus

(c) gach ciontú i gcionta fén Acht so déanfar ar mhnaoi chabhartha bheidh ag cleachtadh amhlaidh.

(2) Cuirfidh údarás maoirseachta áitiúil go dtí an Bord, i mí Feabhra i ngach bliain, ráiteas ina mbeidh ainm agus seoladh gach mná cabhartha a mbeidh fógra fé fho-alt (1) no fé fho-alt (2) d'alt 45 den Acht so tugtha aici i rith mí Eanair na bliana san don údarás san.

Údarás maoirseachta áitiúil do sholáthar fuirmeacha.

52. —Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, déanfaidh an t-údarás maoirseachta áitiúil lena mbainfidh gach fuirm a bheidh le húsáid ag mnaoi chabhartha do sholáthar di in aisce, maraon le clúdach cuibhe-stampálta i gcás an fhuirm do bheith le cur thar n-ais leis an bpost.

Cruthúnas i dtaobh bean do bheith ina mnaoi chabhartha no gan a bheith.

53. —Deimhniú bhéarfaidh le tuigsint é bheith sighnithe ag rúnaí an Bhuird no ag duine ar bith eile go n-údarás ón mBord chun sighniú thar a cheann á dheimhniú aon bhean áirithe do bheith ina mnaoi chabhartha ar dháta áirithe no gan a bheith glacfar leis i ngach cúirt gan a thuille cruthúnais mar fhianaise prima facie ar na nithe bheidh deimhnithe ann.

Comhachta d'oifigigh d'údaráis mhaoirseachta áitiúla chun dul isteach agus fiosrú do dhéanamh.

54. —Féadfaidh aon oifigeach d'údarás mhaoirseachta áitiúil, a bheidh údaruithe ag an údarás san chun na comhachta do bheirtear leis an alt so d'fheidhmiú, dul isteach gach tráth réasúnta in aon tigh máithreachais a bheidh suidhte i gceanntar an údaráis sin agus féadfaidh na fiosruithe sin uile do dhéanamh ann a mheasfaidh is ceart chun na gcrícheanna bhainfidh le foirfheidhmiú an Achta so agus má choisceann éinne go toiliúil aon oifigeach den tsórt san ar dhul isteach amhlaidh no má dhiúltuíonn go toiliúil d'aon fhiosrú den tsórt san do fhreagairt feadh a chumais, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná cúig puint do chur air.

Comhacht. d'údarás mhaoirseachta áitiúil chun gníomhú trína ndochtúir oifigiúil.

55. —I gcás aon chomhachta bronntar no aon dualgais a forchuirtear ar údarás maoirseachta áitiúil leis an Acht so féadfar, ach amháin maidir le haon údarás do thabhairt fén alt deiridh sin roimhe seo no le haon airgead d'íoc, an chomhacht d'fheidhmiú no an dualgas do chólíonadh ag an údarás maoirseachta áitiúil sin no, fé réir treoracha uatha, ag á ndochtúir oifigiúil.

Costais údaráis mhaoirseachta áitiúil is comhairle chontae.

56. —Na costais féna raghfar fén Acht so ag údarás maoirseachta áitiúil is comhairle chontae cruinneofar iad go cothrom tríd an ráta dealbhais ar an gcontae ar fad.

Costais an Aire.

57. —Na costais féna raghaidh an tAire chun an tAcht so do riaradh íocfar iad, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.