An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Ilghneitheach.) Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Achtachain a hAthghairmtear.)

10 1944

ACHT NA mBAN CABHARTHA, 1944

CUID VI.

Foralacha Diombuana.

Maoin, etc., an tsean-Bhuird.

58. —(1) Gach maoin, réalta no pearsanta (agus rudaí-arfionnraighe d'áireamh) a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe sa tsean-Bhord no i gcomhaltaí an tsean-Bhuird sa cháil sin dóibh no dá gcuid féin ag aon taobh aca no i seilbh ar iontaoibh d'aon taobh aca agus gach ceart, comhacht agus príbhléid a bhainfidh no ghabhfaidh le haon mhaoin den tsórt san, tiocfaid chun bheith agus beid, an lá ceaptha agus gan leithliú ná sannadh ar bith, dílsithe sa Bhord no dá gcuid féin aca no i seilbh ar iontaoibh dóibh chun an estáit, an téarma, no an leasa uile chun a mbeidh an céanna, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe sa tsean-Bhord no i gcomhaltaí an tsean-Bhuird sa cháil sin dóibh no dá gcuid féin ag aon taobh aca no i seilbh ar iontaoibh d'aon taobh aca.

(2) Na fiacha agus na fiachais eile go léir (agus fiachais neashocruithe do tháinig as torta no as sáruithe connartha d'áireamh) a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, dlite ar an sean-Bhord no ar chomhaltaí an tsean-Bhuird sa cháil sin dóibh agus gan íoc ag aon taobh aca no curtha suas agus gan glanadh ag aon taobh aca tiocfaid chun bheith agus beid, an lá ceaptha, ina bhfiacha no ina bhfiachais ar an mBord agus íocfaidh no glanfaidh an Bord iad agus féadfar iad do bhaint díobh no d'fhoirfheidhmiú ina gcoinnibh.

(3) Gach rud-ar-fionnraighe a haistrítear leis an alt so, féadfaidh an Bord dul chun dlí mar gheall air no é do bhaint amach no é d'fhoirfheidhmiú ina n-ainm féin agus ní gá don Bhord fógra i dtaobh an aistrithe déantar leis an alt so do thabhairt don duine ar a mbeidh an rud-ar-fionnraighe sin ina cheangal.

Imeachta ag an sean-Bhord no ina gcoinnibh.

59. —Aon imeachta bunuíodh ag an sean-Bhord no ag comhaltaí an tsean-Bhuird sa cháil sin dóibh no i gcoinnibh aon taobh aca agus a bheidh ar feitheamh díreach roimh an lá ceaptha, féadfar leanúint díobh ag an mBord no ina gcoinnibh agus in ainm an Bhuird agus, go sonnrach, aon imeachta chun ainm mná ar bith do bhaint den tsean-rolla bheidh ar feitheamh díreach roimh an lá ceaptha beid feasta ina n-imeachta agus leanfar díobh mar imeachta fén Acht so chun ainm na mná san do bhaint den rolla de mhná cabhartha.

Oifigigh an tsean-Bhuird.

60. —Gach duine bheidh díreach roimh an lá ceaptha ina oifigeach páigh don tsean-Bhord aistreofar go dtí an Bord é agus tiocfa sé chun bheith ina oifigeach don Bhord an lá ceaptha.

Mná bheidh cláruithe sa tsean-rolla.

61. —(1) Na cláruithe bheidh sa tsean-rolla díreach roimh an lá ceaptha, tiocfaid chun bheith, an lá ceaptha, ina gcéad-chláruithe sa rolla de mhná cabhartha.

(2) An deimhniú agus an suaitheantas a bheidh tugtha amach ag an sean-Bhord do mhnaoi bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, cláruithe sa tsean-rolla, is tuigthe chun gach críche gur deimhniú mná cabhartha agus suaitheantas mná cabhartha iad an lá ceaptha agus dá éis.

Faoiseamh do mhná ar baineadh a n-ainmneacha den tsean-rolla.

62. —I gcás an Bord dá mheas gur chóir an ceart chun freastal ar mhná seoil do thabhairt thar n-ais do mhnaoi ar bith a mbeidh, díreach roimh an lá ceaptha, a hainm bainte den tsean-rolla, féadfaidh an Bord í do chlárú sa rolla de mhná cabhartha agus beidh éifeacht maidir leis an gclárú san ag an méid sin den Acht so agus de na rialacha déanfar fén Acht so bhainfidh le hainm do chur thar n-ais sa rolla de mhná cabhartha.

Rialacha an tsean-Bhuird do leanúint in éifeacht.

63. —Go dtí go ndéanfaidh an Bord rialacha fén Acht so i dtaobh éinní áirithe, beidh ag na rialacha do rinne an sean-Bhord éifeacht i dtaobh an ní sin fé réir modhnuithe ar bith is gá, fé is dá ndéanadh an Bord go cuibhe fén Acht so iad.

Tuarascbháil ar imeachta an tsean-Bhuird.

64. —Chó luath agus is féidir é tar éis an lae cheaptha, cuirfidh an Bord go dtí an tAire tuarascbhbáil ar imeachta an tsean-Bhuird i rith na bliana 1944 agus beidh sa tuarascbháil pé sonnraí ordóidh an tAire.

Ráiteas ar fháltas agus caiteachas an tsean-Bhuird, etc.

65. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis an lae cheaptha foillseoidh an Bord ráiteas ar fháltas agus caiteachas, maraon le fiachas, an tsean-Bhuird i rith na bliana 1944 agus ní foláir an ráiteas do bheith deimhnithe do bheith ceart ag iniúchóir rialtais áitiúil a cheapfaidh an tAire chuige sin.

(2) Má thaisbeánann an ráiteas a fhoillseoidh an Bord fén alt so iarmhéid i gcoinnibh an tsean-Bhuird, beidh feidhm ag alt 22 den Acht so (a bhaineann le híocaíochta o údaráis mhaoirseachta áitiúla leis an mBord) maidir leis an iarmhéid sin amhail is dá mba iarmhéid den tsórt a luaidhtear san alt san é.

(3) Cuirfidh an Bord chun an Aire cóip den ráiteas a foillseofar fén alt so.

(4) Cinnfidh an tAire cadé an táille bheidh le n-íoc ag an mBord maidir leis an ráiteas a foillseofar fén alt so do dheimhniú ag iniúchóir rialtais áitiúil de bhun an ailt seo agus íocfaidh an Bord leis an Aire an táille cinnfear amhlaidh agus air sin déanfaidh an tAire í d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire Airgeadais.