12 1944


Uimhir 12 de 1944.


ACHT UM CHOINNÍOLLACHA FOSTAÍOCHTA, 1944.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM CHOINNÍOLLACHA FOSTAÍOCHTA, 1936 [26adh Abrán, 1944.]

ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht um Choinníollacha Fostaíochta, 1936 (Uimh. 2 de 1936) .

Alt 3 den Phríomh-Acht do leasú.

2. —(1) Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 3 den Phríomh-Acht trí na focail “ná iascaireacht” do chur isteach roimh na focail “ná daoine no earraí d'iompar”.

(2) Is tuigthe fo-alt (1) den alt so do theacht i ngníomh ar an dáta ar a dtáinig an Príomh-Acht i ngníomh.

Alt 9 den Phríomh-Acht do leasú.

3. —Leasuítear leis seo alt 9 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt so leanas do chur isteach ann i ndiaidh fo-ailt (2):—

“(2A) Féadfar cúiseamh, mar gheall ar chionta fé aon alt den Acht so dhéanfaidh fostóir oibrí i leith an oibrí sin, do bhunú ar agra an oibrí sin no ar agra aon oifigigh do cheárdchumann dar comhalta an t-oibrí sin.”

Alt 43 den Phríomh-Acht do leasú.

4. —(1) Leasuítear leis seo fo-alt (3) d'alt 43 den Phríomh-Acht trí na focail “(maidir le hoibrithe bheidh ag déanamh uain-oibre próisis leanúnaigh) an méid aimsire in aon tseachtain a leigfidh fostóir ar bith d'aon oibrí oibriú tar éis dó sé huaire caogad a' chluig oibre do bheith curtha isteach aige agus (maidir le gach oibrí eile)” do chur isteach roimh na focail “an méid aimsire”.

(2) Is tuigthe fo-alt (1) den alt so do theacht i ngníomh ar an dáta ar a dtáinig an Príomh-Acht i ngníomh.

Cosaint d'imeachta áirithe.

5. —I gcás imeachta ar bith do bhunú roimh an 16adh lá d'Fheabhra, 1944, chun aon airgead do bhaint amach adeirtear do bheith iníoctha, de bhíthin fo-ailt (2) d'alt 43 den Phríomh-Acht, le hoibrí bhí ag déanamh uain-oibre próisis leanúnaigh—

(a) má tugadh an bhreith dheiridh ar na himeachta roimh dháta an Achta so do rith, ní oibreoidh alt 4 den Acht so chun an bhreith do dhéanamh neambailidhe,

(b) marar tugadh an bhreith dheiridh ar na himeachta roimh dháta an Achta so do rith, is amhlaidh a dhéanfaidh aon chúirt a dtiocfaidh na himeachta os a cóir amhail mar dhéanfadh dá mba ná hachtófaí alt 4 den Acht so.

Gearr-theideal agus có-luadh.

6. —(1) Féadfar an tAcht um Choinníollacha Fostaíochta, 1944 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna um Choinníollacha Fostaíochta, 1936 agus 1944, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.