An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1944) Ar Aghaidh (CUID II. Cáin Bhrabúis Chorparáide.)

18 1944

AN tACHT AIRGEADAIS, 1944

CUID I

Cáin Ioncaim.

Cáin ioncaim agus forcháin in aghaidh na bliana 1944-45.

1. —(1) Éileofar cáin ioncaim in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá dAbrán, 1944, do réir seacht scillinge agus réal fén bpunt.

(2) Éileofar forcháin (seachas forcháin bhreise) in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá dAbrán, 1944, ar ioncam aon phearsan ar mó ná míle agus cúig céad punt iomlán a ioncaim ó gach taobh, agus is ar na rátaí ar a n-éilítear í in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá dAbrán, 1943, a héileofar amhlaidh í.

(3) I gcás ioncam iomlán, do réir bhrí ailt 5 den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941) , aon phearsan in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá dAbrán, 1944, do bheith níos mó ná míle agus cúig céad punt agus aon bhrabús den tsórt a luaitear san alt san 5 do bheith ina chuid de, déanfar diúité breise forchánach (dá ngairmtear forcháin bhreise san alt so) d'éileamh in aghaidh na bliana san dar tosach an 6ú lá dAbrán, 1944, do réir seacht scillinge agus réal fén bpunt alos an oiread den ioncam san agus is ionchurtha fé de bhuaidh fo-ailt (1) den alt san 5 arna mhodhnú agus arna thonasc trí na forála ina dhiaidh seo den alt so.

(4) Na forála, reachtúil agus eile, do bhí i bhfeidhm an 5ú lá dAbrán, 1944, i dtaobh cánach ioncaim agus forchánach (lena n-áirítear forcháin bhreise), beidh éifeacht acu uile agus fé seach, fé réir forál an Achta so, i dtaobh na cánach ioncaim agus na forchánach (lena n-áirítear forcháin bhreise) a héileofar mar adúradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá dAbrán, 1944.

(5) Le linn Cuid II den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941) , do bheith á tonasc (de bhuaidh an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so) leis an bhforcháin bhreise a héileofar mar adúradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá dAbrán, 1944, beidh éifeacht ag an gCuid sin II i dteannta agus fé réir na modhnuithe seo leanas, sé sin la rá:—

(a) cuirfear an abairt “an 6ú lá dAbrán, 1944” in ionad na habairte “an 6ú lá dAbrán, 1941” i ngach áit ina bhfuil an abairt sin sa Chuid sin II;

(b) i mír (b) d'fho-alt (3) d'alt 7 den Acht san, cuirfear an abairt “an 5ú lá dAbrán, 1945” in ionad na habairte “an 5ú lá dAbrán, 1942” agus cuirfear an focal “ocht” in ionad an fhocail “cúig” agus cuirfear an abairt “an 5ú lá dAbrán, 1944” in ionad na habairte “an 5ú lá dAbrán, 1941”.

Riail 6 de na Rialacha bhaineann le Cáis I agus II de Sceideal D do leasú.

2. —Beidh éifeacht ag mír (2) de Riail 6 de na Rialacha bhaineann le Cáis I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, fé is dá ndéantaí na focail “provided that the burden of the wear and tear of the machinery or plant will in fact fall directly on him” do chur isteach i ndeireadh na míre sin.

Achtacháin do leasú do dhruim an ráta cathartha do chur in ionad an ráta dhealúis agus rátaí áirithe eile sna contae-bhuirgí agus i mbuirg Dhún Laoghaire.

3. —(1) Déanfar na leasuithe luaitear sa dara colún den Sceideal a ghabhbann leis an Acht so ar na hachtacháin a luaitear sa chéad cholún den Sceideal san.

(2) I gcás ina bhfuil, de bhuaidh an ailt seo, an abairt “an ráta cathartha” in aon Acht a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, léireofar an abairt sin mar abairt a chiallaíonn aon ráta is ionann agus—

(a) an ráta is inghearrtha ag Árd-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Átha Cliath fé alt 63 den Acht Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930) , nó

(b) an ráta is inghearrtha ag Bárdas Dhún Laoghaire fé alt 63 den Acht Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath), 1930, adúradh, nó

(c) an ráta is inghearrtha fé alt 25 dAcht Bainistí Chathair Luimnigh, 1934 (Uimh. 35 de 1934) , nó

(d) an ráta is inghearrtha fé alt 24 dAcht Bainistí Chathair Phortláirge, 1939 (Uimh. 25 de 1939) , nó

(e) an ráta is inghearrtha fé alt 16 dAcht Bainistí Chathair Chorcaighe (Leasú), 1941 (Uimh. 5 de 1941) .

(3) Is tuigthe fo-ailt (1) agus (2) den alt so do theacht i bhfeidhm an 6ú lá dAbrán, 1931, agus éifeacht do bheith acu amhail ar an lá san agus ón lá san amach.

(4) I gcás aon cháinmheas do rinneadh no tugadh le tuigsint do rinneadh fé fho-alt (6) d'alt 187 den Income Tax Act, 1918, agus ar tugadh fógra achomhairc go cuibhe ina choinne roimh an 3ú lá de Bhealtaine, 1944, éistfear agus cinnfear an t-achomharc san fé is ná déanfaí na forála san roimhe seo den alt so d'achtú.

Liúntas leanbh do shaoradh ó cháin ioncaim agus asbhaintí fé alt 21 den Finance Act, 1920, do laghdú.

4. —(1) Beidh liúntas leanbh fé Acht 1944 saor ó cháin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) agus ní háireofar é le linn ioncam do dhéanamh amach chun críoch na nAcht Cánach Ioncaim.

(2) I gcás éilitheora do bheadh, mura mbeadh an t-alt so, i dteideal fé alt 21 den Finance Act, 1920, arna leasú le haon achtachán iaraimseartha asbhaint de sheasca punt do lomháil dó i leith aon linbh ina bheathaidh agus fé bhun sé bliana déag d'aois i dtosach bliana cáinmheasa, laghdófar an asbhaint sin i leith aon linbh den tsórt san de bhreis ar bheirt leanbh den tsórt san go dtí ocht bpuint cheathrachad in aghaidh na bliana dar thosach an 6ú lá dAbrán, 1944, agus go dtí trí puint cheathrachad in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá dAbrán, 1945, no aon bhliana ina dhiaidh sin.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) den alt so maidir le héilitheoir a bheidh, toisc a bheith air comhnaí lasmuich den Stát mar gheall ar thosca a chéirde nó a ghairme nó a fhostaíochta, gan bheith ina chomhnaí in aon réigiún ar aon dáta (is dáta cáilitheach maidir le haon tréimhse íoca don réigiún san) sa bhliain cháinmheasa lena mbainfidh a éileamh.

(4) San Alt so—

ciallaíonn an abairt “Acht 1944” an t Acht Liúntaisí Leanbhaí, 1944 (Uimh. 2 de 1944) ;

tá leis na habairtí “an dáta cáilitheach”, “tréimhse íoca” agus “réigiún” na bríonna atá leo in Acht 1944.

Alt 22 den Finance Act, 1920, do leasú.

5. —Beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 22 (a bhaineann le hasbhaint alos gaol cleithiúnach) den Finance Act, 1920, fé is dá gcuirtí na focail “a person (being a son or daughter of the claimant)” in ionad na bhfocal “a daughter”.

Alt 3 den Acht Airgeadais, 1925, do leasú.

6. —Déantar leis seo alt 3 (a bhaineann le saoirse do phinsin agus aiscí míleata áirithe) den Acht Airgeadais, 1925 (Uimh. 28 de 1925) , do leasú tríd an bhfo-alt so leanas do chur isteach ann in ionad fo-ailt (2) atá anois (de bhuaidh ailt 4 den Acht Airgeadais, 1938 (Uimh. 25 de 1938) ) san alt san 3, sé sin le rá—

“(2) Ar na pinsin chréachta agus mhí-chumais lena mbaineann alt 16 den Finance Act, 1919, beidh agus is tuigthe go raibh riamh gach pinsean créachta agus mí-chumais arna dheonadh fé na h Achta Arm-Phinsean, 1923 go 1943, agus fós gach aisce alos créacht nó mí-chumas arna deonadh amhlaidh, agus léireofar an t-alt san 16 agus beidh éifeacht aige dá réir sin.”

Saoirse i leith brabúis áirithe as scuab-ghill arna mbunú ag Cumann Croise Deirge na hÉireann.

7. —(1) Bhéarfar saoirse ó cháin fé Sceideal D den Income Tax Act, 1918, i leith brabúis aon scuab-ghill arna chur ar siúl fé Acht 1933 ag Cumann Croise Deirge na hÉireann, do bheadh, mara mbeadh an t-alt so, ion-cháinmheasta fé Chás I den Sceideal san ar Chumann Croise Deirge na hÉireann nó ar an gCoiste scuab-ghill arna cheapadh de bhun Achta 1933, chun críche an scuab-ghill sin, ag Cumann Croise Deirge na hÉireann.

(2) San alt so—

ciallaíonn an abairt “Acht 1933” Acht na nÓspidéal Poiblí, 1933 (Uimh. 18 de 1933) , arna leasú le hAcht na nÓspidéal Poiblí (Leasú) (Uimh. 2), 1939 (Uimh. 29 de 1939) ;

tá leis an bhfocal “scuab-gheall” an bhrí do bheirtear dó le halt 1 dAcht 1933.

(3) Is tuigthe an t-alt so do theacht i bhfeidhm an 6ú lá dAbrán, 1939, agus éifeacht do bheith aige amhail ar an lá san agus ón lá san amach.

Liúntais éigeandála i leith innealra nó gléasra áirithe.

8. —(1) I gcás—

(a) duine dá chur ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncaim—

(i) go bhfuair sé innealra nó gléasra i rith na tréimhse ceaptha d'aon-aidhm chun deacrachta do réiteach a bhaineann le hé do sheoladh trádála is ionchurtha fé cháin fé Sceideal D den Income Tax Act, 1918, agus

(ii) gur tosca thagann nó éiríonn as an éigeandáil náisiúnta atá ann fé láthair (ar a n-áirítear tosca mhairfidh tar éis deireadh do bheith leis an éigeandáil sin) is aon-chúis leis na deacrachta san, agus

(iii) gur deallrathach go scoirfidh an duine sin, sara mbeidh an tréimhse cheaptha caite, den innealra nó den ghléasra san d'úsáid chun an trádáil sin do sheoladh, agus

(b) an duine sin dá iarraidh, do réir an ailt seo, ar na Coimisinéirí Ioncuim liúntas do thabhairt dó fén alt so maidir leis an innealra nó leis an ngléasra san in aghaidh aon bhliana cáinmheasa bheidh i bpáirt nó go hiomlán laistigh den tréimhse cheaptha, agus

(c) an duine sin dá chur ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncaim an t-innealra nó an gléasra san do bheith ar seilbh aige feadh na bliana cáinmheasa lena mbainfidh an t-iarratas san,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a chur fé ndear pé liúntas (dá ngairmtear liúntas éigeandála san alt so) a mheasfaid is cóir do dhéanamh, trí aisíoc nó ar shlí eile, maidir leis an innealra nó leis an ngléasra san as an gcáinmheas a bheidh déanta air in aghaidh na bliana cáinmheasa lena mbainfidh an t-iarratas maidir le brabús na trádála san.

(2) Féadfar iarratas chun na gCoimisinéirí Ioncaim ar liúntas éigeandála in aghaidh aon bhliana cáinmheasa dar chríoch an 5ú lá dAbrán, 1944, nó roimhe sin do dhéanamh fé cheann dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta so do rith agus féadfar iarratas den tsórt chéanna do dhéanamh in aghaidh aon bhliana cáinmheasa ina dhiaidh sin fé cheann dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana san.

(3) Má thárlann, roimh dheireadh na tréimhse ceaptha, go ndíolfar innealra nó gléasra a mbeidh liúntais éigeandála tugtha do dhuine ar bith ina thaobh nó go scoirfidh an duine sin de bheith á úsáid chun an trádáil do sheoladh chun a bhfuarthas é, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim na liúntais éigeandála san d'athbhreithniú—

(a) i gcás an t-innealra nó an gléasra san do dhíol amhlaidh, tar éis an díola, nó

(b) i gcás gan an t-innealra nó an gléasra san do dhíol amhlaidh ach go scoirfear de bheith á úsáid amhlaidh, tar éis an tréimhse cheaptha do bheith caite.

(4) Beidh éifeacht ag na forála so leanas i dtaobh nó de dhruim athbhreithnithe fé fho-alt (3) den alt so ar na liúntais éigeandála bheidh tugtha do dhuine ar bith, sé sin le rá:—

(a) chun críche an athbhreithnithe sin féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim na méideanna so leanas do chur i gcomparáid, sé sin le rá:—

(i) an costas glan (mar a mínítear anso ina dhiaidh seo sa bhfo-alt so) do bhí ar an duine sin maidir leis an innealra nó leis an ngléasra ar ina thaobh do tugadh na liúntais éigeandála san, agus

(ii) iomlán na liúntas (mar a mínítear anso ina dhiaidh seo sa bhfo-alt so) do tugadh don duine sin;

(b) chun críoch na comparáide sin, is tuigthe gurb é is méid don chostas ghlan san ná an méid a bheidh de bhreis ag an méid iarbhfír do chosain sé ar an duine sin an t-innealra nó an gléasra san do chur isteach ar an iomlán a dhéanfaidh—

(i) an tsuim nó na suimeanna (más ann) do cuireadh ar fáil i bhfoirm chúnaimh airgid nó deontais as cistí poiblí mar chabhair chun an t-innealra nó an gléasra san do chur isteach, agus

(ii) má díoltar an t-innealra nó an gléasra san roimh dheireadh na tréimhse ceaptha, an méid ar ar díoladh an t-innealra nó an gléasra san nó, mara ndíoltar an t-innealra nó an gléasra san roimh dheireadh na tréimhse ceaptha ach go scoirfear, roimh dheireadh na tréimhse ceaptha, de bheith á úsáid chun an trádáil do sheoladh chun a bhfuarthas é, an méid dob fhiú, dar leis na Coimisinéirí Ioncaim, an t-innealra nó an gléasra i gcás é do dhíol ag deireadh na tréimhse ceaptha;

(c) chun críoch na comparáide sin, is tuigthe gurb é is méid d'iomlán na liúntas san ná an t-iomlán a dhéanfaidh—

(i) na liúntais éigeandála uile do tugadh don duine sin maidir leis an innealra nó leis an ngléasra san, agus

(ii) na liúntais uile do tugadh don duine sin maidir leis an innealra nó leis an ngléasra san, fé réim nó de bhíthin Rialach 6 nó Rialach 7 de na Rialacha bhaineann le Cáis I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, nó ailt 3 den Acht Airgeadais, 1942 , ( Uimh. 14 de 1942 ) in aghaidh na bliana cáinmheasa ar lena linn a raghaidh an tréimhse cheaptha in éag agus in aghaidh aon bhliana cáinmheasa roimhe sin a raibh an t-innealra nó an gléasra san ina sheilbh nó, má díoltar an t-innealra nó an gléasra san roimh dheireadh na tréimhse ceaptha, in aghaidh na bliana cáinmheasa inar díoladh an céanna agus in aghaidh aon bhliana roimhe sin a raibh an t-innealra nó an gléasra san ar seilbh aige;

(d) más mó an costas glan san ná iomlán na liúntas san, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim pé liúntas éigeandála eile is dóigh leo is cóir do thabhairt trí aisíoc nó ar shlí eile;

(e) más mó iomlán na liúntas san ná an costas glan san, féadfar na liúntais éigeandála do tugadh don duine sin d'athbhreithniú agus féadfar pé cáinmheasa breise is dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim is gá do dhéanamh ar an duine sin in aghaidh aon bhliana cáinmheasa ar deonadh aon liúntas éigeandála dhó ina haghaidh.

(5) Más rud é, tar éis an tréimhse cheaptha do bheith caite, go leanfaidh innealra nó gléasra ar tugadh liúntais éigeandála ina leith do dhuine ar bith de bheith á úsáid ag an duine sin chun an trádáil do sheoladh chun a bhfuarthas é, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim na liúntais éigeandála san d'athbhreithniú agus féadfaid pé cáinmheasa breise do dhéanamh is gá chun na liúntais éigeandála san do chúlghairm.

(6) San alt so, ciallaíonn an abairt “an tréimhse cheaptha” an tréimhse thosnaigh ar dháta an Achta Cumhachta Práinne, 1939 ( Uimh. 28 de 1939 ), do rith, agus a chríochnóidh dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta san do dhul in éag.

Ceanntair Cháinmheasa Sceidil D agus Sceidil E.

9. —(1) D'ainneoin éinní atá sna hAchta Cánach Ioncaim, déanfar cáinmheasa chun cánach ioncaim fé Sceidil D agus E i leith pé ceanntar a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim ó am go ham.

(2) Beidh feidhm ag an alt so maidir le haon cháinmheas a déanfar tar éis dáta an Achta so do rith maidir le cáin is inéilithe in aghaidh aon bhliana cáinmheasa, pé aca thosnaigh sí roimh dháta an Achta so do rith nó thosnóidh dá éis.

Tuarascála ar chás ríofa dfhoillsiú.

10. —I gcás an Árd-Chúirt nó an Chúirt Uachtarach do thabhairt éisteachta (pé aca roimh dháta an Achta so do rith nó dá éis sin é) in camera, de bhun fo-ailt (9) d'alt 5 den Acht Airgeadais, 1929 (Uimh. 32 de 1929) , do chás ríofa fé na hachtacháin a luaitear sa bhfo-alt san, ní chuirfidh san cosc le tuarascáil ar na himeachta os cóir na hÁrd-Chúirte nó na Cúirte Uachtaraí nó ar na breithe a bhéarfaidh an céanna dfhoillsiú sna dlí-thuarascála arna bhfoillsiú ag Comhairle Chorpraithe na hÉireann um Dhlí-Thuairisciú nó in aon dlí-thuarascála aitheanta eile nó in aon tuarascála arna gclóbhualadh le cead na Comhairle Corpraithe sin, ach ní nochtfar in aon tuarascáil den tsórt san ainm an duine arb í a ionmhuirearacht chun cánach is abhar don chás.