|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I Cáin Ioncaim.) | Ar Aghaidh (CUID III. Ilghnéitheach agus Generálta.) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1944
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Cáin Bhrabúis Chorparáide. | |
[EN] |
Míniú sa Chuid seo den Acht so. |
11. —Sa Chuid seo den Acht so, ciallaíonn an abairt “Acht 1941” an t Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941) , arna leasú nó arna leathnú le hachtacháin iaraimseartha. |
[EN] |
Brí na habairte “luach saothair” maidir le stiúrthóir. |
12. —Chun deireadh do chur le hamhrais achtaítear agus dearbhaítear leis seo go léireofar an abairt “luach saothair”, nuair a húsáitear í i dtaobh stiúrthóra cuideachtan in aon achtachán a bhaineann le cáin bhrabúis chorparáide (ar a n-áirítear cáin bhrabúis chorparáide bhreise), mar abairt a chiallaíonn agus a chiallaigh riamh gach luach saothair, i bhfoirm táillí nó tuarastail nó bónais nó coimisiúin nó eile, is iníoctha nó dob iníoctha ag cuideachtain le duine i leith tréimhse ina mbeidh no ina raibh sé ina stiúrthóir ar an gcuideachtain sin, pé aca bheidh nó bhí an luach saothair sin iníoctha leis i gcáil stiúrthóra ar an gcuideachtain sin agus sa cháil sin amháin dó, nó i gcáil éigin eile agus sa cháil sin amháin dó, nó go leathrannach i gcáil stiúrthóra den tsórt san dó agus go leathrannach i gcáil éigin eile dhó. |
[EN] |
Forála i dtaobh asbhaintí i gcóir luach saothair stiúrthóirí maidir le cáin bhrabúis chorparáide bhreise. |
13. —(1) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forála so leanas maidir lena fhionnachtain, chun cáin bhrabúis chorparáide bhreise do mhuirearú, cadé an brabús do rinneadh in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta chríochnóidh tar éis an 31ú lá de Mhí na Nollag, 1943, ag cuideachtain go leas urlámhach ag á stiúrthóirí inti, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) i gcás cuideachtan ar brabús bliana trádála a brabús caighdeánach, ní raghaidh méid na hasbhainte maidir le luach saothair iomlán na stiúrthóirí uile (dá ngairmtear an asbhaint iomlán sa bhfo-alt so) a lomhálfar thar an asbhaint iomlán a lomháladh nuair a bhí áireamh á dhéanamh, fé na hachtacháin a bhí i bhfeidhm de thuras na huaire maidir le cáin bhrabúis chorparáide, ar bhrabús na cuideachtan don bhliain trádála sin; | |
[EN] | (b) i gcás cuideachtan arb é an caighdeán ionaid nó suim dhá mhíle agus cúig céad punt a brabús caighdeánach agus ag á raibh bliain amháin agus gan ach bliain amháin trádála (is bliain trádála a chríochnaigh sa bhliain dar chríoch an 31ú lá de Lúnasa, 1939) nó ag á raibh dhá bhliain agus gan ach dhá bhliain trádála as a chéile ar chríochnaigh an bhliain deiridh díobh sa bhliain dar chríoch an 31ú lá de Lúnasa, 1939, nó ag á raibh trí cinn nó níos mó de bhlianta trádála as a chéile ar chríochnaigh an ceann deiridh díobh sa bhliain dar chríoch an 31ú lá de Lúnasa, 1939, ní raghaidh an asbhaint iomlán a lomhálfar thar an asbhaint iomlán a lomháladh nuair a bhí áireamh á dhéanamh, fé na hachtacháin sin, ar bhrabús na uideachtan— | |
[EN] | (i) má bhí aon bhliain amháin agus gan ach aon bhliain amháin trádála den tsórt san ann, in aghaidh na bliana san, nó | |
[EN] | (ii) má bhí dhá bhliain agus gan ach dhá bhliain trádála den tsórt san as a chéile ann, in aghaidh pé bliana trádála dhíobh san ar lomháladh amhlaidh an asbhaint iomlán is mó ina haghaidh, nó | |
[EN] | (iii) má bhí trí bliana agus gan ach trí bliana trádála den tsórt san as a chéile ann, in aghaidh pé bliana trádála dhíobh san ar lomháladh amhlaidh an asbhaint iomlán is mó ina haghaidh, nó | |
[EN] | (iv) má bhí ceithre cinn nó níos mó de bhlianta trádála den tsórt san as a chéile ann, in aghaidh pé ceann de na trí bliana trádála deiridh sin ar lomháladh amhlaidh an asbhaint iomlán is mó ina haghaidh; | |
[EN] | (c) i gcás cuideachtan arb é an caighdeán ionaid nó suim dhá mhíle agus cúig céad punt a brabús caighdeánach agus ná raibh aon bhliain trádála aici chríochnaigh sa bhliain dar chríoch an 31ú lá de Lúnasa, 1939, ní raghaidh an asbhaint iomlán a lomhálfar thar suim is ionann agus trí fén gcéad de chaipital lán-íoctha eisithe na cuideachtan maran rud é, i gcás gur cúig mhíle dhéag punt ar a laghad an caipital lán-íoctha eisithe, go n-ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim a mhalairt, agus sa chás san is é asbhaint iomlán a lomhálfar ná an méid a luafar san ordú; | |
[EN] | (d) na tagairtí atá i mír (b) den fho-alt so do bhrabús cuideachtan in aghaidh bliana trádála déanfar, i gcás caillteanas do bheith ar an gcuideachtain in aghaidh na bliana trádála san, iad do léiriú mar thagairtí do chaillteanas na cuideachtan in aghaidh na bliana trádála san agus déanfar an caillteanas san d'áireamh sa tslí inar gá do réir dlí brabús d'áireamh chun cáin bhrabúis chorparáide bhreise do mhuirearú; | |
[EN] | (e) nuair a beifear ag feidhmiú forál na míreanna san roimhe seo den fho-alt so maidir le cáin bhrabúis chorparáide bhreise do cháinmheas i leith tréimhse cuntasaíochta no coda de thréimhse chuntasaíochta is giorra ná dhá mhí dhéag, déanfar an méid uasta is ceadaithe d'asbhaint fé na forála san maidir leis an asbhaint iomlán do laghdú go dtí suim a mbeidh idir í agus an méid uasta luaitear i pé foráil aca san a bhainfidh leis an gcás an cothrom céanna bheidh idir an tréimhse chuntasaíochta san no an chuid sin de thréimhse chuntasaíochta agus dhá mhí dhéag; | |
[EN] | (f) má thárlann, i gcás cuideachtan a raibh aon bhliain amháin trádála nó níos mó aici, go raibh duine is stiúrthóir dar ghá a chuid aimsire iomlán go substainteach do thabhairt do sheirbhís na cuideachtan i bhfeadhmanas bainistí nó teicniúil gan bheith ina stiúrthóir i rith na bliana trádála ar dá réir a háireofar an asbhaint iomlán fé mhír (a) no mír (b) den fho-alt so ach go raibh sé i rith na bliana trádála san ar fostú ag an gcuideachtain, ansan, d'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt san, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo é, an asbhaint iomlán do mhéadú pé méid (nach mó ná an luach saothair do híocadh leis an duine sin in aghaidh na bliana trádála san) a mheasfaid is ceart; | |
[EN] | (g) sa bhfo-alt so— | |
[EN] | tá leis an bhfocal “caipital” an bhrí chéanna atá leis i bhfo-mhír (i) de mhír (c) dfho-alt (2) d'alt 16 den Acht Airgeadais, 1942 ( Uimh. 14 de 1942 ), | |
[EN] | folaíonn an focal “stiúrthóir” duine ar bith ar gnáth do stiúrthóirí cuideachtan gníomhú do réir a orduithe no a threoracha, ach ní fholaíonn stiúrthóir dar gá a chuid aimsire iomlán go substainteach do thabhairt do sheirbhís na cuideachtan i bhfeadhmanas bainistí nó teicniúil agus ná fuil ina únaer thairbheach ar, ná ábalta (go díreach nó trí mheán cuidéachtana eile nó trí aon tslí neamh-dhíreach eile) ar urláimh do dhéanamh ar, níos mó ná cúig fén gcéad de ghnáthstoc no gnáth-scaireanna na cuideachtan. | |
(2) Scoirfidh alt 43 dAcht 1941, arna leasú le halt 18 den Acht Airgeadais, 1942 ( Uimh. 14 de 1942 ), dfheidhm do bheith aige maidir le haon tréimhse chuntasaíochta a chríochnóidh tar éis an 31ú lá de Mhí na Nollag, 1943. | ||
[EN] |
Fo-chuideachtana. |
14. —(1) I gcás cuideachta iar-lá-ceaptha do bheith ina cuideachtain chúnta ag cuideachtain ré-lá-ceaptha, is tuigthe, chun críoch an ailt seo, an chuideachta iar-lá-ceaptha do bheith ina fochuideachtain ag an gcuideachtain ré-lá-ceaptha. |
[EN] | (2) I gcás— | |
[EN] | (a) cuideachta iar-lá-ceaptha (dá ngairmtear an dara cuideachta sa bhfo-alt so) do bheith ina cuideachtain chúnta ag cuideachtain iar-lá-ceaptha eile (dá ngairmtear an chéad chuideachta sa bhfo-alt so), agus | |
[EN] | (b) gur tuigthe trí fho-alt (1) den alt so an chéad chuideachta do bheith ina fo-chuideachtain ag cuideachtain ré-láceaptha, | |
[EN] | is tuigthe, chun críoch an ailt seo, an dara cuideachta freisin do bheith ina fo-chuideachtain ag an gcuideachtain ré-lá-ceaptha. | |
[EN] | (3) I gcás— | |
[EN] | (a) gur tuigthe, trí fho-alt (1) den alt so, aon chuideachta amháin de thrí cinn nó níos mó de chuideachtana iarlá-ceaptha do bheith ina fo-chuideachtain ag cuideachtain ré-lá-ceaptha, agus | |
[EN] | (b) gach ceann de na cuideachtana iar-lá-ceaptha eile do bheith ina cuideachtain chúnta ag aon cheann áirithe de na cuideachtana iar-lá-ceaptha, | |
[EN] | is tuigthe, chun críoch an ailt seo, gach ceann de na cuideachtana iar-lá-ceaptha eile do bheith freisin ina fo-chuideachtain ag an gcuideachtain ré-lá-ceaptha. | |
[EN] | (4) I gcás gur tuigthe, de bhuaidh na bhforál san roimhe seo den alt so, cuideachta iar-lá-ceaptha do bheith, mara mbeadh an fo-alt so, ina fo-chuideachtain ag dhá chuideachtain ré-lá-ceaptha no níos mó, áireofar í mar fho-chuideachtain ag an aon cheann amháin sin de na cuideachtana ré-lá-ceaptha a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim. | |
[EN] | (5) I gcás gur tuigthe tríd an alt so cuideachta iar-lá-ceaptha do bheith ina fo-chuideachtain ag cuideachtain ré-lá-ceaptha, ansan, mara n-ordaí na Coimisinéirí Ioncaim a mhalairt, beidh éifeacht, chun cáin bhrabúis chorparáide do mhuirearú, ag na forála so leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) is tuigthe gan an chuideachta iar-lá-ceaptha do bheith ina cuideachtain; | |
[EN] | (b) is tuigthe i dtaobh na trádála nó an ghnótha nó an ghnóthais dá shamhail, ar a n-áirítear suncála do shealbhú, a bheidh á sheoladh ag an gcuideachtain iar-lá-ceaptha é bheith á sheoladh ag an gcuideachtain ré-lá-ceaptha; | |
[EN] | (c) is tuigthe gurb iad sócmhainní na cuideachtan iar-lá-ceaptha sócmhainní na cuideachtan ré-lá-ceaptha. | |
[EN] | (6) (a) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim maidir le cuid de chaipital eisithe cuideachtan iar-lá-ceaptha is tuigthe tríd an alt so do bheith ina fo-chuideachtain ag cuideachtain ré-lá-ceaptha go dtabharfadh sé, dá ndéanadh an chuideachta ré-lá-ceaptha an caipital san d'eisiúin mar chaipital dá cuid féin, an chuideachta ré-lá-ceaptha do bheith i dteideal go ndéanfaí asbhaint as a brabús fé alt 41 dAcht, 1941, nó go ndéanfaí aon mhéadú ar a caighdeán ionaid fé alt 39 dAcht, 1941, féadfaid, chun críoch na n-alt san, an chuid sin de chaipital eisithe na cuideachtan iar-lá-ceaptha d'áireamh mar chaipital arna eisiúin ag an gcuideachtain ré-lá-ceaptha. | |
[EN] | (b) So bhfo-alt so tá an bhrí chéanna leis an bhfocal “caipital” atá leis i bhfo-mhír (i) de mhír (c) d'fho-alt (2) d'alt 16 den Acht Airgeadais, 1942 ( Uimh. 14 de 1942 ). | |
[EN] | (7) Má thárlann, de dhruim na forála atá leagtha amach i bhfo-alt (5) den alt so do thonasc le cuideachtain ré-lá-ceaptha agus le haon chuideachtain iar-lá-ceaptha amháin agus gan ach aon chuideachta iar-lá-ceaptha amháin, go ndlífidh an chuideachta ré-lá-ceaptha cáin bhrabúis chorparáide d'íoc de mhéid is mó ná an méid a dhlífeadh d'íoc mura mbeadh san, beidh éifeacht ag na forála so leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) dlífidh na cuideachtana san, in éineacht agus ar leithligh, an bhreis d'íoc; | |
[EN] | (b) má íocann an chuideachta ré-lá-ceaptha an bhreis sin, féadfaidh an chuideachta ré-lá-ceaptha méid is cóionann leis an mbreis sin do bhaint den chuideachtain iar-lá-ceaptha. | |
[EN] | (8) Má thárlann, de dhruim na forála atá leagtha amach i bhfo-alt (5) den alt so do thonasc le cuideachtain ré-lá-ceaptha agus le dhá chuideachtain iar-lá-ceaptha nó níos mó, go ndlífidh an chuideachta ré-lá-ceaptha cáin bhrabúis chorparáide d'íoc de mhéid is mó ná an méid do dhlífeadh mura mbeadh san, beidh éifeacht ag na forála so leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) dlífidh an chuideachta ré-lá-ceaptha agus gach ceann de na cuideachtana iar-lá-ceaptha dlífid, in éineacht agus ar leithligh, an bhreis d'íoc; | |
[EN] | (b) má íocann an chuideachta ré-lá-ceaptha an bhreis sin, féadfaidh na Coimisinéirí Speisialta, ar an gcuideachtain ré-lá-ceaptha dá iarraidh orthu, an bhreis sin do chionroinnt (agus ní bheidh dul thar an gcionroinnt sin) idir na cuideachtana iar-lá-ceaptha i pé cionúireachta a mheasfaidh na Coimisinéirí Speisialta is ceart, agus, sa chás san, beidh an cion a cuirfear ar aon chuideachtain iar-lá-ceaptha áirithe ionbhainte den chuideachtain iar-lá-ceaptha san ag an gcuideachtain ré-lá-ceaptha. | |
[EN] | (9) (a) Is tuigthe chun críoch an ailt seo cuideachta (dá ngairmtear an dara cuideachta sa mhír seo) do bheith ina cuideachtain chúnta ag cuideachtain eile (dá ngairmtear an chéad chuideachta sa mhír seo) i gcás— | |
[EN] | (i) an dara cuideachta do chorprú tar éis na céad chuideachtan, agus | |
[EN] | (ii) an chéad chuideachta do shealbhú níos mó ná caoga fén gcéad de ghnáth-chaipital eisithe lán-íoctha na dara cuideachtan. | |
[EN] | (b) Chun críoch an fho-ailt seo— | |
[EN] | (i) aon scaireanna le cuideachtain a bheidh ar seilbh ag ainmnithe nó scaireánaigh cuideachtan eile, is tuigthe iad do bheith ar seilbh ag an gcuideachtain eile sin, | |
[EN] | (ii) is tuigthe stoc tosaíochta (seachas stoc tosaíochta ná gabhann cirt vótála leis ach i gcás díbhinní do bheith i riaráiste) lena ngabhann cirt vótála, no scaireanna tosaíochta (seachas scaireanna tosaíochta ná gabhann cirt vótála leo ach i gcás díbhinní do bheith i riaráiste) lena ngabhann cirt vótála, do bheith ina ghnáth-stoc nó ina ngnáth-scaireanna. | |
[EN] | (10) San alt so— | |
[EN] | ciallaíonn an abairt “cuideachta ré-lá-ceaptha” cuideachta arna corprú roimh an 7ú lá de Bhealtaine, 1941; | |
[EN] | ciallaíonn an abairt “cuideachta iar-lá-ceaptha” cuideachta arna corprú an 7ú lá de Bhealtaine, 1941, nó dá éis; | |
léireofar tagairtí do cháin bhrabúis chorparáide mar thagairtí fholaíonn tagairtí do cháin bhrabúis chorparáide bhreise. | ||
(11) (a) Fé réir míre (b) den fho-alt so, beidh feidhm agus éifeacht ag forála an ailt seo maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar críoch dáta i ndiaidh an 31ú lá de Mhí na Nollag, 1943. | ||
(b) I gcás na forála atá leagtha amach i bhfo-alt (5) den alt so do bhaint le cuideachtain ré-lá-ceaptha agus le cuideachtain iar-lá-ceaptha, agus na cuideachtana san dá chur in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim gur mian leo feidhm agus éifeacht do bheith ag forála an ailt seo maidir leis na tréimhsí cuntasaíochta uile dar críoch dáta i ndiaidh dáta corpruithe na cuideachtan iar-lá-ceaptha, ansan, beidh feidhm agus éifeacht ag forála an ailt seo dá réir sin. | ||
[EN] |
Eadarbhearta d'intinn dliteanas i gcáin bhrabúis chorparáide do seachaint. |
15. —(1) I gcás na Coimisinéirí Ioncaim do bheith ar an tuairim gurb é is príomh-chuspóir d'aon eadarbheart nó eadarbhearta do rinneadh roimh dháta an Achta so do rith nó déanfar dá éis ná dliteanas i gcáin bhrabúis chorparáide do sheachaint nó do laghdú, féadfaid, más oiriúnach leo é, a ordú go ndéanfar pé coigeartuithe maidir le dliteanas, in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta dar críoch dáta i ndiaidh an 31ú lá de Mhí na Nollag, 1943, i gcáin bhrabúis chorparáide a mheasfaid is cuibhe chun frithghníomhú i gcoinne na seachana nó an laghduithe, ar an dliteanas i gcáin bhrabúis chorparáide, do thiocfadh d'éamais na gcoigeartuithe sin den eadarbheart nó de na headarbhearta san. |
[EN] | (2) Gan dochar do gheneráltacht na gcumhacht do bheirtear le fo-alt (1) den alt so, sroichfidh na cumhachta do bheirtear leis an bhfo-alt san— | |
[EN] | (a) cáin bhrabúis chorparáide do mhuirearú ar chuideachtana ná beadh aon cháin bhrabúis chorparáide nó oiread cánach brabúis chorparáide ionmhuirir orthu d'éamais na gcoigeartuithe, | |
[EN] | (b) níos mó cánach brabúis chorparáide do mhuirearú ná mar bheadh ionmhuirir d'éamais na gcoigeartuithe. | |
[EN] | (3) Féadfaidh aon chuideachta ar a ngoillfidh ordú ó na Coimisinéirí Ioncaim fén alt so achomharc do dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta pé acu ar an bhforas nárbh é ba phríomhchuspóir don eadarbheart nó do na headarbhearta san dliteanas i gcáin bhrabúis chorparáide do sheachaint nó do laghdú, nó ar an bhforas ná raibh sé ceart aon ordú do thabhairt nó go raibh na coigeartuithe a hordaíodh a dhéanamh neamh-chuibe, agus beidh feidhm, maidir le haon achomharc den tsórt san, ag na forála uile bhaineann le hachomharc i gcoinne cáinmheasta chun cánach brabúis chorparáide. | |
[EN] | (4) Léireofar na tagairtí atá san alt so do cháin bhrabúis chorparáide mar thagairtí fholaíonn tagairtí do cháin bhrabúis chorparáide bhreise. | |
[EN] |
Brabús caighdeánach cuideachtana nua áirithe. |
16. —I gcás— |
[EN] | (a) cuideachta (dá ngairmtear an chuideachta nua san alt so) dá iarraidh i scríbhinn ar na Coimisinéirí Ioncaim cionroinnt do dhéanamh fén alt so, agus | |
[EN] | (b) an chuideachta nua dá chur ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncaim— | |
[EN] | (i) gur tar éis an 31ú lá de Lúnasa, 1939, do corpraíodh í agus chun trádáil nó gnó do sheoladh a bhí ar aon-ghné ach ná raibh chomh mór le trádáil nó gnó cuideachtan (dá ngairmtear an tsean-chuideachta san alt so) do scoireadh agus ag á raibh aon bhliain trádála amháin nó níos mó, agus | |
[EN] | (ii) go mbíonn an trádáil nó an gnó san á sheoladh aici amhlaidh, agus | |
[EN] | (iii) go bhfuil níos mó ná caoga fén gcéad de ghnáthchaipital eisithe na cuideachtan nua ar seilbh ag daoine a raibh seilbh acu san iomlán ar níos mó ná caoga fén gcéad de ghnáth-chaipital eisithe na seanchuideachtan, agus | |
[EN] | (iv) go bhfuil cuid substainteach d'eagras na seanchuideachtan tógtha ar láimh ag an gcuideachtain nua, agus | |
[EN] | (v) go ndearnadh an chuideachta nua do chorprú i gcionn mí ar a dhéana tar éis an tsean-chuideachta do scor, agus | |
[EN] | (c) an chuideachta nua do thabhairt pé cuntas agus sonnraí agus eolais do na Coimisinéirí Ioncaim a theastóidh ó na Coimisinéirí Ioncaim chun críoch an iarratais, | |
[EN] | beidh éifeacht ag na forála so leanas— | |
[EN] | (1) cionroinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim ar an gcuideachtain nua méid is comhionann le hoiread, de bhrabús na seanchuideachtan in aghaidh na bliana trádála ar fé threoir a brabúis a háireofaí brabús caighdeánach na seanchuideachtan dá mba ná scoirfí í, a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is iomchuibhe don trádáil nó don ghnó bheidh á sheoladh ag an gcuideachtain nua, agus | |
[EN] | (2) an méid a cionroinnfear amhlaidh ar an gcuideachtain nua is é bheidh, más mian leis an gcuideachtain nua é, mar bhrabús caighdeánach ag an gcuideachtain nua in aghaidh gach tréimhse cuntasaíochta dar críoch dáta tar éis an lú lá dEanar, 1941. | |
[EN] |
Saoirsí áirithe do bhuanú. |
17. —Na saoirsí ó cháin bhrabúis chorparáide a bheirtear le halt 33 den Acht Airgeadais, 1939 ( Uimh. 32 de 1939 ), arna leasú le halt 30 den Acht Airgeadais, 1931 (Uimh. 31 de 1931) , agus le mír (b) dfho-alt (1) d'alt 47 den Acht Airgeadais, 1932 (Uimh. 20 de 1932) , agus a buanaíodh go dtí an 31ú lá de Mhí na Nollag, 1943, le halt 44 dAcht, 1941, déanfar agus déantar leis seo iad do bhuanú go dtí an 31ú lá de Mhí na Nollag, 1946. |
[EN] |
An Chuid seo den Acht so do léiriú. |
18. —Léighfear agus léireofar an Chuid seo den Acht so i dteannta Coda V den Finance Act, 1930, arna leasú nó arna leathnú le hachtacháin iaraimseartha, agus, go sonnruch, léighfear agus léireofar í i dteannta Coda V dAcht 1941, Coda IV den Acht Airgeadais, 1942 (Uimh. 14 de 1942) , agus Coda III den Acht Airgeadais, 1943 (Uimh. 16 de 1943) . |