An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Cáin Bhrabúis Chorparáide.) Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Achtacháin do leasú de dhruim an ráta cathartha do chur in ionad an ráta dhealúis agus rátaí áirithe eile sna contae-bhuirg í agus i mbuirg Dhún Laoghaire.)

18 1944

AN tACHT AIRGEADAIS, 1944

CUID III.

Ilghnéitheach agus Generálta.

Alt 34 den Acht Airgeadais, 1931, do leasú.

19. —Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 34 den Acht Airgeadais, 1931 (Uimh. 31 de 1931) , do leasú tríd an mír seo leanas do chur isteach ann in ionad míre (b) den fho-alt san, sé sin le rá:—

“(b) in aghaidh na bliana airgeadais dar tosach an lú lá dAbrán, 1945, agus gach bliana airgeadais ina dhiaidh sin, pé suim, nach mó ná dachad míle punt, a chinnfidh an tAire Airgeadais ó am go ham.”

Airgead d'aistriú ón Ród-Chiste go dtí an Stát-Chiste.

20. —Dfhonn airgead do sholáthar chun íoctha éilithe generálta thuitfidh ar an bPrímh-Chiste, déanfar suim céad míle punt d'aistriú agus d'íoc as an Ród-Chiste isteach sa Stát-Chiste pé tráth nó trátha sa bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1945, agus i pé slí ordóidh an tAire Airgeadais.

Cumhacht don Aire Airgeadais chun a ordú sócmhainní cistí foirceanta d'aistriú chun Cúl-Chiste na gCairteacha Coigiltis.

21. —Ar aon chiste no cuntas dfhoirceannadh a ndlitear a shócmhainní d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó do chur chun tairbhe don Stát-Chiste, féadfaidh an tAire Airgeadais a ordú go ndéanfar, sa mhéid is dóigh leis is ceart, na sócmhainní sin d'íoc le Cúl-Chiste na gCairteacha Coigiltis agus d'aistriú chun an chiste sin agus do chur i gcreidiúnas don Chúl-chuntas Colla.

Cúram agus bainistí cánacha agus diúitéthe.

22. —Cuirtear fé chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo na cánacha agus na diúitethe uile forchuirtear leis an Acht so.

Gearr-theideal, léiriú agus tosach feidhme.

23. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1944 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar Cuid I den Acht so i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim.

(3) Lasmuigh de chás dá bhforáltar a mhalairt inti go soiléir, is tuigthe Cuid I den Acht so do theacht i bhfeidhm an 6ú lá dAbrán, 1944, agus beidh éifeacht aici amhail ar an lá san agus ón lá san amach.