|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT IOMPAIR, 1944) | Ar Aghaidh (CUID II. Córas Iompair Éireann.) |
AN tACHT IOMPAIR, 1944
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Réamhráiteach agus Generálta. | |
[EN] |
Gearr-theideal. |
1. —Féadfar an tAcht Iompair, 1944 , do ghairm den Acht so. |
[EN] |
Léiriú go generálta. |
2. —(1) San Acht so— |
[EN] | An Coiste Comhairlitheach. |
ciallaíonn an abairt “an Coiste Comhairlitheach” an Coiste Comhairlitheach re hIompar a bunaítear leis an Acht so; |
[EN] | An Chuideachta. |
ciallaíonn an abairt “an Chuideachta” Córas Iompair Éireann; |
[EN] | cuideachta scurtha. |
ciallaíonn an abairt “cuideachta scurtha” aon chuideachta arb é atá ann ná— |
[EN] | (a) Cuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt, nó | |
[EN] | (b) Cuideachta Aontaithe Iompair Bhaile Átha Cliath, Teoranta; | |
[EN] | an chuideachta iarnróid scurtha. |
ciallaíonn an abairt “an chuideachta iarnróid scurtha” Cuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt; |
[EN] | an chuideachta iompair scurtha. |
ciallaíonn an abairt “an chuideachta iompair scurtha” Cuideachta Aontaithe Iompair Bhaile Átha Cliath, Teoranta; |
[EN] | Bárdas Bhaile Átha Cliath. |
ciallaíonn an abairt “Bárdas Bhaile Átha Cliath” Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Átha Cliath; |
[EN] | dáta an bhunuithe. |
ciallaíonn an abairt “dáta an bhunuithe” an 1ú lá d'Eanar, 1945; |
[EN] | údarás áitiúil. |
ciallaíonn an abairt “údarás áitiúil” aon údarás is— |
[EN] | (a) comhairle chontae, nó | |
(b) bárdas contae-bhuirge nó buirge eile, nó | ||
(c) comhairle bhailecheanntair; | ||
marsantas. |
folaíonn an focal “marsantas” earraí, mianraí, eallach stoic, agus ainmhithe de gach saghas; | |
an tAire. |
ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála; | |
ordaithe. |
ciallaíonn rud do bheith “ordaithe” é bheith ordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire. | |
(2) Déanfar an abairt “an Chuid seo”, in aon áit a bhfuil sí in alt ar bith in aon Chuid áirithe den Acht so, do léiriú mar abairt a chiallaíos an Chuid áirithe sin. | ||
(3) Déanfar an abairt “an Chaibidil seo”, in aon áit a bhfuil sí in alt ar bith in aon Chaibidil áirithe de Chuid áirithe den Acht so, do léiriú mar abairt a chiallaíos an Chaibidil áirithe sin. | ||
(4) Déanfar tagairtí atá san Acht so d'aon achtachán áirithe do léiriú mar thagairtí don achtachán san arna leasú ag aon achtachán iaraimseartha. | ||
[EN] |
Ciontaí do chúiseamh. |
3. —Féadfaidh an tAire cionta fá aon alt den Acht so do chúiseamh. |
[EN] |
Rialacháin. |
4. —Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh i dtaobh ní ar bith dá dtagartar san Acht so mar ní atá ordaithe. |
[EN] |
Athghairm. |
5. —Déantar leis seo na hachtacháin atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht so d'athghairm, amhail ar dháta an bhunuithe agus as san amach, a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal san. |
[EN] |
Costais an Aire agus an Aire Thalmhaíochta. |
6. —(1) Na costais fána raghaidh an tAire chun an tAcht so do riaradh déanfar, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
[EN] | (2) Costais ar bith fána raghaidh an tAire Talmhaíochta fán Acht so déanfar, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |