An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN SEU SCEIDEAL. Achtacháin ná Bainfidh leis an gCuideachtain.) Ar Aghaidh (AN tOCHTU SCEIDEAL. Forála Ilghnéitheacha i dtaobh Rátaí Bhainfeas leis an gCuideachtain.)

21 1944

AN tACHT IOMPAIR, 1944

AN SEACHTU SCEIDEAL.

Forála maidir le hIarratais chun an Aire ag Lorg Orduithe Áirithe fán Acht so.

Orduithe lena mbaineann an Sceideal so.

1. Baineann an Sceideal so le haon ordú fá Chuid IV nó fá mhíreanna 2, 6, nó 19 den Ochtú Sceideal a ghabhas leis an Acht so.

Fógra iarratais d'fhoillsiú.

2. I gcás iarratas do dhéanamh chun an Aire ag lorg orduithe lena mbaineann an Sceideal so—

(a) ceanglóidh an tAire ar an iarratasóir fógra d'fhoillsiú, i pé slí ordóidh an tAire, i dtaobh an iarratais agus i dtaobh na slí ina bhféadfar, agus an ama ar laistigh de féadfar, agóidí do dhéanamh chun an Aire agus cúiseanna do phlé leis i dtaobh an iarratais,

(b) sara ndéana an tAire an t-ordú, breithneoidh sé aon agóidí déanfar nó cúiseanna pléifear go cuibhe maidir leis an iarratas.

Iarratais do chur fá bhráid an Choiste Chomhairlithigh.

3. I gcás iarratas do dhéanamh chun an Aire ag lorg orduithe lena mbaineann an Sceideal so, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, an t-iarratas do chur fá bhráid an Choiste Chomhairlithigh chun a dtuarascáil agus a gcomhairle d'fháil ina thaobh agus, sa chás san, breithneoidh an tAire tuarascáil agus comhairle an Choiste Chomhairlithigh sara ndéana sé an t-ordú.