An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III. Forála Airgeadais.) Ar Aghaidh (Caibidil V. An Bord Stiúrthóirí.)

21 1944

AN tACHT IOMPAIR, 1944

Caibidil IV.

Cruinnithe na Cuideachtan.

Dáta na ngnáthchruinnithe.

30. —Tionólfar gnáth-chruinniú na Cuideachtan tráth nach déanaí ná an 31ú lá de Mhárta gach bliain, agus tionólfar céad ghnáth-chruinniú na Cuideachtan sa bhliain 1945.

Cuóram do chruinniú den Chuideachtain.

31. —Isé is cuóram do chruinniú den Chuideachtain ná—

(a) caoga sealbhóir gnáth-stoic agus iad i láthair i bpearsain nó trí ionadaíocht, nó

(b) fiche sealbhóir gnáth-stoic agus iad i láthair i bpearsain nó trí ionadaíocht agus seilbh acu san iomlán ar ghnáthstoc d'ainm-luach nach lú ná céad míle punt.

Vótaí sealbhóirí gnáth-stoic.

32. —Ag gach cruinniú generálta den Chuideachtain beidh gach sealbhóir gnáth-stoic cláraithe i dteideal aon vóta amháin in aghaidh gach puint de ghnáth-stoc a bheas ar seilbh aige.

Cumhachta maidir le stiúrthóirí, iniúchóirí, etc.

33. —Lasmuigh de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, ní déanfar na stiúrthóirí agus na hiniúchóirí do roghnú agus do chur as oifig, ná luach saothair na stiúrthóirí agus na n-iniúchóirí do chinneadh ná díbhinní (seachas díbhinní interim) d'fhógairt ach amháin ag cruinniú generálta den Chuideachtain.

Vótáil ag comhshealbhóirí gnáth-stoic.

34. —(1) I gcás teideal i bpáirt do bheith ag daoine iomdha chun gnáth-stoic agus iad do bheith cláraithe mar chomhshealbhóirí air, féadfaidh éinne de na daoine sin vótáil ag aon chruinniú den Chuideachtain, i bpearsain nó trí ionadaíocht, maidir leis an ngnáth-stoc fé is dá mb'aige féin amháin a bheadh teideal chuige, ach má bhíonn níos mó ná aon chomh-shealbhóir amháin i láthair ag aon chruinniú i bpearsain nó trí ionadaíocht is é amháin a bheas i dteideal vótáil maidir leis an stoc ná an duine sin, de na daoine sin a bheas i láthair amhlaidh, a mbeidh a ainm i dtosach ar an gclár maidir leis an stoc.

(2) Chun críoch an ailt seo, is tuigthe beirt nó níos mó seiceadúirí nó riarthóirí dhuine mhairbh a mbeidh gnáth-stoc ina ainm do bheith ina gcomh-shealbhóirí ar an stoc san.

Ionadaigh do cheapadh fá chumhacht atúrnae.

35. —(1) Féadfaidh atúrnae aon tsealbhóra ghnáth-stoic a bheas údaraithe go cuibhe i scríbhinn ionadach (a bheas, i gcás an sealbhóir gnáth-stoic sin do bheith ina chomhlucht corpraithe, ina chomhalta den chomhlucht chorpraithe sin nó ina shealbhóir gnáth-stoic nó, in aon chás eile, ina shealbhóir gnáth-stoic) do cheapadh chun vótáil don tsealbhóir ghnáth-stoic sin agus thar a cheann agus, chun na críche sin, féadfaidh an fhoirm ionadaíochta is gá do chomhlánú thar ceann an tsealbhóra ghnáth-stoic sin.

(2) I gcás ionadach do cheapadh fá chumhacht atúrnae, cuirfear an chumhacht atúrnae chun Rúnaí na Cuideachtan ar aon tráth leis an ionstraim lena gceapfar an t-ionadach nó roimhe sin.

Leabhair na n-aistrithe do dhúnadh roimh na gnáthchruinnithe.

36. —(1) Féadfaidh stiúrthóirí na Cuideachtan an clár de na haistrithe ar ghnáth-stoc do dhúnadh ar feadh tréimhse nach sia ná lá is fiche roimh gach gnáth-chruinniú agus roimh gach cruinniú de stiúrthóirí na Cuideachtan ag a mbeifear chun breithniú do dhéanamh i dtaobh díbhinn interim d'fhógairt.

(2) Féadfaidh stiúrthóirí na Cuideachtan an clár de na haistrithe ar stoc bintiúra d'aon eisiúin áirithe do dhúnadh ar feadh tréimhse nach sia ná lá is fiche roimh aon lá ar a mbeidh ús ar an stoc bintiúra san iníoctha.

(3) Bhéarfar fógra seacht lá, trí fhógrán i ngach ceann de na nuachtáin mhaidne laethúla bheas á bhfoillsiú de thuras na huaire i mBaile Átha Cliath nó i gCorcaigh, i dtaobh aon chláir de na naistrithe ar stoc do dhúnadh fán alt so.