An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV. Cruinnithe na Cuideachtan.) Ar Aghaidh (Caibidil VI. Oifigigh agus Seirbhísigh.)

21 1944

AN tACHT IOMPAIR, 1944

Caibidil V.

An Bord Stiúrthóirí.

Bord stiúrthóirí na Cuideachtan.

37. —(1) Déanfar an Chuideachta do stiúradh ag bord stiúrthóirí (dá ngairmtear an Bord sa Chaibidil seo agus sa Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht so) a bheas comhdhéanta de—

(a) cathaoirleach (dá ngairmtear an Cathaoirleach san Acht so),

(b) an uimhir sin de stiúrthóirí eile (dá ngairmtear stiúrthóirí stoc-shealbhóirí sa Chaibidil seo agus sa Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht so) a foráltar leis an gCeathrú Sceideal san.

(2) Fá réir fó-ailt (4) den alt so, féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin aon fholúntas do bheith ina gcomhaltas.

(3) Is cuóram an Cathaoirleach ina aonar ag cruinniú den Bhord.

(4) Ní bheidh aon chruinniú den Bhord ann mura mbeidh an Cathaoirleach sa láthair.

(5) Ní thabharfaidh an Bord aon bhreith ag aon chruinniú gan an Cathaoirleach d'aontú léi.

Luach saothair na stiúrthóirí.

38. —Íocfar leis an mBord as cistí na Cuideachtan mar luach saothair as a seirbhísí pé suimeanna chinnfidh an Chuideachta ó am go ham ag cruinniú generálta, agus roinnfear an luach saothair sin ar na stiúrthóirí i pé cionúireachta agus i pé slí chinnfidh an Bord.

Forála maidir leis an gCathaoirleach.

39. —(1) Déanfaidh an tAire, roimh dháta an bhunuithe agus ina dhiaidh sin do réir mar is gá, duine do cheapadh chun bheith ina Chathaoirleach agus tosnóidh téarma oifige an chéad Chathaoirligh ar dháta an bhunuithe.

(2) Murab éag nó éirí as nó cur as oifig roimhe sin dó, beidh an Cathaoirleach i seilbh oifige ar feadh pé téarma a dhéanfaidh an tAire, taréis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, a chinneadh tráth a cheaptha.

(3) Fá réir forál an ailt seo, beidh an Cathaoirleach i seilbh oifige ar pé coinníollacha chinnfidh an tAire tráth a cheaptha.

(4) Aon uair a cheapfas an tAire duine chun bheith ina Chathaoirleach, déanfaidh, a luaithe is féidir, ráiteas do leagadh fá bhráid gach Tighe den Oireachtas ina luafar ainm an duine sin, a théarma oifige agus na coinníollacha ar a sealbhóidh sé an oifig.

(5) Féadfaidh an Cathaoirleach éirí as a oifig tráth ar bith trí fhógra do thabhairt don Aire á rá go bhfuil sé chun éirí as a oifig ar dháta (nach luaithe ná trí mhí taréis an fógra do thabhairt amhlaidh) luafar sa bhfógra agus beidh éifeacht ag á éirí as amhail ar an dáta luafar amhlaidh agus dá éis.

(6) Gach duine a dtiocfaidh deireadh lena théarma oifige mar Chathaoirleach trí imeacht aimsire beidh sé in-athcheaptha.

(7) Féadfaidh an tAire tráth ar bith ar chúiseanna luafar agus déanfaidh, má dhéanann an Cathaoirleach sárú (trí fhaillí nó gníomh) ar aon chuid d'fhorála fó-ailt (9) den alt so, an Cathaoirleach do chur as oifig le hordú, agus leagfar aon ordú den tsórt san fá bhráid gach Tighe den Oireachtas.

(8) Faid a bheas an Cathaoirleach i seilbh oifige beidh sé dícháilithe ón a ainmniú nó a thoghadh agus ó shuí mar chomhalta de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann.

(9) (a) Gach duine ceapfar chun bheith ina Chathaoirleach déanfaidh, fá cheann trí mhí ó dháta a cheaptha, an gnáth-stoc uile bheas dá chuid féin aige, nó a mbeidh leas aige ann chun tairbhe dhó féin, tráth a cheaptha do dhíol nó do chur de láimh ar shlí eile amuigh is amach;

(b) má thagann agus aon uair a thiocfas aon ghnáth-stoc chun an Chathaoirligh nó chun bheith dílsithe ann trí uacht nó comharbas chun tairbhe dhó féin déanfaidh an Cathaoirleach, fá cheann trí mhí taréis an gnáthstoc san do theacht amhlaidh chuige nó chun bheith dílsithe ann, an gnáth-stoc san nó a leas ann do dhíol nó do chur de láimh ar shlí eile amuigh is amach;

(c) ní dhéanfaidh an Cathaoirleach chun tairbhe dhó féin aon ghnáth-stoc do cheannach ná do thógaint ná leas ann d'fháil.

(10) Más é tuairim an Aire tráth ar bith luach saothair an Chathaoirligh do bheith neamh-dhóthanach de thuras na huaire, féadfaidh sé ordú a thabhairt luach saothair an Chathaoirligh do mhéadú pé méid a mheasfaidh an tAire is cuibhe taréis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, agus méadófar luach saothair an Chathaoirligh dá réir sin, agus beidh an méadú san iníoctha ag an gCuideachtain.

(11) Aon uair a bhéarfas an tAire ordú fá fhó-alt (10) den alt so déanfaidh, a luaithe is féidir, cóip den ordú do leagadh fá bhráid gach Tighe den Oireachtas.

(12) Aon uair a bheas an Cathaoirleach, toisc easláinte nó toisc leor-chúise eile, fá mhí-chumas sealadach maidir le dualgais a oifige do chomhlíonadh, féadfaidh an tAire duine d'ainmniú chun dualgais an Chathaoirligh do chomhlíonadh i gcaitheamh an mhí-chumais sin agus i gcaitheamh an mhíchumais sin beidh ag an duine ceapfar amhlaidh cumhachta uile an Chathaoirligh agus is tuigthe chun críoch ailt 37 den Acht so gurb é an Cathaoirleach é.

(13) Íocfaidh an Chuideachta le héinne a hainmneofar fá fhó-alt (9) den alt so pé luach saothair a cheapfaidh an tAire taréis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, agus, i gcás an duine sin do bheith ina stiúrthóir stoc-shealbhóirí don Cuideachtain, is luach saothair i dteannta a luach saothair mar stiúrthóir stoc-shealbhóirí an luach saothair sin.

Stiúrthóir bainistí.

40. —(1) Féadfaidh an Bord ó am go ham comhalta den Bhord do cheapadh chun bheith ina stiúrthóir bainistí don Chuideachtain go ceann téarma shocair nó gan teora maidir leis an tréimhse bheas sé i seilbh na hoifige sin agus féadfaid ó am go ham (fá réir forál aon chonnartha idir é féin agus an Chuideachta) é do chur nó do bhriseadh as oifig agus comhalta eile do cheapadh ina ionad.

(2) Má scuireann stiúrthóir bainistí don Chuideachtain de bheith ina chomhalta den Bhord scuirfidh sé ipso facto agus láithreach de bheith ina stiúrthóir bainistí.

(3) Ceapfaidh an Bord ó am go ham luach saothair (a bheas i bhfoirm tuarastail shocair agus ní hin aon fhoirm eile) stiúrthóra bhainistí don Chuideachtain.

(4) Féadfaidh an Bord ó am go ham pé cuid, de na cumhachta is infheidhmithe ag an mBord, a mheasfaidh an Bord is cuibhe do dhearlacadh agus do thabhairt don té is stiúrthóir bainistí don Chuideachtain de thuras na huaire, agus féadfaidh na cumhachta san do bhronnadh go ceann pé aimsire agus lena bhfeidhmiú chun pé cuspóirí agus críoch agus ar pé téarmaí agus coinníollacha agus fá réir pé srianta is oiriúnach leis an mBord, agus féadfaidh an Bord na cumhachta san do thabhairt i dteannta, nó d'eisceadh agus in ionad, gach cuid nó aon chuid de chumhachta an Bhuird chuige sin, agus féadfaid ó am go ham aon chuid nó gach cuid de na cumhachta san do chúlghairm, d'aistarraing, d'athrú nó do mhodhnú.

Forála maidir le stiúrthóirí stoc-shealbhóirí.

41. —Beidh feidhm ag na forála atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht so maidir leis na stiúrthóirí stocshealbhóirí.

Cúiteamh do stiúrthóirí stoc-shealbhóirí áirithe.

42. —(1) Íocfaidh an Chuideachta le héinne a bheas, díreach roimh ghnáth-chruinniú na Cuideachtan a bheas ann i 1945, ina stiúrthóir stoc-shealbhóirí agus a éireos as a oifig tráth nach déanaí ná seacht lá taréis an chruinnithe sin suim is ionann agus—

(a) i gcás gan é bheith ina stiúrthóir ach d'aon chuideachtain scurtha amháin, na táillí do fuair sé mar stiúrthóir don chuideachtain scurtha san ar feadh na tréimhse ceaptha,

(b) i gcás é bheith ina stiúrthóir don dá chuideachtain scurtha, na táillí do fuair sé mar stiúrthóir do gach ceann den dá chuideachtain scurtha ar feadh na tréimhse ceaptha.

(2) Íocfaidh an Chuideachta le héinne—

(a) ba stiúrthóir don dá chuideachtain scurtha, agus

(b) is stiúrthóir stoc-shealbhóirí díreach roimh ghnáthchruinniú na Cuideachtan a bheas ann i 1945, agus

(c) ná héireoidh as a oifig mar stiúrthóir stoc-shealbhóirí fá cheann seacht lá taréis an chruinnithe sin,

suim is comhionann leis na táillí do fuair sé mar stiúrthóir don chuideachtain iompair scurtha ar feadh na tréimhse ceaptha.

(3) I gcás duine do bhí, díreach roimh dháta an bhunuithe, ina stiúrthóir bainistí don chuideachtain iompair scurtha, ansan, nuair a bheas áireamh á dhéanamh, chun críoch an ailt seo, ar na táillí do fuair sé mar stiúrthóir don chuideachtain sin ar feadh na tréimhse ceaptha, ní cuirfear sa chuntas an luach saothair dob iníoctha leis ar feadh na tréimhse ceaptha mar stiúrthóir bainistí.

(4) San alt so ciallaíonn an abairt “an tréimhse cheaptha” an tréimhse de dhá bhliain dar críoch an lá roimh dháta an bhunuithe.