13 1945


Uimhir 13 de 1945.


ACHT NA nÚDARÁS ÁITIÚLA (COSTAS BEATHA) (LEASÚ), 1945.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ ACHTA NA nÚDARÁS ÁITIÚLA (COSTAS BEATHA), 1940. [24ú Aibreán, 1945.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —(1) San Acht so, ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht na nUdarás Áitiúla (Costas Beatha), 1940 (Uimh. 22 de 1940) .

(2) Léireofar an tAcht so agus an Príomh-Acht mar éinní amháin.

Alt 2 den Phríomh-Acht do leasú.

2. —(1) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 2 den Phríomh-Acht, maidir leis an mbónas is iníoctha, in aghaidh aon tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Eanár, 1945, nó lá dá éis, le hoifigeach nó seirbhíseach d'údarás áitiúil lena mbaineann an fo-alt san, fé is dá gcuirtí na focail “an fhigiúir atá a cúig fichead níos aoirde ná” i ndiaidh na bhfocal “is aoirde ná”.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 2 den Phríomh-Acht, maidir leis an mbónas is iníoctha, in aghaidh aon tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Eanar, 1945, nó lá dá éis, le hoifigeach nó seirbhíseach d'údarás áitiúil lena mbaineann an fo-alt san, fé is dá gcuirtí na focail “an fhigiúir atá a cúig fichead níos aoirde ná” i ndiaidh na bhfocal “aon fhigiúra is aoirde ná”.

(3) Déanfar na tagairtí atá i bhfo-alt (3) d'alt 2 den Phríomh-Acht d'fho-ailt (1) agus (2) den alt san 2 do léiriú mar thagairt do na fo-ailt sin (1) agus (2) arna leasú fá seach leis na fo-ailt sin roimhe seo den alt so.

(4) Déanfar na tagairtí atá i bhfo-alt (4) d'alt 2 den Phríomh-Acht d'fho-ailt (1), (2) agus (3) den alt san 2 do léiriú mar thagairtí do na fo-ailt sin (1), (2) agus (3) arna leasú leis na fo-ailt sin roimhe seo den alt so.

Gearr-theideal agus comhluadh

3. —Féadfar Acht na nUdarás Áitiúla (Costas Beatha) (Leasú), 1945 , do ghairm den Acht so, agus féadfar Achta na nUdarás Áitiúla (Costas Beatha), 1940 agus 1945, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.