An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II. Srianta le gnó do bheith ar síúl ag geall-ghlacadóirí ar rás-chúrsaí údaraithe nó ina maighin, agus na táillí ar gheall-ghlacadóirí do ligean isteach chun rás-chúrsaí údaraithe.) Ar Aghaidh (CUID IV. Bord Urlamhais na Gealltoireachta Meicniula in Éirinn do scor agus a shocmhainni agus a dhliteanais d'aistriu chun an Bhuird Rasaiochta.)

16 1945

AN tACHT UM BORD RÁSAÍOCHTA AGUS RÁS-CHÚRSAÍ, 1945

Caibidil III.

Dleachta ar Gheall-ghlacadóirí i leith Geall Cúrsa.

Dleachta is iníoctha ag geallghlacadóirí ceadúnaithe ar ghill chúrsa.

27. —(1) Gach duine a dhéanfas, mar gheall-ghlacadóir cheadúnaithe, geall cúrsa i dtosach feidhme an ailt seo nó dá éis sin, íocfaidh leis an mBord dleacht arna áireamh do réir an chéad chodáin a bheas ordaithe de thuras na huaire de mhéid an ghill chúrsa san.

(2) Chun críocha an ailt seo is tuigthe gurb é is méid do gheall chúrsa ná an tsuim a mbeidh an geall-ghlacadóir a dhéanfas é i dteideal, do réir téarmaí an ghill, í d'fháil nó í do choinneáil nó creidiúint do ghlacadh inti má cinntear ina fhábhar an ní is abhar don gheall.

(3) Aon uair a cuirfear ina luighe ar an mBord geall cúrsa a mbeidh dleacht iníoctha air do bheith ó bhrí, ar aon chúis seachas comhaontú na bpáirtithe ann, nó nár chruinnigh agus nach dócha go gcruinneoidh an geall-ghlacadóir méid an ghill chúrsa a mbeidh dleacht iníoctha air, féadfaidh an Bord, fá réir pé coinníollacha is oiriúnach leis d'fhorchur, an dleacht do híocadh ar an ngeall cúrsa san d'aisíoc nó an dleacht is inéilithe air do mhaitheamh (pé acu is gá sa chás).

(4) Gach duine a mhaineos nó a fhaileos aon tsuim is iníoctha aige i leith dleachta d'íoc, beidh sé (gan dochar d'imeachta fá fho-alt (5) den alt so) ciontach i gcionta fán alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nách mó ná céad punt do chur air.

(5) Gach dleacht is iníoctha ag duine ar bith, féadfaidh an Bord (gan dochar d'imeachta fá fho-alt (4) den alt so) é do bhaint den duine sin mar fhiacha ghnáth-chonnartha in aon chúirt dlínse inniúla.

(6) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, rialacháin do dhéanamh maidir leis an gcéadchodán (nach mó ná cúig fán gceád) dá dtagartar san alt so mar chéadchodán ordaithe.

Rialacháin i dtaobh dleachta d'íoc ar ghill chúrsa.

28. —(1) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, rialacháin do dhéanamh chun a áirithiú go n-íocfar dleachta agus go ginearálta chun éifeacht do thabhairt do na forála den Chaibidil seo a bhaineas le dleachta agus, go sonnruch—

(a) chun a cheangal ar gheall-ghlacadóirí a dhlíos dleachta d'íoc—

(i) sonnraí ar gach geall cúrsa d'iontráil, sa tslí a hordófar agus ag an am a hordófar, sna breacacháin a hordófar,

(ii) na breacacháin sin do choinneáil ar feadh na tréimse a hordófar,

(iii) na breacacháin sin do chur chun an Bhuird chun a n-iniúchta, ar an mBord dá iarraidh sin,

(iv) cóipeanna de na breacacháin sin do thabhairt don Bhord pé tráth nó trátha a hordófar;

(b) i dtaobh leatháin ghealltóireachta dleachtíochta do sholáthar, d'úsáid, agus do mhaoirsiú agus i dtaobh aisíocanna do thabhairt i leith leathán den tsórt san ná beidh úsáite nó ná beidh úsáite go hiomlán;

(c) chun an Bord do dhéanamh socruithe le geall-ghlacadóirí agus do ghlacadh urrús ó gheall-ghlacadóirí lenar mian dleachta d'íoc do réir tuairisceán a bhéarfaid uathu;

(d) chun an Bord do thabhairt maithimh nó aisíoca (pé acu is gá sa chás) do gheall-ghlacadóirí i ndleacht i gcásanna ina gcuirfear ina luighe ar an mBord iomlán fiachais teagmhaisigh gheall-ghlacadóra nó aon chuid den chéanna i leith gill chúrsa do chuir nó do leag sé nó do rinne sé ar aon tslí eile do bheith aistrithe chun geall-ghlacadóra eile trí gheall nua do cuireadh, do leagadh, nó do rinneadh ar aon tslí eile ag an gcéad gheall-ghlacadóir leis an dara geall-ghlacadóir.

(2) Má dhéanann duine ar bith—

(a) rialachán fán alt so do shárú nó mainneachtain do thabhairt ina chomhlíonadh, nó

(b) aon iontráil bhréagach maidir le geall cúrsa in aon bhreacachán a bheas á choimeád de bhun aon rialacháin fán alt so,

beidh an duine sin ciontach i gcionta fán alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt do chur air.

Scríbhinní in áitreabhacha geall-ghlacadóirí do scrúdú.

29. —(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe don Bhord (ach é do thaspáint, má hiarrtar air é, a údaráis i scríbhinn mar oifigeach údaraithe den tsórt san) dul isteach tráth ar bith in aon áitreabh ina mbíonn gnó geall-ghlacadóireachta ar siúl agus aon scríbhinní do gheobhfar ann agus a bhainfeas le gill chúrsa nó a chreidfeas an t-oifigeach údaraithe sin a bhainfeas le gill chúrsa, do rinne an duine a bheas ag déanamh an ghnótha san, do lorg agus cóipeanna do dhéanamh dhíobh nó sleachta do thógaint astu san áitreabh san agus féadfaidh a cheangal ar dhuine ar bith do gheobhfar san áitreabh san gach scríbhinn san áitreabh san a bhainfeas le gill chúrsa den tsórt san do thaspáint.

(2) Gach duine a chuirfeas i gcoinne oifigigh údaraithe don Bhord nó choiscfeas nó bhacfas é agus é ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar dó leis an alt so nó a dhiúltós gan leithscéal dleathach nó dóthanach aon scríbhinn a thaspáint a cheanglós oifigeach údaraithe don Bhord air a thaspáint fán alt so beidh sé ciontach i gcionta fán alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt do chur air.

Leabhair gheallghlacadóirí ar rás-chúrsaí údaraithe do scrúdú, etc.

30. —(1) Má chíonn oifigeach údaraithe gnó geall-ghlacadóra á dhéanamh nó ar siúl ag duine ar aon rás-chúrsa údaraithe nó ina mhaighin, féadfaidh sé (ach é do thaspáint, má hiarrtar air é, a cheapacháin mar oifigeach údaraithe den tsórt san) a cheangal ar an duine sin aon scríbhinn a bheas an tráth san i seilbh an duine sin agus á húsáid chun críche an ghnótha san do thaspáint dó láithreach agus a cheadú dhó í do scrúdú, agus cóipeanna do dhéanamh dhi nó sleachta do thógaint aisti.

(2) Gach duine a mhainneos nó a dhiúltós éinní do dhéanamh a cheanglóidh oifigeach údaraithe don Bhord air a dhéanamh fá fho-alt (1) den alt so beidh sé ciontach i gcionta fán alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt do chur air.