|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil III. Dleachta ar Gheall-ghlacadóirí i leith Geall Cúrsa.) | Ar Aghaidh (CUID V. Forala Ilghneitheacha.) |
AN tACHT UM BORD RÁSAÍOCHTA AGUS RÁS-CHÚRSAÍ, 1945
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Bord Urlamhais na Gealltoireachta Meicniula in Éirinn do scor agus a shocmhainni agus a dhliteanais d'aistriu chun an Bhuird Rasaiochta. | |
[EN] |
An chuideachta scortha do scor. |
31. —(1) Fá réir na bhforál atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhas leis an Acht so, beidh an chuideachta scortha arna scor, de bhuaidh an ailt seo, ar dháta an aistrithe. |
[EN] | (2) Beidh feidhm maidir leis an gcuideachtain scortha ag na forála atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhas leis an Acht so. | |
[EN] |
Maoin na cuideachtan scortha d'aistriú chun an Bhuird. |
32. —(1) An mhaoin uile, réalta nó pearsanta (agus rudaí-arfionnraí d'áireamh), a bhí, díreach roimh dháta an aistrithe, dílsithe sa chuideachtain scortha nó dá cuid féin aici nó ar seilbh ar iontaoibh di agus gach ceart, cumhacht agus príbhléid a gheobhas nó a bhainfeas le haon mhaoin den tsórt san, tiocfaidh chun bheith agus beidh, ar dháta an aistrithe agus gan leithliú ná sannadh ar bith ach fá réir a n-aistrithe i leabhair aon bhainc nó corparáide nó cuideachtan más gá san, dílsithe, fá réir forál an ailt seo, sa Bhord nó dá chuid féin aige nó ar seilbh ar iontaoibh dó (mar is gá sa chás) chun an eastáit, an téarma nó an leasa uile chun a raibh an céanna, díreach roimh dháta an aistrithe, dílsithe sa chuideachtain scortha nó dá cuid féin aici nó ar seilbh ar iontaoibh di. |
[EN] | (2) An mhaoin uile a haistrítear leis an alt so agus a bhí, díreach roimh dháta an aistrithe ar seasamh i leabhair aon bhainc, nó cláraithe i leabhair aon bhainc nó corparáide nó cuideachtan, aistreoidh an banc nó an chorparáid nó an chuideachta san í sna leabhair sin chun ainm an Bhuird arna iarraidh sin don Bhord ar dháta an aistrithe nó aon uair ina dhiaidh sin. | |
[EN] | (3) Gach rud-ar-fionnraí a haistrítear leis an alt so chun an Bhuird féadfaidh an Bord, ar dháta an aistrithe agus dá éis, dul chun dlí mar gheall air nó é bhaint amach nó é d'fhorfheidhmiú ina ainm féin agus ní gá don Bhord fógra i dtaobh an aistrithe a déantar leis an alt so do thabhairt don té ar a mbeidh an rud-arfionnraí sin in a cheangal. | |
[EN] |
Ceadúnais suimitheora d'aistriú. |
33. —Ar dháta an aistrithe beidh gach ceadúnas suimitheora do bhí, díreach roimh an lá ceaptha, ag an gcuideachtain scortha, arna aistriú, de bhuaidh an ailt seo, chun an Bhuird agus, ar dháta an bhunuithe agus dá éis, beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí ainm an Bhuird ann in ionad ainm na cuideachtan scortha. |
[EN] |
Dliteanais na cuideachtan scortha d'aistriú. |
34. —Na fiacha agus na dliteanais eile go léir (lena n-áirítear dliteanais neamhleachtaithe de dhruim torta nó sáruithe connartha) a bheas, díreach roimh dháta an aistrithe, dlite ar an gcuideachtain scortha agus gan íoc aici nó dlite uirthi agus gan comhlíonadh aici, tiocfaid chun bheith agus beid, ar dháta an aistrithe, ina bhfiacha nó ina ndliteanais ar an mBord agus íocfaidh nó comhlíonfaidh an Bord iad agus féadfar iad do bhaint de nó d'fhorfheidhmiú ina choinne dá réir sin. |
[EN] |
Connartha leanúnacha na cuideachtan scortha do bhuan-choimeád. |
35. —Gach banna, ráthaíocht, nó úrrus eile de shaghas leanúnach do thug an chuideachta scortha do dhuine ar bith nó do thug duine ar bith don chuideachtain scortha san agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh dháta an aistrithe, agus gach connradh nó comhaontú i scríbhinn a bheas déanta idir an chuideachta scortha agus duine eile agus ná beidh feidhmithe agus comhlánaithe go hiomlán roibh dháta an aistrithe, leanfaidh, d'ainneoin an chuideachta scortha do scor, de bheith i bhfeidhm ar dháta an aistrithe agus dá éis, ach léireofar é agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí ainm an Bhuird ann in ionad ainm na cuideachtan scortha agus beidh an t-urrús, an connradh, nó an comhaontú san infhorfheidhmithe ag an mBord nó ina choinne dá réir sin. |
[EN] |
Leanúin d'imeachta dlí a bheas ar feitheamh. |
36. —Tiocfaidh an Bord chun bheith agus beidh, ar dháta an aistrithe, ina pháirtí in ionad na cuideachtan scortha i ngach aicsean nó agra nó imeacht a bheas ar feitheamh ar dháta an aistrithe in aon chúirt nó binse agus ina mbeidh an chuideachta scortha ina páirtí, agus leanfar den imeacht san idir an Bord agus na páirtithe eile ann dá réir sin agus ní thuitfidh aon imeacht den tsórt san ar lár ná ní thiocfaidh deireadh leis ná ní déanfar dochar dó de dhruim an chuideachta scortha do scor. |
[EN] |
Connartha seirbhíse do bhuan-choimeád. |
37. —Gach connradh seirbhíse, follas nó folaithe, do rinneadh roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1945, agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh dháta an aistrithe idir an chuideachta scortha agus duine ar bith is oifigeach tuarastail nó fostaí don chuideachtain scortha, leanfaidh i bhfeidhm ar dháta an aistrithe agus dá éis, ach léireofar é agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí an Bord ann in ionad na cuideachtan scortha agus beidh gach connradh den tsórt san infhorfheidhmithe ag an mBord nó ina choinne dá réir sin. |
[EN] |
Saoirse ó dhiúitéthe stampa. |
38. —(1) Ní oibreoidh alt 12 den Finance Act, 1895, chun a cheangal ar an mBord cóip den Acht so do sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim ná aon diúité stampa d'íoc fán alt san ar aon chóip den Acht so. |
[EN] | (2) Ní bheidh diúité stampa inéilithe ar aon aistriú, leithliú, nó ionstraim eile a comhlánófar chun dílsiú sócmhainní na cuideachtan scortha sa Bhord d'fhorlíonadh nó chun éifeacht do thabhairt don dílsiú san. |