|
|||||
|
AN tACHT UM BORD RÁSAÍOCHTA AGUS RÁS-CHÚRSAÍ, 1945
[EN] | ||
[EN] |
CUID V. Forala Ilghneitheacha. | |
[EN] |
Daoine áirithe d'eisceadh ó rás-chúrsaí. |
39. —(1) Féadfaidh Comhlucht Rialúcháin, le hordú (dá ngairmtear ordú eiscthe san alt so), a thoirmeasc ar dhuine (dó réir mar is rogha leis an gComhlucht Rialúcháin sin) bheith ar aon cheann de na rás-chúrsaí, ar a mbíonn rásanna ar siúl ar gá ceadú an Chomhluchta Rialúcháin sin chun iad do chur ar siúl, nó bheith ar pé rás-chúrsaí acu san is oiriúnach leis an gComhlucht Rialúcháin sin agus a shonnróid san ordú. |
[EN] | (2) Féadfaidh Comhlucht Rialúcháin aon ordú eiscthe a bheas déanta acu do chúlghairm. | |
[EN] | (3) Má dhéanann Comhlucht Rialúcháin ordú eiscthe bhéarfaid go gcuirfear fógra i dtaobh an orduithe do dhéanamh leis an bpost cláraithe chun an duine lena mbainfidh an t-ordú agus chun feadhmannaigh gach rás-chúrsa fá leith lena mbainfidh an t-ordú. | |
[EN] | (4) Má déantar ordú eiscthe agus go bhfaghfar duine ar bith lena mbainfidh an t-ordú ar aon rás-chúrsa lena mbainfidh an t-ordú, féadfaidh duine ar bith a bheas ag gníomhú fá stiúrú fheadhmannaigh an rás-chúrsa san an duine sin a céad-luaitear do chur amach as agus chuige sin féadfaidh pé neart d'imirt is gá do réir réasúin. | |
[EN] |
Rialacháin maidir le feadhmannaigh rás-chúrsaí údaraithe. |
40. —(1) Féadfaidh an Bord le rialacháin, tar éis dul i gcomhairle leis na Comhluchta Rialúcháin, foráil do dhéanamh chun an tslí ina déanfar rás-chúrsaí údaraithe do bhainistí agus do stiúrú ag á bhfeadhmannaigh do rialáil. |
[EN] | (2) Féadfaidh an Bord, le rialacháin, foráil do dhéanamh— | |
[EN] | (a) chun a cheangal ar fheadhmannaigh rás-chúrsaí údaraithe na leabhair, na cuntais, agus na breacacháin a hordófar do choimeád, | |
[EN] | (b) chun a cheangal ar fheadhmannaigh rás-chúrsaí údaraithe na tuairisceáin agus an t-eolas a hordófar do thabhairt don Bhord, | |
[EN] | (c) chun feadhmannaigh rás-chúrsaí údaraithe do thaspáint leabhar, cuntas, agus breacachán a bhainfeas leis na ráschúrsaí údaraithe sin, | |
[EN] | (d) chun leabhair, cuntais agus breacacháin a bheas á gcoimeád ag feadhmannaigh rás-chúrsaí údaraithe do scrúdú agus sleachta do thógaint astu. | |
[EN] | (3) Féadfar rialacháin fán alt so do dhéanamh i slí go mbainfid le feadhmannaigh rás-chúrsaí údaraithe go ginearálta nó le feadhmannach aon rás-chúrsa nó rás-chúrsaí údaraithe áirithe, agus féadfar rialacháin difriúla do dhéanamh maidir le feadhmannaigh rás-chúrsaí údaraithe difriúla. | |
[EN] | (4) Más dóigh leis an mBord sárú (trí ghníomh nó trí fhaillí) do bheith déanta ar aon rialachán dá ndéanfar fán alt so ag feadhmannach rás-chúrsa údaraithe lena mbainfidh an rialachán san, féadfaidh an Bord an sárú san do thuairisciú don Chomhlucht Rialúcháin iomchuibhe, agus air sin déanfaidh an Comhlucht Rialúcháin sin maidir le feadhmannach an rás-chúrsa údaraithe sin pé gníomh smachta do chur i bhfeidhm agus pé éagumais agus pionóis d'fhorchur is dóigh leo is ceart fá na Rialacha Rásaíochta in Éirinn agus fá Rialacha an Irish National Hunt Steeplechase Committee. |