An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Custaim agus Mal.) Ar Aghaidh (CUID IV. Cain Bhrabus Corparaide.)

20 1945

AN tACHT AIRGEADAIS, 1945

CUID III.

Diuitethe Bais.

Iocaíochta áirithe i leith seirbhíse leis na Fórsaí Cosanta do shaoradh ó dhiúité eastáit agus ó dhiúité léagáide.

5. —(1) Beidh páigh shiarainn agus aiscí lena mbaineann an t-alt so saor ó dhiúité eastáit agus ó dhiúité léagáide maidir le bás (pé acu roimh an Acht so do rith nó dá éis é) an duine ar i leith a sheirbhíse do deonadh an pháigh nó na haiscí sin.

(2) Baineann an t-alt so le páigh shiarainn, do réir bhrí aon rialachán fá na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1945, a creidiúnaítear do chuntas páighe chomhalta de na Fórsaí Cosanta agus baineann freisin le haiscí arna ndeonadh i leith seirbhíse leis na Fórsaí Cosanta.