23 1945


Uimhir 23 de 1945.


AN tACHT ÁRACHAIS DÍFHOSTAÍOCHTA, 1945.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ NA nACHT UM ÁRACHAS DÍOMHAOINTIS, 1920 GO 1943, d'FHONN COMHALTAÍ ÁIRITHE DE NA FÓRSAÍ COSANTA DO CHÁILIÚ AR FHILLEADH AR AN SAOL SIBHIALTA DHÓIBH CHUN SOCHAR DÍFHOSTAÍOCHTA NO SOCHAR DÍTH OIBRE D'FHÁIL. [24ú Iúil, 1945.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —(1) San Acht so—

na hAchta.

ciallaíonn an abairt “na hAchta” na hAchta um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1943;

Acht 1923.

ciallaíonn an abairt “Acht 1923” an t Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 (Uimh. 30 de 1923) ;

na Fórsaí Cosanta.

ciallaíonn an abairt “na Fórsaí Cosanta” na Fórsaí agus an Cúltaca;

scaoileadh.

ciallaíonn an focal “scaoileadh” scaoileadh, aistriú nó athaistriú chun an Chúltaca, saoradh ó bhuan-tseirbhís, díbheadh, coimisiún do thabhairt suas, scor, agus éirí as, ach ní fholaíonn sé—

(a) éirí as coimisiún d'fhonn bheith ceaptha mar dhalta nó mar oifigeach de na Fórsaí, ná

(b) scaoileadh d'fhonn bheith ceaptha chun céime coimisiúnta nó chun céime coimisiúnta sealadaí, ná

(c) deireadh do theacht, trí bhás, le seirbhís, ná

(d) aistriú nó athaistriú chun an Chúltaca ná tagann briseadh seirbhíse dhe,

agus léireofar an briathar “scaoileadh” dá réir sin;

an tréimhse éigeandála.

ciallaíonn an abairt “an tréimhse éigeandála” an tréimhse do thosnaigh ar an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1939, agus a chríochnós ar an dáta ar a gcúlghairmfear an tOrdú um an Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha) (Uimh. 2), 1940 (Staid Phráinne), 1940 (R. & O. R., Uimh. 163 de 1940);

na Fórsaí.

ciallaíonn an abairt “na Fórsaí” na Fórsaí do bunaíodh faoi Chuid I d'Acht 1923;

an Comh-Chiste Arachais.

ciallaíonn an abairt “an Comh-Chiste Arachais” an ciste a bunaíodh faoin Scéim;

comhalta de na Fórsaí Cosanta.

ciallaíonn an abairt “comhalta de na Fórsaí Cosanta” oifigeach nó saighdiúir ar bith de na Fórsaí Cosanta, seachas—

(a) oifigeach ag a bhfuil buan-choimisiún sna Fórsaí, nó

(b) oifigeach ag a bhfuil coimisiún gearr-sheirbhíse san Aer-Chór, nó

(c) oifigeach nó saighdiúir a scaoiltear sara mbíonn trí mhí seirbhíse (agus aon tseirbhís a thug sé díreach roimh an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1939, d'áireamh) críochnaithe aige, nó

(d) comhalta den Chór Déantais;

an dáta feidhme.

ciallaíonn an abairt “an dáta feidhme” dáta rite an Achta so;

an Cúltaca.

ciallaíonn an abairt “an Cúltaca” an fórsa cúltaca do bunaíodh faoi Chuid III d'Acht 1923;

an Scéim.

ciallaíonn an abairt “an Scéim” Scéim Arachais Dífhostaíochta Ghnótha an Arachais a bunaíodh faoi na hAchta;

seirbhís.

ciallaíonn an focal “seirbhís”, maidir le comhalta de na Fórsaí Cosanta, seirbhís lán-aimsire sna Fórsaí Cosanta a raibh páigh ineisithe ina haghaidh, ach ní fholaíonn sé—

(a) i gcás é bheith ina oifigeach den Chúltaca Oifigeach, seirbhís i ndiaidh é do ghlaodhach amach ar seirbhís lánaimsire tar éis deireadh na tréimhse éigeandála, ná

(b) aon tréimhse thréineála bliantúla, ná

(c) aon tseirbhís a thug sé sar ar shlánaigh sé sé bliana déag d'aois.

(2) Chun críocha an Achta so, is tuigthe gurb é an toradh a gheibhtear tríd an uimhir de laethanta ar a dtug comhalta de na Fórsaí Cosanta seirbhís mar chomhalta den tsórt san tar éis an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1939, do roinnt ar a seacht an uimhir de sheachtainí a dtug sé seirbhís ar a bhfeadh mar chomhalta den tsórt san tar éis an dáta san, agus áireofar mar sheachtain aon chodán a bheas fágtha.

(3) Léireofar an tAcht so agus na hAchta mar éinní amháin.

Forála á chumasú comhaltaí scaoilte áirithe de na Fórsaí Cosanta do cháiliú chun sochar dífhostaíochta d'fháil.

2. —(1) Gach comhalta scaoilte de na Fórsaí Cosanta lena mbaineann an t-alt so, deighleálfar leis chun críocha na bhforál de na hAchta a bhaineas le cearta sintiúsaire árachaithe maidir le sochar dífhostaíochta ach ní chun aon chríche eile—

(a) más roimh an dáta feidhme do scaoileadh é agus ná raibh sé ag tabhairt seirbhíse ar an dáta san, fé is dá mba shintiúsaire árachaithe é a raibh íoctha ina leith ar an dáta feidhme uimhir de shíntiúis dob ionann agus an uimhir de sheachtainí a dtug sé seirbhís ar a bhfeadh mar chomhalta den tsórt san tar éis an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1939,

(b) más ar an dáta feidhme nó dá éis a scaoiltear é, fé is dá mba shíntiúsaire árachaithe é ar dháta an scaoilte sin a raibh íoctha ina leith ar dháta an scaoilte sin uimhir de shíntiúis dob ionann agus an uimhir de sheachtainí a dtug sé seirbhís ar a bhfeadh mar chomhalta den tsórt san tar éis an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1939 (gan aon tseachtain den tsórt san d'áireamh a cuireadh san áireamh roimhe sin faoi mhír (a) den fho-alt so nó faoin mír seo).

(2) Íocfar isteach sa Chiste Dífhostaíochta as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, mar shíntiúis fostóirí agus síntiúis dhaoine fostaithe, pé suimeanna is leor, dar leis an Aire Airgeadais, chun a thabhairt go bhféadfar deighleáil mar foráltar le fo-alt (1) den alt so le comhaltaí scaoilte de na Fórsaí Cosanta lena mbaineann an t-alt so.

(3) Déanfar na suimeanna a bheas le n-íoc faoi fho-alt (2) den alt so isteach sa Chiste Dífhostaíochta do ríomh sa tslí a ordóidh an tAire Airgeadais agus íocfar iad sa tslí agus ar na dátaí ar a gcomhaontóidh an tAire Airgeadais agus an tAire Tionnscail agus Tráchtála.

(4) Baineann an t-alt so le gach comhalta de na Fórsaí Cosanta (seachas comhalta de na Fórsaí Cosanta lena mbaineann alt 3 den Acht so) a scaoiltear aon uair tar éis an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1939.

Forála á chumasú comhaltaí scaoilte áirithe de na Fórsaí Cosanta do cháiliú chun sochar díth oibre faoin Scéim d'fháil.

3. —(1) Gach comhalta scaoilte de na Fórsaí Cosanta lena mbaineann an t-alt so, deighleálfar leis, chun críocha na bhforál den Scéim a bhaineas le cearta duine maidir le sochar díth oibre faoin Scéim ach ní chun aon chríche eile—

(a) más roimh an dáta feidhme do scaoileadh é agus ná raibh sé ag tabhairt seirbhíse ar an dáta san, fé is dá mba dhuine é a raibh íoctha ina leith isteach sa Chomh-Chiste Arachais ar an dáta feidhme uimhir de shíntiúis dob ionann agus an uimhir de sheachtainí a dtug sé seirbhís ar a bhfeadh mar chomhalta den tsórt san tar éis an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1939,

(b) más ar an dáta feidhme nó dá éis a scaoiltear é, fé is dá mba dhuine é ar dháta an scaoilte sin a raibh íoctha ina leith isteach sa Chomh-Chiste Arachais ar dháta an scaoilte sin uimhir de shíntiúis dob ionann agus an uimhir de sheachtainí a dtug sé seirbhís ar a bhfeadh mar chomhalta den tsórt san tar éis an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1939 (gan aon tseachtain den tsórt san d'áireamh a cuireadh san áireamh roimhe sin faoi mhír (a) den fho-alt no faoin mír seo).

(2) Íocfar isteach sa Chomh-Chiste Arachais as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, mar shíntiúis, pé suimeanna is leor, dar leis an Aire Airgeadais, chun a thabhairt go bhféadfar deighleáil mar foráltar le fo-alt (1) den alt so le comhaltaí scaoilte de na Fórsaí Cosanta lena mbaineann an t-alt so, ach ní bheidh iomlán na suimeanna san níos mó ná suim arna ríomh do réir scilling in aghaidh gach seachtaine seirbhíse a thug gach comhalta de na Fórsaí Cosanta lena mbaineann an t-alt so.

(3) Déanfar na suimeanna a bheas le n-íoc faoi fho-alt (2) den alt so isteach sa Chomh-Chiste Arachais do ríomh sa tslí a ordóidh an tAire Airgeadais agus íocfar iad sa tslí agus ar na dátaí ar a gcomhaontóidh an tAire Airgeadais agus an tAire Tionnscail agus Tráchtála.

(4) Baineann an t-alt so le gach comhalta de na Fórsaí Cosanta—

(a) a ndearnadh, i rith an dá bhlian roimh é do dhul isteach sna Fórsaí Cosanta, fiche síntiús ar a laghad d'íoc ina leith faoin Scéim, agus

(b) a scaoiltear tráth nach déanaí ná bliain ó dheireadh na tréimhse éigeandála.

Gearr-theideal agus comhluadh.

4. —Féadfar an tAcht Arachais Dífhostaíochta, 1945 , do ghairm den Acht so, agus féadfar na hAchta Arachais Dífhostaíochta, 1920 go 1945, do ghairm de na hAchta agus den Acht so le chéile.