Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL.—Cuid I.)

36 1945


Uimhir 36 de 1945.


AN tACHT UM DHLÍTHE ATÁ AG DUL IN ÉAG, 1945.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH BUANUITHE AR FEADH TRÉIMHSE TEORANTA AR ACHTACHÁIN ÁIRITHE ATÁ AG DUL IN ÉAG. [20ú Nollaig, 1945.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Na hAchta sa Sceideal a choimeád beo.

1. —Na hAchta a luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht so, coimeátar beo iad a mhéid adeirtear sa tríú colún den Sceideal san go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1946, agus raghaid in éag ansan mura gcoimeátar beo níos sia iad.

(2) Aon achtacháin neamh-athghairmthe a leasaíos na hachtacháin, nó a dhéanann difir do na hachtacháin, a coimeátar beo leis an alt so, coimeátar beo ar an gcuma céanna iad, a mhéid ar díomuan a ré, pé acu luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht so iad nó ná luaitear.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht um Dhlithe atá ag dul in Eag, 1945 , do ghairm den Acht so.