|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhraiteach agus Generalta.) | Ar Aghaidh (Caibidil 2. Cíos Dleathach Aitreabh Rialaithe (seachas faoi Acht 1923).) |
AN tACHT SRIANTA CÍOSA, 1946
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Srian le Cios Aitreabh Rialaithe. | |
[EN] |
Caibidil 1. Cíos Dleathach Aitreabh Rialaithe (Acht 1923). | |
[EN] |
Aitribh rialaithe (Acht 1923) |
7. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, baineann an Chaibidil seo le gach áitreabh rialaithe nach mó a luacháil inrátuithe ná— |
[EN] | (a) tríocha punt i gcás an t-áitreabh a bheith suite— | |
[EN] | (i) i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath mar bhí díreach roimh dháta an Achta Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1930 ( Uimh. 27 de 1930 ), a rith, nó | |
[EN] | (ii) sa líomatáiste atá comhdhéanta de shean-bhailecheantair Phembróc, agus Ráth Maonas agus Rath Garbh, mar bhí díreach roimh dháta an Achta sin a rith, nó | |
[EN] | (iii) i mbuirg Dhún Laoghaire. | |
[EN] | (b) cúig puint fhichead in aon chás eile. | |
[EN] | (2) (a) Ní bhaineann an Chaibidil seo le háitreabh a tógadh tar éis an 2ú lá d'Aibreán, 1919, nó a bhí á thógáil ar an dáta sin nó ar a raibh á dhéanamh ar an dáta sin nó ar a ndearnadh ón dáta sin i leith athchóiriú bona fide trí dhá bhabhta nó tionóntán chomhlána ar leithligh nó níos mó a dhéanamh dhe. | |
[EN] | (b) Ní bhaineann an Chaibidil seo le háitreabh dob áitreabh rialaithe (seachas faoi Acht 1923) agus a thiocfadh, de dhruim laghdú ar a luacháil inrátuithe, chun bheith ina áitreabh lena mbaineann an Chaibidil seo mura mbeadh an mhír seo. | |
[EN] | (c) Ní bhaineann an Chaibidil seo le háitreabh ar thárla, trí oibriú ailt 5 d'Acht 1926, Acht 1923 a scor, roimh an dáta feidhme, de bhaint leis. | |
[EN] |
Bun-chíos áitreabh rialaithe (Acht 1923) a ndearnadh a riail-chíos a chinneadh ag an gCúirt nó trí eadráin. |
8. —(1) Baineann an t-alt seo le háitreabh rialaithe (Acht 1923) a gcuirfear ar fáil ina leith fianaise ar an dá fhíoras seo leanas:— |
[EN] | (a) go ndearna an Chúirt riail-chíos an áitribh a chinneadh roimh an dáta feidhme, agus | |
[EN] | (b) méid an riail-chíosa. | |
[EN] | (2) Baineann an t-alt seo freisin le háitreabh rialaithe (Acht 1923) a gcuirfear ar fáil ina leith fianaise ar an dá fhíoras seo leanas:— | |
[EN] | (a) go raibh riail-chíos an áitribh ina abhar dámhachtana eadrána roimh an dáta feidhme, agus | |
[EN] | (b) méid an riail-chíosa. | |
[EN] | (3) Is é is bun-chíos ar áitreabh lena mbaineann an t-alt seo ná suim is comhionann le hiomlán na méideanna seo leanas:— | |
[EN] | (a) riail-chíos an áitribh, agus | |
[EN] | (b) (i) i gcás áite comhnaithe, fiche faoin gcéad den riail-chíos nó | |
[EN] | (ii) in aon chás eile, cúig is fiche faoin gcéad den riailchíos. | |
[EN] |
Bun-chíos áitreabh rialaithe (Acht 1923) ná baineann alt 8 leo. |
9. —(1) Baineann an t-alt seo le gach áitreabh rialaithe (Acht 1923) nach áitreabh lena mbaineann alt 8 den Acht seo. |
[EN] | (2) Cinnfidh an Chúirt bun-chíos áitribh lena mbaineann an t-alt seo agus is é a bheas ann cíos de pé méid is réasúnach leis an gCúirt, faoi aon chonnradh áirithe tionóntachta nach sia ná cúig bliana a théarma, ag féachaint do bhun-chíosa áitreabh rialaithe (Acht 1923) eile agus, i gcás ina gcuirfear ar fáil fianaise ar an dá fhíoras seo leanas,— | |
[EN] | (i) go raibh an t-áitreabh a mbeidh a bhun-chíos le cinneadh ar seilbh, an 3ú lá de Lúnasa, 1914, ag tionónta a bhí á lonnú faoi chonnradh tionóntachta nár shia ná cúig bliana a théarma, nó ná raibh sé ar seilbh amhlaidh ach go raibh sé ar seilbh amhlaidh go deireannach ar dháta trí bliana ar a mhéid roimh an 3ú lá de Lúnasa, 1914 agus | |
[EN] | (ii) an cíos ar a rabhdar ar seilbh amhlaidh, | |
[EN] | ansin, ag féachaint freisin do mhéid an chíosa sin. | |
[EN] | (3) Chun an Chúirt do chinneadh an bhun-chíosa faoin alt seo is tuigthe an tionónta a bheith freagarthach sna rátaí. | |
[EN] |
Aitreabh do leanúin de bheith ina áitreabh rialaithe (Acht 1923) d'ainneoin méadú a theacht ar a luacháil inrátuithe. |
10. —(1) Má thárlann, de dhruim méaduithe ar luacháil inrátuithe áitribh a bhí, díreach roimh dháta an mhéaduithe, ina áitreabh rialaithe (Acht 1923), go dtiocfadh an t-áitreabh chun bheith ina áitreabh rialaithe (seachas faoi Acht 1923) mura mbeadh an t-alt seo, ansin, d'ainneoin an mhéaduithe sin, leanfaidh an t-áitreabh de bheith ina áitreabh lena mbaineann an Chaibidil seo. |
[EN] | (2) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo le háitreabh a dtiocfaidh an méadú ar a luacháil inrátuithe de dhruim feabhsuithe nó athruithe déanmhais a rinne an tiarna tighe faid a bhí sé i seilbh an áitribh iomláin. | |
[EN] |
Breiseanna dleathacha ar bhun-chíos áitreabh rialaithe (Acht 1923). |
11. —(1) I bhfo-alt (2) den alt seo ciallaíonn an abairt “an dáta cinnteach”— |
[EN] | (a) i gcás áitribh lena mbaineann alt 8 den Acht seo, an dáta feidhme, | |
[EN] | (b) i gcás áitribh lena mbaineann alt 9 den Acht seo, dáta bunuithe na n-imeacht ina gcinnfear bun-chíos an áitribh. | |
[EN] | (2) Chun críocha an Achta seo, is breis dleathach ar bhun-chíos áitribh rialaithe (Acht 1923), sa chás atá leagtha amach in aon mhír den fho-alt seo, an tsuim a luaitear sa mhír sin:— | |
[EN] | (a) i gcás ina ndéanfaidh tiarna tighe an áitribh na rátaí nó aon chuid díobh a íoc, nó asbhaint nó comhlogha a lomháil ina n-aghaidh, nó an tionónta a shlánú ina leith, suim is comhionann leis an méid a bheas, de thuras na huaire, san íocaíocht, san asbhaint, sa chomhlogha nó sa tslánú sin (pé acu é); | |
[EN] | (b) i gcás ina ndéanfaidh an tiarna tighe, ar an dáta cinnteach nó dá éis, aon mhéid airgid (gan aon mhéid a áireamh a caithfear ar mhaisiú nó deisiú) a chaitheamh ar fheabhsú nó ar athrú déanmhais an áitribh, suim is comhionann le hocht faoin gcéad sa bhliain den mhéid sin; | |
[EN] | (c) i gcás ina ndéanfaidh an tiarna tighe, ar an dáta cinnteach nó dá éis, aon mhéid airgid a chaitheamh ar an áitreabh i leith deisiúcháin a bheas riachtanach ar fad nó go formhór de dheascaibh an tionónta nó éinne in éintíos leis nó éinne dá lóistéirí nó dá fho-thionóntaithe do dhéanamh bearta diomailte, nó do dhéanamh mainneachtana nó faillí, suim is comhionann le hocht faoin gcéad sa bhliain den mhéid sin; | |
[EN] | (d) (i) i gcás ina mbeidh an tiarna tighe freagarthach in iomlán an deisiúcháin ar an áitreabh, suim ná raghaidh thar an dóú cuid déag den bhun-chíos, | |
[EN] | (ii) i gcás ná beidh an tiarna tighe freagarthach ach i gcuid den deisiúchán, pé suim is lú ná sin ar a gcomhaontóidh an tiarna tighe agus an tionónta nó a chinnfeas an Chúirt ar cheachtar den dá pháirtí sin dá iarraidh sin, nó, cheal aon chomhaontaithe nó cinnte den tsórt sin, suim ná raghaidh thar an gceathrú cuid fichead den bhun-chíos; | |
[EN] | (e) i gcás áitribh lena mbaineann alt 8 den Acht seo, má rinne an tiarna tighe, sa bhliain 1922, méid a chaitheamh is mó ná an tríú cuid den riail-chíos, nó má rinne sé, i rith an dá bhlian 1923 agus 1924, nó 1925 agus 1926, nó 1927 agus 1928, méid a chaitheamh is mó ná dhá dtrian den riail-chíos, ag cur deis réasúnach ar an áitreabh, suim is comhionann le cúig déag faoin gcéad sa bhliain den bharrachas nó de na barrachais sin a caitheadh; | |
[EN] | (f) i gcás áitribh lena mbaineann alt 8 den Acht seo, má rinne an tiarna tighe, tar éis an 4ú lá de Lúnasa, 1914, agus roimh an dáta cinnteach, aon mhéid airgid a chaitheamh ar fheabhsú nó ar athrú déanmhais an áitribh (ach gan aon mhéid a áireamh a chaith sé ar mhaisiú nó deisiú), suim is comhionann le hocht faoin gcéad sa bhliain den mheid sin; | |
[EN] | (g) i gcás ina ndéanfaidh an tiarna tighe, i rith an dá bhlian 1945 agus 1946, nó 1946 agus 1947, nó 1947 agus 1948, nó 1948 agus 1949, nó 1949 agus 1950, méid a chaitheamh is mó ná dhá dtrian de bhun-chíos an áitribh ag cur deis réasúnach ar an áitreabh, suim is comhionann le cúig déag faoin gcéad sa bhliain den bharrachas nó de na barrachais sin a caitheadh. | |
[EN] | (3) Chun críocha fo-ailt (2) den alt seo, ní déanfar méid aon deontais faoi Achta na dTithe (Forála Airgid agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1944, arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán iardain, a áireamh mar chuid d'aon mhéid a caitheadh ar aon fheabhsú, athrú déanmhais nó deisiúchán lena mbaineann an fo-alt sin. | |
[EN] | (4) Maidir le feidhm na Caibidle seo i gcás áite comhnaithe bige, is tigh comhnaithe beag do réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928 ( Uimh. 4 de 1928 ), beidh éifeacht ag na forála seo leanas:— | |
[EN] | (a) ní fholóidh an focal “rátaí” i mír (a) d'fho-alt (2) den alt seo ráta arna leagadh de bhuaidh an Achta dheiridh a luadh ar únaer na háite comhnaithe bige sin, agus | |
[EN] | (b) an tsuim a bheas curtha mar mhéadú le cíos na háite comhnaithe bige sin de bhuaidh ailt 6 den Acht deiridh a luadh cuirfear san áireamh í mar bhreis dleathach nuair a beifear ag ríomh cíosa dhleathaigh na háite comhnaithe bige sin. | |
[EN] |
Cíos dleathach áitreabh rialaithe (Acht 1923). |
12. —Is é is cíos dleathach ar áitreabh rialaithe (Acht 1923)— |
[EN] | (a) i gcás gan aon bhreis dleathach a bheith curtha le bunchíos an áitribh, bun-chíos an áitribh, | |
[EN] | (b) in aon chás eile, bun-chíos an áitribh maraon leis na breiseanna dleathacha ar an gcéanna. |