An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT LIÚNTAS LEANBHAÍ (LEASÚ), 1946)

8 1946

AN tACHT LIÚNTAS LEANBHAÍ (LEASÚ), 1946

AN SCEIDEAL.

Leasaithe ar Acht 1944.

An tAlt

An tslí ina Leasaítear é

Alt 1

..

Trí na mínithe ar “ leanbh ”, “ liúntas leanbhaí ”, “ an cheád tréimhse íoca ”, “ tréimhse íoca ”, “ an dáta cáilitheach ” agus “ réigiún ” a scrios.

Alt 8, fo-alt (1)

Trí na focail “ agus ar gach ceist a éireós i dtaobh liúntais leanbhaí a moladh ” a chur isteach i ndiaidh na bhfocal “ i dtaobh an chéanna ”.

Alt 8, fo-alt (2)

Trí na focail “ nó aon éilimh ar liúntas leanbhaí ” a chur isteach i ndiaidh na bhfocal “ liúntais leanbhaí ”.

Alt 9, fo-alt (4)

Trí na focail “ nó de bhíthin fíoras tábhachtach a cheilt go toiliúil ” a chur isteach i bhfo-mhír (i) de mhír (b) i ndiaidh na bhfocal “ i bponc tábhachtach ”.

Alt 11, fo-alt (1)

Trí na focail “ ná raibh an duine sin ina theideal ” a chur in ionad na bhfocal “ ar feadh aon tréimhse íoca do réigiún ná raibh an duine sin ina theideal ar a feadh ” ; Trí na focail “ ar feadh na tréimhse íoca san ” a scrios.

Alt 12, fo-alt (1)

Trí na focail “ nó a cheilfeas go feasach aon fhíoras tábhachtach ” a chur isteach i mír (a) i ndiaidh na bhfocal “ in aon phonc tábhachtach ”.

Alt 20, fo-alt (1)

Tríd an fho-mhír seo leanas a chur in ionad fo-mhíre (ii) de mhír (e) :

“ (ii) íoc a dhéanamh, i gcás duine a bhí cáilithe le haghaidh liúntais leanbhaí d'fháil bháis, in aon tsuim a thiocfadh chun bheith iníoctha i leith an liúntais leanbhaí go dtí dáta a bháis dá ngéilltí d'éileamh ar an liúntas leanbhaí díreach sar a bhfuair sé bás ; ”.