|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Comhaltai agus Nos Imeachta Udarais Chuain.) | Ar Aghaidh (CUID IV. Oifigigh agus Seirbhisigh Udarais Chuain.) |
AN tACHT CUANTA, 1946
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Comhaltai Udarais Chuain a Chur as Oifig. | |
[EN] |
Tosach feidhme Coda III. |
29. —Tiocfaidh an Chuid seo den Acht seo i ngníomh maidir le húdarás cuain an dara Déardaoin i mí Dheireadh Fómhair sa bhliain a ceapfar maidir leo faoi alt 6 den Acht seo. |
[EN] |
Comhaltaí údaráis chuain a chur as oifig. |
30. —(1) Má tharlann agus aon uair a tharlós— |
[EN] | (a) gur deimhin leis an Aire, tar éis fiosrúchán áitiúil a dhéanamh i dtaobh comhlíonadh a ndualgas ag údarás cuain, ná fuil na dualgais sin á gcomhlíonadh go cuí agus go héifeachtúil, nó | |
[EN] | (b) go ndiúltóidh nó go mainneoidh údarás cuain déanamh do réir breithiúnais, orduithe nó aithne aon chúirte, nó | |
[EN] | (c) go ndiúltóidh údarás cuain, tar éis fógra cuí, cead a thabhairt a gcuntais a iniúchadh ag an iniúchóir a bheas ceaptha ag an Aire, nó | |
[EN] | (d) gur lú an líon de chomhaltaí údaráis chuain a bheas inniúil ar ghníomhú ná an córam do chruinnithe an údaráis chuain sin, nó | |
[EN] | (e) go ndiúltóidh údarás cuain nó go mainneoid go toiliúil déanamh do réir ceanglais sainráite arna chur orthu le haon achtachán, reachtúil nó eile, nó faoi, | |
[EN] | féadfaidh an tAire, le hordú, comhaltaí an údaráis chuain sin a chur as oifig. | |
[EN] | (2) Ar chomhaltaí údaráis chuain a chur as oifig— | |
[EN] | (a) beidh deireadh le comhaltas comhaltaí uile coiste ar bith is coiste arna cheapadh ag an údarás cuain faoi alt 23 den Acht seo, agus | |
[EN] | (b) beidh deireadh le comhaltas comhaltaí uile coiste ar bith, is coiste arna cheapadh ag an údarás cuain ag gníomhú dhóibh mar údarás píolóiteachta. | |
[EN] | (3) Sa Chuid seo den Acht seo, léireofar gach tagairt do chomhaltaí a chur as oifig mar thagairt do chomhaltaí a chur as oifig faoin Acht seo. | |
[EN] | (4) Gach ordú a déanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is caothúil tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú sin a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag cur an orduithe sin ar neamhbhrí, beidh an t-ordú sin arna chur ar neamhbhrí dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht éinní a rinneadh roimhe sin faoin ordú. | |
[EN] |
Comhaltas údaráis chuain a athchóiriú tar éis na comhaltaí a chur as oifig. |
31. —(1) Ceapfaidh an tAire bliain (dá ngairmtear bliain an athchóirithe sa Chuid seo den Acht seo) chun an comhaltas d'údarás cuain ar cuireadh a gcomhaltaí as oifig a athchóiriú agus, mura bliain toghcháin an bhliain sin, is tuigthe, chun críocha an athchóirithe sin, gur bliain toghcháin í. |
[EN] | (2) Is í bliain an athchóirithe— | |
[EN] | (a) i gcás comhaltaí an údaráis chuain iomchuí a chur as oifig i mbliain díreach roimh bhliain toghcháin—an bhliain toghcháin sin nó aon bhliain de na trí bliana díreach ina dhiaidh sin, agus | |
[EN] | (b) in aon chás eile—aon bhliain de na trí bliana díreach i ndiaidh na bliana a rinneadh comhaltaí an údaráis chuain iomchuí a chur as oifig. | |
[EN] | (3) Ar feadh na tréimhse idir comhaltaí údaráis chuain a chur as oifig agus an dara Déardaoin i mí Dheireadh Fómhair i mbliain an athchóirithe, ní déanfar aon cheapadh, toghadh ná ainmniú ar chomhaltaí an údaráis chuain ach amháin ceapadh, toghadh agus ainmniú na gcomhaltaí sin i mbliain an athchóirithe. | |
[EN] | (4) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, má cuirtear comhaltaí údaráis chuain as oifig ní athróidh sin na blianta toghcháin maidir leis an údarás cuain. | |
[EN] |
Coimisinéirí a cheapadh. |
32. —(1) Chun a chumasú d'údarás cuain a mbeidh a gcomhaltaí curtha as oifig feidhmiú ar feadh na tréimhse idir am an churtha as oifig agus an dara Déardaoin i mí Dheireadh Fómhair i mbliain an athchóirithe, déanfaidh an tAire, ó am go ham, duine nó daoine a cheapadh ina choimisinéir nó ina gcoimisinéirí don údarás cuain. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire— | |
[EN] | (a) aon choimisinéir d'údarás cuain a bheas ceaptha faoin alt seo a chur as oifig agus duine eile a cheapadh ina choimisinéir don údarás cuain ina ionad, | |
[EN] | (b) má bhíonn coimisinéir nó coimisinéirí ceaptha faoin alt seo d'údarás cuain, duine nó daoine a cheapadh ina choimisinéir breise nó ina gcoimisinéirí breise don údarás cuain, | |
[EN] | (c) má bhíonn dhá choimisinéir nó níos mó ceaptha faoin alt seo d'údarás cuain, líon na gcoimisinéirí a laghdú agus, chuige sin, duine nó níos mó de na coimisinéirí a chur as oifig. | |
[EN] | (3) Sna hailt ina dhiaidh seo den Chuid seo den Acht seo, ciallaíonn an focal “coimisinéir” coimisinéir arna cheapadh faoin alt seo. | |
[EN] |
Coimisinéirí d'fheidhmiú cumhacht, etc. |
33. —(1) Ar feadh na tréimhse idir comhaltaí údaráis chuain a chur as oifig agus an Dara Déardaoin i mí Dheireadh Fómhair i mbliain an athchóirithe, feidhmeoidh nó comhlíonfaidh an coimisinéir nó na coimisinéirí don údarás cuain gach cumhacht, feidhm nó dualgas (lena n-áirítear gach cumhacht, feidhm nó dualgas de chuid an údaráis chuain ag gníomhú dhóibh mar údarás píolóiteachta) is infheidhmithe nó a bheas le comhlíonadh ag comhaltaí an údaráis chuain ag gníomhú dhóibh le chéile i gcruinniú den údarás cuain. |
[EN] | (2) I bhfo-alt (1) den alt seo, folaíonn an focal “cumhacht” an chumhacht chun coiste a cheapadh faoi alt 23 den Acht seo. | |
[EN] | (3) Faid a bheas cumhacht údaráis chuain chun coiste a cheapadh infheidhmithe faoin alt seo ag coimisinéir nó coimisinéirí, ní bheidh sé riachtanach gur comhaltaí den údarás cuain agus iad sin amháin a ceapfaí ina gcomhaltaí den choiste. | |
[EN] |
Sealbhaíocht oifige agus luach saothair coimisinéara. |
34. —(1) Féadfaidh an tAire sealbhaíocht oifige aon choimisinéara a chinneadh. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire a ordú luach saothair a íoc le haon choimisinéir agus féadfaidh méid an luach saothair sin a chinneadh, agus déanfar an luach saothair sin arna chinneadh amhlaidh a íoc as ioncam an údaráis chuain iomchuí mar chuid dá gcostas oibre agus bunaíochta. | |
[EN] |
Orduithe á chumasú lánfheidhm agus lánéifeacht a bheith ag an gCuid seo den Acht seo. |
35. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, gach ní a dhéanamh agus gach rialachán a cheapadh is dóigh leis is gá nó is fóirstineach chun a chumasú d'údarás cuain a mbeidh a gcomhaltaí curtha as oifig feidhmiú go cuí agus go héifeachtúil agus, go ginearálta, chun a thabhairt go mbeidh lánfheidhm agus lánéifeacht ag an gCuid seo den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire le hordú, i bhfeidhmiú na gcumhacht a bheirtear dó le fo-alt (1) den alt seo ach gan dochar dá nginearáltacht— | |
[EN] | (a) socrú a dhéanamh chun ionadaí d'fheidhmiú agus do chomhlíonadh cumhacht agus dualgas coimisinéara a bheas breoite nó as láthair ar saoire, agus | |
[EN] | (b) má bhíonn dhá choimisinéir nó níos mó ann d'údarás cuain, socrú a dhéanamh go ginearálta nó maidir le cúrsaí áirithe chun na coimisinéirí sin do ghníomhú ar leithligh nó le chéile nó trí thromlach. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú arna dhéanamh faoin alt seo (lena n-áirítear aon ordú arna dhéanamh faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm. | |
[EN] |
Achtacháin a oiriúnú. |
36. —Féadfaidh an tAire, le hordú, pé oiriúnuithe a dhéanamh ar aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo ach amháin an Chuid seo den Acht seo) a chífear dó is gá nó is fóirstineach chun a thabhairt go mbeidh lánfheidhm agus lánéifeacht ag an gCuid seo den Acht seo nó chun a thabhairt go mbeidh éifeacht ag an achtachán sin i gcomhréir leis an gCuid seo den Acht seo. |
[EN] |
Marthanacht údaráis chuain. |
37. —Ní dhéanfaidh sé difir do mharthanacht údaráis chuain, faoina dteideal dílis do réir dlí, mar chomhlucht corpraithe comhaltaí an údaráis chuain sin a chur as oifig nó oifig an chathaoirligh nó an leas-chathaoirligh a bheith folamh mar gheall ar an gcur as oifig sin. |