An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Comhaltai Udarais Chuain a Chur as Oifig.) Ar Aghaidh (CUID V. Oibriu Cuain.)

9 1946

AN tACHT CUANTA, 1946

CUID IV.

Oifigigh agus Seirbhisigh Udarais Chuain.

Oifigigh agus seirbhísigh.

38. —(1) Faoi réir forál an Achta seo, ceapfaidh nó fostóidh údarás cuain ó am go ham chun seirbhíse an údaráis sin pé oifigigh agus pé méid díobh (lena n-áirítear, i gcás údaráis chuain a luaitear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, rúnaí agus, i ngach cás, máistir cuain agus bailitheoir rátaí) agus pé seirbhísigh agus pé méid díobh is gá chun cuan an údaráis chuain a riaradh, a bhainistí, a oibriú agus a chothabháil go cuí.

(2) Féadfaidh údarás cuain, in ionad duine a cheapadh ina mháistir cuain agus duine eile ina bhailitheoir rátaí dá gcuan de bhun an ailt seo, duine amháin a cheapadh ina mháistir cuain agus bailitheoir rátaí.

(3) Féadfaidh údarás cuain a cheangal ar aon duine dá n-oifigigh pé urrús agus pé méid urrúis is cuí leis an údarás cuain a thabhairt agus a chothabháil ar feadh a théarma oifige.

(4) Beidh feidhm ag Acht na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 agus 1940, ach amháin fo-ailt (1) agus (2) d'alt 7 agus alt 11 d' Acht na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926) , maidir le húdarás cuain amhail mar atá feidhm acu maidir le húdarás áitiúil, ach sna hAchta sin, mar a bheas feidhm acu amhlaidh, ciallóidh na habairtí “an tAire” agus “údarás áitiúil” an tAire Tionscail agus Tráchtála agus údarás cuain, faoi seach.

(5) Má éiríonn aon cheist i dtaobh duine atá nó a bhí i seirbhís údaráis chuain a bheith ina oifigeach, cuirfear an cheist faoi bhráid an Aire agus beidh a bhreith sin ina breith chríochnaitheach.

(6) Aon uair a chomhlíonfas na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla aon fheidhm maidir le húdarás cuain faoi Achta na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 agus 1940, arna dtanasc tríd an Acht seo, íocfaidh an t-údarás cuain leis na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla pé suim, i leith na gcostas faoina ndeachaigh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla i gcomhlíonadh na feidhme sin, is cuí leis na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, agus gach suim den tsórt sin a híocfar leis na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla is tuigthe, chun críche míre (b) d'fho-alt (2) d'alt 12 d'Acht na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926) , gur táille a híocadh leis na Coimisinéirí sin faoin Acht sin í.

(7)  (a) Más rud é go ndearnadh, roimh an Acht seo a rith, duine a cheapadh chun oifige nó fostaíochta, faoi údarás cuain, a tháinig chun bheith folamh nó a cruthnaíodh an lú lá d'Eanáir, 1946, nó dá éis, agus a bheadh, dá dtagadh an Chuid seo i ngníomh an lú lá d'Eanáir, 1946, ina hoifig nó ina fostaíocht lena mbainfeadh Achta na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 agus 1940, ansin, scoirfidh an duine sin, díreach ar an Acht seo a rith, de bheith i seilbh na hoifige nó na fostaíochta sin.

(b) Gach ceist nó díospóid i dtaobh aon oifig nó fostaíocht áirithe a bheith ina hoifig nó ina fostaíocht lena mbaineann mír (a) den fho-mhír seo, déanfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, í a chinneadh agus beidh an cinneadh sin ina chinneadh críochnaitheach gan aon dul thairis.

Bainisteoir Ginearálta agus Rúnaí.

39. —(1) Déanfaidh údarás cuain a luaitear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo duine a cheapadh ó am go ham ina Bhainisteoir Ginearálta ar a gcuan.

(2) Beidh oifig Bhainisteora Ghinearálta chuain ina hoifig lena mbainfidh Achta na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 agus 1940, arna dtanasc tríd an Acht seo.

(3) Beidh Bainisteoir Ginearálta cuain ina phríomh-oifigeach feidhmiúcháin d'údarás cuain an chuain.

(4) Faoi réir urlámhais sháraithigh an údaráis chuain don chuan, beidh urlámhas ag Bainisteoir Ginearálta cuain ar gach oifigeach agus seirbhíseach eile don údarás cuain agus tuairisceoidh na hoifigigh agus na seirbhísigh sin dó nó tuairisceoid tríd don údarás cuain.

(5) Aon fhruiliú nó urscaoileadh a déanfar ar fhostaí (seachas oifigeach) d'údarás cuain a luaitear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, is fostaí ná baineann Achta na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 agus 1940, arna dtanasc tríd an Acht seo, lena cheapadh, is mar leanas, agus ní har aon tslí eile, a déanfar é, is sin le rá, ag an mBainisteoir Ginearálta nó ag oifigeach don údarás cuain a bheas údaraithe chuige sin ag an mBainisteoir Ginearálta.

(6) Beidh de cheart ag Bainisteoir Ginearálta cuain bheith i láthair ag cruinnithe den údarás cuain don chuan agus páirt a ghlacadh sna díospóireachta ag na cruinnithe sin amhail is dá mba chomhalta den údarás cuain é, ach ní bheidh sé i dteideal vótáil ar aon cheist a bheas le cinneadh trí chomhaltaí an údaráis chuain do vótáil uirthi.

(7) Féadfaidh Bainisteoir Ginearálta cuain aon oifigeach de chuid an údaráis chuain don chuan a fhionraí, ach féadfaidh an t-údarás cuain aon fhionraíocht den tsórt sin a fhorceannadh.

(8) Féadfaidh an t-údarás cuain do chuan Bainisteoir Ginearálta an chuain a fhionraí nó, le cead an Aire, é a chur as oifig, ach ní déanfar aon fhionraíocht ná cur-as-oifig den tsórt sin ach amháin le rún arna rith ag an údarás cuain chun críche an churtha-as-oifig nó na fionraíochta sin (pé acu é) agus ar vótáil dhá dtrian ar a laghad de chomhaltaí an údaráis chuain i bhfábhar a rite agus a ritheadh amhlaidh tar éis fógra seacht lá ar a laghad, á rá go rabhthas ar intinn an rún a thairiscint, a thabhairt leis an bpost do gach comhalta den údarás cuain.

(9) Aon údarás cuain do chuan a luaitear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, féadfaid, i dteannta an Bainisteoir Ginearálta a cheapadh, duine a cheapadh ó am go ham le toiliú an Aire ina rúnaí dá gcuan agus beidh oifig an rúnaí ina hoifig lena mbainfidh Achta na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 agus 1940, arna dtanasc tríd an Acht seo.

Leas-Bhainisteoir Ginearálta.

40. —(1) Má bhíonn Bainisteoir Ginearálta cuain ar saoire nó má bhíonn sé, toisc é a bheith breoite nó é a bheith as láthair ón líomatáiste ina bhfuil an cuan nó é a bheith ar fionraí, éagumasach go sealadach ar fheadhma a oifige a chomhlíonadh, féadfaidh an t-údarás cuain don chuan Leas-Bhainisteoir Ginearálta a cheapadh le haghaidh tréimhse na saoire nó an éagumais.

(2) An chumhacht a bheirtear le fo-alt (1) den alt seo chun Leas-Bhainisteoir Ginearálta a cheapadh, féadfar í a fheidhmiú freisin roimh, agus in oirichill Bainisteoir Ginearálta cuain a dhul ar saoire nó bheith faoi aon éagumas sealadach chun feadhma a oifige a chomhlíonadh toisc é a bheith as láthair ón líomatáiste ina bhfuil an cuan.

(3) Beidh ag Leas-Bhainisteoir Ginearálta a bheas ceaptha faoin alt seo, faid a leanfas an tsaoire nó an t-éagumas ar dá dheascaibh a ceapadh é nó go dtí go dtarlaí roimhe sin é a chur as oifig nó é d'éag nó d'éirí as oifig, cumhachta uile an Bhainisteora Ghinearálta, agus feidhmeoidh agus coimhlíonfaidh sé feadhma agus dualgais uile an Bhainisteora Ghinearálta, dá mbeidh sé ag ionadú, agus chuige sin folóidh na tagairtí atá i bhfo-ailt (3) go (7) d'alt 39 agus in ailt 174, 175 agus 176 den Acht seo do Bhainisteoir Ginearálta cuain tagairt don Leas-Bhainisteoir Ginearálta sin.

An rúnaí a bheith na phriomh-oifigeach feidhmiúcháin agus é a bheith de cheart aige a bheith i láthair ag cruinnithe.

41. —(1) Beidh an rúnaí do chuan, a bhfuil an t-údarás cuain dó luaite i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, ina phríomh-oifigeach feidhmiúcháin don údarás cuain.

(2) Beidh de cheart ag an rúnaí do chuan, a bhfuil an t-údarás cuain dó luaite i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, bheith i láthair ag cruinnithe den údarás cuain, agus páirt a ghlacadh sna díospóireachta ag na cruinnithe sin amhail is dá mba chomhalta den údarás cuain é, ach ní bheidh sé i dteideal vótáil ar aon cheist a bheas le cinneadh trí chomhaltaí an údaráis chuain do vótáil uirthi.

Cáiliochta d'oifigí.

42. —(1) Féadfaidh an tAire a dhearbhú cáilíocht d'aon aicme nó saghas acu seo a leanas a bheith ina cáilíocht d'oifig shonraithe faoi údarás cuain nó do pé cuid de na hoifigí faoi údarás cuain a bhaineas le haicme, saghas nó grád sonraithe, is é sin le rá:—

(a) cáilíochta maidir le carachtar,

(b) cáilíochta maidir le haois, sláinte, nó airíona coirp,

(c) cáilíochta maidir le hoideachas, tréineáil nó taithí,

(d) cáilíochta maidir le háit chónaithe,

(e) cáilíochta maidir le gnéas,

(f) an cháilíocht nach foláir d'aon bhean a shealbhós an oifig a bheas i gceist bheith neamhphósta nó ina baintrigh.

(2) Ní dhearbhóidh an tAire faoin alt seo aon cháilíocht maidir le gnéas a bheith ina cáilíocht d'aon oifig mura dóigh leis gur gá sin mar gheall ar dhualgais na hoifige.

(3) Sar a ndearbhóidh an tAire faoin alt seo aon cháilíocht a bheith ina cáilíocht d'aon oifig lena mbaineann Achta na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 agus 1940, arna dtanasc tríd an Acht seo, raghaidh sé i gcomhairle leis na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla.

(4) Gach tagairt dá bhfuil in Acht na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926) , arna thanasc tríd an Acht seo, do na cáilíochta a hordaítear faoin Acht sin léireofar í, maidir le gach oifig faoi údarás cuain, mar thagairt do na cáilíochta (más ann) a bheas dearbhaithe de thuras na huaire faoin alt seo a bheith ina gcáilíochta don oifig sin.

(5) Faoi réir forál fo-ailt (6) den alt seo, ní ceapfar duine ar bith chun aon oifige a mbeidh dearbhaithe de thuras na huaire faoin alt seo aon cháilíochta áirithe a bheith ina gcáilíochta dhí mura mbeidh na cáilíochta sin ag an duine sin.

(6) Aon uair is gá go líonfaí láithreach aon oifig a mbeidh dearbhaithe de thuras na huaire faoin alt seo aon cháilíochta áirithe a bheith ina gcáilíochta dhi agus ná beidh aon duine oiriúnach ag á mbeidh na cáilíochta sin ar fáil chun a cheaptha, féadfaidh an tAire, ar an údarás cuain a bheas i gceist dá iarraidh sin, a údarú ceapachán, a gcuirfear tréimhse shonraithe mar theora lena mharthain, a dhéanamh chun na hoifige gan aird a thabhairt ar na cáilíochta sin agus air sin féadfar an ceapachán sin a dhéanamh amhlaidh.

(7) Duine a ceapfar chun aon oifige de bhun údaraíochta faoi fho-alt (6) den alt seo, scoirfidh sé (mura mbeidh scortha aige roimhe sin ar chúis ar bith de bheith i seilbh oifige) de bheith i seilbh oifige ar pé ní acu seo a leanas a tharlachtain is túisce a tharlós:

(a) an tréimhse a bheas sonraithe chuige sin san údaraíocht a bheith caite,

(b) duine a cheapadh chun na hoifige a mbeidh aige na cáilíochta a mbeidh dearbhaithe de thuras na huaire faoin alt seo gurb iad is cáilíochta don oifig.

(8) Chun críocha an ailt seo, más rud é go mbeidh duine molta ag na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla chun a cheaptha chun aon oifige, is fianaise dhochlaoite é sin go raibh aige an tráth a moladh é na cáilíochta (más ann) a bheas dearbhaithe de thuras na huaire faoin alt seo a bheith ina gcáilíochta don oifig.

(9) Sar a ndéanfaidh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla duine a mholadh d'údarás cuain lena cheapadh chun aon oifige, déanfaid deimhin de go bhfuil ag an duine sin an t-eolas agus an inniúlacht is gá chun dualgais na hoifige a chomhlíonadh go cuí.

Tora aoise d'eoifigí.

43. —(1) Féadfaidh an tAire a ordú aon aois shonraithe a bheith ina teora aoise do gach oifig faoi údarás cuain lena mbaineann Achta na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 agus 1940, arna dtanasc tríd an Acht seo, nó do gach oifig den tsort sin a bhaineas le haicme, saghas nó grád sonraithe nó d'oifig nó oifigí sonraithe den tsórt sin.

(2) Gach rialachán a déanfar chun críocha an ailt seo, tiocfaidh sé i bhfeidhm sé mhí i ndiaidh an lae a déanfar é.

(3) I gcás rialachán chun críocha an ailt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire maidir le haon oifig áirithe, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:

(a) má bhíonn duine i seilbh na hoifige sin an lá a thiocfas an rialachán i bhfeidhm, ní bhainfidh an rialachán leis an duine sin,

(b) má tharlann, aon lá i ndiaidh an lae adúradh, go sroichfidh duine a bheas i seilbh na hoifige (seachas duine a bheas ina seilbh agus lena mbainfidh mír (a) den fho-alt seo) an aois a mbeidh sonraithe sa rialachán í a bheith ina teora aoise don oifig, scoirfidh sé de bheith i seilbh na hoifige an lá a shroichfeas sé an aois sin.

Oifigeach seachas an Bainisteoir Ginearálta a chur as oifig.

44. —(1) Féadfaidh údarás cuain aon oifigeach ina seirbhís a fhionraí nó, le ceadú an Aire, a chur as oifig.

(2) Ní bhainfidh an t-alt seo le Bainisteoir Ginearálta cuain.

Oifigí a chónascadh.

45. —(1) Más dóigh leis an Aire gur ceart aon oifigí áirithe faoi údarás cuain a chónascadh, féadfaidh sé le hordú, faoi réir forál an ailt seo agus tar éis dul i gcomhairle leis an údarás cuain, na hoifigí a chónascadh agus air sin is tuigthe chun gach críche gurb aon oifig amháin, faoi pé teideal (más ann) a bheas sonraithe san ordú, na hoifigí.

(2) Ní cónascfar oifigí faoin alt seo mura rud é—

(a) go mbeidh gach oifig acu folamh, nó

(b) go mbeidh gach ceann de na hoifigí i seilbh an aon duine amháin, nó

(c) i gcás ná beidh ach oifig amháin acu gan bheith folamh, go dtoileoidh a sealbhóir leis an ordú a dhéanamh, nó

(d) in aon chás eile, gurb é an t-aon duine amháin a bheas i seilbh gach oifige de na hoifigí sin ná beidh folamh agus go dtoileoidh an duine sin leis an ordú a dhéanamh.

(3) Féadfaidh ordú faoin alt seo a dhéanfas aon oifigí a chónascadh aon tagairt san Acht seo d'aon oifig faoi údarás cuain a oiriúnú i pé slí is dóigh leis an Aire is gá ag féachaint don chónascadh sin.

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú a bheas déanta aige roimhe sin faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

Forála maidir céad-cheapacháin áirithe.

46. —(1) I gcás—

(a) duine a bheith, díreach roimh an Acht seo a rith, ina Bhainisteoir Ginearálta nó ina Bhainisteoir Ginearálta agus Rúnaí ar chuan a bhfuil an t-údarás cuain dó luaite i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, agus

(b) é a cheapadh chun na hoifige sin roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1945, nó ar mholadh na gCoimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla,

is tuigthe an duine sin a bheith arna cheapadh go cuí faoi alt 39 den Acht seo, díreach ar an Acht seo a rith, ina chéad Bhainisteoir Ginearálta faoin Acht seo ar an gcuan.

(2) I gcás duine a bheith, díreach roimh an Acht seo a rith, ina rúnaí do chuan a bhfuil an t-údarás cuain dó luaite i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus é a cheapadh chun na hoifige sin roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1946, ansin—

(a) faoi réir forál an Acht seo, leanfaidh an duine sin de bheith i seilbh na hoifige sin tar éis an tAcht seo a rith,

(b) más rud é, i gcás Cuan Bhaile Atha Cliath, ná beidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas go dtí go ndéanfar ceapachán chun oifige an Bhainisteora Ghinearálta faoin Acht seo ar Chuan Bhaile Atha Cliath:

(i) is tuigthe gan an oifig sin a bheith arna cruthnú ach amháin chun an ceapachán sin a dhéanamh agus chun críocha fo-ailt (3) den alt seo,

(ii) na tagairtí atá i bhfo-ailt (3) agus (6) d'alt 39 agus in ailt 174, 175 agus 176 den Acht seo do Bhainisteoir Ginearálta cuain, folóid tagairt don duine sin.

(3) Más rud é, díreach roimh an Acht seo a rith, go raibh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla ag gabháil do roghnú duine nó daoine a molfaí a cheapadh mar Bhainisteoir Ginearálta ar chuan, críochnófar an roghnú sin i pé slí is cuí leis na Coimisinéirí sin, agus an duine a roghnós agus a mholfas na Coimisinéirí sin amhlaidh chun a cheaptha ceapfar é ina Bhainisteoir Ginearálta ar an gcuan faoi alt 39 den Acht seo fé is dá mba amhlaidh a déanfaí an roghnú agus an moladh sin ar iarratas, arna dhéanamh ag an údarás cuain tar éis an tAcht seo a rith, faoi alt 6 d' Acht na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926) , arna thanasc tríd an Acht seo, maidir leis an oifig sin Bainisteora Ghinearálta a cruthnaítear leis an Acht seo.

(4) I gcás duine a bheith, díreach roimh an Acht seo a rith, ina rúnaí do chuan a bhfuil an t-údarás cuain dó luaite i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, is tuigthe an duine sin a bheith arna cheapadh go cuí, faoi alt 38 den Acht seo díreach ar an Acht seo a rith, chun bheith ina chéad rúnaí faoin Acht seo don chuan.

(5) I gcás duine a bheith, díreach roimh an Acht seo a rith, ina mháistir cuain, ina bhailitheoir rátaí nó ina mháistir cuain agus bailitheoir rátaí do chuan, is tuigthe an duine sin a bheith arna cheapadh go cuí, faoi alt 38 den Acht seo díreach ar an Acht seo a rith, chun bheith ina chéad mháistir cuain, ina chéad bhailitheoir rátaí nó ina chéad mháistir cuain agus bailitheoir rátaí (do réir mar is iomchuí) faoin Acht seo don chuan.