|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil III. Forála Maidir le hEarraí agus Doiciméidí Teidil d'Earraí.) | Ar Aghaidh (CUID VI. Cumhachta Chun Muirearu a Dheanamh.) |
AN tACHT CUANTA, 1946
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil IV. Forála i gcóir Sábháltachta Cuain agus na nArthach ann. | |
[EN] |
Earraí contúirteacha a bhéarfar laistigh de theoranta cuain a mharcáil. |
86. —(1) I gcás aquafortis, ola bhitriol nó aon earraí eile de cháilíocht chontúirteach a thabhairt laistigh de theoranta cuain, luafar go soiléir, ar an taobh amuigh de choimeádán na n-earraí, nádúir na n-earraí agus go bhfuilid contúirteach. |
[EN] | (2) I gcás earraí de cháilíocht chontúirteach a thabhairt laistigh de theoranta cuain agus gan ceanglais fho-ailt (1) den alt seo a bheith comhlíonta, beidh an duine a thug na hearraí laistigh de na teoranta sin agus duine ar bith a chuir faoi ndear nó a cheadaigh iad a thabhairt isteach amhlaidh ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a gciontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur orthu. | |
[EN] |
Toirmeasc ar earraí áirithe a thabhairt laistigh de theoranta cuain. |
87. —(1) Féadfaidh údarás cuain tráth ar bith, trí fhógra a cuirfear suas in áit sofheisce ag a gcuan, a thoirmeasc aon earra a thabhairt laistigh de theoranta a gcuain nó laistigh d'aon chuid sonraithe de na teoranta sin is earra de shaghas nó d'aicme a mbeidh sonraithe sa bhfógra gur dócha, i dtuairim an údaráis chuain, di a bheith contúirteach do dhaoine nó do mhaoin. |
[EN] | (2) Nuair a bheas agus faid a bheas fógra curtha suas faoin alt seo ag cuan, beidh éifeacht ag an bhfógra do réir a théarmaí agus— | |
[EN] | (a) beidh duine a shárós an fógra ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air, agus | |
[EN] | (b) féadfaidh údarás cuain an chuain na hearraí a bheas tugtha isteach ag an duine sin contrártha don fhógra a aistriú agus iad a chur nó a stóráil in áit eile, agus | |
[EN] | (c) íocfaidh an duine sin leis an údarás cuain costais an aistrithe agus an churtha nó na stórála sin agus, mura n-íoca sé iad, féadfar iad a aisghabháil mar fhiach ghnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla. | |
[EN] |
Srian le balasta, etc., a chur isteach in uiscí cuain. |
88. —(1) Ní dleathach do dhuine balasta, cré, luaithreach, clocha ná aon tsubstaint ná ní eile a chur isteach san uisce, ná a chur faoi ndear ná a cheadú sin a dhéanamh, laistigh de theoranta cuain mura rud é go mbeidh údaraithe dhó ag údarás cuain an chuain sin a dhéanamh. |
[EN] | (2) Duine ar bith a shárós fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air. | |
[EN] |
Srian le soilse áirithe a mhúchadh. |
89. —(1) Ní dleathach do dhuine, gan údarás cuí, an solas a mhúchadh i lampa a bheas curtha in ionad chun cuan a shoilsiú. |
[EN] | (2) Duine ar bith a shárós fo-alt (1) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air. | |
[EN] |
Srian le pic, etc., a bheiriú. |
90. —(1) Ní dleathach do dhuine pic ná aon tsubstaint so-lasta eile a bheiriú laistigh de theoranta cuain mura mbeidh údaraithe dhó ag údarás cuain an chuain sin a dhéanamh. |
[EN] | (2) Duine ar bith a shárós fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air. | |
[EN] |
Toirmeasc ar árthaí a cheangal de bhaoithe seachas baoithe feistiúcháin. |
91. —(1) Ní dleathach do dhuine árthach a bheas laistigh de theoranta cuain a cheangal de bhaoi seachas baoi feistiúcháin. |
[EN] | (2) Duine ar bith a shárós fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gciin faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air. | |
[EN] |
Droichid áirithe a oscailt agus a dhúnadh. |
92. —(1) Nuair a bheas droichead gluaiste nó inghluaiste a bheas faoi urlámhas údaráis chuain á oscailt nó á dhúnadh nó ar tí a oscailte nó a dhúnta, féadfaidh aon oifigeach nó seirbh íseach don údarás cuain a cheangal ar dhuine ar bith a bheas ar an droichead nó in aice leis tarraing siar nó fanacht dhá shlat ar a laghad ón droichead go dtí go mbeidh an oscailt nó an dúnadh críochnaithe. |
[EN] | (2) Má dhiúltaíonn nó má fhaillíonn duine ar bith ceanglas a cuirfear air faoin alt seo a chomhlíonadh, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná dhá phunt a chur air. | |
[EN] |
Geataí duga a oscailt agus a dhúnadh. |
93. —(1) Ní dleathach do dhuine geataí duga a bheas faoi urlámhas údaráis chuain a oscailt ná a dhúnadh muran oifigeach nó seirbhíseach don údarás cuain é. |
[EN] | (2) Duine ar bith a shárós fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air. |