An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Bord na Móna.) Ar Aghaidh (Caibidil II. Cumhachta Ilghnéitheacha an Bhuird.)

10 1946

AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1946

CUID III.

Dualgais agus Cumhachta an Bhuird.

Caibidil I.

Dualgais an Bhuird.

Dualgais ghinearálta an Bhuird.

17. —Beidh de dhualgas ar an mBord—

(a) móin agus táirgthe móna a tháirgeadh agus a mhargú, agus

(b) táirgeadh agus úsáid móna agus táirgthe móna a chur ar aghaidh,

(c) portaigh agus tailte eile a thógaint, agus

(d) portaigh agus tailte eile a bheas dílsithe sa Bhord a bhainistí, a fhorbairt agus a oibriú,

(e) go ginearálta gach ní eile a dhéanamh a thiocfas nó a leanfas as na dualgais a luaitear sna míreanna sin roimhe seo den alt seo.

(2) Má dhéanann an Bord, i gcomhlíonadh na ndualgas dá dtagartar i mír (d) d'fho-alt (1) den alt seo, cur isteach, gan déanamh do réir forál ailt 31 den Acht seo, ar aon talamh nó ar aon éasáid, cead slí, ceart uisce nó ceart eile ar aon talamh nó uisce nó ina leith, féadfaidh an duine ag a mbeidh eastáit nó leasa ann, nó féadfaidh a únaer, aicsean le haghaidh damáiste a sheasamh i gcoinne an Bhuird amhail is ná beadh an Bord ag gníomhú de bhun reachta.

An Bord do thabhairt tuarascála agus eolais.

18. —(1) Bhéarfaidh an Bord gach bliain, ar pé dáta agus i pé foirm a ordós an tAire, tuarascáil don Aire ar a imeachta faoin Acht seo ar feadh na bliana roimhe sin.

(2) Bhéarfaidh an Bord don Aire, pé trátha agus i pé foirm agus slí a ordós an tAire, pé eolas, maidir le feidhmiú agus comhlíonadh a fheadhm, a iarrfas an tAire.

(3) Leagfaidh an tAire faoi bhráid gach Tighe den Oireachtas cóip de gach tuarascáil a bhéarfas an Bord dó faoin alt seo maraon le cóip de chuntas caipitil, cuntas ioncaim, cuntas sochair agus dochair, agus fuíoll-chlár deiridh an Bhuird agus cóip de thuarascáil na n-iniúchóirí ar na cuntais agus ar an bhfuíoll-chlár sin agus i dteannta gach tuarascáil den tsórt sin ón mBord leagfaidh faoi bhráid gach Tighe den Oireachtas cóipeanna de pé eolas, tuairisceáin agus cuntais a tugadh dó faoin Acht seo agus is gá chun an tuarascáil sin a thuigsint i gceart.