|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Dualgais agus Cumhachta an Bhuird.) | Ar Aghaidh (Caibidil III. Talamh a Thógaint, Etc.) |
AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1946
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil II. Cumhachta Ilghnéitheacha an Bhuird. | |
[EN] |
An Bord do dhéanamh trialach agus taighde maidir le móin agus táirgthe móna. |
19. —Féadfaidh an Bord, d'fhonn feabhas a chur ar an táirgeadh a bheas á dhéanamh ar mhóin agus ar tháirgthe móna agus d'fhonn úsáid móna agus táirgthe móna a leathnú, pé trialacha agus taighde a dhéanamh is oiriúnach leis, agus féadfaidh aon eolas a gheobhfar de thoradh na dtrialach agus an taighde sin a chraobhscaoileadh i pé slí is oiriúnach leis. |
[EN] |
Cumhachta ginearálta áirithe a bheas ag an mBord. |
20. —(1) Féadfaidh an Bord, i bhfeidhmiú agus i gcomhlíonadh a fheadhm, gach ní nó aon ní acu seo leanas a dhéanamh:— |
[EN] | (a) aon ghléasra, inneall, goireas nó fearas a dhéanamh, | |
[EN] | (b) foirgintí a thógáil, | |
[EN] | (c) scéimeanna fost-cheannaigh a ghabháil de láimh, | |
[EN] | (d) conartha a dhéanamh, | |
[EN] | (e) siopaí agus seomraí taispeána a bhunú agus a oibriú, | |
[EN] | (f) taibhseáin, taispeántais agus léiris a chur ar bun nó cuidiú lena gcur ar bun. | |
[EN] | (2) Ní dhéanfaidh an Bord, chun a ndíolta, aon ghléasra, inneall, goireas ná fearas ach amháin le toiliú an Aire. | |
[EN] |
Conarthóirí a fhostú. |
21. —(1) Aon uair a húdaraítear don Bhord leis an Acht seo aon obair innealltóireachta nó tógála, nó aon obair eile ar bith, a dhéanamh, féadfaidh an Bord, in ionad iad féin do dhéanamh na hoibre sin trína n-oifigigh agus a seirbhísigh féin, conradh a dhéanamh le duine ar bith (dá ngairmtear conarthóir san Acht seo) chun an duine sin do dhéanamh iomláin na hoibre sin nó aon choda dhi agus féadfaid chun na críche sin pé conartha agus comhaontuithe is gá a dhéanamh. |
[EN] | (2) Aon uair a dhéanfas an Bord conradh faoin alt seo le duine ar bith chun an duine sin do dhéanamh aon oibre, féadfaidh an Bord, trí aon chonradh nó comhaontú leis an duine sin, an ceart chun an obair sin a dhéanamh faoin Acht seo a tharmligean chuige agus air sin beidh ag an duine sin, i gcomhréim leis an mBord, an ceart chun an obair sin a dhéanamh agus chun pé cumhachta a fheidhmiú, de na cumhachta a bheirtear don Bhord leis an Acht seo, is gá chun an obair sin a dhéanamh agus a sonrófar chuige sin sa chonradh nó sa chomhaontú sin. | |
[EN] | (3) Aon tagairtí atá san Acht seo don Bhord do dhéanamh aon oibre nó ruda léireofar iad agus beidh éifeacht acu mar thagairtí a fholaíos déanamh na hoibre nó an ruda sin ag conarthóir arna fhostú agus arna údarú chuige sin ag an mBord faoin alt seo. | |
[EN] |
Cur isteach ar bhóithre poiblí, iarnróid agus uisce-bhealaí. |
22. —(1) Faoi réir fo-alt (2) agus (3) den alt seo féadfaidh an Bord, chun aon chuid dá fheadhma a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, pé oibreacha (lena n-áirítear oibreacha a chuirfeas isteach ar bhóithre poiblí, droichid phoiblí, iarnróid agus uisce-bhealaí intíre agus lena n-áirítear droichid thar uisce-bhealaí intíre) a dhéanamh a chífear don Bhord is gá chun na feadhma sin a fheidhmiú nó a chomhlíonadh. |
[EN] | (2) Ní fheidhmeoidh an Bord aon chuid dá chumhachta faoin alt seo ach amháin le toiliú an Aire. | |
[EN] | (3) Má bhíonn an Bord ar intinn aon oibreacha a dhéanamh, i bhfeidhmiú a gcumhacht faoin alt seo, a chuirfeas isteach ar bhóthar nó droichead poiblí nó iarnród nó uisce-bhealach intíre nó droichead thar uisce-bhealach intíre, déanfaidh an Bord, sar a dtosnóid ar na hoibreacha sin a dhéanamh, fógra mí ar a laghad á fhógairt go bhfuil sin ar intinn acu a thabhairt i scríbhinn— | |
[EN] | (a) i gcás ina mbeidh na hoibreacha a bheas beartaithe ag cur isteach ar bhóthar nó droichead poiblí, don údarás áitiúil ar a mbeidh cúram cothabhála an bhóthair nó an droichid, nó | |
[EN] | (b) i gcás ina mbeidh na hoibreacha a bheas beartaithe ag cur isteach ar iarnród, don chuideachta a oibriós an t-iarnród, nó | |
[EN] | (c) i gcás ina mbeidh na hoibreacha a bheas beartaithe ag cur isteach ar uisce-bhealach intíre nó droichead thar uiscebhealach intíre, don duine a oibríos an t-uisce-bhealach intíre. | |
[EN] | (4) Má dhéanann an Bord, i bhfeidhmiú a chumhacht faoin alt seo, droichead a thógáil thar uisce-bhealach intíre, is le gnóthaire canála, do réir bhrí Caibidle VI de Chuid den Acht Iompair, 1944 (Uimh. 21 de 1944) , beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:— | |
[EN] | (a) ní bheidh aon chúiteamh iníoctha faoin Acht seo ná in aon tslí eile leis an ngnóthaire canála sin i leith aon chaillteanais a bhainfeas nó is dócha a bhainfeas don ghnóthaire canála toisc go ndéanfar nó gur dócha go ndéanfar, uaidh sin amach, trácht a bheadh á iompar ag an ngnóthaire canála ar an uisce-bhealach intíre, mura mbeadh sin, a iompar thar an droichead; | |
[EN] | (b) más droichead so-ghluaiste an droichead sin, féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir lena úsáid agus comhlíonfaidh an Bord na rialacháin sin; | |
[EN] | (c) má chítear don Aire gur bhain damáiste don uiscebhealach intíre sin de dheascaibh an droichead sin a bheith ann, nó de dheascaibh a úsáide, ceanglóidh an tAire ar an mBord an damáiste sin a shlánú ar a gcostas féin, agus déanfaidh an Bord do réir an cheanglais sin. | |
[EN] |
Dualgais an Bhuird maidir le bóithre agus droichid phoiblí. |
23. —(1) I gcás ina gcumhachtaítear don Bhord leis an Acht seo dúnadh, claonadh, díchur nó cur isteach eile a dhéanamh ar bhóthar nó droichead poiblí chun aon obair a dhéanamh nó chur aon chríche eile faoin Acht seo, beidh éifeacht ag na forála seo leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) más gá, chun na hoibreacha sin a dhéanamh, an bóthar nó an droichead sin a dhúnadh i gcoinne tráchta, ansin, do réir mar a mheasfaid is ceart, déanfaidh an Bord (mura saortar iad uaidh sin faoi fho-alt (2) den alt seo), agus (faid a bheas an bóthar nó an droichead sin dúnta amhlaidh i gcoinne tráchta) cothabhálfaid, bóthar nó droichead sealadach is leor chun an méid agus an saghas tráchta a iompar a bhíos ar an mbóthar nó ar an droichead dúnta sin de ghnáth, nó d'eile, ceapfaid, le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, cúrsa eile chun a úsáidte faid a bheas an bóthar nó an droichead sin dúnta amhlaidh i gcoinne tráchta; | |
[EN] | (b) déanfaidh an Bord (mura saortar iad uaidh sin faoi fho-alt (2) den alt seo), ar na hoibreacha sin a bheith críochnaithe nó roimhe sin, pé ní acu seo leanas is cuibhe leo, sé sin le rá:— | |
[EN] | (i) déanfaid an bóthar nó an droichead dúnta sin a athchóiriú, nó | |
[EN] | (ii) tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, déanfaidh buan-bhóthar nó buan-droichead nua is leor chun an cothrom céanna tráchta (maidir le méid agus saghas) a iompar d'fhéad an bóthar nó an droichead dúnta sin a iompar sar ar dúnadh é, agus gan é mórán níos neamhchaothúla maidir le fána agus cuar ná an bóthar nó an droichead dúnta sin, nó | |
[EN] | (iii) le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, déanfaid bóthar ionaid láithreach nó droichead ionaid láithreach a fheabhsú (trína athdhéanamh, a neartú, a leathnú nó eile) i slí gur leor é chun an trácht is dócha a bheas air a iompar agus ná beidh sé mórán níos neamhchaothúla ná an bóthar nó an droichead dúnta sin; | |
[EN] | (c) má dhéanann an Bord buan-bhóthar nua agus gur dóigh leis an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí gur feabhas substainteach ar bhóthar a bhí ann cheana an bóthar sin, déanfaidh an t-údarás áitiúil nó na húdaráis áitiúla sin a ordós an tAire sin pé cuid de chostas déanta an bhóthair sin a ordós an tAire sin a imfhulaing agus a íoc leis an mBord agus sin (i gcás dhá údarás nó níos mó den tsórt sin) do réir pé coibhneasa a ordós an tAire sin; | |
[EN] | (d) más gá, de dhruim an Bord do dhéanamh bóthair nua, cladhphort nó obair dá shamhail nó droichead a dhéanamh agus gur dóigh leis an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí go mba cheart imfhulaing coda de chostas cothabhála na hoibre nó an droichid sin (seachas foraghaidh an bhóthair) a bheith ar an mBord, déanfaidh an Bord pé cuid den chostas cothabhála sin a ordós an tAire sin a imfhulaing agus a íoc; | |
[EN] | (e) má dhéanann an Bord buan-droichead nua agus gur mó go substainteach na buntáistí a bheireann an droichead sin do phobal aon chontae nó bailecheantair ná mar a thug an sean-droichead, pé acu trí shlí chumarsáide níos fearr a thabhairt dóibh nó trí éinní eile é, teastasóidh an Bord costas an droichid nua sin agus teastasóidh an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí cad é an chuid den chostas sin ar dóigh leis go mba chóir do réir réasúin a himfhulaing a bheith ar chomhairle na contae nó an bhaile-cheantair sin, agus air sin déanfaidh an chomhairle sin suim is comhionann leis an gcuid a bheas teastasaithe amhlaidh den chostas sin a chruinniú mar chuid de na costais a bhainfeas le bóithre a chothabháil agus íocfaidh an chomhairle sin leis an mBord í; | |
[EN] | (f) má éiríonn aon amhras, díospóid nó ceist i dtaobh cé acu chomhlíon nó nár chomhlíon an Bord na forála iomchuibhe den alt seo maidir le haon bhóthar nó droichead sealadach a dhéanamh nó a chothabháil nó aon bhuanbhóthar nó buan-droichead a dhéanamh nó bóthar nó droichead láithreach a athchóiriú nó bóthar ionaid láithreach nó droichead ionaid láithreach a fheabhsú (pé acu sin é) de bhun an ailt seo, nó i dtaobh cé acu bheireann nó ná tugann buan-droichead nua a rinne an Bord buntáistí do phobal aon chontae nó bailecheantair is mó go substainteach ná mar a thug an sean-droichead, is é an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí a bhéarfas breith ar an amhras, an díospóid nó an cheist sin agus beidh a bhreith sin ina breith dheiridh gan aon dul thairsi. | |
[EN] | (2) I gcás ina gcumhachtaítear don Bhord leis an Acht seo bóthar nó droichead poiblí a dhúnadh nó a dhíchur go buan chun aon oibreacha a dhéanamh nó chun aon chríche eile faoin Acht seo, agus inar deimhin leis an Aire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, ná fuil gá, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, le bóthar nó droichead nua (pé acu é) in ionad an bhóthair nó an droichid a dúnadh nó a díchuireadh amhlaidh, féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú ná beidh feidhm ná éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo maidir leis an mbóthar nó an droichead sin (pé acu é), agus ar an ordú sin a dhéanamh ní bheidh feidhm ná éifeacht ag an bhfo-alt sin (1) maidir leis an mbóthar nó an droichead sin (pé acu é) agus beidh an Bord saor ó gach oblagáid maidir leis an mbóthar nó an droichead sin (pé acu é) a cuirfí orthu, mura mbeadh an t-ordú sin, leis an bhfo-alt sin (1). | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Bord comhaontú leis an údarás áitiúil iomchuibhe chun an t-údarás áitiúil sin do dhéanamh éinní a ceangaltar ar an mBord nó a húdaraítear dó le fo-alt (1) den alt seo a dhéanamh agus féadfaidh freisin comhaontú chun airgead a íoc leis an údarás áitiúil sin chun nó mar chabhair chun íoctha costais dhéanta na nithe sin ag an údarás áitiúil sin. | |
[EN] | (4) Nuair a bheas athchóiriú bóthair nó droichid dhúnta nó déanamh buan-bhóthair nó buan-droichid nua nó feabhsú bóthair ionaid láithrigh nó droichid ionaid láithrigh críochnaithe de bhun an ailt seo ag an mBord, bhéarfaidh an Bord i seilbh an údaráis áitiúil iomchuibhe agus glacfaidh an t-údarás áitiúil sin an bóthar nó an droichead a hathchóiríodh, a rinneadh, nó a feabhsaíodh amhlaidh (pé acu é), agus air sin beidh an Bord saor go buan (lasmuigh de chás dá bhforáltar a mhalairt go folas leis an alt seo) ó gach dliteanas nó freagarthacht maidir leis an mbóthar nó an droichead sin (pé acu é) a chothabháil. | |
[EN] |
Cumhacht ghinearálta an Bhuird chun dul isteach ar thalamh. |
24. —(1) Beidh an Bord agus a n-oifigigh agus a seirbhísigh agus daoine eile a bheas údaraithe chuige sin ag an mBord i dteideal dul isteach ar aon talamh chun gach ní nó éinní a dhéanamh ar an talamh sin nó ar aon talamh eile a húdaraítear don Bhord a dhéanamh tríd an Acht seo nó chun aon fhiosrú, iniúchadh, nó scrúdú a dhéanamh i dtosach ar éinní den tsórt sin a dhéanamh. |
[EN] | (2) Duine ar bith a dhéanfas cosc nó toirmeasc nó cur isteach ar fheidhmiú aon chumhachta ag an mBord nó ag aon oifigeach nó seirbhíseach don Bhord nó ag duine ar bith a bheas údaraithe ag an mBord is cumhacht a bheirtear dóibh nó dhó le fo-alt (1) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air. | |
[EN] |
Ceart ag an mBord chun eolais as leabhair rátaí. |
25. —Aon uair a theastós eolas as leabhar rátaí nó as doiciméid eile dá shamhail ón mBord chun a fheadhma a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, déanfaidh an t-údarás áitiúil a mbeidh an leabhar nó an doiciméid sin ina gcoimeád, ar an mBord dá iarraidh sin orthu— |
[EN] | (a) cead a thabhairt d'aon oifigeach don Bhord a bheas údaraithe chuige sin ag an mBord cóip d'iomlán an leabhair nó na doiciméide sin nó d'aon chuid de a iniúchadh in aisce, agus | |
[EN] | (b) cóip den leabhar nó den doiciméid sin nó d'aon chuid áirithe dhe a shonrós an Bord chuige sin a thabhairt don Bhord, ar an mBord d'íoc pé táille ar a gcomhaontóidh an Bord agus an t-údarás áitiúil sin nó, mura gcomhaontaítear amhlaidh, a cheapfas an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí. | |
[EN] |
Seirbhísí poist agus telegrafa a chaomhaint. |
26. —Ní dhéanfaidh an Bord ná aon chonarthóir a bheas ag déanamh aon oibreacha faoin Acht seo aon tailte, áitribh, foirgintí, oibreacha, gléasra, abhair ná maoin eile leis an Aire Poist agus Telegrafa a thógaint chucu ná dul isteach orthu ná iad a dhíchur ná cur isteach orthu ar shlí eile de bhuaidh an Achta seo ná ní thógfaidh aon oibreacha ná ní dhéanfaidh aon ní ná rud eile, de bhuaidh an Achta seo, is dóigh leis an Aire Poist agus Telegrafa a choiscfeadh, a mhoilleodh, a bhacfadh nó a dhocharódh ar shlí eile feidhmiú cuibhe seirbhísí poiblí na Roinne Poist agus Telegrafa. |
[EN] |
Iascaigh a chaomhaint. |
27. —Nuair a bheas aon oibreacha á ndéanamh faoin Acht seo ní bheidh d'oblagáid ar an mBord ná ar aon chonarthóir a bheas ar fostú ag an mBord na hAchta Iascaigh, 1842 go 1944, a chomhlíonadh, ach déanfaidh an Bord nó, i gcás oibreacha a bheas á ndéanamh ag conarthóir, cuirfid faoi ndear go ndéanfaidh an conarthóir pé forchúraim a ghlacadh agus pé socruithe a cheapadh a mheasfas an tAire Talmhaíochta is leor chun iascaigh a chaomhaint agus díobháil dóibh a sheachaint le linn nó de dhruim na hoibreacha sin a dhéanamh, ach déanfaidh an tAire sin, i gcomhairle leis an mBord, deimhin de ná bainfidh dochar substainteach do na hoibreacha ná ná cuirfear bac substainteach orthu ná ná tabharfar méadú substainteach ar a gcostas de dhruim na forchúraim sin a ghlacadh agus na socruithe sin a dhéanamh. |
[EN] |
Talamh barrachais a dhiúscairt. |
28. —Féadfaidh an Bord aon talamh a dhíol nó a chur ar léas a bheas dílsithe iontu agus ná beidh ag teastáil a thuilleadh chun críocha a bhfeadhm. |