An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV. Oibreacha Iompair.) Ar Aghaidh (CUID V. An Turf Development Board, Limited, a Scor.)

10 1946

AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1946

CUID IV.

Forála Airgeadais.

Deontas don Bhord i leith costas trialach agus taighde.

52. —(1) Sa bhliain airgeadais ina mbeidh dáta an bhunuithe agus i ngach bliain de na naoi mbliana ina dhiaidh sin, féadfaidh an tAire, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, deontas de pé méid a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc, faoi réir na teorann a forchuirtear le fo-alt (2) den alt seo, leis an mBord i leith na gcostas faoina raghaidh an Bord faoi alt 19 (a bhaineas le trialacha agus taighde ag an mBord maidir le móin agus táirgthe móna) den Acht seo.

(2) Ní mó ná céad agus fiche míle punt méid iomlán na ndeontas a deonfar faoin alt seo.

(3) Aon deontais a bhéarfar faoin alt seo, is chuige amháin a úsáidfeas an Bord iad chun costais faoina raghaidh an Bord faoin alt seo a íoc.

Airleacain don Bhord as an bPríomh-Chiste.

53. —(1) Chun a chumasú don Bhord a fheadhma a chomhlíonadh nó a fheidhmiú, féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, pé suimeanna (nach mó san iomlán ná trí mhilliún seacht gcéad agus caoga míle punt) a iarrfas an Bord ó am go ham a áirleacan don Bhord ó am go ham as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.

(2) Na suimeanna a háirleacfar faoin alt seo, is chuige amháin a úsáidfeas an Bord iad chun críche feadhm an Bhuird.

(3) Beidh na suimeanna a háirleacfar faoin alt seo inaisíoctha fara ús do réir na bhforál ina dhiaidh seo den Acht seo.

Airgead a sholáthar le haghaidh áirleacan don Bhord as an bPríomh-Chiste.

54. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, chun airgead a sholáthar le haghaidh áirleacan suimeanna as an bPríomh-Chiste faoi alt 53 den Acht seo, pé suimeanna a theastós chun na críche sin a fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis, agus féadfaidh an tAire sin, chun críocha na hiasachta sin, urrúis a chruthnú agus a eisiúint ar pé ráta úis agus faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca, fuascailte, nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh isteach sa Stát-Chiste an t-airgead go léir a gheobhfar ar iasacht amhlaidh.

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheas muirear agus íoc bun-airgid agus úis gach urrúis a heiseofar faoin alt seo.

Us a íoc aráirleacain inaisíoctha.

55. —(1) Faoi réir ailt 57 den Acht seo, íocfaidh an Bord leis an Aire Airgeadais, ar gach suim a háirleacfar don Bhord as an bPríomh-Chiste faoi alt 53 den Acht seo agus a bheas inaisíoctha, ús ó dháta na suime sin a áirleacan go dtí go n-aisíocfar an tsuim sin, do réir pé ráta a cheapfas an tAire Airgeadais ó am go ham maidir leis an suim sin, agus íocfar an t-ús sin amhlaidh trí íocaíochta leath-bhliantúla ar pé laethanta gach bliain a cheapfas an tAire Airgeadais ó am go ham.

(2) Mura n-íoca an Bord leis an Aire Airgeadais aon ús is iníoctha ag an mBord faoin alt seo an tráth a ceapfar chuige sin faoin alt seo, íocfaidh an Bord leis an Aire sin ús do réir an ráta a cheapfas an tAire sin ar an ús a bheas gan íoc amhlaidh ón tráth a bheas ceaptha mar adúradh go dtí go n-íocfar an céanna iarbhír.

(3) An t-ús go léir a íocfas an Bord leis an Aire Airgeadais faoin alt seo, íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Csiste é i pé slí a ordós an tAire sin.

Airleacain inaisíoctha a aisíoc.

56. —(1) Chun an Bord d'aisíoc na n-áirleacan a bheas tugtha dhó as an bPríomh-Chiste faoi alt 53 den Acht seo agus a bheas inaisíoctha, íocfaidh an Bord leis an Aire Airgeadais íocaíochta leath-bhliantúla a thosnós ar pé dáta, agus a leanfas ar feadh pé uimhir de bhlianta agus a bheas de pé méideanna agus a bheas iníoctha pá trátha, a cheapfas an tAire sin, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, agus féadfar dátaí, uimhreacha de bhlianta, méideanna, agus trátha éagsúla den tsórt sin a cheapadh amhlaidh i leith coda éagsúla de na háirleacain sin.

(2) Na híocaíochta leath-bhliantúla uile agus faoi seach a bheas le déanamh leis an Aire Airgeadais ag an mBord faoin alt seo, úsáidfidh an tAire sin iad mar chistí fiach-mhúchta chun na coda uile agus faoi seach a aisíoc de na háirleacain ar ina leith a déanfar na híocaíochta leath-bhliantúla sin agus nuair a bheas an uimhir iomlán de na híocaíochta leath-bhliantúla a bheas ceaptha faoin alt seo i leith aon choda de na háirleacain sin íoctha ag an mBord leis an Aire sin (maille le haon ús a bheas arna theacht chun bheith iníoctha faoin alt seo i leith aon íocaíochta leath-bhliantúla dhíobh sin) is tuigthe an chuid sin de na háirleacain sin a bheith aisíoctha go hiomlán ag an mBord, gan dochar do dhliteanas an Bhuird maidir le haon ús a bheas gan íoc an tráth sin i leith na coda sin de na háirleacain sin.

(3) Mura n-íoca an Bord leis an Aire Airgeadais aon íocaíocht leath-bhliantúil nó aon chuid d'íocaíocht leath-bhliantúil is iníoctha aige leis an Aire sin faoin alt seo an tráth a bheas ceaptha chuige sin faoin alt seo, íocfaidh an Bord leis an Aire sin, ar an íocaíocht leath-bhliantúil sin nó ar an gcuid sin d'íocaíocht leathbhliantúil, ús do réir pé ráta a cheapfas an tAire sin ó am go ham ina leith sin ón tráth a bheas ceaptha mar adúradh go dtí go mbeidh an céanna íoctha iarbhír.

(4) An t-airgead go léir a íocfas an Bord leis an Aire Airgeadais faoin alt seo do dhéanamh aisíoca ar áirleacain, íocfar isteach sa Stát-Chiste é.

(5) Gach suim a íocfas an Bord leis an Aire Airgeadais faoin alt seo ar scór úis, íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste í i pé slí a ordós an tAire Airgeadais.

Us ar áirleacain áirithe don Bhord a ligean i gceal.

57. —(1) Beidh feidhm ag na forála seo leanas maidir le haon áirleacain (dá ngairmtear na háirleacain sin sa bhfo-alt seo) a bhéarfar don Bhord faoi alt 53 den Acht seo i rith na tréimhse (dá ngairmtear an tréimhse chúig-bhlianach sa bhfo-alt seo) de chúig bliana dar tosach dáta an bhunuithe, sé sin le rá:—

(a) ní bheidh aon ús iníoctha ag an mBord ar na háirleacain sin in aghaidh aon tréimhse dar chríoch an lá díreach roimh an dáta ar a ndéanfaidh an tAire Airgeadais ordú faoi mhír (c) den alt seo,

(b) déanfaidh an tAire Airgeadais, díreach tar éis an tréimhse chúig-bhlianach a bheith caite, cúrsaí airgeadais an Bhuird a scrúdú,

(c) tar éis an scrúduithe sin, déanfaidh an tAire sin, ag féachaint don staid ina mbeidh cúrsaí airgeadais an Bhuird an tráth sin agus d'ionchais an Bhuird ó thaobh airgeadais san am le teacht,—

(i) an Bord a shaoradh, le hordú (dá ngairmtear an t-ordú saoirse san alt seo), ó bheith faoi dhliteanas maidir le hús a íoc ar na háirleacain sin in aghaidh na tréimhse a mbeidh an t-ordú saoirse i bhfeidhm ar a feadh, nó

(ii) a dhearbhú, le hordú, go ndlífidh an Bord ús a íoc ar na háirleacain sin in aghaidh aon tréimhse dar tosach dáta an orduithe nó dáta dá éis sin,

(d) má dhéanann an tAire sin an t-ordú saoirse, féadfaidh sé tráth ar bith ina dhiaidh sin an t-ordú saoirse a chulghairm trí ordú.

(2) Sar a ndéanfaidh an tAire Airgeadais aon ordú faoi fho-alt (1) den alt seo raghaidh sé i gcomhairle leis an Aire i dtaobh an orduithe a bheas bheartaithe.

(3) Má déantar an t-ordú saoirse, leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den lá agus fiche a shuífeas Dáil Éireann tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag cur an orduithe ar neamhbhrí, beidh an t-ordú arna chur ar neamhbhrí dá réir sin.

Cumhacht an Bhuird chun airgead a fháil ar iasacht go sealadach.

58. —Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, pé suimeanna, a theastós uaidh chun soláthar a dhéanamh le haghaidh caiteachais reatha, a fháil ar iasacht go sealadach trí shocrú le bancaeraí.

Cuntais agus Iniúchta.

59. —(1) Coimeádfaidh an Bord i pé foirm a cheadós an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais gach cuntas is cuibhe agus is gnáth ar an airgead go léir a gheobhfas nó a chaithfeas an Bord, ar a n-áirítear cuntas caipitil, cuntas ioncaim, cuntas sochair agus dochair, agus fuíoll-chlár, agus go háirithe coimeádfaidh sa bhfoirm adúradh gach cuntas speisialta a ordós an tAire ó am go ham, as a threoir féin nó ar iarratas an Aire Airgeadais.

(2) Cuirfear cuntais an Bhuird do gach bliain á n-iniúchadh laistigh de nócha lá nó pé tréimhse is sia ná sin a cheadós an tAire in aon chás áirithe tar éis deireadh na bliana sin agus beid ina n-abhar tuarascála ag iniúchóirí cuibhe-cháilithe a cheapfas an tAire gach bliain chuige sin, le toiliú an Aire Airgeadais, agus íocfaidh an Bord táillí na n-iniúchóirí sin agus costais ghinearálta na n-iniúchta sin.

(3) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, am agus áit agus modh stiúrtha an iniúchta ar chuntais an Bhuird faoin alt seo a cheapadh, agus féadfaidh freisin na cuntais a shonrú a mbeidh cóipeanna dhíobh le tabhairt don Aire faoin alt seo agus fós na cuntais a bheas le foilsiú agus le cur ar díol faoin alt seo maraon le ham agus modh an fhoilsithe agus an díola sin.

(4) Díreach tar éis gach iniúchta faoin alt seo ar chuntais an Bhuird, cuirfidh an Bord chun an Aire cóip den chuntas caipitil, den chuntas ioncaim, den chuntas sochair agus dochair agus den fhuíoll-chlár amhail mar bheid teastasaithe ag na hiniúchóirí, cóip de thuarascáil na n-iniúchóirí, agus cóipeanna de pé méid a ceapfar chuige sin faoin alt seo nó a iarrfas an tAire go speisialta de na cuntais a cuireadh faoi bhráid na n-iniúchóirí, agus foilseoidh an Bord agus cuirfidh ar díol pé méid a cheapfas an tAire chuige sin de na cuntais a cuireadh faoi bhráid na n-iniúchóirí.